Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ár nGnó Féin

Teideal
Ár nGnó Féin
Údar
Ó Dálaigh, Pádraig,
Dáta cumtha
1914
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ár nGnó Féin.



Is beag rud atá ag déanamh suime do mhuintir na hÉireann anois acht
gnóthaí cogaidh amuigh agus i mbaile. Fiú amháin sna háiteannaibh is iargúlda
sa tír bíonn na daoine go léir uasal agus íseal, óg agus aosda, ag feitheamh
leis an bpáipéar nuaidheachta féachaint cionnus atá rudaí ag dul ar aghaidh thall
sa bhFrainnc. Tugaim fé ndeara freisin go bhfuil sórt éigin báidhe aca leis an
bhFrainnc, agus ní fheadar an bhfuil a bháidh sin tuillte ag na Frainncaighibh ó
mhuintir na hÉireann. Cad do-rinneadar riamh dínn gur bhfiú trácht air?
Agus pé rud do-rinneadar, is ar mhaithe leo féin do-rinneadar é. Agus ba
mhó i bhfad a ndearnamair-ne dhóibh siúd ioná a ndearnadar soin dúinne. Do
bhí caidreamh agus coimh-cheangal muinteardhais idir an dá thír gan amhras, agus
pé olc maith é, atá an tsean-bháidhe sin ann. Rud eile níor thaithnigh le muinntir na
hÉireann an íde tugadh ar an mBeilge go háirithe ar Lóbháin, áit gur cheart
do Ghaedhealaibh bheith buidheach de mar is ann do fuair a gcuid sagart léigheann
agus foghluim aimsear na ndlightheadh bpianamhail i nÉirinn.



Rud eile fós, atá daoine cheapas má thagaid na Gearmánaigh i dtír i nÉirinn,
go ndéanfaidh siad aithris ar Chromaill .i. na hÉireannaigh do chaitheamh amach as
seilbh na talmhan agus Gearmánaigh do phlandú n-a n-áit. Adeirid gur
fhuilingeadar an obair sin ró-mhinic cheana, agus ná teastuigheann tuille dhe
uatha anois. Sin iad na rudaí atá ag tabhairt ar Éireannaighibh suim os meadhon
do chur sa chogadh so. Ceapaid siad go mb'éidir go dtuitfeadh amach go mbeadh
baint éigin aige leo féin i ndeire na dála.



Agus ina fhochair sin féin, tá rud eile go bhfuil an-chuid suime dá chur ag
na daoinibh ann freisin .i. na hÓgláich. Acht dár ndóigh baineann na hÓgláigh
le n-a leithéid sin de ghnó chomh maith céadna agus ní hiongna iad do bheith i
n-uachtar i n-aigne na ndaoine fá láthair.



Mar sin de, is léir do chách go bhfuil an dá rud soin ag cur isteach anois ar
obair na Gaedhilge. Acht an ionann soin agus a rádh ná cuirid na daoine aon
tsuim sa nGaedhilg? Go deimhin féin ní hionann. Tá an aigne phuiblidhe
corruighthe go maith ag an gCogadh Mór, ní nach iongna. Acht bíonn an saoghal
chomh marbh, lag-bhríoghach spadánta soin fá'n tuaith, sa ngeimhreadh go háirithe,
gémadh breágh le sna daoinibh aon tsagas corruighthe do bhrisfeadh an trom-shuan,
do thabharfadh eolas agus aoibhneas dóibh, agus do dhéanfadh cuideacht agus
caitheamh-aimsire dhóibh. Is dócha go bhfuil daoine ann adéarfadh nach ceart
“caitheamh aimsire” do dhéanamh de'n ghnó so na Gaedhilge. Tá an ceart aca.
Acht tá a fhios againn gur chum an aimsear do chaitheamh thagann cuid mhaith daoineadh
go dtí gach aon tsaghas cruinnighthe, agus dar ndóigh, ní eisceacht iad na
cruinnighthe bhíonn againne i dtaoibh na Gaedhilge thar aon chruinniú eile.



Sé an rud atáim ag iarraidh a chur i dtuigsint gur feidir na daoine do
tharraingt chugainn d'aimhdeoin an chogaidh agus uile, agus gomadh cheart dúinn
tréan-iarracht do thabhairt fén nGaedhealtacht an geimhreadh seo chugainn. Admhuighim
go gcuirfidh an Cogadh isteach orainn rud beag má leantar de, acht atá sé ag
cur isteach ar rudaibh eile chomh maith linne. Tá sé ag cur isteach ar lucht na
poilitidheachta fein, agus do mhairbh sé “galar na gclab is na gcrúb.” Ní ag
cur Chonnradh na Gaedhilge i gcompráid le sna rudaibh in atáim, acht do bhíos-
sa ar chruinnighthibh i gCúige Mumhan le deigheanaighe, agus do bhraitheas an
oiread suime dá chur ag na daoinibh sa Ghaedhilg agus do bhí riamh. Dá bhrigh sin
is oircheas dúinn sár-iarracht do dhéanamh an geimhreadh so, agus an Ghaedhltacht
do spriocadh sa tslighe nár spriocadh riamh í. Cionnus? Ní fheicim-se aon
tslighe eile chum a dhéanta acht na cainteoirí is éifeachtaighe agus is gonta
Gaedhealg do léar-nochtadh dóibh, agus a ndualgas féin n-a taoibh do chur i n-a
luighe ar an gcoinsias aca. Ní furas soin do dhéanamh. Sa chéad áit ní furas
na cainteoirí d'fhagháil chum é do dhéanamh, agus san dara háit ní furas na
daoine féin do chorruighe chum gníomha. Acht más maith linn Búird an Riaghtais
d'oibriú i gceart ní mór dúinn na daoine do bheith go daingean dáríribh linn ar
dtúis. Agus ní mór dhúinn na sagairt do bheith linn go háirighe. Ba chóir
iarracht fa leith os meadhan, do dhéanamh d'fhonn congnamh d'fhagháil ó
shagartaibh na Gaedhealtachta sa gnó so. Ní dócha tar éis an tsaoghail go madh
mhaith leo teanga a sinsear Gaedheal d'fhagháil bháis. Agus cadé a chúis ná
cuirimis taosgairí agus taidhleoirí go dtí Easbuig na Gaedhltachta go léir agus
an baoghal atá ag biothbhagairt ar an nGaedhilg do mhíniú dhóibh. Munar féidir
iad d'fheicsint i dteanta a chéile b'fhéidir iad d'fheicsint n-a nduine is n-a nduine,
agus ar gcomhairle do chur i gceann a chéile. B'fhéidir go dtiocfadh maith éigin as.
Ní thiocfadh aon olc as ar chuma ar bith. Annsoin do gheabhmaís socrú do dhéanamh
i dtaoibh na Sgol Náisiúnta na Múinteoirí Taisdil agus uile. Acht ar áis nó
ar éigin caithfear an Ghaedhltacht do shábháil, agus, le congnamh Dé agus daoineadh
dhéanfar.



Pádraig Ó Dálaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services