Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Reachtaireacht Chearc.

Title
Reachtaireacht Chearc.
Author(s)
Ní Dhonnchadha, Cáit,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Reachtaireacht Chearc.



Tógaint Sicíní agus a mBainistidhe.



Ceithre huair fichid tar éis teacht an
tsicín as an sliogán sin é an t-am gur
gnáth an chéad bhéile bídh do thabhairt di.
Deirtear go mbíonn an blas ar an
mbeagán. Dá bhrígh sin ní mór do dhuine
a bheith aireach ag fritheálamh ortha agus
an breis bídh do thabhairt dóibh d'aon
iarracht. An umar n-a dtugtar an béile
dhóibh, ní fuláir é ghlanadh gach lá agus é
thirmiughadh go maith i dtreo is ná tiocfaidh
aon mheirg air mar do loitfidh an biadh
agus do dhéanfadh soin díoghbháil dos na
sicíní. Uibhe chearc agus iad do bhéiriu-
ghadh go maith an biadh is oireamhnaighe
dóibh i gcaitheamh na gceithre lá tosuigh.
Ní miste bruscar aráin do mheascadh air.
I gceann trí nó ceathair de laethanntaibh
is féidir atharrughadh bídh i bhfuirm arbhar
bruighte nó min choirce, nó min chruinn-
eachta a thabhairt dóibh agus má bhíonn
fagháil ar bhainne ó'n deighiltheóir badh
cheart braon di a chur ann. Cuireann soin
feabhas ar chroiceann na n-éanlaithe
agus fóireann ortha le linn an clúmh nua
do theacht ortha. Dá luighead de'n mhin
bhuidhe a tugtar dóibh 'seadh is fearr.
Deirtear gur b'é an mhin soin is mó a
bheireann an diuc ortha. Má's fíor é sin,
agus tá deallramh na fírinne leis, ní
hiongnadh linn na liodáin ghearán a
bhíonn ag lucht tiúscail na gcearc sa tír
seo mar go dtí le fíor-dhéadhnaighe is
annamh a bhí a mhalairt de mhin dá ceannach
chun na gcearc do chothughadh. Tá galar
eile seachas an diuc a thagann ar na
sicíní agus nach fuláir a sheachaint. An
bhuinneach an galar soin. Galar aicídeach
'seadh é leis. 'Sé an rud is mó is bun le
n-a theacht ortha ná an fhaillighe a dheintear
n-a gcuid bídh. Badh chóir an biadh a
thabhairt doibh ar thráthannaibh áirithe gach
lá. Má leogtar 'sa chadhan nó san umar
ar feadh an lae é tiocfaidh géarbhlas
seibhtheacht air agus ní réidhteóchaidh an
biadh searbh soin leis na sicíníbh.



An Biadh.



Is iomdha sagas bidh d'oirfeadh do
shicíní seachas an méid do dheines
tagairt dó shuas agus is aosáideach a
bhíonn faghail ar chuid aca. Neantóga,
cuir i gcás, iad do bheiriughadh go maith
agus dornlach proinn (pollard) do
mheascadh leo. Tá ana-chuid glasraighe
i bhfuirm cabáiste, oinniúin agus litís
a raghadh chun maitheasa dóibh acht gan iad
do thabhairt dóibh acht do réir mar a
thagann an t-amhgar ortha chuca. Má's
san inneal altroma a bíd na sicíní dá
dtógaint beidh gádh le roinnt feóla do
chur sa bhiadh dóibh mar mhalairt ar na
seangáin is na cuileóga do gheibhaidís
dá mbeidís ag dul leis an gcirc. Nós
de dhúthchais ionnta a dul ag fosuidheacht
dóibh féin cois a máthar. B'fhuirist dóibh
na mílte rudaí so-bhlasta do phiocadh
suas ar an gcúrsaí siubhail soin acht gan
an chearc do leogaint thar teorainn an
mhacha mara mbíonn sí go maith eolgaiseach
n-a gcúram. Bíonn an seabhac ag faire
féachaint cathain a thiocfadh leis léir-
scrios a dhéanamh ortha. Tagann an
easóg an treo anois is arís agus ní
mór ná gur measa í siúd ná an seabhac
féin.



An Beirtheoir.



Le linn an tréimse go mbíonn na
sicíní sa bheirthóir ní mór dul dá
bhféachaint go minic i gcaitheamh an lae,
agus brothal an bheirtheóra do riaradh
do réir síon na haimsire. An túisce a
chídhtear deallramh leadaránach ar na
sicíní agus a sgiathóga ar leathadh aca
níor mhór baint ó threise an bhrothail acht
má tugtar fé ndearna iad ag connlae i
dteannta a chéile caithfear cur leis an
mbrothal. Tá lampaí áirithe ag dul leis
an mbeirtheóir i gcóir an ghnótha soin agus
'sé an duadh is mó a ghabhann leis, an
lompa soin do chur i gcóir agus do
chimeád i n-eagar.



Tá cuid de bhantracht Shasana ana-
chliste ar thathaighe an tiúscail seo agus
is fearr an t-eolas atá le faghail againn
uatha ná na haistí chrapaithe a gheibhtear
ón gCumann Tiuscal i nÉirinn. Is
fada an lá go mbeidh an gradam céadna
ag dul don ghnó soin againne.



Cáit Ní Dhonnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services