Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara (ar leanamhaint). Loch Coirib

Title
Conamara (ar leanamhaint). Loch Coirib
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



(ar leanamhaint).



Loch Coirib.



Mí-fhoighdeach an eadh? D'eile, seo í Loch
Coirib. Is gearr go rabhamar ar iomlucht air.
Deun an t-aghaidh caol díreach anois go dtí an
caladh. Cuimhnigh ar na glúnaibh a shiubhal annseo
rómhat .i. Tuatha Dé Danann, Fir Bholg, Clann
Mhílidh, Danair, Nórmánaigh, Gaill. Ná deun
dearmad ar gach ar fhulaing an bun ó'n 'ar
fhásais. Bí bródamhail fá gach a ndearnadar.
Cuimhnigh do ghail is do ghníomh! Aon chrann
amháin os do chomhair. Cuimse bád beag mar a
gceudna. Fead ó'n ghaltán! Deifir ort, nó
béidhmid mall. Atá an galtán ar tí a thurais
do chur dhe. Isteach leat go deifreach. Dheamhan
mórán nár fágadh sinn “lén ár meur i n-ár
mbeul” mar adúbhairt an té adúbhairt é.



Seo sinn ag gluaiseacht. Seo é an “Pádraig
naomh” a théidheas go Cunga gach ré lá. Tugann
sé iomlucht do dhaoinibh agus d'earraidhthibh agus is
mór an soighleas do ghní do'n límisteur tíre úd
ó Ghaillimh go Cunga. Nach réidh roighin an
ghluaiseacht atá fúinn agus nach ciúin atá an
t-uisge? Agus nach aoibhinn an radharc atá
ar gach taoibh dínn? Mágha maiseacha, réidhe,
míne. Coillte go fairsing agus an t-ór ag
troid leis an nglas ar an duilleabhar. Sé an
tráthnóna gréine buidhe é go cinnte. An
speur ghorm-ghlan gan smál. An ghrian ag
imtheacht thar Cnoc an Dúna agus dath
an óir mar rí-fháinne timcheall urri. Na
faoileáin ag eiteall go h-aoibhneach dóibh féin:
na lachain 'na sguaine ar an abhainn. Na
ba ag cangail na círe dóibh féin fá sgáth
na gcrann. Lach fhiadháin do sgannruigheadh
ag imtheacht mór shiota gaoithe as na giolcaibh.
Páisdí beaga ag cnuasacht bláth dóibh féin
ar imeall na haibhne. Nach breágh bhreathnuigheas
an seilistrum sa gcaladh beag annsin thoir?
Agus níos fuide uait ó dheas atá an fraoch
donn go flúirseach ar na sléibhtibh. Chugad
aníos báidín aonraic. Fear óg ag iomramh
ann agus plannóg deas ar stiúr. An sean-
sgeul ceudna aca nach mbéidh sean go deo.
Galar a chlaoidheas a lán é agus dochtúirí na
cruinne, níl ionnta é do leigheas.



Ní mé ar chualais riamh



Aon Eud Déirdre.



“La dá raibh maithe Alban ag ól
As clann Uisnigh dár cír cion, —
D'inghin Tighearna Dhúin Bláth,
Do thug Naoise grádh gan fios.



Do chuir chuici eilit bhaoth,
Ag allaidh as laogh ren cois,
As do ghabh sé chuici ar cuairt
Ag filleadh ó shluagh Inbhir Nois.



Mar do chual mise sin,
Líonas mo cheann lán do'n eud,
Chuireas mo churcán ar tuinn,
'S ba chuma liom beo no eug.



“Leanadar mise ar an t-snámh
Ainnle as Árdan nár chan breug, —
Dfhilleadar mise leo isteach,
Dias do chuireadh cath ar cheud.



“Thug Naoise a bhriathar fíor,
'S do luigh fá thrí i bhfiadhnais' arm,
Nach gcuirfeadh sé orm-sa gruaim,
Go dtéidheadh ar shluagh na marbh.



“Thug an bhean sin ó Dhún Bláth
A bhriathar lán 's a móid mear,
Muna sgaradh sinn an t-eug,
Nach rachadh sí féin le fear.



“Uch! dá gcluineadh sise anocht
Naoise bheith go bocht i gcré,
Do ghuilfeadh sise go beacht
'S do ghuilfinn-se fó seacht léi.”



Nach iongantach an dán é sin? Dar liom
féin gur deacair a shárú d'fhághail. Nach ann
atá an doimhneach bróin. Is grádh bith-dhílis
gan teora!



“Do ghuilfeadh sise go beacht.”
“'S do ghuilfinn-se fá seacht léi.” Deirdre
bhocht an mhí-ádha. Truagh! an chinneamhain a
bhí i ndán duit!



An sean-chaisleán sin an eadh? Atá sé
ar na cinn is sine i gConnachtaibh. Beul-rádh
daoine gurb iad Clann Riocaird do thóg.
Iomdha sgeul fá'n gcaisleán ceudna — Clann
Riocaird ag a chosaint agus na Flaithbheartaigh
ag iarraidh an lámh in uachtar dfhághail orra.
Cá raibh Caisleán na Gaillimhe? Sin ceist
gur deacair a sgaoileadh. “Ag bun abhann
na Gaillimhe” seadh atá sa seanchus agus is
feasach sinn gur mhill is gur chreach Turgesius
baile mór na Gaillimhe sa mbliadhain 835. Atá
cruthú againn ina a cheann sin gur thóg Clanna
Gaedhil caisleáin bliadhanta sul a dtáinic
Normánach anall chugainn riamh, — gidh gur
ceapadh a mhalairt. Ba mhaith an ceart focaillín
do rádh i dtaoibh aicme de na Normánaighibh ceudna
.i. an drong úd a raibh an bhaint ba mhó aca le
Connachtaibh, .i. na Burcaigh.



Leanfar de seo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services