Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Adhbhar Machtnaimh.

Teideal
Adhbhar Machtnaimh.
Údar
Torna,
Dáta cumtha
1915
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Adhbhar Machtnaimh.



Is dóigh liom nach miste dúinne, muinntir na hÉireann, féachaint chugainn
féin anois is arís agus ár gcoinsias á scrúdú. Comhairlightear don duine, i
gcúrsaí crábhaidh, scrúdú coinsiais a dhéanamh go minic. Is an sgiath sin
i gcoinnibh an pheacaidh, de bhrígh go bhfoghnann don duine chun bheith aireach air
féin agus gan dul i neamhshuime i dtaobh gnás an chreidimh.



Agus má's maith an rud an scrúdú coisiais sin i ngóthaí creidimh, ní
fheicimse cad na thaobh nár mhaith an rud é i ngnóthaíbh náisiúntachta leis. Níl
dá mhéid scrúdúchain a dhéanaimid ar ár náisiúntacht nach amhlaidh is fearrde
í é. Go deimhin níor bh'iongnadh liomsa dá máireadh an scrúdúchán soin de
shíor inár measc. Tá a fhios ag fiadh go n-oirfeadh sé dhúinn.



Ní dócha go dtáinig ar Éirinn lenár linn-na aon uair is mó ina raibh gádh le
scrúdú coisnsiais, 'ná mar atá fé láthair. Tá an gádh soin orainn go léir
ó líon go duine. Ní healadha dam a rádh cad fé ndeara soin. Gach éinne
nach fuil ina amalóig chríochnuighthe tuigeann sé a chúis go maith.



Isé locht is mó atá orainne i nÉirinn ná a méid is fuath linn dul i gcúram
ár ngnó féin, ár gcinn is ár gcomhairle a chur le chéile do réidhteach ceisteanna
ár dtilim dhúthchais, agus a phatfhuaire a bhímíd lá na comhairle a chur i ngníomh.
Agus cad fé ndeara soin? Tá, de bhrígh, nach taitighmíd an scrúdúchán inár
n-aigne féin i dtaobh leas na hÉireann. Bímíd thall 's abhfus: ag rith ó áit go
háit; i gcás idir dhá chomhairle; ag tógaint caisleáin indiu, agus dhá leagadh
i mbáireach; agus i ndeireadh na mbeart, dá fheabhas an dúthracht a dhéinimíd,
is robheag a bhíonn againn de bhárr ár saothair.



Ba mhinic mé dhá cheapadh gur mhór an áise dhúinn go léir leabhar ina mbeadh
cur síos ar bhunriaghlacha ár náisiúntacht, agus leabhar a dhéanfadh eólus dúinn
ar an tslighe cheart is cuma cadé an uair a faghfaidhe dá iarraidh ann. Is dóigh
liom, tar éis an tsaoghail go bhfuilimíd sotheagaisc go leór, agus dá dtespeán-
faidhe an bóthar ceart dúinn gur túisce a leanfaimís é 'ná tabhair féna
mhalairt.



Leabhar don tsórd soin iseadh an cnuasach a dhéin Art Ó Gríobhtha as
scríbhinnibh Thomáis Dáibhis. Scoláire le foghluim, agus fear le tuiscint agus
le meabhair bhreágh chinn, agus duine a bhí tugaithe don mhachtnamh, do b'eadh
Tomás Dáibhis. Sa ré ghairid a dheónuigheeadh dhó chun oibre ar son na hÉireann,
is mó an mhaith a dhéin sé ann ná mar dfhéadfadh daoine eile a dhéanamh dá
bhfaighdís saoghal na seanaithreach.



Do bhí fáth leis sin. Ní hamháin go ndéineadh sé obair; agus ise do
dheineadh. Acht do bhí meoin aibidh agus éirim ghéar inntleachta ag stiúradh na
hoibre sin, agus dá sheóladh sa tslighe is mó a raghadh sé i dtaibhe don tír go
léir. Bhíodh seisean ag síormhachtnamh ar leas na hÉireann, agus ag sírcheapadh
áisí chun í a chur ar a bonnaibh.



Dá dhruim sin, is dóigh níor fhág sé ball dá iargcúlda den náisiúntacht
nár thaistil agus nár scrúduigh go mion. Bhíodh sé ag scríbhneóireacht i
gcomhnuidhe, acht máiseadh, níor dhearmaid sé aonuair a chomhairle a chur i n-umhail
do mhuinntir na hÉireann ná gur dhá dteagascsan a bhíodh sé. Do mhúin sí
dhóibh cionnus suim a chur i ngach rud a bhaineann leó féin, agus a méid a d'oirfeadh
dhóibh spid bheódha náisiúntachta do bheith ghá ndíriú chun leasa na tíre. Do
chuimhnigh sé ar gach éinnídh, agus thug sé uaidh a thuairim agus a chomhaile go
soiléir agus go sothuigseana. Dá leantaoi an chomhairle sin riamh ó shoin do
bhéadh a mhalairt de chruth ar Éirinn indiu.



Ní miste a rádh ná go bhfuil ádhmhar machtnaimh dúinn go léir sa leabhar
soin Áirt Uí Ghríobhtha. Tá curtha le chéile aige na giotaí scríbhinne is tabhachtaighe
dar scríobh Tomás Dáibhis: agus ní baoghal gur fhág sé ar lár aonchuid a
ghríosfadh i gcroidhe duine grádh do Bhanaltrain Bhriain is Eoghain. An té gur
mian leis eolus chur ar fhíornáisiúntacht na hÉireann ní gádh dhó dul thar an
leabhar soin. Téigheadh sé ag lorg an eólais ann agus ní baoghal go gcaillfar
air. Talfar air go húr agus go huasal i gcomhnuidhe. Nuair a bheidh an
leabhar léighte aige déarfa sé leis féin nach scamall go méid a ainbhfis fein
ar Éirinn. Annsin thosnógha sé ar an leabhar arís, agus léighfidh le fonn
arís é.



Ar an gcuma is eadh thiocfa sé i dtaithighe an mhachtnaimh ar chúrsaí náisiúntacht
a thíre féin, agus músclófar ann an grádh éagmuise nach fuláir don uile dhuine
a thabhairt dá thír dhúthchais. Is maith an earraidh an grádh soin i ngach aon áit
sa Bheilg, cuir i gcás, agus sa Phólainn. Acht grádh an Éireannaigh d'Éirinn féin
siné an grádh is fearr agus is naomhtha aca go léir, dar liomsa. Siné an
earradh is córa dhúinne a lorg agus a shíolchur i gcroidhthibh Éireannach. Go
raibh rath ó Dhia ar an obair sin.



Ní gádh dham cur síos ar a fheabhas a dhein Art Ó Gríobhta a shaothar cumainn.
Tá rémhrádh deas leis, mar a bhfuil tuairisc ar bheatha Dháibhis. Is mór an
chreidheamhaint dona chlódóirí an chuma inar clóbhuaileadh é; agus tá roinnt
pictiúirí ann agus is mór an dheise ar dheise an leabhair iad.



Torna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services