Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Loch Measga

Title
Conamara. Loch Measga
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Loch Measga.



Dromchladh mór eile d'uisge annseo. Sgáth
na n-oileán gona crainntibh agus rosaibh le
tabhairt fá deara ó ghrinneal atá sé chomh ciúin
sin. Ealaí ar snámh anonn is anall air.
Cailleacha dubha ag a dtumadh féin agus ag
dul d'urchar faoi. Aon bhad seoil amháin ag
éalodh léi chomh roighin le seilmide air. Sléibhte
Partraigh ar a n-aghaidh thall. Teach mór ar
cheann d'a chreagánaibh acracha gur fada linn
go sroichimid é. Atá tobar feasa ar fhaithche
os comhair an tighe úd tagtar ann as gach ceard
de'n domhan ag ól as. Deoch mhaith ghlan a
fhuarochadh do chroidhe atá le fághail san tobar
ceudna, ní as ucht mise ag á rádh é!



Níor mhaith liom do rádh go bhfuil Loch Measga
suas is anuas le Loch Coirb. Acht ní shin le
rádh nach bhfuil aoibhneas agus áilneacht dóthain
duine ar bith ann. Agus atá stáir agus seanchus
ag baint leis gach ordlach chomh sean, is chomh
hársa is atá leis an loch eile. Do buaileadh
cath Mhuighe Tuireadh ar a bhruachaibh. Do bhí
árd-rí Éireann in a chomhnuidhe ann sa sémhadh
aois. Do bhí cealla agus mainisteacha ann.
Do bhí cíoradh agus slamadh ann idir Ghaedhealaibh
is Gallaibh. Do righneadh gníomhartha feille ann.
Ro rugadh agus do h-oileadh laochra agus
cinnirí ann. Fairíor! nach bhfuil sé ionainn
craiceann agus snas do chur ar sheanchus an
Iarthair, amhail mar d'fhighe Scott culaith ghaisge
do chaithmhilibh agus ghníomharthaibh na h-Alban.
Atá ádhbhar cultacha ann dá bhfeudtaí an
figheadóir ceart d'fhághail d'fhidheadh inneach agus
dlúth mar ba dual. Acht bíodh misneach againn
— bfhéidir go bhfuil duine éigin ag sníomh próiste
le h-aghaidh culaithe a sheasfas caitheamh lá níos
fuide anonn ná indiu. Ach leanamuis orainn.
Cuartuighimis cúinne annseo is annsúd, go
bhfeicimid an bhfuil sgéilín ar bith i dtaoibh
an t-saoghail sin a raibh an oiread sin troda
agus aon oiread sin cráibheachta ag baint leis,
agus ó labhramar ar troid, bíodh cothrom
aici, óir adeir an sean-fhocal gur “fearr an
troid ná an t-uaigneas.” Ag seo sinn ar
an mball ar ar tógadh Caisleán na Caillighe.
Chomh fada siar leis an mbliaidh 1.195 aithristear
go dtáinic Cathal Mac Diarmuda go Connachtaibh
ar a bhealach ó chúige Mumhan, “agus ro ghabhait
longa Cathail Croidbhdeirg uile lais, agus rug
lais iat co Caislén na Caillighe, co ndearna
iomdha as ar gach leith de co ttainig Cathal
Croibhdeirg go ndream do Ghallaibh agus de
chloinn Maoilruana agus do ronadh sid fo
dheoidh re mac Diarmuda ger n mór na h-uile
do roine go sin.” Ins an mbliain 1.223 do
chuaidh Féidhlimídh mac Cathail chroibhdheirg ar
sluaigheadh agus do tháinic Cormac Mac
Tomhaltaigh .i. tighearna Mhuighe Luirg in a dháil.
Do bhíodar beirt carannach le chéile agus do
righneadar comhairle dul indiaidh Aodha, rí
Chonnacht agus an chuid eile de chlainn mhac
Ruaidhrí. Do righneadar amhail mar chinneadar
agus do mharbhuigheadar Aodh, agus go leor
eile nach é. Do baineadh an ríoghacht agus
ceannas Chonnacht de chlainn Ruaidhirí, mic
Thoirdhealbhaigh an lá sin. Do ghabh Féidhlimidh
forlámhas na cúige iar sin, agus do sgaoil sé
na caisleáin do righneadh le neart chlainne
Ruaidhrí Uí Chonchubhair agus mac Liam De
Búrca agus do bhí Caisleán na Caillighe ar
cheann aca. D'aith-dheasuigh na búrcaigh é agus
do bhí in a seilbh go dtí 1.586. Fó'n am seo 'seadh
do bhí Biongam bradach, brúideamhail sa tír
agus do righne an bodach ár mór ar lucht
chomhnuidhthe an daingin. Ag seo i mo'dhiaidh
aithris ar a eachtraibh an bhliain úd.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services