Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Biadhán Lucht an Bhéarla agus Galldacht Ghaedheal
Title
Biadhán Lucht an Bhéarla agus Galldacht Ghaedheal
Author(s)
Ó Briain, Liam,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Biadhán Lucht an Bhéarla agus Galldacht Ghaedheal. Seadh! Seo sa bhaile arís sinn, Éireannaigh, Sasanaigh, Púncáin, Franncaigh agus aos gach chinidh eile ar nár gcaitheadh agus nár dteilgeadh agus nár ruaigeadh amach i ndiaidh ár gcinn as an nGearmáin, cuid againn sgriosta, agus cuid againn breóidhte agus cuid eile againn nár eirigh linn teacht as ar aon chor agus nach bhfuil tásg ná tuairisg orrain! Ach cia an dochar ach an sgéal dofuaireamar sa mbaile romhainn! Níor ghearánta dhúinn mar ní raibh neart air. An béal díomhaoin agus an lámh nach lámh choganta í, ní raibh slighe na áit dóibh feasta sa nGearmáin. Coigthís ó shoin bhíossa i mo sheasamh i measg sluaigh mhóir daoine i mbaile mór sa nGearmáin. Bhíodar ag “maffickáil.” Bhíodar dar cruinnighthe fé bhun deilbh an chéid Ímpire, é siúd a rinne an Impíreacht le cuidiú Bismark, an gníomh is mó dorinneadh san naomh d'aois déag. Bhíodar comh ciúin socair is dá mba i dteampoll a bhéidís gan chur ná char as éinne. Bhí an lucht ceóil agus amhráin a b'fhearr sa mbaile thuas ag an dealbh agus íad ag gabháil go binn-ghlórach bog sean-amhrán na ndaoine, amhráin ag moladh cródhachta agus grádh duthaighe, gníomhartha na sean, seasamhacht na mban in am broide fadó, áilleacht a dtíre, agus dóchas inDia na daoine gan gíosc na míocs asta acht ag éisteacht go haireach agus solus na súilibh. Nuair bhí deireadh leis na hamhránaibh thug fear as an tsluagh óráid bheag uaidh — ag glaodhach ar gach fear a bheith réidh agus toilteanach chum a chion fein a dhéanamh nuair thiocfadh an nóiméad sin an méid. Annsoin dubhairt an sluagh ar fad dhá amhrán agus d'éirigh an ceól sin ós árd mar dá mba ná beadh acht aon ghuth mór amháin ghá ghabháil. Do sgaradar agus do chuaidh abhaile. Ní “cruinniu” a bhí ann i n-aon chor acht sin nós na ndaoine. Dhá oidhche ina dhiaidh sin chonnaic mé nós na Sasanach. Mafficking ceart é sin mar is dual dóibh. Na mílte aca ag rith agus ag brugh agus ag satailt ar a chéile, cosmhuil le daoinibh buile go dtabharfaidhe cead a gcinn dhóibh. A leath ar meisge. Iad go léir ag eascaine agus ag tabhairt na mallacht agus na mionna mór agus gach cainte ní ba shalaighe ná a chéile uatha. Cuid aca a dh'iarraidh grinn a dhéanamh agus é ag teip orra — an focal do bhfearr do tháinig chucha “Are we a sausage?” agus nár mhór an chúis mhaoidhte an focal sin don té cheap é? Bhí Sasanaigh ag éisteacht leis na Gearmáinigh thuas agus bhí fhios ag cuid aca go raibh acht níor bacadh leo. Go bhfóiridh Dia ar an nGearmánach bocht a gheóbhthaidhe ar an deasgarsluagh seo i Londain! Mar is i Lundain a chonnaiceas é seo. Lundain, “seanchruinn na sibhialtachta” agus príomh árus na himireachta is mó dar lonraigh grian air riamh agus an chinidh is iongantaighe agus is fearr dá dtáinig fós agus mar sin de. Ach dá dhonacht í an obair seo ba mheasa an obair a bhí ghá dhéanamh ag lucht na bpáipéirí. Tá páipéirí Shasana ag sárú a chéile le coighcíos asmhuchán agus ag masladh go bréan náisiúin atá léigheannta chomh sean uasal ar a laighead leó fein agus a rinne a oiread mhaitheasa ar a laighead ar son an domhain leó fein; dá mba ag trácht ar an dream is fiadháine agus is ísle dá bhfuil i gceart lár na nAifrice, thuigfeadh duine an chaint sin. Dá mba ag trácht ar mhuintir na Rúise nó ba cheart dom a rádh ar Riaghaltas na Rúise thuigfeadh duine, bfhéidir, cuid den chaint sin. Nach uir-íseal dóibh i gcomhnaidhe! Níl tréith ná cáilidheacht is mó go ndéineann Sasanaigh gliogar as ná an méid “Fair Play” nó “Sporting Instinct” atá aca agus níl náisiún ar dhruim an domhain, dar liom is lugha “Fair Play” 'ná na Sasanaigh cheadna. Ní gádh a thuilleadh cainte air sin. Nuair nár fhéadas é sheasamh níos sia, tháingeas go hÉirinn ar éaladh. Acht mo lomadh léan! An bhfuil aon chur síos ar stáid na tíre seo? Ní féidir liom aon rud a sgríobh ar chaint na ndaoine annseo (an chuid is mó aca) ná ar pháipéiribh nuaidheachta na hÉireann (iad go léir). Teidheann sé thar mo chumas. Deirim an té do bhí as Éirinn le bliadhain nach féidir leis é thuisgint. Ní h-aithnigheann sé a mhuintir fein, níl fhios aige, ag siubhal sráideanna Bhle Á' Cliath dó an i nÉirinn nó i Sasana atá sé. Mar chítear domsa isé atá ar siubhal ná spiorad an impire 'nó an “impireamhlacht” do bheith ag dul isteach i n-anam mhuintir na hÉireann den chéad uair. A dhearbhú sin go bhfuil páipéirí na hÉireann agus muintir na hÉireann freisin, mór chuid aca, ag sárú na Sasanach san obair seo na nGearmáineach do mhasladh — obair nár dhual do Ghaedhealaibh Éireann riamh. Cluinim an chaint bhaoth shalach chéadna annso agus a chualas thall, an “Mad Mullah of Europe” agus mar sin de. Rud níos measa ná sin an chaint sin a chlos ó Ghaedhilgeóiríbh, rud níos measa ná sin fós í léigheamh ó chuid de na daoinibh is mó cáil i gConnradh na Gaedhilge. Maran Galldacht é seo, maran Seóinínteacht é, ní thuigimse cad is Galldacht ná Seóinínteach ann i n-aon chor? Liam Ó Briain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services