Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Greann ón gCléir

Title
Greann ón gCléir
Author(s)
Torna,
Pen Name
Torna
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Greann ón gCléir.



Deir an seanfhocal gur mór an óige ar dhuine bheith gan chiall tamall.
Agus focal fíor iseadh é sin gan dabht. Is geall le faid ar shaoghal duine,
leigean don dáiríribh agus tamall a chaitheamh “gan chéill.” Is eagal liom go
mbímidne, muinntir na Gaedhilge, romhór i ndáiríribh i gcomhnuidhe. Bímid ag
síortharrac an tsnáithe, agus ag síorobair ar ár ndícheall; agus badh dhóigh le
duine orainn gur saghas purgadóra é Connradh na Gaedhilge nach fuláir dul
tríd chun na Gaedhilge a shábháil.



Tá a rian orainn féin agus ar an dteangain. Féachaimís siar ar an obair
atá déanta. Obair mhór is eadh é, acht fóríor ní gan duadh do cuireadh i gcrích
é; agus is iomdha duine a fuair tuisle agus ciorrbadh saoghail mar gheall air.
Dá mbeadh tuiscint againn agus cuimhneamh ar an seanfhocal úd do bheadh a
mhalairt de sgéal le hinnsint ar a lán againn, agus níor mhistide an Ghaedhilg
go deó é.



A léightheóir mo chroidhe istigh, an chéad uair eile a bhraitheann tú buairt nó
imshníomh ort féin i dtaobh na Gaedhilge, nó i dtaobh cúrsaí na hÉireann, caith
uait do mhachtnamh, agus tosnuigh ar bheith gan chiall tamall. Gluais ort ag
ceafráil agus ag bocléimrigh tríd na páirceanna. Faigh camán, nó gunna, nó
slat iasgaigh agus má chaitheann tú tobac, ná dearmhaid an píopa. Ná fan
it shuidhe ag smaoineamh is ag machtnamh is ag cur ag cúiteamh leat féin. Ní
dhéanfaidh soin acht díoghbháil duit. Tarraing chugat atharrach gnótha, agus is
geárr go n-imtheóghaidh na spridí dubha, agus go mbeidh ar do chumus casadh ar
do ghnó féin agus é dheanamh gan duadh, agus gan ruic do threabhadh fét uiseannaibh.



Maran féidir leat dul amach de dheascaibh fliuchra, nó aerlong Gearmánach,
nó rud ar bith eile, ceannuigh “Homespun Yarns” agus “Fits and Starts,”
dhá leabhar a scríobh an tAthair Tomás Mac Gearailt. Suidh ar do shuaimhneas le
hais na teine, agus tarraing ceann acasan chughat, agus geallaim duit gur
gearr go mbeir isna trithíbh aige. Má tá gáire i n-aonchor ionnat, bainfe sé
sin asat é go prap.



Is fada nach feacasa aon leigheas ar an lionndubh is fearr ná an dá leabhar
soin an Athar Tomás, bail ó Dhia air. Tá slighe fé leith aige chun scéil a innsint;
a shlighe ghreannmhair féin, iseadh é. Ní hamhlaidh d'fhoghluim sé é; níor bhféidir
a leithéid dfhoghluim ná do phiocadh suas. Fuair sé buaidh an ghrinn ó Dhia féin,
agus go maire sé é. An greann atá aige, ní mar a chéile é féin agus a lán
den “ghreann” d'airightear. Greann le gluine agus greann le “hÉirneachas,”
an greann gan díoghbháil ann d'aenne, iseadh é. Ní iarrfadh sé moladh níos
fearr.



Ní healadha dhamh cainnt a dhéanamh ar na scéaltaibh atá sa dhá leabhar.
Fágfad soin fén léightheóir féin. Acht déarfa mé an méid seo; tá an miotal
go maith ionnta go léir agus gach ceann aca míle uair 'ná aennidh i bhfuirm
“grinn” a seoltar thar fairrge chughainn.



Is truagh liom féin gan a lán dhá sórd againn sa Ghaedhilg. Acht ón uair
gur fairsinge a léightear an Béarla 'ná an Ghaedhilg i nÉirinn fé láthair is
maith an rud greann nádúrtha Éireannach a bheith againn sa Bhéarla. Is fearr
soin, pé scéal é, 'ná bheith i dturtaoibh leis an saghas claon calcaiththe atá fé
réim i Sasana. Agus cá bhfios ná go dtabharfadh an tAthair Tomás fobha fén
“bPutóg Dhubh” a thabhairt dúinn sa Ghaedhilg — é féin nó a mhacasamhla.



Táim féin buidheach dhen Athair Tomás. Is iomdha racht gáiridhe a bhain a
dhá leabhar asam an faid a bhíos dhá léigheamh. Agus do chomhairleóghainn d'aenne
gur mhian leis gáire gheanamhail nádúrtha a dhéanamh an dá leabhar soin dfhagháil
nó a soláthar ar chuma éigin gan ghoid — agus iad a léigheamh. Líonfar a chroidhe
d'áthas, agus cuirfear an ruaig ar a lionndubh, má bhíonn a leithéid air. Ní
beag soin.



Torna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services