Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gnóthaí Tiúscalacha Téarmaí
Title
Gnóthaí Tiúscalacha Téarmaí
Author(s)
Uí Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gnóthaí Tiúscalacha Téarmaí. Ní bheidh aon bhreith againn ar an nGaedhilg do chur ar bhealach a slánuighthe go dtí go mbeidh cóir curtha againn uirthi le haghaidh na dtráchtaí a bhaineann leis an dtír. Is maith liom go ndeaghaidh mo ghlór deireanach chun tairbhthe. Sid é sgéal do fuaireas ó fhear atá n-a chomhnuidhe i nAlbain:— “A Chara, “… Cuir tús ar an obair agus má bheireann an droch mhisneach thú ná dein aon iongnadh de. Níl rud ar bith i nÉirinn níos coitchianta ná droch mhisneach. Thug Tomás Bán iarracht faoi rud éigint de'n tsórd soin do dhéanamh bliadhanta ó shoin. Bhí sraith léigheachta sa Claidheamh uaidh, acht ní bhfuair sé aon sgéal ó éinne n-a dtaobh agus níor chuala sé riamh gur léigh éinne iad nó go rabhas sa ag caint leis bliadhanta fada n-a dhiaidh soin. ‘Guth sa bhfásach a b'eadh é, a mhic ó’ adubhairt sé liom. “Is beag is féidir liomsa a dhéanamh. Tá fhios curtha agam ar leabhar go raibh léirmheas ó ‘Thorna’ air sa ‘Cork Examiner’ coighcíos ós shoin; leabhar ar réalt eolais a b'eadh é. Dá mbeadh a mhacsamhail de leabhar ar ‘architecture’ budh mhaith an rud é, mar i n-aghaidh gach duine a dhearcas suas ar an spéir bíonn na céadta ag dearca ar an dtalamh. Nár bh'aoibhinn an rud a bheith ag éisteacht le duine éigint ag cur síos i nGaedhilg ar crut agus ar déanamh na sean- fhothracha i nÉirinn. B'fhéidir nár bhfearra duit rud do dhéanfá-sa ná Cumann Archaelogical do dhéanamh de'n Chumann nuadh soin atá ceapaithe agat a chur ar bun. Níor bh'aon iongna dá mbeadh lámhscríbhinn le faghail i n-áit éigint ar cur síos ar an ealadha sin sa tsean-Ghaedhilg, ní fuláir nó go raibh eolas ag muintir na hÉireann air. Ní féidir é sin a rádh i dtaobh a lán de na healadhantaibh nuadha a tugadh chun soluis le cúpla céad bliadhain anuas. “Tá fhios agat gur as an nGréigis is an Laidin a tugadh an chuid is mó de na foclaibh a bhaineas leis na healadhantaibh is leis na mion-ealadhantaibh. Ní ghlacann an Ghaedhilg go ró chineálta leis na foclaibh iasachta. Cuir i gcás go dtabharfadh duine an focal ‘architecture’ isteach n-a chuid cainte bheadh sé chomh ciotach is chomh hoanarach go gceapfadh duine nár bh'fhéidir leis an nGaedhilg áit chompórdach fheileamhnach a sholáthar di n-a tigh féin. Ní hionann cás é agus na teanach eile, go mór mhór na teangacha d'fhás suas i ndiaidh na Gréigise is na Laidne. Acht b'fhéidir ná fuil an ceart agam annso. Gan dabhat do ghlac an Ghaedhilg le n-a lán téarmaí a bhaineas leis an gcreideamh. An focal úd ‘téarma,’ tá sé Gaedhealach go leór anois. B'fhéidir nach gádh acht dul n-a taithighe chun go n-imtheóchaidh an chitamhlacht uaidh ar fad. Táimid ró-scáthmhar agus má théidhtear i gcionn na hoibre i n-aon chor ní mór rud beag de'n dánaidheacht do ghabháil chugainn i leith.” Tá brath agam go dtiocfaidh le lucht na Gaedhilge cuallacht do chur ar bun d'fhonn trácht a dhéanamh i nGaedhilg ar seanamainistreacha agus seana- fhothrach na tíre. Ní fheadfainn éinne níos fearr d'ainmniú chuige sin ná Eoin Mac Néill. B'fhearr liom é fheicsint i mbun na hoibre sin ná ag cur síos ar chogadh. Do réir deallraimh, tá cuid de mhuintir na hÉireann ag rith le n-a n-anamh agus a mhinicidhe a bhíd siad ag eirighe amach i gcoinnibh a chéile. Breis teaspaighe. Fuaireas a lán litreacha i mBéarla i dtaobh na gnóthaí tiúscalacha so acht seo ceann eile i nGaedhilg. Ta súil agam go maithfidh D. Ua C. mé: “A Chara, “Do chonnaic mé an t-alt soin a chuiris i gClaidheamh na seachtmhaine seo. Is mór an truagh é gan amrhas ná fuil leabhar oireamhnach againn i nGaedhilg ag cur síos ar ghóthaibh tiúscaileacha. Is fada mé ag cur spéise i mbláthannaibh agus luibheacha. Ceapaim nach ceart duit a bheith ródhian ar obair an Athar Uí hÓgáin. Níl ann acht foclóir. B'in a raibh uaidh .i. foclóir a scríobhadh agus do dhein sé sin go rómhaith. “Mar adubhras ceana is mór é mo mheas ar bhlathannaibh fiadhaine. Is deas an t-adhbhar léighinn iad. Le n-a ceathair nó a cúig de bhliadhantaibh táim ag fághail eolais rotha, a n-ainmneacha agus a bhaineann leo. Acht mar sin féin ní ró chruinn m'eolas ortha. Má táir ag cuimhneamh ar leabhar a chur amach budh mhaith liom go mór pé congnamh is féidir liom a thabhairt duit. Dar liomsa ní gádh an leabhar a bheith ró-léigheanta ar fad. Dála na dtéarmaí a bhaineas le luibh-eolas nach féidir linn iad aghacadh ó'n Laidin chomh maith leisn an Béarlóirí? “Má's maith leat cuirfead liosta leabhar i mBéarla chugat a bheadh mar réalt eolais do'n té a chuirfeadh chuige an leabhar seo a sgríobhadh. Badh mhaith an rud é dá mbeadh duais fé leith ar Chlár an Oireachtais le haghaidh ceann dos na rudaí atá ainmnighthe agat ar an bpáipéar. Saoilim go bhfuil leabhar ar luibeolas scríobhtha ag an Dochtúir de hIndebert. Ní fheaca é agus ní'lim cinnte.” Ní bhaineann na léigheachta seo ar bhláthannaibh ar shean-fhothrachaibh ná luibheach le Connradh na Gaedhilge ní mó ná mar a bhaineann Cumann Tiúscail Gaedhealch m eirigheann leis an iarracht atá dá dhéanamh chun é chur ar cois. Acht a caoi ag gach éinne idir lucht an Chonnartha agus lucht leanamhna na Gaedhilge, lamh chabhartha a thabhairt do na hiarrachtaí seo go léir d'fhonn is go dtiocfaidh breis comhachta do'n teangain dá dheascaibh. Cáit Uí Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services