Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Greann ón gCléir
Title
Greann ón gCléir
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Greann ón gCléir. Deir an seanfhocal gur mór an óige ar dhuine bheith gan chiall tamall. Agus focal fíor iseadh é sin gan dabht. Is geall le faid ar shaoghal duine, leigean don dáiríribh agus tamall a chaitheamh “gan chéill.” Is eagal liom go mbímidne, muinntir na Gaedhilge, romhór i ndáiríribh i gcomhnuidhe. Bímid ag síortharrac an tsnáithe, agus ag síorobair ar ár ndícheall; agus badh dhóigh le duine orainn gur saghas purgadóra é Connradh na Gaedhilge nach fuláir dul tríd chun na Gaedhilge a shábháil. Tá a rian orainn féin agus ar an dteangain. Féachaimís siar ar an obair atá déanta. Obair mhór is eadh é, acht fóríor ní gan duadh do cuireadh i gcrích é; agus is iomdha duine a fuair tuisle agus ciorrbadh saoghail mar gheall air. Dá mbeadh tuiscint againn agus cuimhneamh ar an seanfhocal úd do bheadh a mhalairt de sgéal le hinnsint ar a lán againn, agus níor mhistide an Ghaedhilg go deó é. A léightheóir mo chroidhe istigh, an chéad uair eile a bhraitheann tú buairt nó imshníomh ort féin i dtaobh na Gaedhilge, nó i dtaobh cúrsaí na hÉireann, caith uait do mhachtnamh, agus tosnuigh ar bheith gan chiall tamall. Gluais ort ag ceafráil agus ag bocléimrigh tríd na páirceanna. Faigh camán, nó gunna, nó slat iasgaigh agus má chaitheann tú tobac, ná dearmhaid an píopa. Ná fan it shuidhe ag smaoineamh is ag machtnamh is ag cur ag cúiteamh leat féin. Ní dhéanfaidh soin acht díoghbháil duit. Tarraing chugat atharrach gnótha, agus is geárr go n-imtheóghaidh na spridí dubha, agus go mbeidh ar do chumus casadh ar do ghnó féin agus é dheanamh gan duadh, agus gan ruic do threabhadh fét uiseannaibh. Maran féidir leat dul amach de dheascaibh fliuchra, nó aerlong Gearmánach, nó rud ar bith eile, ceannuigh “Homespun Yarns” agus “Fits and Starts,” dhá leabhar a scríobh an tAthair Tomás Mac Gearailt. Suidh ar do shuaimhneas le hais na teine, agus tarraing ceann acasan chughat, agus geallaim duit gur gearr go mbeir isna trithíbh aige. Má tá gáire i n-aonchor ionnat, bainfe sé sin asat é go prap. Is fada nach feacasa aon leigheas ar an lionndubh is fearr ná an dá leabhar soin an Athar Tomás, bail ó Dhia air. Tá slighe fé leith aige chun scéil a innsint; a shlighe ghreannmhair féin, iseadh é. Ní hamhlaidh d'fhoghluim sé é; níor bhféidir a leithéid dfhoghluim ná do phiocadh suas. Fuair sé buaidh an ghrinn ó Dhia féin, agus go maire sé é. An greann atá aige, ní mar a chéile é féin agus a lán den “ghreann” d'airightear. Greann le gluine agus greann le “hÉirneachas,” an greann gan díoghbháil ann d'aenne, iseadh é. Ní iarrfadh sé moladh níos fearr. Ní healadha dhamh cainnt a dhéanamh ar na scéaltaibh atá sa dhá leabhar. Fágfad soin fén léightheóir féin. Acht déarfa mé an méid seo; tá an miotal go maith ionnta go léir agus gach ceann aca míle uair 'ná aennidh i bhfuirm “grinn” a seoltar thar fairrge chughainn. Is truagh liom féin gan a lán dhá sórd againn sa Ghaedhilg. Acht ón uair gur fairsinge a léightear an Béarla 'ná an Ghaedhilg i nÉirinn fé láthair is maith an rud greann nádúrtha Éireannach a bheith againn sa Bhéarla. Is fearr soin, pé scéal é, 'ná bheith i dturtaoibh leis an saghas claon calcaiththe atá fé réim i Sasana. Agus cá bhfios ná go dtabharfadh an tAthair Tomás fobha fén “bPutóg Dhubh” a thabhairt dúinn sa Ghaedhilg — é féin nó a mhacasamhla. Táim féin buidheach dhen Athair Tomás. Is iomdha racht gáiridhe a bhain a dhá leabhar asam an faid a bhíos dhá léigheamh. Agus do chomhairleóghainn d'aenne gur mhian leis gáire gheanamhail nádúrtha a dhéanamh an dá leabhar soin dfhagháil nó a soláthar ar chuma éigin gan ghoid — agus iad a léigheamh. Líonfar a chroidhe d'áthas, agus cuirfear an ruaig ar a lionndubh, má bhíonn a leithéid air. Ní beag soin. Torna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services