Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Adhbhar Machtnaimh.
Title
Adhbhar Machtnaimh.
Author(s)
Torna,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Adhbhar Machtnaimh. Is dóigh liom nach miste dúinne, muinntir na hÉireann, féachaint chugainn féin anois is arís agus ár gcoinsias á scrúdú. Comhairlightear don duine, i gcúrsaí crábhaidh, scrúdú coinsiais a dhéanamh go minic. Is an sgiath sin i gcoinnibh an pheacaidh, de bhrígh go bhfoghnann don duine chun bheith aireach air féin agus gan dul i neamhshuime i dtaobh gnás an chreidimh. Agus má's maith an rud an scrúdú coisiais sin i ngóthaí creidimh, ní fheicimse cad na thaobh nár mhaith an rud é i ngnóthaíbh náisiúntachta leis. Níl dá mhéid scrúdúchain a dhéanaimid ar ár náisiúntacht nach amhlaidh is fearrde í é. Go deimhin níor bh'iongnadh liomsa dá máireadh an scrúdúchán soin de shíor inár measc. Tá a fhios ag fiadh go n-oirfeadh sé dhúinn. Ní dócha go dtáinig ar Éirinn lenár linn-na aon uair is mó ina raibh gádh le scrúdú coisnsiais, 'ná mar atá fé láthair. Tá an gádh soin orainn go léir ó líon go duine. Ní healadha dam a rádh cad fé ndeara soin. Gach éinne nach fuil ina amalóig chríochnuighthe tuigeann sé a chúis go maith. Isé locht is mó atá orainne i nÉirinn ná a méid is fuath linn dul i gcúram ár ngnó féin, ár gcinn is ár gcomhairle a chur le chéile do réidhteach ceisteanna ár dtilim dhúthchais, agus a phatfhuaire a bhímíd lá na comhairle a chur i ngníomh. Agus cad fé ndeara soin? Tá, de bhrígh, nach taitighmíd an scrúdúchán inár n-aigne féin i dtaobh leas na hÉireann. Bímíd thall 's abhfus: ag rith ó áit go háit; i gcás idir dhá chomhairle; ag tógaint caisleáin indiu, agus dhá leagadh i mbáireach; agus i ndeireadh na mbeart, dá fheabhas an dúthracht a dhéinimíd, is robheag a bhíonn againn de bhárr ár saothair. Ba mhinic mé dhá cheapadh gur mhór an áise dhúinn go léir leabhar ina mbeadh cur síos ar bhunriaghlacha ár náisiúntacht, agus leabhar a dhéanfadh eólus dúinn ar an tslighe cheart is cuma cadé an uair a faghfaidhe dá iarraidh ann. Is dóigh liom, tar éis an tsaoghail go bhfuilimíd sotheagaisc go leór, agus dá dtespeán- faidhe an bóthar ceart dúinn gur túisce a leanfaimís é 'ná tabhair féna mhalairt. Leabhar don tsórd soin iseadh an cnuasach a dhéin Art Ó Gríobhtha as scríbhinnibh Thomáis Dáibhis. Scoláire le foghluim, agus fear le tuiscint agus le meabhair bhreágh chinn, agus duine a bhí tugaithe don mhachtnamh, do b'eadh Tomás Dáibhis. Sa ré ghairid a dheónuigheeadh dhó chun oibre ar son na hÉireann, is mó an mhaith a dhéin sé ann ná mar dfhéadfadh daoine eile a dhéanamh dá bhfaighdís saoghal na seanaithreach. Do bhí fáth leis sin. Ní hamháin go ndéineadh sé obair; agus ise do dheineadh. Acht do bhí meoin aibidh agus éirim ghéar inntleachta ag stiúradh na hoibre sin, agus dá sheóladh sa tslighe is mó a raghadh sé i dtaibhe don tír go léir. Bhíodh seisean ag síormhachtnamh ar leas na hÉireann, agus ag sírcheapadh áisí chun í a chur ar a bonnaibh. Dá dhruim sin, is dóigh níor fhág sé ball dá iargcúlda den náisiúntacht nár thaistil agus nár scrúduigh go mion. Bhíodh sé ag scríbhneóireacht i gcomhnuidhe, acht máiseadh, níor dhearmaid sé aonuair a chomhairle a chur i n-umhail do mhuinntir na hÉireann ná gur dhá dteagascsan a bhíodh sé. Do mhúin sí dhóibh cionnus suim a chur i ngach rud a bhaineann leó féin, agus a méid a d'oirfeadh dhóibh spid bheódha náisiúntachta do bheith ghá ndíriú chun leasa na tíre. Do chuimhnigh sé ar gach éinnídh, agus thug sé uaidh a thuairim agus a chomhaile go soiléir agus go sothuigseana. Dá leantaoi an chomhairle sin riamh ó shoin do bhéadh a mhalairt de chruth ar Éirinn indiu. Ní miste a rádh ná go bhfuil ádhmhar machtnaimh dúinn go léir sa leabhar soin Áirt Uí Ghríobhtha. Tá curtha le chéile aige na giotaí scríbhinne is tabhachtaighe dar scríobh Tomás Dáibhis: agus ní baoghal gur fhág sé ar lár aonchuid a ghríosfadh i gcroidhe duine grádh do Bhanaltrain Bhriain is Eoghain. An té gur mian leis eolus chur ar fhíornáisiúntacht na hÉireann ní gádh dhó dul thar an leabhar soin. Téigheadh sé ag lorg an eólais ann agus ní baoghal go gcaillfar air. Talfar air go húr agus go huasal i gcomhnuidhe. Nuair a bheidh an leabhar léighte aige déarfa sé leis féin nach scamall go méid a ainbhfis fein ar Éirinn. Annsin thosnógha sé ar an leabhar arís, agus léighfidh le fonn arís é. Ar an gcuma is eadh thiocfa sé i dtaithighe an mhachtnaimh ar chúrsaí náisiúntacht a thíre féin, agus músclófar ann an grádh éagmuise nach fuláir don uile dhuine a thabhairt dá thír dhúthchais. Is maith an earraidh an grádh soin i ngach aon áit sa Bheilg, cuir i gcás, agus sa Phólainn. Acht grádh an Éireannaigh d'Éirinn féin siné an grádh is fearr agus is naomhtha aca go léir, dar liomsa. Siné an earradh is córa dhúinne a lorg agus a shíolchur i gcroidhthibh Éireannach. Go raibh rath ó Dhia ar an obair sin. Ní gádh dham cur síos ar a fheabhas a dhein Art Ó Gríobhta a shaothar cumainn. Tá rémhrádh deas leis, mar a bhfuil tuairisc ar bheatha Dháibhis. Is mór an chreidheamhaint dona chlódóirí an chuma inar clóbhuaileadh é; agus tá roinnt pictiúirí ann agus is mór an dheise ar dheise an leabhair iad. Torna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services