Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár nGnó Féin
Title
Ár nGnó Féin
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ár nGnó Féin. Is beag rud atá ag déanamh suime do mhuintir na hÉireann anois acht gnóthaí cogaidh amuigh agus i mbaile. Fiú amháin sna háiteannaibh is iargúlda sa tír bíonn na daoine go léir uasal agus íseal, óg agus aosda, ag feitheamh leis an bpáipéar nuaidheachta féachaint cionnus atá rudaí ag dul ar aghaidh thall sa bhFrainnc. Tugaim fé ndeara freisin go bhfuil sórt éigin báidhe aca leis an bhFrainnc, agus ní fheadar an bhfuil a bháidh sin tuillte ag na Frainncaighibh ó mhuintir na hÉireann. Cad do-rinneadar riamh dínn gur bhfiú trácht air? Agus pé rud do-rinneadar, is ar mhaithe leo féin do-rinneadar é. Agus ba mhó i bhfad a ndearnamair-ne dhóibh siúd ioná a ndearnadar soin dúinne. Do bhí caidreamh agus coimh-cheangal muinteardhais idir an dá thír gan amhras, agus pé olc maith é, atá an tsean-bháidhe sin ann. Rud eile níor thaithnigh le muinntir na hÉireann an íde tugadh ar an mBeilge go háirithe ar Lóbháin, áit gur cheart do Ghaedhealaibh bheith buidheach de mar is ann do fuair a gcuid sagart léigheann agus foghluim aimsear na ndlightheadh bpianamhail i nÉirinn. Rud eile fós, atá daoine cheapas má thagaid na Gearmánaigh i dtír i nÉirinn, go ndéanfaidh siad aithris ar Chromaill .i. na hÉireannaigh do chaitheamh amach as seilbh na talmhan agus Gearmánaigh do phlandú n-a n-áit. Adeirid gur fhuilingeadar an obair sin ró-mhinic cheana, agus ná teastuigheann tuille dhe uatha anois. Sin iad na rudaí atá ag tabhairt ar Éireannaighibh suim os meadhon do chur sa chogadh so. Ceapaid siad go mb'éidir go dtuitfeadh amach go mbeadh baint éigin aige leo féin i ndeire na dála. Agus ina fhochair sin féin, tá rud eile go bhfuil an-chuid suime dá chur ag na daoinibh ann freisin .i. na hÓgláich. Acht dár ndóigh baineann na hÓgláigh le n-a leithéid sin de ghnó chomh maith céadna agus ní hiongna iad do bheith i n-uachtar i n-aigne na ndaoine fá láthair. Mar sin de, is léir do chách go bhfuil an dá rud soin ag cur isteach anois ar obair na Gaedhilge. Acht an ionann soin agus a rádh ná cuirid na daoine aon tsuim sa nGaedhilg? Go deimhin féin ní hionann. Tá an aigne phuiblidhe corruighthe go maith ag an gCogadh Mór, ní nach iongna. Acht bíonn an saoghal chomh marbh, lag-bhríoghach spadánta soin fá'n tuaith, sa ngeimhreadh go háirithe, gémadh breágh le sna daoinibh aon tsagas corruighthe do bhrisfeadh an trom-shuan, do thabharfadh eolas agus aoibhneas dóibh, agus do dhéanfadh cuideacht agus caitheamh-aimsire dhóibh. Is dócha go bhfuil daoine ann adéarfadh nach ceart “caitheamh aimsire” do dhéanamh de'n ghnó so na Gaedhilge. Tá an ceart aca. Acht tá a fhios againn gur chum an aimsear do chaitheamh thagann cuid mhaith daoineadh go dtí gach aon tsaghas cruinnighthe, agus dar ndóigh, ní eisceacht iad na cruinnighthe bhíonn againne i dtaoibh na Gaedhilge thar aon chruinniú eile. Sé an rud atáim ag iarraidh a chur i dtuigsint gur feidir na daoine do tharraingt chugainn d'aimhdeoin an chogaidh agus uile, agus gomadh cheart dúinn tréan-iarracht do thabhairt fén nGaedhealtacht an geimhreadh seo chugainn. Admhuighim go gcuirfidh an Cogadh isteach orainn rud beag má leantar de, acht atá sé ag cur isteach ar rudaibh eile chomh maith linne. Tá sé ag cur isteach ar lucht na poilitidheachta fein, agus do mhairbh sé “galar na gclab is na gcrúb.” Ní ag cur Chonnradh na Gaedhilge i gcompráid le sna rudaibh in atáim, acht do bhíos- sa ar chruinnighthibh i gCúige Mumhan le deigheanaighe, agus do bhraitheas an oiread suime dá chur ag na daoinibh sa Ghaedhilg agus do bhí riamh. Dá bhrigh sin is oircheas dúinn sár-iarracht do dhéanamh an geimhreadh so, agus an Ghaedhltacht do spriocadh sa tslighe nár spriocadh riamh í. Cionnus? Ní fheicim-se aon tslighe eile chum a dhéanta acht na cainteoirí is éifeachtaighe agus is gonta Gaedhealg do léar-nochtadh dóibh, agus a ndualgas féin n-a taoibh do chur i n-a luighe ar an gcoinsias aca. Ní furas soin do dhéanamh. Sa chéad áit ní furas na cainteoirí d'fhagháil chum é do dhéanamh, agus san dara háit ní furas na daoine féin do chorruighe chum gníomha. Acht más maith linn Búird an Riaghtais d'oibriú i gceart ní mór dúinn na daoine do bheith go daingean dáríribh linn ar dtúis. Agus ní mór dhúinn na sagairt do bheith linn go háirighe. Ba chóir iarracht fa leith os meadhan, do dhéanamh d'fhonn congnamh d'fhagháil ó shagartaibh na Gaedhealtachta sa gnó so. Ní dócha tar éis an tsaoghail go madh mhaith leo teanga a sinsear Gaedheal d'fhagháil bháis. Agus cadé a chúis ná cuirimis taosgairí agus taidhleoirí go dtí Easbuig na Gaedhltachta go léir agus an baoghal atá ag biothbhagairt ar an nGaedhilg do mhíniú dhóibh. Munar féidir iad d'fheicsint i dteanta a chéile b'fhéidir iad d'fheicsint n-a nduine is n-a nduine, agus ar gcomhairle do chur i gceann a chéile. B'fhéidir go dtiocfadh maith éigin as. Ní thiocfadh aon olc as ar chuma ar bith. Annsoin do gheabhmaís socrú do dhéanamh i dtaoibh na Sgol Náisiúnta na Múinteoirí Taisdil agus uile. Acht ar áis nó ar éigin caithfear an Ghaedhltacht do shábháil, agus, le congnamh Dé agus daoineadh dhéanfar. Pádraig Ó Dálaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services