Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Gach náisiúin ag soláthar bidh agus ag deunamh earraidhe dhí féin, gach duine le céird agus le feirmeoireacht, gach duine agus eolas ar léigheann agus taithighe ar chéird fighte ar a chéile aige - sin é claonadh, adeirimíd. Atá i náisiúnaibh síbhialta fé láthair. Nuair a chonnacthas cadé mar fhás chuaidh fé cheárdaidheacht na Breataine Móire agus fén dtrácht eidirnáisiúnta a léigheann uathbhas de bhiadh agus d'adhbhar neamhoibrighthe do chur ó áit go háit anois, ceapadh go raibh sé i gcinneamhaint do bheagán náisiún in iarthar na hEorpa earraidhe dheunamh an domhan uile. Níl ag na náisiúnaibh sin adubhradh, acht earraidhe a dheunamh agus a chur ar an margadh agus gheobhaid ó gach áird den domhan an biadh ná feudaid 'fhagháil ina ndúithchibh féin mar aon leis an adhbhar gan oibriughadh a theastaigheann uatha i gcóir na ceárdai- dheachta. Agus ba dhaingne de an tuairim sin a bheith i gcomhnuidhe ag meudughadh ar luas teachtaireachtaí ag dul thar fairrge agus a bheith i gcomhnuidhe ag dul in usacht earraidhe do chur thar fairrge leis. Má léighmíd na cuntaisí áilne ar an dtrácht eidirnáisiúnta atá againn ó láimh oilte Nuemann Spallart fhear figiúireachta agus file (nach mór) do lucht na ceannaidheachta domhanda. Is beag ná go dtiocfidh táimhneall aoibhinn draoidheachta orainn agus sinn ag machtnamh ar na hiongnaí saoghail adeir sé a thiocfadh. Seo mar do labharfadh muintir iarthar na hEorpa. Dar leis: "Cad chuige", adeurfaidís. "go mbeimís ag cur arbhair, agus ag tógáil damh agus chaorach, agus ag saothrughadh abhallghort, ag deunamh obair chruaidh an sclábhuidhe agus an fheir- meora, agus ag faire an speurach le himshníomh sara meathlaighdís na barraí orainn: 'nár marbhadh féin agus eucht d'arbhar le fagháil againn go bog ón India nó ó Americá nó ón Ungáir nó ón Rúise agus dá eughmais sin. Feoil ón Saolann Nua agus glasraí ó oileánaibh Azóres agus ubhla ó Chanada agus caora fíneamhna ó Mhalaga agus mar sin? Fiú amháin an chuid againn ná bhfuil acht cuibhsach saidhbhir is de thorthaibh a cnósadh ar fuaid an domhain mhóir an biadh chaithimíd! D'olainn agus de shnáith adhmaid ó gach áird den domhan an t-eudach atá againn. Machairí Americá agus Astraoile, agus sléibhte agus machairí na hÁisia, fiadh- antas oighreachta na hArctic agus gaimhneacha na hAifrice, agus doimhinn na mara, tíortha grian-chrios na talmhan agus tíortha grianan mheadhón oidhche, tugaid sin a gcion féin dúinn. Tá gach cine ar dhruim talmhan agus a gcion aca dhá dheunamh chun gnáth-bhiadh agus soghluistí, gnáth-eudaighe agus eudaighe maonaigh, do sholáthar dúinn; agus i ndíol an ollamhaithis sin tugaimíd dóibh sochar na hárd-mheabhrach cinn agus an eolais teicniceálta agus na hoil- teachta ar ghnóthaibh céirde agus ceannai- dheachta do ghleusadh. Nach breágh an radharc an malairtiughchán dícheallach eidir-chasta san atá dhá dheunamh ar gach sórt sochair ar fuaid an domhain agus a rádh gur laistigh de bheagán bliadhan ó shoin dfhás sé!" Béidir gur breágh an radharc é acht an té dheunfadh machtnamh air deurfadh sé gur