Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Loch Measga
Title
Conamara. Loch Measga
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Loch Measga. Dromchladh mór eile d'uisge annseo. Sgáth na n-oileán gona crainntibh agus rosaibh le tabhairt fá deara ó ghrinneal atá sé chomh ciúin sin. Ealaí ar snámh anonn is anall air. Cailleacha dubha ag a dtumadh féin agus ag dul d'urchar faoi. Aon bhad seoil amháin ag éalodh léi chomh roighin le seilmide air. Sléibhte Partraigh ar a n-aghaidh thall. Teach mór ar cheann d'a chreagánaibh acracha gur fada linn go sroichimid é. Atá tobar feasa ar fhaithche os comhair an tighe úd tagtar ann as gach ceard de'n domhan ag ól as. Deoch mhaith ghlan a fhuarochadh do chroidhe atá le fághail san tobar ceudna, ní as ucht mise ag á rádh é! Níor mhaith liom do rádh go bhfuil Loch Measga suas is anuas le Loch Coirb. Acht ní shin le rádh nach bhfuil aoibhneas agus áilneacht dóthain duine ar bith ann. Agus atá stáir agus seanchus ag baint leis gach ordlach chomh sean, is chomh hársa is atá leis an loch eile. Do buaileadh cath Mhuighe Tuireadh ar a bhruachaibh. Do bhí árd-rí Éireann in a chomhnuidhe ann sa sémhadh aois. Do bhí cealla agus mainisteacha ann. Do bhí cíoradh agus slamadh ann idir Ghaedhealaibh is Gallaibh. Do righneadh gníomhartha feille ann. Ro rugadh agus do h-oileadh laochra agus cinnirí ann. Fairíor! nach bhfuil sé ionainn craiceann agus snas do chur ar sheanchus an Iarthair, amhail mar d'fhighe Scott culaith ghaisge do chaithmhilibh agus ghníomharthaibh na h-Alban. Atá ádhbhar cultacha ann dá bhfeudtaí an figheadóir ceart d'fhághail d'fhidheadh inneach agus dlúth mar ba dual. Acht bíodh misneach againn — bfhéidir go bhfuil duine éigin ag sníomh próiste le h-aghaidh culaithe a sheasfas caitheamh lá níos fuide anonn ná indiu. Ach leanamuis orainn. Cuartuighimis cúinne annseo is annsúd, go bhfeicimid an bhfuil sgéilín ar bith i dtaoibh an t-saoghail sin a raibh an oiread sin troda agus aon oiread sin cráibheachta ag baint leis, agus ó labhramar ar troid, bíodh cothrom aici, óir adeir an sean-fhocal gur “fearr an troid ná an t-uaigneas.” Ag seo sinn ar an mball ar ar tógadh Caisleán na Caillighe. Chomh fada siar leis an mbliaidh 1.195 aithristear go dtáinic Cathal Mac Diarmuda go Connachtaibh ar a bhealach ó chúige Mumhan, “agus ro ghabhait longa Cathail Croidbhdeirg uile lais, agus rug lais iat co Caislén na Caillighe, co ndearna iomdha as ar gach leith de co ttainig Cathal Croibhdeirg go ndream do Ghallaibh agus de chloinn Maoilruana agus do ronadh sid fo dheoidh re mac Diarmuda ger n mór na h-uile do roine go sin.” Ins an mbliain 1.223 do chuaidh Féidhlimídh mac Cathail chroibhdheirg ar sluaigheadh agus do tháinic Cormac Mac Tomhaltaigh .i. tighearna Mhuighe Luirg in a dháil. Do bhíodar beirt carannach le chéile agus do righneadar comhairle dul indiaidh Aodha, rí Chonnacht agus an chuid eile de chlainn mhac Ruaidhrí. Do righneadar amhail mar chinneadar agus do mharbhuigheadar Aodh, agus go leor eile nach é. Do baineadh an ríoghacht agus ceannas Chonnacht de chlainn Ruaidhirí, mic Thoirdhealbhaigh an lá sin. Do ghabh Féidhlimidh forlámhas na cúige iar sin, agus do sgaoil sé na caisleáin do righneadh le neart chlainne Ruaidhrí Uí Chonchubhair agus mac Liam De Búrca agus do bhí Caisleán na Caillighe ar cheann aca. D'aith-dheasuigh na búrcaigh é agus do bhí in a seilbh go dtí 1.586. Fó'n am seo 'seadh do bhí Biongam bradach, brúideamhail sa tír agus do righne an bodach ár mór ar lucht chomhnuidhthe an daingin. Ag seo i mo'dhiaidh aithris ar a eachtraibh an bhliain úd.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services