Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara
Title
Conamara
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Ní hiongnadh é go bhfuil an oiread sin grádha ag Clannaibh Gaedheal ar chnocaibh. Sgeul a sinnsear, sgeul na gcnoc. Fionn agus Oisín agus Diarmuid agus Goll mór, míldeadhta mac Móirne, ar ndóighe chaitheadar leath a saoghail ar na beannaibh. Is ar chnoc d'fhadaidh Pádraic an teine nach múchfaidhear go bráth. Ba iad muinntir na gcnoc na fir throda ab fhearr gach lá riamh ar son na h-Éireann. Agus is iad lucht chomhnuidhthe na gcnoc do chongbhuigh cé bí cé méid de Ghaedhealtacht na h-Éireann atá againn go cúramach is go teolaidhe, an t-am do leig dream na mágh maiseach, mín í le fán agus seachrán an t-saoghail mhóir. Goirm go h-eug sibh-se atá i mbun na gcnoc is cuma cé'n áird d'Éirinn a bhfuil sibh ann — go raibh saoghal na gcnoc agaibh, go raibh bhur mballaí beathadh chomh teann, láidir le guailne na gcnoc, go raibh bhur gcroidhthe chomh glionndrach, aerach leis na srutháin do thuiteas ó'n a mbarraibh, go raibh sé in bhur gcumas bualadh anuas de na cnocaibh agus an tír seo againn-ne do ath- chumadh mar bhí sí an uair ba fliuch súile an fhile ar sgaramhain léi, agus nach bhfuighfeadh sé codladh nó suaimhneas go bhfilleadh sé uirthi. Bán-chnoic Éireann Óigh. Beir beannacht ó'm chroidhe go tír na h-Éireann Bánchnoic Éireann Óigh! Chum a maireann de shíolradh Ír as Éibhir Ar bhanchnoic Éireann Óigh! An áit úd ar bh'aoibhinn binn-ghuth éan Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gaedheal - 'Sé mo chás bheith míle míle i gcéin Ó bhánchnoic Éireann Óigh. Bíonn barr bog slím ar chaoinchnoic Éireann — Bánchnoic Éireann Óigh, 'S is fearr ná'n tír seo díth gach sléibh'ann, Bánchnoic Éireann óigh! Dob' árd a coillte 's ba dhíreach réidh 'Sa mbláth mar aol ar mhaoilinn géag — Atá grádh agam' chroidhe am' intinn féin Ar bhánchnoic Éireann Óigh! Tá gasradh líonmhar i dTír na h-Éireann Bánchnoic Éireann Óigh, 'S a fearachoin ghroidhe ná claoidhfeadh céadta ar bhánchnoic Éireann Óigh! M' fhad-tuirse chroidhe as mo chuimhne sgéil. Iad ag Gallaphoic síos fá ghreím, mo léan! 'S a mbailte dá roinn fá chíos go daor — Bánchnoic Éireann Óigh! Is fairsing 's is muar iad cruacha na h-Éireann bánchnoic Éireann Óigh A cuid meala 's uachtar ag gluaiseacht 'na slaoda Ar Bhánchnoic Éireann Óigh Rachaidh mé ar cuairt nó is luath mo shaoghal Do'n talamh beag suairc as dual do Ghaedhil — 'S go mbfhearra liom ná duais d'á uisleacht é Bheith ar Bhánchnoic Éireann Óigh! Sgaipeann an drúcht ar ghiumhar agus fhéar ann Ar bánchnoic Éireann Óigh, As tagaid na h-ubhla cumhra ag ghéagaibh ar bhánchnoic Éireann Óigh! Biolar agus samhadh 'na gleanntaibh ceo, 'S na rotha san tsamhradh ag labhairt uim nóin — Uisge na Siúire ag brúcht 'na shlóigh Ar bhánchnoic Éireann Óigh! Is fosgailte fáilteach an áit sin Éire Bánchnoic Éireann Óigh, Agus toradh na