Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Corcaigh

Title
Corcaigh
Author(s)
An Buachaill Bán,
Pen Name
An Buachaill Bán
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Corcaigh.



Ba dóigh linn go raibh cúis na Gaedhilge go maith ar a bonnaibh i gCorcaigh nó
gur casadh “an Buachaill Bán” linn. Bhí sgéala aoibhne ag teacht andeas chugainn
gach seachtain le tamall, ach bíonn dhá innsint ar sgéal, agus so dhíbh, a léightheoirí,
innsint an Bhuachalla.



Ní misde do dhuine, dar liom, fhiafruighe de féin, fé láthair, cionnas tá cúis
na teangan? Cad é an slacht nú an crot atá uirthe? An bhfuil a sgéal chomh
maith léi agus innti a's d'fhéadfadh a bheith? Is é mo thuairim fein go bhfuil sgéal
na teangan go meathta, mí-ádhmharach againn. Chun a thaisbeaint cad 'na thaobh gur
b'in é mo thuairim cuirfead síos ar stáid na Gaedhilge annso i gCorcaigh. Is
dóigh liom go dtuigim cionnas mar atá an sgéal ann cuibheasach maith. Sé is
dóichighe gur mar a chéile di i gCorcaigh agus i ngach éan áit eile sa tír. Murab
eadh tá súil láidir le Dia agam gur feabhas atá ar an sgéal 'sna háiteachaibh eile.
Ar thrácht do dhuine ar cheist mar seo ní le-aon tairbhe bheith ag gábhail de “leog
ort” nú “mar dh'eadh,” ní'l ann ach díthchéille nú “clouded diplomacy”. Muna
bhfuil an neart ann, is fíor-bheag an tairbhthe a dhéanfaish sé bheith ag leogaint ort
go bhfuil, acht b'fhéidir ar an dtaoibh eile de'n sgéal ma chlaoidhfidh tú leis an
bhfírinne gur b'é thiocfaidh as ná go gceapfar seift éigin chun feabhais a chur ar
an sgéal.



Nuair a théidhim i measg na nGaedheal annso, an chéad rud ná a chéile a
bhuaileann isteach im aigne ná gur b'iad na daoine céadna atá anois ann
agus a bhí ann bliadhanta ó shoin, geall leis de; go háirighthe, iad so a dheineann
obair an Chonnartha a choimeád ar siubhal. Ní beag an moladh dhóibh san, gan
amhras, agus is ion-mholta an uile duine acu, idir fhearaibh is mhnáibh, acht 'sé
creach an sgéil é — ar nós mór-chuid sgéal eile — gur b'é a luighead is measa díobh.
Tá, b'fhéidir, ceithre céad ball se'n Chonnradh i gCorgaigh. Is ar éigin atá, acht
abraimís é. 'Sé sin, tá ceithre chéad duine ann a dhíolann síntiús leis na trí
Craobhachaibh atá ann. Asta san tá, b'fhéidir, céad go leith 'théidheann ag foghluim
nuair a bhíd na rangann ar siubhal, agus tá, ar a mhéad, fiche duine a dheineann
an obair go léir a choimeád ar siubhal. Ó bhliadhain go bliadhain tuiteann duine
amach annso nú annsúd; an bás, b'fhéidir, nú an imirce; an leisge nú fós an
grádh. Tagann, mar a gcéadna, duine nuadh isteach ó am go h-am, acht is annamh
gur féidir dó, nú di, aon obair a dhéanamh ach bheith a' gabháil dá gceachtanaibh ar
feadh cúpla bliadhan, pé sgéal é. Ar an gcuma son tuiteann sé amach gur b'iad
na daoine céadna i gcómhnaidhe atá ag déanamh na hoibre.



Ar an dtaoibh eile, cuimhnighmís go bhfuil breis is fiche míle duine i gCorcaigh.
Cá bhfuil an chuid eile go léir, chómhfad a's a bhaineann le n-ár sgéal. An bhfuilid
ag déanamh aon rud chun cabhruighthe leis an gcúis? Mura bhfuilid, cad na thaobh?
An bhfuilid linn nú 'nár gcoinnibh? Má táid linn sa chúis, cad tá á dhéanamh,
nú cad is féidir a dhéanamh, chun iad a mhealladh isteach san obair? Má táid 'nár
gcoinnibh, cad 'na thaobh dóibh mar sin? Cad is féidir a dhéanamh chun feabhas a
chur ar an sgéal? Tá, seachus lucht an Chonnartha ar ar thráchtas, roinnt beag
éigin daoine ag foghluim ag Coláisde na Mumhan. Múinteóirí sgoile iad. Tá,
b'fhéidir, go sgoil ar fuaid na cathrach ag a mbíonn rang Ghaedhilge — cé go
gcloisim ná héirigheann le n-a leithéid nuair a tugtar fé; agus tá na sgoileanna
ann agus an ollsgoil. Acht d'fhéadfaí iad go léir — idir lucht foghlumtha, lucht
múinte agus lucht oibre — a sgiobadh a lucht na cathrach agus ar nós Bhriain agus
na Lochlannach — ní samhluighfí a luighead ortha.



An Buachaill Bán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services