Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Obair do mhnáibh. Tiúscal na mbeach

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Obair do mhnáibh. Tiúscal na mbeach
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Obair do mhnáibh.



Tiúscal na mbeach.



Ba dheacair adhbhar súgraidh níosa taitnmhaighe
d'fhághail ná tiúscal na mbeach. Ní bhaineann
puinn saothair leis agus as an ngnó is féidir
cur go maith le teacht isteach na tíre seo. Tá
an dúthaigh seo oireamhnach go maith do bheachaibh.
Cuidigheann an aimsir ar a chéile dóibh agus
an mhil a bhailightear ar bhláthanna agus ar an
fhraoch i nÉirinn bíonn sí ar fheabhas chun
bídh, agus ní gearánta dhá cháilidheacht leis mar
leigheas. Toisg foláine na dúithaighe seo is
annamh riamh a bheireann galar na beacha agus
téidheann sin chun tairbhe na meala go mór.



Iondad don Chruiceóg.



An ball is oireamhnaighe do bheachaibh i n-aice
fálla nó claidhe ar thaobh na fothanna: 'sé sin
iad do bheith leis an ndeisceart agus dá mb'
fhéidir é tuir nó sceacha nó crainn do bheith
comhgarach.



Bhí an samhradh go maith aca i mbliadhna.
Fuarthas trí saithe a cuid des na cruiceogaibh:
dhá cheann a cuid eile; ceann amháin a cuid
eile; agus cuid aca nár thug aon nidh in aon chor
toisc iad do bheith ro chaithte thar éis an
dubhluachair. Gach saithe d'éirigh i dtosach an
samhraidh thug sí mac saithe n-a dhiaidh soin agus
do bhí cuid aca do bhí go maith láidir agus
thugadar dhá mhac saithe uatha.



Bia do na Beachaibh.



Do bhí aon nidh amháin ag cur cosc le n-a
shaothar. Do tháinig an briseadh buille bheag
luath ar an soininn. Mar sin féin tá a lán
bidh bailighthe aca ina cruiceógaibh ach amháin
a saithe d'eirigh i ndéadhnaighe an tsamhraigh
agus i dtosach an fhóghmhair. Tá cuid aca soin
is is baoghalach go gcaithfear dul n-a gcabhair
le roinnt bídh. Siúchra is minicidhe a 'thugtar
dóibh. Ní dhéanfadh mil an ghnó in aon chor mar
dá mbéadh taithighe na meala mar sin aca do
dhéanfadh sé gaduighthe dhíobh is is amhlaidh do
raghaidis ag creachadh na gcruiceóg eile i
n-ionad dul amach ag soláthar dóibh féin.



Sochar



Bhí an airgead maith ar mhil i mbliadhna mar le
bliadhain go raibh an samhradh go maith. Dá
mb' fhéidir margaí meala do chur ar bun i
mbailtí na hÉireann do chobhróchadh soin le
breis glaodhach d'fhághail don mhil.



Is ait mar éirigheann na beach chun saithe.
Ní fuláir do dhuine súil a chimead ortha féachaint
cad é an áit a aimseóchaid. Ar ghéag crainn
nó thuir aitinn is mó a thúrlaingíd. Caithfear
cruiceog fhollamh d'fhaghail agus í ghlanadh go
maith ar eagla aon bhalaithe mí bhlasta do bheith
innti do chuirfeadh an ruaig ar na beachaibh
ar ball. Is gnáthach an chruiceóg a ghlanach le
go leor uisce fuar agus billeoga saillthearnaighe
meascaighthe ann. Tugann an tsaillearnach
bolaithe so bhlasta dhí. Nuair a bhíonn na beacha
go léir bailighthe le chéile agus an chruiceóg
i dtreo beirtear an an gcruiceóig sa láimh
chlé agus tugtar searradh nó dhó chun na mbeach
d'fhonn iad do bhogadh dá ngreim agus do chur
isteach sa chruiceóig do bhíonn shíos futha.



An Bhainríoghan.



Ná deintear dearmad ar bhainríoghain na na
saithe do bhailliú isteach leó mar ní fhanfadh na
beacha sa chruiceóig gan an bhainríoghain do
bheith n-a ceann ortha. Nuair a bhíonn na
beacha sa chruiceóig iomparuighthear ar a béal
í agus cuirtear ar lic ar an dtalamh í agus
blúire éadaigh bháin i n-airde uirthi mar
chomhartha do na beachaibh chun dul isteach innti.
Árduighthear taobh de bhéal na cruiceóige le
mion chloich chun slighe a thabhairt do na beachaibh
ar theacht amach ar dhul isteach dóibh. Ar theacht
na hoidhche aistuiththear an chruiceóg go dtí
pé ionad atá ceapaithe ar í fagaint ar fad.



Ní fuláir don duine atá ag déanamh an ghótha
soin a haghaidh agus a ceann a chlúdach agus
peidhre stocaí do tharraing aníos a dá láimh.
Acht an té a bhíonn i dtathaighe an ghnótha is ró
bheag aici dul n-a measc gan a lámha a chlúdach
mar ní dheinid na beacha pioc díoghbhála mara
dtídhtear i n-achrann leo. Tá a lán rudaí
eile ag baint le soláthar saithe acht má dheineann
an duine an chomhairle atá annso róm do chur
i ngníomh ní bheidh a saothar i n-aisce aici.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services