Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lucht na Poilitidheachta agus an Connradh

Title
Lucht na Poilitidheachta agus an Connradh
Author(s)
Ó Máille, Eoghan,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Lucht na Poilitidheachta agus an Connradh.



Tá sé go follasach le tabhairt fá deara ag an té is lugha a chuireas
suim i n-imtheactaí an tsaoghail mhóír fá láthair nach bhfuil ó náimhdibh na Gaeilge
acht amháin an fhaill d'fhághail le “táirnge a chur 'san mbeó” ag an Chonnradh.
Le cúpla bliadhain anuas níor leig easbaidh misnigh nó an feall-náire dóibh aghaidh
béil a thabhairt ar an gConnradh ó árd, na a chur i n-a leith go raibh baint ná
páirt aige le cúis ar bith poilitidheachta seachas a chéile. Ar ndóigh níor fhág
siad iad gan an t-uisge fá thalamh a bheith dá dhéanamh aca go foir-íseal agus ar
sgáth an chlaidhe, mar is feas dá lán. Bhídis go biadhánach cúl-chainnteach i
gcomhnuidhe ar an gConnradh agus ar gach rud dár bhain leis an gConnradh,
agus bhíodh bruith a ladhar orthú chun sáitheáin a thabhairt go cealgach agus le
díogras feille dó amuigh agus i mbaile, tráth ar bith a bhfuighidís deis agus caoi
chuige. Is ionndamhail do lucht an bhiodáin agus na cúl-chainnte agus do'n
mhuinntir úd a mbíonn rún miosgaise agus faltanais i n-a gcroidhe go
mbriseann na téithe dúthchais sin atá i gceist amach tríotha feacht an chait.
Agus ar nós an ainmhidhe chéadna, má chíonn siad luchóg nó éan beag neamh-
urchóideach ag fánadóireacht leó ó'n bpoll nó ó'n gcraoibh gur dual dóibh a bheith,
siúd indiaidh na luchóige nó indiaidh an éin bhig iad-san le fóír-neart saothair
chun a gcraos a shásughadh leis an bhfian-chosgairt.



Tá an ceann éirighthe orainn fá láthair ag éisteacht le glórthaibh boatha
poilitidheachta ó dhaoinibh nár chuir riamh, ó cuireadh an tonn bhaistidh orthu, aon
chumaoin orainn féin ná ar an nGaedhilg. Cuir dialaid ar asal agus rachaidh
mise i mbannaíbh go mbéidh sé i n-a asal i gómhnuidhe. Cuir léar-mheas ar
ghníomharthaibh agus ar fhaothar na druinge úd ag a bhfuil an Connradh dá
dhíbliughadh agus rachaidh mise i mbannaibh leis go mbeidh sé “follus ar chlár”
gurb' í an phoilitidheach shuarach cheann-fhionn céádna atá aca dá chur i leith an
Chonnartha, agus atá ag bughadh agus ag basgadh na tíre seo againn-ne, a
d'fhág iad-san chomh rachmallach is atáid, agus a d'fhág iad freisin ar bheagán
urraime do rud ar bith ag a bhfuil roinn nó páirt le neamh-spleádhacht nó le
saoirseacht aigne. Deirtear ins an Sacs-Bhéarla go mbíonn a aire ag an óinmhidh
ar árdaibh na cruinne. Tá 'fhios againn go léir mar do theip ar an ngobadán
an dá thráigh d'fheastal. Tá's le Gaedhealaibh Éireann a n-aire a thabhairt ar
bhearaidheach agus ar ghliocas an tsaoghail mhóir agus cionn-faillighe a dhéanamh
ar chúrsaibh a dtíre féin cuirfear i n-umhal dóibh agus é buille beag déidh-
eannach, nár mhaith a rinneadar é agus a leas féin a leigean ar cáirde. Nuair a
bhéas an imreasgáil seo na náisiún thart ní ar Éirinn a bhéarfas an saoghal mór
a aire féin.



Cad chuige dá bhrigh sin, go bhfuiltear ar thí Chonnradh na Gaedhilge?
Cuireadh an Connradh ar bun le a bheith 'san aireachas ar imtheachtaibh an tsaoghail
Ghaedhilge. Tá obair mhór déanta agus dá dhéanamh ag an gConnradh acht ní
feidir a admháil gur eirigh leis chomh geal is a bhí a leagan amach. Bíodh sin
mar atá bheirim dubhslán aon námhad da bhfuil aige a chruthughadh — dh'fhéadfaidís
a rádh — gur chuir sé .i. an Connradh, as do'n tír, ná go bhfuil rud ar bith dá
laighead dá chur aige as do'n tír. Cad chuige annsin an leath-bháire seo ar an
gConnradh ag daoinibh gur mian leó a chur i n-umhal do chách gurb' í saoirse na
hÉireann an t-aon nidh atá ag cur idir iad fein agus codladh na hoidhche? Is é
buac an tSasannaigh an ghráin a bheith aige ar an nGaedhilg. Ní'l phioc dá mhilleán
aga iar faoi sin. Is ag an duine macanta, atá lom-chlár an chirt. Do ghnó
féin ar dtús, a dhuine. Acht an fear nó an bhean a rugadh agus a tóigeadh
annseo i nÉirinn, agus atá i nÉirinn, agus i n-a bhfuil braon ar bith de'n fhuil
Ghaedhealaigh, agus atá i n-aghaidh na Gaedhilge, poilitidheacht aici nó uaithe, ní
ceart a chur nó a cur i gcomórtas an tSasanaigh féin. Dá bhrigh sin an drong
agus is mór a líon atá i n-aghaidh na Gaedhilge ní ceart cágús ar bith a thabhairt
dóibh. An té nach bhfuil leat tá sé i d'aghaidh. An té atá i n-aghaidh na Gaedhilge
tá sé i n-a námhaid ag Éirinn, agus ní saoirseacht acht daoirseacht a chlainne atá
uaidh.



Ar ndóigh, ar bhealach, ní féidir leis an té is doille agus is dúire intinn
agus inntleacht a bheith ag dréim gur feidir cúrsaí poitidheachta a choinneál
amach bun bárr as an gConnradh i gcómhnuidhe. Ní'l an Eaglais féin saor ó
phoilitidheacht. Ní féidir coisde nó cumann nó connradh nó aon chruinniughadh eile
daoine d'fhághail gan caidreamh a bheith ag roinn dá mbíonn ionnta ná aca le
saghas éigin poilitidheachta. Acht ní hionann sin agus a rádh gur cumann
poilitidheachta í an Eaglais, nó gur cumann poilitidheachta é seo, nó é siúd, nó
go bhfuil dlúth-cheangal nó dlúth-bhaint ag an gcumann seo leis an dream
poilitidheachta úd, nó ag an dream poilitidheachta úd leis an gcumann seo.



An drong úd go bhfuil poilitidheacht dá chur aca i leith an Chonnartha b'fhearr
go mór aca do'n phoilitidheacht í féin dá mbeithidís gan bacadh leithe, agus
b'fhearrde an tír go mór fada dá mbeith sé gan a nglór a chlos 'riamh ná go
bráth. Is cuma leó siúd faoi thír nó faoi phoilitidheacht acht amháin a seal a bhaint
asta an fhad is a bhéas siad ann. Má bhíonn níos mó brabaigh le fághail aca de
bhárr a saothair i mbealach thár bhealach eile ní baoghal nach santóchaidh siad an
bealach is tabháchtaighe dá gcúrsaibh féin. Is beag aca siúd an Ghaedhilge agus is
is beag aca Éire.



Eoghan Ó Máille.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services