Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara (ar leanamhaint). Loch Coirib
Title
Conamara (ar leanamhaint). Loch Coirib
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. (ar leanamhaint). Loch Coirib. Mí-fhoighdeach an eadh? D'eile, seo í Loch Coirib. Is gearr go rabhamar ar iomlucht air. Deun an t-aghaidh caol díreach anois go dtí an caladh. Cuimhnigh ar na glúnaibh a shiubhal annseo rómhat .i. Tuatha Dé Danann, Fir Bholg, Clann Mhílidh, Danair, Nórmánaigh, Gaill. Ná deun dearmad ar gach ar fhulaing an bun ó'n 'ar fhásais. Bí bródamhail fá gach a ndearnadar. Cuimhnigh do ghail is do ghníomh! Aon chrann amháin os do chomhair. Cuimse bád beag mar a gceudna. Fead ó'n ghaltán! Deifir ort, nó béidhmid mall. Atá an galtán ar tí a thurais do chur dhe. Isteach leat go deifreach. Dheamhan mórán nár fágadh sinn “lén ár meur i n-ár mbeul” mar adúbhairt an té adúbhairt é. Seo sinn ag gluaiseacht. Seo é an “Pádraig naomh” a théidheas go Cunga gach ré lá. Tugann sé iomlucht do dhaoinibh agus d'earraidhthibh agus is mór an soighleas do ghní do'n límisteur tíre úd ó Ghaillimh go Cunga. Nach réidh roighin an ghluaiseacht atá fúinn agus nach ciúin atá an t-uisge? Agus nach aoibhinn an radharc atá ar gach taoibh dínn? Mágha maiseacha, réidhe, míne. Coillte go fairsing agus an t-ór ag troid leis an nglas ar an duilleabhar. Sé an tráthnóna gréine buidhe é go cinnte. An speur ghorm-ghlan gan smál. An ghrian ag imtheacht thar Cnoc an Dúna agus dath an óir mar rí-fháinne timcheall urri. Na faoileáin ag eiteall go h-aoibhneach dóibh féin: na lachain 'na sguaine ar an abhainn. Na ba ag cangail na círe dóibh féin fá sgáth na gcrann. Lach fhiadháin do sgannruigheadh ag imtheacht mór shiota gaoithe as na giolcaibh. Páisdí beaga ag cnuasacht bláth dóibh féin ar imeall na haibhne. Nach breágh bhreathnuigheas an seilistrum sa gcaladh beag annsin thoir? Agus níos fuide uait ó dheas atá an fraoch donn go flúirseach ar na sléibhtibh. Chugad aníos báidín aonraic. Fear óg ag iomramh ann agus plannóg deas ar stiúr. An sean- sgeul ceudna aca nach mbéidh sean go deo. Galar a chlaoidheas a lán é agus dochtúirí na cruinne, níl ionnta é do leigheas. Ní mé ar chualais riamh Aon Eud Déirdre. “La dá raibh maithe Alban ag ól As clann Uisnigh dár cír cion, — D'inghin Tighearna Dhúin Bláth, Do thug Naoise grádh gan fios. Do chuir chuici eilit bhaoth, Ag allaidh as laogh ren cois, As do ghabh sé chuici ar cuairt Ag filleadh ó shluagh Inbhir Nois. Mar do chual mise sin, Líonas mo cheann lán do'n eud, Chuireas mo churcán ar tuinn, 'S ba chuma liom beo no eug. “Leanadar mise ar an t-snámh Ainnle as Árdan nár chan breug, — Dfhilleadar mise leo isteach, Dias do chuireadh cath ar cheud. “Thug Naoise a bhriathar fíor, 'S do luigh fá thrí i bhfiadhnais' arm, Nach gcuirfeadh sé orm-sa gruaim, Go dtéidheadh ar shluagh na marbh. “Thug an bhean sin ó Dhún Bláth A bhriathar lán 's a móid mear, Muna sgaradh sinn an t-eug, Nach rachadh sí féin le fear. “Uch! dá gcluineadh sise anocht Naoise bheith go bocht i gcré, Do ghuilfeadh sise go beacht 'S do ghuilfinn-se fó seacht léi.” Nach iongantach an dán é sin? Dar liom féin gur deacair a shárú d'fhághail. Nach ann atá an doimhneach bróin. Is grádh bith-dhílis gan teora! “Do ghuilfeadh sise go beacht.” “'S do ghuilfinn-se fá seacht léi.” Deirdre bhocht an mhí-ádha. Truagh! an chinneamhain a bhí i ndán duit! An sean-chaisleán sin an eadh? Atá sé ar na cinn is sine i gConnachtaibh. Beul-rádh daoine gurb iad Clann Riocaird do thóg. Iomdha sgeul fá'n gcaisleán ceudna — Clann Riocaird ag a chosaint agus na Flaithbheartaigh ag iarraidh an lámh in uachtar dfhághail orra. Cá raibh Caisleán na Gaillimhe? Sin ceist gur deacair a sgaoileadh. “Ag bun abhann na Gaillimhe” seadh atá sa seanchus agus is feasach sinn gur mhill is gur chreach Turgesius baile mór na Gaillimhe sa mbliadhain 835. Atá cruthú againn ina a cheann sin gur thóg Clanna Gaedhil caisleáin bliadhanta sul a dtáinic Normánach anall chugainn riamh, — gidh gur ceapadh a mhalairt. Ba mhaith an ceart focaillín do rádh i dtaoibh aicme de na Normánaighibh ceudna .i. an drong úd a raibh an bhaint ba mhó aca le Connachtaibh, .i. na Burcaigh. Leanfar de seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services