Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara

Title
Conamara
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Ní hiongnadh é go bhfuil an oiread sin grádha
ag Clannaibh Gaedheal ar chnocaibh. Sgeul a
sinnsear, sgeul na gcnoc. Fionn agus Oisín
agus Diarmuid agus Goll mór, míldeadhta mac
Móirne, ar ndóighe chaitheadar leath a saoghail
ar na beannaibh. Is ar chnoc d'fhadaidh Pádraic
an teine nach múchfaidhear go bráth. Ba iad
muinntir na gcnoc na fir throda ab fhearr
gach lá riamh ar son na h-Éireann. Agus is iad
lucht chomhnuidhthe na gcnoc do chongbhuigh cé bí
cé méid de Ghaedhealtacht na h-Éireann atá
againn go cúramach is go teolaidhe, an t-am
do leig dream na mágh maiseach, mín í le fán
agus seachrán an t-saoghail mhóir. Goirm go
h-eug sibh-se atá i mbun na gcnoc is cuma
cé'n áird d'Éirinn a bhfuil sibh ann — go raibh
saoghal na gcnoc agaibh, go raibh bhur mballaí
beathadh chomh teann, láidir le guailne na gcnoc,
go raibh bhur gcroidhthe chomh glionndrach, aerach
leis na srutháin do thuiteas ó'n a mbarraibh, go
raibh sé in bhur gcumas bualadh anuas de na
cnocaibh agus an tír seo againn-ne do ath-
chumadh mar bhí sí an uair ba fliuch súile an
fhile ar sgaramhain léi, agus nach bhfuighfeadh sé
codladh nó suaimhneas go bhfilleadh sé uirthi.



Bán-chnoic Éireann Óigh.



Beir beannacht ó'm chroidhe go tír na h-Éireann
Bánchnoic Éireann Óigh!
Chum a maireann de shíolradh Ír as Éibhir
Ar bhanchnoic Éireann Óigh!
An áit úd ar bh'aoibhinn binn-ghuth éan
Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gaedheal -
'Sé mo chás bheith míle míle i gcéin
Ó bhánchnoic Éireann Óigh.



Bíonn barr bog slím ar chaoinchnoic Éireann —
Bánchnoic Éireann Óigh,
'S is fearr ná'n tír seo díth gach sléibh'ann,
Bánchnoic Éireann óigh!
Dob' árd a coillte 's ba dhíreach réidh
'Sa mbláth mar aol ar mhaoilinn géag —
Atá grádh agam' chroidhe am' intinn féin
Ar bhánchnoic Éireann Óigh!



Tá gasradh líonmhar i dTír na h-Éireann
Bánchnoic Éireann Óigh,
'S a fearachoin ghroidhe ná claoidhfeadh céadta
ar bhánchnoic Éireann Óigh!
M' fhad-tuirse chroidhe as mo chuimhne sgéil.
Iad ag Gallaphoic síos fá ghreím, mo léan!
'S a mbailte dá roinn fá chíos go daor —
Bánchnoic Éireann Óigh!



Is fairsing 's is muar iad cruacha na h-Éireann
bánchnoic Éireann Óigh
A cuid meala 's uachtar ag gluaiseacht 'na slaoda
Ar Bhánchnoic Éireann Óigh
Rachaidh mé ar cuairt nó is luath mo shaoghal
Do'n talamh beag suairc as dual do Ghaedhil —
'S go mbfhearra liom ná duais d'á uisleacht é
Bheith ar Bhánchnoic Éireann Óigh!



Sgaipeann an drúcht ar ghiumhar agus fhéar ann
Ar bánchnoic Éireann Óigh,
As tagaid na h-ubhla cumhra ag ghéagaibh
ar bhánchnoic Éireann Óigh!
Biolar agus samhadh 'na gleanntaibh ceo,
'S na rotha san tsamhradh ag labhairt uim nóin —
Uisge na Siúire ag brúcht 'na shlóigh
Ar bhánchnoic Éireann Óigh!



