Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Biadhán Lucht an Bhéarla agus Galldacht Ghaedheal

Title
Biadhán Lucht an Bhéarla agus Galldacht Ghaedheal
Author(s)
Ó Briain, Liam,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Biadhán Lucht an Bhéarla agus Galldacht Ghaedheal.



Seadh! Seo sa bhaile arís sinn, Éireannaigh, Sasanaigh, Púncáin, Franncaigh
agus aos gach chinidh eile ar nár gcaitheadh agus nár dteilgeadh agus nár ruaigeadh
amach i ndiaidh ár gcinn as an nGearmáin, cuid againn sgriosta, agus cuid
againn breóidhte agus cuid eile againn nár eirigh linn teacht as ar aon chor agus
nach bhfuil tásg ná tuairisg orrain! Ach cia an dochar ach an sgéal dofuaireamar
sa mbaile romhainn! Níor ghearánta dhúinn mar ní raibh neart air. An béal
díomhaoin agus an lámh nach lámh choganta í, ní raibh slighe na áit dóibh feasta sa
nGearmáin. Coigthís ó shoin bhíossa i mo sheasamh i measg sluaigh mhóir daoine i
mbaile mór sa nGearmáin. Bhíodar ag “maffickáil.” Bhíodar dar cruinnighthe fé
bhun deilbh an chéid Ímpire, é siúd a rinne an Impíreacht le cuidiú Bismark,
an gníomh is mó dorinneadh san naomh d'aois déag. Bhíodar comh ciúin socair is
dá mba i dteampoll a bhéidís gan chur ná char as éinne. Bhí an lucht ceóil agus
amhráin a b'fhearr sa mbaile thuas ag an dealbh agus íad ag gabháil go binn-ghlórach
bog sean-amhrán na ndaoine, amhráin ag moladh cródhachta agus grádh duthaighe,
gníomhartha na sean, seasamhacht na mban in am broide fadó, áilleacht a dtíre,
agus dóchas inDia na daoine gan gíosc na míocs asta acht ag éisteacht go
haireach agus solus na súilibh. Nuair bhí deireadh leis na hamhránaibh thug fear
as an tsluagh óráid bheag uaidh — ag glaodhach ar gach fear a bheith réidh agus
toilteanach chum a chion fein a dhéanamh nuair thiocfadh an nóiméad sin an méid.
Annsoin dubhairt an sluagh ar fad dhá amhrán agus d'éirigh an ceól sin ós árd
mar dá mba ná beadh acht aon ghuth mór amháin ghá ghabháil. Do sgaradar agus do
chuaidh abhaile. Ní “cruinniu” a bhí ann i n-aon chor acht sin nós na ndaoine.
Dhá oidhche ina dhiaidh sin chonnaic mé nós na Sasanach. Mafficking ceart é sin
mar is dual dóibh. Na mílte aca ag rith agus ag brugh agus ag satailt ar a chéile,
cosmhuil le daoinibh buile go dtabharfaidhe cead a gcinn dhóibh. A leath ar
meisge. Iad go léir ag eascaine agus ag tabhairt na mallacht agus na mionna
mór agus gach cainte ní ba shalaighe ná a chéile uatha. Cuid aca a dh'iarraidh grinn
a dhéanamh agus é ag teip orra — an focal do bhfearr do tháinig chucha “Are we a
sausage?” agus nár mhór an chúis mhaoidhte an focal sin don té cheap é? Bhí
Sasanaigh ag éisteacht leis na Gearmáinigh thuas agus bhí fhios ag cuid aca go raibh
acht níor bacadh leo. Go bhfóiridh Dia ar an nGearmánach bocht a gheóbhthaidhe
ar an deasgarsluagh seo i Londain! Mar is i Lundain a chonnaiceas é seo.
Lundain, “seanchruinn na sibhialtachta” agus príomh árus na himireachta is
mó dar lonraigh grian air riamh agus an chinidh is iongantaighe agus is fearr
dá dtáinig fós agus mar sin de. Ach dá dhonacht í an obair seo ba mheasa an
obair a bhí ghá dhéanamh ag lucht na bpáipéirí. Tá páipéirí Shasana ag
sárú a chéile le coighcíos asmhuchán agus ag masladh go bréan náisiúin atá
léigheannta chomh sean uasal ar a laighead leó fein agus a rinne
a oiread mhaitheasa ar a laighead ar son an domhain leó fein; dá mba ag trácht
ar an dream is fiadháine agus is ísle dá bhfuil i gceart lár na nAifrice, thuigfeadh
duine an chaint sin. Dá mba ag trácht ar mhuintir na Rúise nó ba cheart dom a
rádh ar Riaghaltas na Rúise thuigfeadh duine, bfhéidir, cuid den chaint sin. Nach
uir-íseal dóibh i gcomhnaidhe! Níl tréith ná cáilidheacht is mó go ndéineann Sasanaigh
gliogar as ná an méid “Fair Play” nó “Sporting Instinct” atá aca agus níl
náisiún ar dhruim an domhain, dar liom is lugha “Fair Play” 'ná na Sasanaigh
cheadna. Ní gádh a thuilleadh cainte air sin.



Nuair nár fhéadas é sheasamh níos sia, tháingeas go hÉirinn ar éaladh. Acht
mo lomadh léan! An bhfuil aon chur síos ar stáid na tíre seo? Ní féidir liom
aon rud a sgríobh ar chaint na ndaoine annseo (an chuid is mó aca) ná ar
pháipéiribh nuaidheachta na hÉireann (iad go léir). Teidheann sé thar mo chumas.
Deirim an té do bhí as Éirinn le bliadhain nach féidir leis é thuisgint. Ní
h-aithnigheann sé a mhuintir fein, níl fhios aige, ag siubhal sráideanna Bhle Á' Cliath
dó an i nÉirinn nó i Sasana atá sé. Mar chítear domsa isé atá ar siubhal ná
spiorad an impire 'nó an “impireamhlacht” do bheith ag dul isteach i n-anam
mhuintir na hÉireann den chéad uair. A dhearbhú sin go bhfuil páipéirí na
hÉireann agus muintir na hÉireann freisin, mór chuid aca, ag sárú na Sasanach
san obair seo na nGearmáineach do mhasladh — obair nár dhual do Ghaedhealaibh
Éireann riamh. Cluinim an chaint bhaoth shalach chéadna annso agus a chualas thall,
an “Mad Mullah of Europe” agus mar sin de. Rud níos measa ná sin
an chaint sin a chlos ó Ghaedhilgeóiríbh, rud níos measa ná sin fós í léigheamh ó
chuid de na daoinibh is mó cáil i gConnradh na Gaedhilge. Maran Galldacht é
seo, maran Seóinínteacht é, ní thuigimse cad is Galldacht ná Seóinínteach ann
i n-aon chor?



Liam Ó Briain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services