Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lucht na Poilitidheachta agus an Connradh
Title
Lucht na Poilitidheachta agus an Connradh
Author(s)
Ó Máille, Eoghan,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lucht na Poilitidheachta agus an Connradh. Tá sé go follasach le tabhairt fá deara ag an té is lugha a chuireas suim i n-imtheactaí an tsaoghail mhóír fá láthair nach bhfuil ó náimhdibh na Gaeilge acht amháin an fhaill d'fhághail le “táirnge a chur 'san mbeó” ag an Chonnradh. Le cúpla bliadhain anuas níor leig easbaidh misnigh nó an feall-náire dóibh aghaidh béil a thabhairt ar an gConnradh ó árd, na a chur i n-a leith go raibh baint ná páirt aige le cúis ar bith poilitidheachta seachas a chéile. Ar ndóigh níor fhág siad iad gan an t-uisge fá thalamh a bheith dá dhéanamh aca go foir-íseal agus ar sgáth an chlaidhe, mar is feas dá lán. Bhídis go biadhánach cúl-chainnteach i gcomhnuidhe ar an gConnradh agus ar gach rud dár bhain leis an gConnradh, agus bhíodh bruith a ladhar orthú chun sáitheáin a thabhairt go cealgach agus le díogras feille dó amuigh agus i mbaile, tráth ar bith a bhfuighidís deis agus caoi chuige. Is ionndamhail do lucht an bhiodáin agus na cúl-chainnte agus do'n mhuinntir úd a mbíonn rún miosgaise agus faltanais i n-a gcroidhe go mbriseann na téithe dúthchais sin atá i gceist amach tríotha feacht an chait. Agus ar nós an ainmhidhe chéadna, má chíonn siad luchóg nó éan beag neamh- urchóideach ag fánadóireacht leó ó'n bpoll nó ó'n gcraoibh gur dual dóibh a bheith, siúd indiaidh na luchóige nó indiaidh an éin bhig iad-san le fóír-neart saothair chun a gcraos a shásughadh leis an bhfian-chosgairt. Tá an ceann éirighthe orainn fá láthair ag éisteacht le glórthaibh boatha poilitidheachta ó dhaoinibh nár chuir riamh, ó cuireadh an tonn bhaistidh orthu, aon chumaoin orainn féin ná ar an nGaedhilg. Cuir dialaid ar asal agus rachaidh mise i mbannaíbh go mbéidh sé i n-a asal i gómhnuidhe. Cuir léar-mheas ar ghníomharthaibh agus ar fhaothar na druinge úd ag a bhfuil an Connradh dá dhíbliughadh agus rachaidh mise i mbannaibh leis go mbeidh sé “follus ar chlár” gurb' í an phoilitidheach shuarach cheann-fhionn céádna atá aca dá chur i leith an Chonnartha, agus atá ag bughadh agus ag basgadh na tíre seo againn-ne, a d'fhág iad-san chomh rachmallach is atáid, agus a d'fhág iad freisin ar bheagán urraime do rud ar bith ag a bhfuil roinn nó páirt le neamh-spleádhacht nó le saoirseacht aigne. Deirtear ins an Sacs-Bhéarla go mbíonn a aire ag an óinmhidh ar árdaibh na cruinne. Tá 'fhios againn go léir mar do theip ar an ngobadán an dá thráigh d'fheastal. Tá's le Gaedhealaibh Éireann a n-aire a thabhairt ar bhearaidheach agus ar ghliocas an tsaoghail mhóir agus cionn-faillighe a dhéanamh ar chúrsaibh a dtíre féin cuirfear i n-umhal dóibh agus é buille beag déidh- eannach, nár mhaith a rinneadar é agus a leas féin a leigean ar cáirde. Nuair a bhéas an imreasgáil seo na náisiún thart ní ar Éirinn a bhéarfas an saoghal mór a aire féin. Cad chuige dá bhrigh sin, go bhfuiltear ar thí Chonnradh na Gaedhilge? Cuireadh an Connradh ar bun le a bheith 'san aireachas ar imtheachtaibh an tsaoghail Ghaedhilge. Tá obair mhór déanta agus dá dhéanamh ag an gConnradh acht ní feidir a admháil gur eirigh leis chomh geal is a bhí a leagan amach. Bíodh sin mar atá bheirim dubhslán aon námhad da bhfuil aige a chruthughadh — dh'fhéadfaidís a rádh — gur chuir sé .i. an Connradh, as do'n tír, ná go bhfuil rud ar bith dá laighead dá chur aige as do'n tír. Cad chuige annsin an leath-bháire seo ar an gConnradh ag daoinibh gur mian leó a chur i n-umhal do chách gurb' í saoirse na hÉireann an t-aon nidh atá ag cur idir iad fein agus codladh na hoidhche? Is é buac an tSasannaigh an ghráin a bheith aige ar an nGaedhilg. Ní'l phioc dá mhilleán aga iar faoi sin. Is ag an duine macanta, atá lom-chlár an chirt. Do ghnó féin ar dtús, a dhuine. Acht an fear nó an bhean a rugadh agus a tóigeadh annseo i nÉirinn, agus atá i nÉirinn, agus i n-a bhfuil braon ar bith de'n fhuil Ghaedhealaigh, agus atá i n-aghaidh na Gaedhilge, poilitidheacht aici nó uaithe, ní ceart a chur nó a cur i gcomórtas an tSasanaigh féin. Dá bhrigh sin an drong agus is mór a líon atá i n-aghaidh na Gaedhilge ní ceart cágús ar bith a thabhairt dóibh. An té nach bhfuil leat tá sé i d'aghaidh. An té atá i n-aghaidh na Gaedhilge tá sé i n-a námhaid ag Éirinn, agus ní saoirseacht acht daoirseacht a chlainne atá uaidh. Ar ndóigh, ar bhealach, ní féidir leis an té is doille agus is dúire intinn agus inntleacht a bheith ag dréim gur feidir cúrsaí poitidheachta a choinneál amach bun bárr as an gConnradh i gcómhnuidhe. Ní'l an Eaglais féin saor ó phoilitidheacht. Ní féidir coisde nó cumann nó connradh nó aon chruinniughadh eile daoine d'fhághail gan caidreamh a bheith ag roinn dá mbíonn ionnta ná aca le saghas éigin poilitidheachta. Acht ní hionann sin agus a rádh gur cumann poilitidheachta í an Eaglais, nó gur cumann poilitidheachta é seo, nó é siúd, nó go bhfuil dlúth-cheangal nó dlúth-bhaint ag an gcumann seo leis an dream poilitidheachta úd, nó ag an dream poilitidheachta úd leis an gcumann seo. An drong úd go bhfuil poilitidheacht dá chur aca i leith an Chonnartha b'fhearr go mór aca do'n phoilitidheacht í féin dá mbeithidís gan bacadh leithe, agus b'fhearrde an tír go mór fada dá mbeith sé gan a nglór a chlos 'riamh ná go bráth. Is cuma leó siúd faoi thír nó faoi phoilitidheacht acht amháin a seal a bhaint asta an fhad is a bhéas siad ann. Má bhíonn níos mó brabaigh le fághail aca de bhárr a saothair i mbealach thár bhealach eile ní baoghal nach santóchaidh siad an bealach is tabháchtaighe dá gcúrsaibh féin. Is beag aca siúd an Ghaedhilge agus is is beag aca Éire. Eoghan Ó Máille.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services