Is fosgailte fáilteach an áit sin Éire
Bánchnoic Éireann Óigh,
Agus toradh na sláinte i mbarr na déise
Ar bhánchnoic Éireann Óigh!
Ba bhinne liom ná méara ar théadaibh ceoil
Seinm agus geimreadh a laogh 'sa mbó —
Taithneamh na gréine orra, aosda as óg
Ar bhánchnoic Éireann Óigh.



Donnchadha Ruadh Mac Conmara ro chan agus
ní iontoighthe orm é do thabhairt díbh annseo.



Túr Mhic Éidigh.



Is beag adeuradh naoi nó deich de bhliantaibh ó
shoin go mbeadh na táinte ag triall ar an
gcreagán acrach seo ar lorg teangan a
n-aithreacha! Acht is iomdha cor sa saoghal agus
nach bhfuil sé sa tarngaireacht go mbeadh athrú
mór lá éigin —



“Árdóchtar an t-íseal, adeir an báird
Agus ísleóchthar arís an té bhí árd.”



Sin fearacht ag an Gaedhilg é. Fá é is di
fairíor le fada. Ní raibh meas ná áird uirre.
Do thréig urmhór a lucht labhartha í, agus do
righneadar aithris ar an dream do cheap iad do
chur de'n tsaoghal, do bhí an dlighe in a h-aghaidh.
Ruaigeadh ó dhoras go doras í. Do cuireadh na
clocha agus na dartacha abhaile uirri. Do feuchadh
ar gach bealach í do chur ó rath. Do bhí sí i mbaoghal
báis. Do ba ghearr eile uaithi, gigheadh “níor
dhún Dia bearna riamh nár fhosgail Sé ceann
eile,” agus atá bearna na Gaedhilge ar fosgail
anois do fhearaibh Fáil. Atá an bealach réidh
anois le tidheacht isteach agus siubhal “ina a
bpáirc bhreagh féin.” Is iomdha tobar íocshláinte
'sa bpáirc sin agus sír-leigheas ionnta dóibh
seo 'ólfas asta. Tagann a neart agus a
bhfearamhalacht féin ar ais chuca. Éirighid fóláin,
croidheamhail. Bíonn tidheacht aniar agus dula
ar aghaidh ionnta. Ar éigin aithneochaidhe iad tar
éis an leighis.



Atá an oiread sin tinn le Galldacht sa tír
seo againn-ne gur mór féin an obair atá amach
roimh an gColáiste sin ar t'aghaidh. Níl a' lucht
ceannais acht ag sgríobadh leis an uachtar go
fóill. Bíodh gur mar sin atá, is iomdha iasc
breagh ar ghad aca. Do bhíodh cáil mhór ar sgoltaibh
na h-Éireann i n-allód. Thigtí chuca as gach aon
reugún. Do fáiltightí go fial rompa seo do
thigeadh. Do bhíodh greim a mbeul agus leaba le
síneadh uirthi le fághail aca. Tógtaoi le sgéil
is foghluim iad, agus d'oiltí go múinte deagh-
bheusach iad. Mo chreach! Atá athrú ar shaoghal
sin an léighinn agus na gnaoidheamhlachta. Ní
an grádh do'n léigheann do bhíodh, agus ní iongnadh
é. Ní módhtha d'fheudfá do thabhairt leat chor ar
bith atá ar bun, acht bealaigh chama mhí-nádúrtha
an choigcrígh. “Daoine uaisle” mar d'eadh,
múnluighthear in ar sgoltaibh fá láthair. Baoghal
ar Thadhg Chaitilín an breanra do threabhadh.
Baoghal ar Sheán Nóra an claiseadh bhaint. Baoghal
ar inghin Ruaidhí na Léime an próiste do shníomh.
Pop! Pop! a dhuine. Cad chuige a ndeunadh?
Níor tháinig a leithéid abhaile le — go dtuga
Dia ciall dhuit nach rabhadar féin chuile ordlach
chomh huasal le Séimín an ghaimbín a bhfuil mac
ar coláiste aige, nó le Beartlín na n-uibhreach
a bhfuil nighean aige atá i n-ann an pianó do
bhualadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services