Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Obair do mhnáibh. Tiúscal na mbeach
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Obair do mhnáibh. Tiúscal na mbeach
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Obair do mhnáibh. Tiúscal na mbeach. Ba dheacair adhbhar súgraidh níosa taitnmhaighe d'fhághail ná tiúscal na mbeach. Ní bhaineann puinn saothair leis agus as an ngnó is féidir cur go maith le teacht isteach na tíre seo. Tá an dúthaigh seo oireamhnach go maith do bheachaibh. Cuidigheann an aimsir ar a chéile dóibh agus an mhil a bhailightear ar bhláthanna agus ar an fhraoch i nÉirinn bíonn sí ar fheabhas chun bídh, agus ní gearánta dhá cháilidheacht leis mar leigheas. Toisg foláine na dúithaighe seo is annamh riamh a bheireann galar na beacha agus téidheann sin chun tairbhe na meala go mór. Iondad don Chruiceóg. An ball is oireamhnaighe do bheachaibh i n-aice fálla nó claidhe ar thaobh na fothanna: 'sé sin iad do bheith leis an ndeisceart agus dá mb' fhéidir é tuir nó sceacha nó crainn do bheith comhgarach. Bhí an samhradh go maith aca i mbliadhna. Fuarthas trí saithe a cuid des na cruiceogaibh: dhá cheann a cuid eile; ceann amháin a cuid eile; agus cuid aca nár thug aon nidh in aon chor toisc iad do bheith ro chaithte thar éis an dubhluachair. Gach saithe d'éirigh i dtosach an samhraidh thug sí mac saithe n-a dhiaidh soin agus do bhí cuid aca do bhí go maith láidir agus thugadar dhá mhac saithe uatha. Bia do na Beachaibh. Do bhí aon nidh amháin ag cur cosc le n-a shaothar. Do tháinig an briseadh buille bheag luath ar an soininn. Mar sin féin tá a lán bidh bailighthe aca ina cruiceógaibh ach amháin a saithe d'eirigh i ndéadhnaighe an tsamhraigh agus i dtosach an fhóghmhair. Tá cuid aca soin is is baoghalach go gcaithfear dul n-a gcabhair le roinnt bídh. Siúchra is minicidhe a 'thugtar dóibh. Ní dhéanfadh mil an ghnó in aon chor mar dá mbéadh taithighe na meala mar sin aca do dhéanfadh sé gaduighthe dhíobh is is amhlaidh do raghaidis ag creachadh na gcruiceóg eile i n-ionad dul amach ag soláthar dóibh féin. Sochar Bhí an airgead maith ar mhil i mbliadhna mar le bliadhain go raibh an samhradh go maith. Dá mb' fhéidir margaí meala do chur ar bun i mbailtí na hÉireann do chobhróchadh soin le breis glaodhach d'fhághail don mhil. Is ait mar éirigheann na beach chun saithe. Ní fuláir do dhuine súil a chimead ortha féachaint cad é an áit a aimseóchaid. Ar ghéag crainn nó thuir aitinn is mó a thúrlaingíd. Caithfear cruiceog fhollamh d'fhaghail agus í ghlanadh go maith ar eagla aon bhalaithe mí bhlasta do bheith innti do chuirfeadh an ruaig ar na beachaibh ar ball. Is gnáthach an chruiceóg a ghlanach le go leor uisce fuar agus billeoga saillthearnaighe meascaighthe ann. Tugann an tsaillearnach bolaithe so bhlasta dhí. Nuair a bhíonn na beacha go léir bailighthe le chéile agus an chruiceóg i dtreo beirtear an an gcruiceóig sa láimh chlé agus tugtar searradh nó dhó chun na mbeach d'fhonn iad do bhogadh dá ngreim agus do chur isteach sa chruiceóig do bhíonn shíos futha. An Bhainríoghan. Ná deintear dearmad ar bhainríoghain na na saithe do bhailliú isteach leó mar ní fhanfadh na beacha sa chruiceóig gan an bhainríoghain do bheith n-a ceann ortha. Nuair a bhíonn na beacha sa chruiceóig iomparuighthear ar a béal í agus cuirtear ar lic ar an dtalamh í agus blúire éadaigh bháin i n-airde uirthi mar chomhartha do na beachaibh chun dul isteach innti. Árduighthear taobh de bhéal na cruiceóige le mion chloich chun slighe a thabhairt do na beachaibh ar theacht amach ar dhul isteach dóibh. Ar theacht na hoidhche aistuiththear an chruiceóg go dtí pé ionad atá ceapaithe ar í fagaint ar fad. Ní fuláir don duine atá ag déanamh an ghótha soin a haghaidh agus a ceann a chlúdach agus peidhre stocaí do tharraing aníos a dá láimh. Acht an té a bhíonn i dtathaighe an ghnótha is ró bheag aici dul n-a measc gan a lámha a chlúdach mar ní dheinid na beacha pioc díoghbhála mara dtídhtear i n-achrann leo. Tá a lán rudaí eile ag baint le soláthar saithe acht má dheineann an duine an chomhairle atá annso róm do chur i ngníomh ní bheidh a saothar i n-aisce aici. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services