Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gnóthaí Tiúscalacha Téarmaí

Title
Gnóthaí Tiúscalacha Téarmaí
Author(s)
Uí Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gnóthaí Tiúscalacha Téarmaí.



Ní bheidh aon bhreith againn ar an nGaedhilg do chur ar bhealach a slánuighthe
go dtí go mbeidh cóir curtha againn uirthi le haghaidh na dtráchtaí a bhaineann
leis an dtír. Is maith liom go ndeaghaidh mo ghlór deireanach chun tairbhthe. Sid
é sgéal do fuaireas ó fhear atá n-a chomhnuidhe i nAlbain:—



“A Chara,



“… Cuir tús ar an obair agus má bheireann an droch mhisneach thú
ná dein aon iongnadh de. Níl rud ar bith i nÉirinn níos coitchianta ná droch
mhisneach. Thug Tomás Bán iarracht faoi rud éigint de'n tsórd soin do
dhéanamh bliadhanta ó shoin. Bhí sraith léigheachta sa Claidheamh uaidh, acht ní
bhfuair sé aon sgéal ó éinne n-a dtaobh agus níor chuala sé riamh gur léigh éinne
iad nó go rabhas sa ag caint leis bliadhanta fada n-a dhiaidh soin. ‘Guth sa
bhfásach a b'eadh é, a mhic ó’ adubhairt sé liom.



“Is beag is féidir liomsa a dhéanamh. Tá fhios curtha agam ar leabhar go
raibh léirmheas ó ‘Thorna’ air sa ‘Cork Examiner’ coighcíos ós shoin; leabhar
ar réalt eolais a b'eadh é. Dá mbeadh a mhacsamhail de leabhar ar ‘architecture’
budh mhaith an rud é, mar i n-aghaidh gach duine a dhearcas suas ar an spéir bíonn
na céadta ag dearca ar an dtalamh. Nár bh'aoibhinn an rud a bheith ag éisteacht
le duine éigint ag cur síos i nGaedhilg ar crut agus ar déanamh na sean-
fhothracha i nÉirinn. B'fhéidir nár bhfearra duit rud do dhéanfá-sa ná Cumann
Archaelogical do dhéanamh de'n Chumann nuadh soin atá ceapaithe agat a
chur ar bun. Níor bh'aon iongna dá mbeadh lámhscríbhinn le faghail i n-áit éigint
ar cur síos ar an ealadha sin sa tsean-Ghaedhilg, ní fuláir nó go raibh eolas
ag muintir na hÉireann air. Ní féidir é sin a rádh i dtaobh a lán de na
healadhantaibh nuadha a tugadh chun soluis le cúpla céad bliadhain anuas.



“Tá fhios agat gur as an nGréigis is an Laidin a tugadh an chuid is mó de
na foclaibh a bhaineas leis na healadhantaibh is leis na mion-ealadhantaibh. Ní
ghlacann an Ghaedhilg go ró chineálta leis na foclaibh iasachta. Cuir i gcás
go dtabharfadh duine an focal ‘architecture’ isteach n-a chuid cainte bheadh
sé chomh ciotach is chomh hoanarach go gceapfadh duine nár bh'fhéidir leis an
nGaedhilg áit chompórdach fheileamhnach a sholáthar di n-a tigh féin. Ní hionann
cás é agus na teanach eile, go mór mhór na teangacha d'fhás suas i ndiaidh
na Gréigise is na Laidne. Acht b'fhéidir ná fuil an ceart agam annso. Gan
dabhat do ghlac an Ghaedhilg le n-a lán téarmaí a bhaineas leis an gcreideamh.
An focal úd ‘téarma,’ tá sé Gaedhealach go leór anois. B'fhéidir nach gádh
acht dul n-a taithighe chun go n-imtheóchaidh an chitamhlacht uaidh ar fad. Táimid
ró-scáthmhar agus má théidhtear i gcionn na hoibre i n-aon chor ní mór rud
beag de'n dánaidheacht do ghabháil chugainn i leith.”



Tá brath agam go dtiocfaidh le lucht na Gaedhilge cuallacht do chur ar
bun d'fhonn trácht a dhéanamh i nGaedhilg ar seanamainistreacha agus seana-
fhothrach na tíre. Ní fheadfainn éinne níos fearr d'ainmniú chuige sin ná Eoin
Mac Néill. B'fhearr liom é fheicsint i mbun na hoibre sin ná ag cur síos ar
chogadh. Do réir deallraimh, tá cuid de mhuintir na hÉireann ag rith le n-a
n-anamh agus a mhinicidhe a bhíd siad ag eirighe amach i gcoinnibh a chéile. Breis
teaspaighe.



Fuaireas a lán litreacha i mBéarla i dtaobh na gnóthaí tiúscalacha so acht
seo ceann eile i nGaedhilg. Ta súil agam go maithfidh D. Ua C. mé:



“A Chara,



“Do chonnaic mé an t-alt soin a chuiris i gClaidheamh na seachtmhaine seo.
Is mór an truagh é gan amrhas ná fuil leabhar oireamhnach againn i nGaedhilg ag
cur síos ar ghóthaibh tiúscaileacha. Is fada mé ag cur spéise i mbláthannaibh
agus luibheacha. Ceapaim nach ceart duit a bheith ródhian ar obair an Athar Uí
hÓgáin. Níl ann acht foclóir. B'in a raibh uaidh .i. foclóir a scríobhadh agus
do dhein sé sin go rómhaith.



“Mar adubhras ceana is mór é mo mheas ar bhlathannaibh fiadhaine. Is
deas an t-adhbhar léighinn iad. Le n-a ceathair nó a cúig de bhliadhantaibh táim
ag fághail eolais rotha, a n-ainmneacha agus a bhaineann leo. Acht mar sin féin
ní ró chruinn m'eolas ortha. Má táir ag cuimhneamh ar leabhar a chur amach
budh mhaith liom go mór pé congnamh is féidir liom a thabhairt duit. Dar liomsa
ní gádh an leabhar a bheith ró-léigheanta ar fad. Dála na dtéarmaí a bhaineas
le luibh-eolas nach féidir linn iad aghacadh ó'n Laidin chomh maith leisn an
Béarlóirí?



“Má's maith leat cuirfead liosta leabhar i mBéarla chugat a bheadh mar
réalt eolais do'n té a chuirfeadh chuige an leabhar seo a sgríobhadh. Badh mhaith
an rud é dá mbeadh duais fé leith ar Chlár an Oireachtais le haghaidh ceann dos
na rudaí atá ainmnighthe agat ar an bpáipéar. Saoilim go bhfuil leabhar ar
luibeolas scríobhtha ag an Dochtúir de hIndebert. Ní fheaca é agus ní'lim
cinnte.”



Ní bhaineann na léigheachta seo ar bhláthannaibh ar shean-fhothrachaibh ná luibheach
le Connradh na Gaedhilge ní mó ná mar a bhaineann Cumann Tiúscail Gaedhealch
m eirigheann leis an iarracht atá dá dhéanamh chun é chur ar cois. Acht a
caoi ag gach éinne idir lucht an Chonnartha agus lucht leanamhna na Gaedhilge,
lamh chabhartha a thabhairt do na hiarrachtaí seo go léir d'fhonn is go dtiocfaidh
breis comhachta do'n teangain dá dheascaibh.



Cáit Uí Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services