Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Reachtaireacht Chearc.
Title
Reachtaireacht Chearc.
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Reachtaireacht Chearc. Tógaint Sicíní agus a mBainistidhe. Ceithre huair fichid tar éis teacht an tsicín as an sliogán sin é an t-am gur gnáth an chéad bhéile bídh do thabhairt di. Deirtear go mbíonn an blas ar an mbeagán. Dá bhrígh sin ní mór do dhuine a bheith aireach ag fritheálamh ortha agus an breis bídh do thabhairt dóibh d'aon iarracht. An umar n-a dtugtar an béile dhóibh, ní fuláir é ghlanadh gach lá agus é thirmiughadh go maith i dtreo is ná tiocfaidh aon mheirg air mar do loitfidh an biadh agus do dhéanfadh soin díoghbháil dos na sicíní. Uibhe chearc agus iad do bhéiriu- ghadh go maith an biadh is oireamhnaighe dóibh i gcaitheamh na gceithre lá tosuigh. Ní miste bruscar aráin do mheascadh air. I gceann trí nó ceathair de laethanntaibh is féidir atharrughadh bídh i bhfuirm arbhar bruighte nó min choirce, nó min chruinn- eachta a thabhairt dóibh agus má bhíonn fagháil ar bhainne ó'n deighiltheóir badh cheart braon di a chur ann. Cuireann soin feabhas ar chroiceann na n-éanlaithe agus fóireann ortha le linn an clúmh nua do theacht ortha. Dá luighead de'n mhin bhuidhe a tugtar dóibh 'seadh is fearr. Deirtear gur b'é an mhin soin is mó a bheireann an diuc ortha. Má's fíor é sin, agus tá deallramh na fírinne leis, ní hiongnadh linn na liodáin ghearán a bhíonn ag lucht tiúscail na gcearc sa tír seo mar go dtí le fíor-dhéadhnaighe is annamh a bhí a mhalairt de mhin dá ceannach chun na gcearc do chothughadh. Tá galar eile seachas an diuc a thagann ar na sicíní agus nach fuláir a sheachaint. An bhuinneach an galar soin. Galar aicídeach 'seadh é leis. 'Sé an rud is mó is bun le n-a theacht ortha ná an fhaillighe a dheintear n-a gcuid bídh. Badh chóir an biadh a thabhairt doibh ar thráthannaibh áirithe gach lá. Má leogtar 'sa chadhan nó san umar ar feadh an lae é tiocfaidh géarbhlas seibhtheacht air agus ní réidhteóchaidh an biadh searbh soin leis na sicíníbh. An Biadh. Is iomdha sagas bidh d'oirfeadh do shicíní seachas an méid do dheines tagairt dó shuas agus is aosáideach a bhíonn faghail ar chuid aca. Neantóga, cuir i gcás, iad do bheiriughadh go maith agus dornlach proinn (pollard) do mheascadh leo. Tá ana-chuid glasraighe i bhfuirm cabáiste, oinniúin agus litís a raghadh chun maitheasa dóibh acht gan iad do thabhairt dóibh acht do réir mar a thagann an t-amhgar ortha chuca. Má's san inneal altroma a bíd na sicíní dá dtógaint beidh gádh le roinnt feóla do chur sa bhiadh dóibh mar mhalairt ar na seangáin is na cuileóga do gheibhaidís dá mbeidís ag dul leis an gcirc. Nós de dhúthchais ionnta a dul ag fosuidheacht dóibh féin cois a máthar. B'fhuirist dóibh na mílte rudaí so-bhlasta do phiocadh suas ar an gcúrsaí siubhail soin acht gan an chearc do leogaint thar teorainn an mhacha mara mbíonn sí go maith eolgaiseach n-a gcúram. Bíonn an seabhac ag faire féachaint cathain a thiocfadh leis léir- scrios a dhéanamh ortha. Tagann an easóg an treo anois is arís agus ní mór ná gur measa í siúd ná an seabhac féin. An Beirtheoir. Le linn an tréimse go mbíonn na sicíní sa bheirthóir ní mór dul dá bhféachaint go minic i gcaitheamh an lae, agus brothal an bheirtheóra do riaradh do réir síon na haimsire. An túisce a chídhtear deallramh leadaránach ar na sicíní agus a sgiathóga ar leathadh aca níor mhór baint ó threise an bhrothail acht má tugtar fé ndearna iad ag connlae i dteannta a chéile caithfear cur leis an mbrothal. Tá lampaí áirithe ag dul leis an mbeirtheóir i gcóir an ghnótha soin agus 'sé an duadh is mó a ghabhann leis, an lompa soin do chur i gcóir agus do chimeád i n-eagar. Tá cuid de bhantracht Shasana ana- chliste ar thathaighe an tiúscail seo agus is fearr an t-eolas atá le faghail againn uatha ná na haistí chrapaithe a gheibhtear ón gCumann Tiuscal i nÉirinn. Is fada an lá go mbeidh an gradam céadna ag dul don ghnó soin againne. Cáit Ní Dhonnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services