sláinte i mbarr na déise Ar bhánchnoic Éireann Óigh! Ba bhinne liom ná méara ar théadaibh ceoil Seinm agus geimreadh a laogh 'sa mbó — Taithneamh na gréine orra, aosda as óg Ar bhánchnoic Éireann Óigh. Donnchadha Ruadh Mac Conmara ro chan agus ní iontoighthe orm é do thabhairt díbh annseo. Túr Mhic Éidigh. Is beag adeuradh naoi nó deich de bhliantaibh ó shoin go mbeadh na táinte ag triall ar an gcreagán acrach seo ar lorg teangan a n-aithreacha! Acht is iomdha cor sa saoghal agus nach bhfuil sé sa tarngaireacht go mbeadh athrú mór lá éigin — “Árdóchtar an t-íseal, adeir an báird Agus ísleóchthar arís an té bhí árd.” Sin fearacht ag an Gaedhilg é. Fá é is di fairíor le fada. Ní raibh meas ná áird uirre. Do thréig urmhór a lucht labhartha í, agus do righneadar aithris ar an dream do cheap iad do chur de'n tsaoghal, do bhí an dlighe in a h-aghaidh. Ruaigeadh ó dhoras go doras í. Do cuireadh na clocha agus na dartacha abhaile uirri. Do feuchadh ar gach bealach í do chur ó rath. Do bhí sí i mbaoghal báis. Do ba ghearr eile uaithi, gigheadh “níor dhún Dia bearna riamh nár fhosgail Sé ceann eile,” agus atá bearna na Gaedhilge ar fosgail anois do fhearaibh Fáil. Atá an bealach réidh anois le tidheacht isteach agus siubhal “ina a bpáirc bhreagh féin.” Is iomdha tobar íocshláinte 'sa bpáirc sin agus sír-leigheas ionnta dóibh seo 'ólfas asta. Tagann a neart agus a bhfearamhalacht féin ar ais chuca. Éirighid fóláin, croidheamhail. Bíonn tidheacht aniar agus dula ar aghaidh ionnta. Ar éigin aithneochaidhe iad tar éis an leighis. Atá an oiread sin tinn le Galldacht sa tír seo againn-ne gur mór féin an obair atá amach roimh an gColáiste sin ar t'aghaidh. Níl a' lucht ceannais acht ag sgríobadh leis an uachtar go fóill. Bíodh gur mar sin atá, is iomdha iasc breagh ar ghad aca. Do bhíodh cáil mhór ar sgoltaibh na h-Éireann i n-allód. Thigtí chuca as gach aon reugún. Do fáiltightí go fial rompa seo do thigeadh. Do bhíodh greim a mbeul agus leaba le síneadh uirthi le fághail aca. Tógtaoi le sgéil is foghluim iad, agus d'oiltí go múinte deagh- bheusach iad. Mo chreach! Atá athrú ar shaoghal sin an léighinn agus na gnaoidheamhlachta. Ní an grádh do'n léigheann do bhíodh, agus ní iongnadh é. Ní módhtha d'fheudfá do thabhairt leat chor ar bith atá ar bun, acht bealaigh chama mhí-nádúrtha an choigcrígh. “Daoine uaisle” mar d'eadh, múnluighthear in ar sgoltaibh fá láthair. Baoghal ar Thadhg Chaitilín an breanra do threabhadh. Baoghal ar Sheán Nóra an claiseadh bhaint. Baoghal ar inghin Ruaidhí na Léime an próiste do shníomh. Pop! Pop! a dhuine. Cad chuige a ndeunadh? Níor tháinig a leithéid abhaile le — go dtuga Dia ciall dhuit nach rabhadar féin chuile ordlach chomh huasal le Séimín an ghaimbín a bhfuil mac ar coláiste aige, nó le Beartlín na n-uibhreach a bhfuil nighean aige atá i n-ann an pianó do bhualadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services