Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Corcaigh
Title
Corcaigh
Author(s)
An Buachaill Bán,
Pen Name
An Buachaill Bán
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Corcaigh. Ba dóigh linn go raibh cúis na Gaedhilge go maith ar a bonnaibh i gCorcaigh nó gur casadh “an Buachaill Bán” linn. Bhí sgéala aoibhne ag teacht andeas chugainn gach seachtain le tamall, ach bíonn dhá innsint ar sgéal, agus so dhíbh, a léightheoirí, innsint an Bhuachalla. Ní misde do dhuine, dar liom, fhiafruighe de féin, fé láthair, cionnas tá cúis na teangan? Cad é an slacht nú an crot atá uirthe? An bhfuil a sgéal chomh maith léi agus innti a's d'fhéadfadh a bheith? Is é mo thuairim fein go bhfuil sgéal na teangan go meathta, mí-ádhmharach againn. Chun a thaisbeaint cad 'na thaobh gur b'in é mo thuairim cuirfead síos ar stáid na Gaedhilge annso i gCorcaigh. Is dóigh liom go dtuigim cionnas mar atá an sgéal ann cuibheasach maith. Sé is dóichighe gur mar a chéile di i gCorcaigh agus i ngach éan áit eile sa tír. Murab eadh tá súil láidir le Dia agam gur feabhas atá ar an sgéal 'sna háiteachaibh eile. Ar thrácht do dhuine ar cheist mar seo ní le-aon tairbhe bheith ag gábhail de “leog ort” nú “mar dh'eadh,” ní'l ann ach díthchéille nú “clouded diplomacy”. Muna bhfuil an neart ann, is fíor-bheag an tairbhthe a dhéanfaish sé bheith ag leogaint ort go bhfuil, acht b'fhéidir ar an dtaoibh eile de'n sgéal ma chlaoidhfidh tú leis an bhfírinne gur b'é thiocfaidh as ná go gceapfar seift éigin chun feabhais a chur ar an sgéal. Nuair a théidhim i measg na nGaedheal annso, an chéad rud ná a chéile a bhuaileann isteach im aigne ná gur b'iad na daoine céadna atá anois ann agus a bhí ann bliadhanta ó shoin, geall leis de; go háirighthe, iad so a dheineann obair an Chonnartha a choimeád ar siubhal. Ní beag an moladh dhóibh san, gan amhras, agus is ion-mholta an uile duine acu, idir fhearaibh is mhnáibh, acht 'sé creach an sgéil é — ar nós mór-chuid sgéal eile — gur b'é a luighead is measa díobh. Tá, b'fhéidir, ceithre céad ball se'n Chonnradh i gCorgaigh. Is ar éigin atá, acht abraimís é. 'Sé sin, tá ceithre chéad duine ann a dhíolann síntiús leis na trí Craobhachaibh atá ann. Asta san tá, b'fhéidir, céad go leith 'théidheann ag foghluim nuair a bhíd na rangann ar siubhal, agus tá, ar a mhéad, fiche duine a dheineann an obair go léir a choimeád ar siubhal. Ó bhliadhain go bliadhain tuiteann duine amach annso nú annsúd; an bás, b'fhéidir, nú an imirce; an leisge nú fós an grádh. Tagann, mar a gcéadna, duine nuadh isteach ó am go h-am, acht is annamh gur féidir dó, nú di, aon obair a dhéanamh ach bheith a' gabháil dá gceachtanaibh ar feadh cúpla bliadhan, pé sgéal é. Ar an gcuma son tuiteann sé amach gur b'iad na daoine céadna i gcómhnaidhe atá ag déanamh na hoibre. Ar an dtaoibh eile, cuimhnighmís go bhfuil breis is fiche míle duine i gCorcaigh. Cá bhfuil an chuid eile go léir, chómhfad a's a bhaineann le n-ár sgéal. An bhfuilid ag déanamh aon rud chun cabhruighthe leis an gcúis? Mura bhfuilid, cad na thaobh? An bhfuilid linn nú 'nár gcoinnibh? Má táid linn sa chúis, cad tá á dhéanamh, nú cad is féidir a dhéanamh, chun iad a mhealladh isteach san obair? Má táid 'nár gcoinnibh, cad 'na thaobh dóibh mar sin? Cad is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar an sgéal? Tá, seachus lucht an Chonnartha ar ar thráchtas, roinnt beag éigin daoine ag foghluim ag Coláisde na Mumhan. Múinteóirí sgoile iad. Tá, b'fhéidir, go sgoil ar fuaid na cathrach ag a mbíonn rang Ghaedhilge — cé go gcloisim ná héirigheann le n-a leithéid nuair a tugtar fé; agus tá na sgoileanna ann agus an ollsgoil. Acht d'fhéadfaí iad go léir — idir lucht foghlumtha, lucht múinte agus lucht oibre — a sgiobadh a lucht na cathrach agus ar nós Bhriain agus na Lochlannach — ní samhluighfí a luighead ortha. An Buachaill Bán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services