Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I (ar leanmhaint)



Gach náisiúin ag soláthar bidh agus
ag deunamh earraidhe dhí féin, gach
duine le céird agus le feirmeoireacht,
gach duine agus eolas ar léigheann
agus taithighe ar chéird fighte ar a
chéile aige - sin é claonadh, adeirimíd.
Atá i náisiúnaibh síbhialta fé láthair.
Nuair a chonnacthas cadé mar fhás
chuaidh fé cheárdaidheacht na Breataine
Móire agus fén dtrácht eidirnáisiúnta
a léigheann uathbhas de bhiadh agus
d'adhbhar neamhoibrighthe do chur ó áit
go háit anois, ceapadh go raibh sé i
gcinneamhaint do bheagán náisiún in
iarthar na hEorpa earraidhe dheunamh
an domhan uile. Níl ag na náisiúnaibh
sin adubhradh, acht earraidhe a dheunamh
agus a chur ar an margadh agus gheobhaid
ó gach áird den domhan an biadh ná
feudaid 'fhagháil ina ndúithchibh féin mar
aon leis an adhbhar gan oibriughadh a
theastaigheann uatha i gcóir na ceárdai-
dheachta. Agus ba dhaingne de an
tuairim sin a bheith i gcomhnuidhe ag
meudughadh ar luas teachtaireachtaí ag
dul thar fairrge agus a bheith i gcomhnuidhe
ag dul in usacht earraidhe do chur thar
fairrge leis. Má léighmíd na cuntaisí
áilne ar an dtrácht eidirnáisiúnta atá
againn ó láimh oilte Nuemann Spallart
fhear figiúireachta agus file (nach mór)
do lucht na ceannaidheachta domhanda.
Is beag ná go dtiocfidh táimhneall
aoibhinn draoidheachta orainn agus sinn
ag machtnamh ar na hiongnaí saoghail
adeir sé a thiocfadh. Seo mar do
labharfadh muintir iarthar na hEorpa.
Dar leis: "Cad chuige", adeurfaidís.
"go mbeimís ag cur arbhair, agus ag
tógáil damh agus chaorach, agus ag
saothrughadh abhallghort, ag deunamh obair
chruaidh an sclábhuidhe agus an fheir-
meora, agus ag faire an speurach le
himshníomh sara meathlaighdís na barraí
orainn: 'nár marbhadh féin agus eucht
d'arbhar le fagháil againn go bog ón
India nó ó Americá nó ón Ungáir nó
ón Rúise agus dá eughmais sin. Feoil
ón Saolann Nua agus glasraí ó
oileánaibh Azóres agus ubhla ó Chanada
agus caora fíneamhna ó Mhalaga agus
mar sin? Fiú amháin an chuid againn
ná bhfuil acht cuibhsach saidhbhir is de
thorthaibh a cnósadh ar fuaid an domhain
mhóir an biadh chaithimíd! D'olainn
agus de shnáith adhmaid ó gach áird den
domhan an t-eudach atá againn.
Machairí Americá agus Astraoile, agus
sléibhte agus machairí na hÁisia, fiadh-
antas oighreachta na hArctic agus
gaimhneacha na hAifrice, agus doimhinn
na mara, tíortha grian-chrios na talmhan
agus tíortha grianan mheadhón oidhche,
tugaid sin a gcion féin dúinn. Tá
gach cine ar dhruim talmhan agus a
gcion aca dhá dheunamh chun gnáth-bhiadh
agus soghluistí, gnáth-eudaighe agus
eudaighe maonaigh, do sholáthar dúinn;
agus i ndíol an ollamhaithis sin tugaimíd
dóibh sochar na hárd-mheabhrach cinn agus
an eolais teicniceálta agus na hoil-
teachta ar ghnóthaibh céirde agus ceannai-
dheachta do ghleusadh. Nach breágh an
radharc an malairtiughchán dícheallach
eidir-chasta san atá dhá dheunamh ar
gach sórt sochair ar fuaid an domhain
agus a rádh gur laistigh de bheagán
bliadhan ó shoin dfhás sé!"



Béidir gur breágh an radharc é acht
an té dheunfadh machtnamh air deurfadh
sé gur scanramhail an rud é. An
gábhadh é? Cad do chosain sé? An
fad sheasóchaidh sé?