scanramhail an rud é. An gábhadh é? Cad do chosain sé? An fad sheasóchaidh sé? Feucham cadé an treo do bhí ar an saoghal ceud bliadhain ó shoin. San am san bhí an Fhrainc ina cosair chró taréis cogaidhe Napóleon. An nua- cheárdaidheacht do bhí ag tosnughadh ar dhul i dtreise sa bhFrainc i ndeireadh na hochtmhadh aoise deug, bhí sí imighthe chum deiridh. An Ghearmáin agus an Iodáil, ba lag a mbrigh sa cheárdaidheacht. Bhí slóighte armtha an Républic mhóir taréis buille marbhthach do bhualadh ar dhaoirse dhaor-chlanna na hEorpa; acht nuair do tháinig an ath-iompáil, do deineadh iarrachtaí ar an ndaoirse d'aithbheodhchaint arís, agus ba chuma an daoirse do bheith i bhfeidhm nó gan aon teugar earraidhe do bheith dhá dheunamh. Na cogaidhe scanramhla idir an Fhráinc agus Sasana, a mhínightar go minic le reusúnaibh poilitidheacha, bhí brigh ba dhoimhne ná san leo, .i. brí economice. Cogaidhe um cheannas margaidhe an domhain na cogaidhe sin agus cogaidhe i gcoinnibh ceannaidheacht agus ceárdai- dheacht na Fraince, dhá ní a bhí dá ndídean ag an gcabhlach láidir cogaidh a bhí tosnaithe ag an bhFrainc - agus bhí an buadh ag Sasana. Ní fheudfadh Búrdús dul in iomaidh le Londain feasta agus ba dhóigh le duine go raibh deire le ceárdaidheacht na Fraince agus gan í acht i dtús a hóige. Do chrom an Bhreatain ar a ceárdaidheacht féin do shaothrú. Bhí gach éinní ag cabhrú léi, mar isé aimsir na cuma- dóireachta bhí ann agus bhí an chuma- dóireacht go léir tréis lucht na léigheann gceudfadhach agus lucht na teicneólag- achta a spriocadh go mór agus ní raibh aon náisiún san Eoraip chun aon mhórchomórtais do chur uirri. Earraí dheunamh go tiugh agus go fairsing a theastaigh uaithi feasta. Bhí lucht oibre a dóthin aici chuige sin, idir dhaoine gurbh éigean dóibh teacht chun na gcathrach tréis a ndíbeartha ós na talmhaintí agus daoine tháinig chun na gcathrach go fonnmhar chum an tuarastail mhóir a bhí rómpa do thuilleamh. Deineadh an mheasínteacht ba riachtanach agus ní raibh aon iongnadh feasta acht an méid earraí bhí dá dheunamh. I gcaitheamh ní ba lugha 'ná deich mbliana is trí fichid, .i. ón mbliain 1810 go dtí an bhliain 1878, do mheudaigh ar a dtugtí de ghual chun uachtar talmhan ó 10,000,000 tóna go dtí 133,000,000 tona sa mbliain; agus do mheudaigh ar a dtugtí d'adhbhar neamhoibrighthe isteach sa tír ó 30,000,0000 tona go dtí 380,000,000 tona; agus do mheudaigh ar a gcuirtí thar lear de dheuntúisí ó luach £40,000,000 díobh go dtí luach £200,000,000. Do mheudaigh fé thrí náchmór ar thonáiste loingeas na ceannaidheachta. Chúig mhíle dheug faid na mbóthar iarainn do cuireadh síos. Foclóirín Trácht .i. tráchtáil, ceannaidheacht adhbhar neamhoibrighthe (nó, gan oibriughadh) .i. raw materials. Fear figiúireachta .i. statistician Snáth adhmaid .i wood fibre Fiadhantas oighreata .i frozen wilderness Tíortha grianchrios agus c., tropical countries and the lands of the midnight sun. Eidirchasta, .i. intricate, complicated Ath-iompáil, .i. relapse, re-action Búrdús, .i. Bordeaux Tonáiste, .i. tonnage Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services