Feucham cadé an treo do bhí ar an
saoghal ceud bliadhain ó shoin. San
am san bhí an Fhrainc ina cosair chró
taréis cogaidhe Napóleon. An nua-
cheárdaidheacht do bhí ag tosnughadh ar
dhul i dtreise sa bhFrainc i ndeireadh
na hochtmhadh aoise deug, bhí sí imighthe
chum deiridh. An Ghearmáin agus an
Iodáil, ba lag a mbrigh sa cheárdaidheacht.
Bhí slóighte armtha an Républic mhóir
taréis buille marbhthach do bhualadh ar
dhaoirse dhaor-chlanna na hEorpa; acht
nuair do tháinig an ath-iompáil, do
deineadh iarrachtaí ar an ndaoirse
d'aithbheodhchaint arís, agus ba chuma
an daoirse do bheith i bhfeidhm nó gan
aon teugar earraidhe do bheith dhá dheunamh.
Na cogaidhe scanramhla idir an Fhráinc
agus Sasana, a mhínightar go minic le
reusúnaibh poilitidheacha, bhí brigh ba
dhoimhne ná san leo, .i. brí economice.
Cogaidhe um cheannas margaidhe an
domhain na cogaidhe sin agus cogaidhe i
gcoinnibh ceannaidheacht agus ceárdai-
dheacht na Fraince, dhá ní a bhí dá
ndídean ag an gcabhlach láidir cogaidh
a bhí tosnaithe ag an bhFrainc - agus bhí
an buadh ag Sasana. Ní fheudfadh
Búrdús dul in iomaidh le Londain
feasta agus ba dhóigh le duine go
raibh deire le ceárdaidheacht na Fraince
agus gan í acht i dtús a hóige. Do
chrom an Bhreatain ar a ceárdaidheacht
féin do shaothrú. Bhí gach éinní ag
cabhrú léi, mar isé aimsir na cuma-
dóireachta bhí ann agus bhí an chuma-
dóireacht go léir tréis lucht na léigheann
gceudfadhach agus lucht na teicneólag-
achta a spriocadh go mór agus ní raibh
aon náisiún san Eoraip chun aon
mhórchomórtais do chur uirri. Earraí
dheunamh go tiugh agus go fairsing a
theastaigh uaithi feasta. Bhí lucht oibre
a dóthin aici chuige sin, idir dhaoine
gurbh éigean dóibh teacht chun na gcathrach
tréis a ndíbeartha ós na talmhaintí agus
daoine tháinig chun na gcathrach go
fonnmhar chum an tuarastail mhóir a
bhí rómpa do thuilleamh. Deineadh an
mheasínteacht ba riachtanach agus ní
raibh aon iongnadh feasta acht an méid
earraí bhí dá dheunamh. I gcaitheamh ní
ba lugha 'ná deich mbliana is trí fichid,
.i. ón mbliain 1810 go dtí an bhliain
1878, do mheudaigh ar a dtugtí de
ghual chun uachtar talmhan ó 10,000,000
tóna go dtí 133,000,000 tona sa
mbliain; agus do mheudaigh ar a
dtugtí d'adhbhar neamhoibrighthe isteach sa
tír ó 30,000,0000 tona go dtí 380,000,000
tona; agus do mheudaigh ar a gcuirtí
thar lear de dheuntúisí ó luach
£40,000,000 díobh go dtí luach
£200,000,000. Do mheudaigh fé thrí
náchmór ar thonáiste loingeas na
ceannaidheachta. Chúig mhíle dheug
faid na mbóthar iarainn do cuireadh
síos.



Foclóirín



Trácht .i. tráchtáil, ceannaidheacht adhbhar
neamhoibrighthe (nó, gan oibriughadh) .i. raw
materials.
Fear figiúireachta .i. statistician
Snáth adhmaid .i wood fibre
Fiadhantas oighreata .i frozen wilderness
Tíortha grianchrios agus c., tropical countries
and the lands of the midnight sun.
Eidirchasta, .i. intricate, complicated
Ath-iompáil, .i. relapse, re-action
Búrdús, .i. Bordeaux
Tonáiste, .i. tonnage



Liam Ó Rinn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services