Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimhealadhna sa Bhreatain
Title
Láimhealadhna sa Bhreatain
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Láimhealadhna sa Bhreatain. An lá fé dheidheadh do seóladh chugham ón mBreatain leabhrán beag 'ina bhfuil cur síos ar ealadhnaibh na péintéireachta agus an dealbhúcháin sa tír sin. Ár gcara is ár gcomhbhráthair Mr. T. Matthews ó Llandbie, a scríobh é, agus ó thárla go gcuireann seisean árdshuim i gcúrsaí na Gaedhilge i nÉirinn, ní dóigh loim gur mhaith leis gan a fhios do bheith againn cionnus a chabhróchaidís na láimhealadhna soin linne, agus cionnus mar atáid ag cabhrú le muinntir na Breatan. Ná beireadh éinne leis mar thuairim ná fuil baint idir láimhealadhna agus náisiúntacht. Tá dlúthbhaint eatortha. Féibh mar gurab í an teanga dhúthchais a nochtann anam agus sprid na náisiúntacht, isiad na láimhealadhna a chleachtar i dtír a chuireann deise ar chlódh chorpardha a náisiúntachta. Tá an oiread baint acasan le náisiúntacht agus atá ag déantúisí agus fiche rud eile. Ná bíodh aon mhearathal orainn ina thaobhsan. Níor mhiste dúinne suim do chur feasta insna healadhnaibh sin, agus a seanchus do mheabhrú; agus go háirithe a dhéanamh amach cadé an bhail atá ortha i dtíorthaibh eile. An Teaspántas. Sa leabhar bheag so an Mhaitiaigh tá a lán seanchuis le fagháil ar an dá ealadhain úd i gCumraí. Tuairim is bliadhain ó shoin, .i. bliadhain san Nodlaig seo ghaibh thórainn, do cuireadh ar bun teaspeántas peictiúirí agus dealbha sa tScódlainn Náisiúnta, i gCaerdid. An dream go raibh cúram an tespeántais sin ortha, is dócha nach ar fhoghnamh a thuigeadar cionnus mar bheadh an scéal, acht níor leigeadar isteach aon pheictiúirí do shaothar Breatnach. Peictiúirí ón bhFraingc, nó peictiúirí a dhéineadar Frangcaigh do b'eadh iad go léir. Tháinig rud fóghanta as soin, do déineadh fothrom i dtaobh na neamhshuime a bhí dá chur i saothar Breatnach; do cuireadh ina gcomhnuidhe lucht an aineóluis, is an tsaobhbhreitheamhnuis, agus na Diocad Seon Dafydd .i. na Seóiníní. Do múscladh sprid náisiúnta insna daoinibh. Seadh. I dtaca na Nodlag so caithte do cuireadh ar bun tespeántas eile san áit chéadna, agus níor leigeadh isteach ann aon pheictiúir ná aon dealbh nár chuid de shaothar Bhreatnaigh ó dhúthchais é. D'éirigh go breágh leis an dtespeántas soin. Deirtear gur thug sé “rude shock” dosna seóiníní agus do lucht an tsodair i ndiaidh an iasachta. Tuigfear as an méid sin go bhfuil fonn láidir ar na daoinibh sa Bhreatain chun láimhealadhna náisiúnta a chothú agus do bheith aca. Tá an t-airgead ag eirighe flúirseach ann. Agus tá fhios ag an saoghal an dream go mbíonn an t-airgead aca gurab é céadrud a dhéinid siad ná peictiúirí agus áilleagáin a cheannach dhóibh féin. Maran féidir leó an déantús dúthchais dfhagháil ceannóghaidh siad an déantús iasachta. Ag tagairt don cheist sin go léir tá caibidil bheag i leabhar an Mhaitiaigh, agus bfhéidir nár bhfhearra dhamh rud do dhéanfainn ná Gaedhilg a chur air. Mineógha sé an scéal abhfad níos feárr ná mar dfhéadfainnse é: Dúthchas na mBreathnach. “Níor tháinig fós riamh ar Chumraí,” ar seisean, “aon bhliadhain is feárr tuar chun sonuis do láimhealadhna na tíre 'ná bliadhain a 1914. Sidí an chéad uair againn, agus an chaoi againn ar a n-iarsmaí do bhreithniú, i mball áiseamhail; agus tá súil agam ná stadfar anois de pheictiúirí ná de dhealbha a thespeáint annso i gCaerdid. Ní feidir an méid seo a rádh go rómhinic: seo tosach againn ar shaoghal nua; mar go bhfaghimíd annso iarrachtaí chuid dena Breatnaigh gur eirigh leó an mullach is aoirde ar an láimhealadhain do bhaint amach; daoine gur bhfiú iad a luadh i measc filí agus fear stáit, ní hamháin i gCumraí acht ar fuid an domhain. Níl aon pheictiúir annso nár bhfiú é chur ar tespeáint i n-aonbhall ar domhan — agus bhí a chaoi sin ag cuid aca cheana. Havard Tomas. Isé donus an scéil é, amhthach, gur mó an t-eolus atá ar shaothar Havard Thomas i Johannesburg ná mar atá air i gCaerdid; agus gur mó an urraim do gheibheann Tom Mostyn i dTuirín agus i Bhenís 'ná mar dogheibheann annso; agus gur mó an meas atá ar Frank Brangwyn i Munich 'ná i nAberhondhú mar ar rugadh a mháthair. Sin cuid d'iarsmaíbh teagasg na saobh' mhaighistrí, agus cuid den cham is den díoghbháil d'imrid ar Chumraí. Do creideadh a gcainnt sin de bhrígh gur measadh iad do bheith go heólgasach; bhí céim ó iolsgoil éigin aca, agus ar an adhbharsan do bhí fios gach éinnídh aca. B'é céaddream do chreid ina mbréigtheagascsan ná lucht na daillintinne is an tsaidhbhris — agus is beag duine is daille 'ná an té mhalartuigh a anam ar airgead — agus dá dhruim sin i n-áit a gcongnamh do chur mar badh cheart, do tugadh do dhaoinibh iasachta é. Agus i n-éinfheacht leis an ndream soin cuirimís na seóiníní seo a cheapann gurab é barra na críonnachta leigean do Chumraí fiaradh agus dul as, agus gan iarracht do thabhairt ar ionad oireamhnach do bhuadhachtaint di i measg cineadhach an domhain. Bíodh gur feasach dhamh an cam a dhéinid súd don dream le healaidhain atá na mbeathadh fós againn, ní mian liom, ina dhiaidhsan is uile, aon chainnt rodhian do rádh ina dtaobh. Acht badh mhaith liom an cheist seo do chur — Cad chuige go gcloistear a leithéidí dá mhaidheamh go mbíonn ina seilbh cuid de shaothar Bhreatnaigh éigin a fuair bás céad bliadhain ó shoin — agus nach feicthear dhóibh a chríonnacht nach fuláir do bheith i gcuidiú leis an ndream a mhaireann indiu, agus a dhéineann peictiúirí a bhfad níos fearr ná na cinn atá aca súd. Súlamharc na mbeó, is mó is déadhnaighe agus is ionmhuinighne agus is leithe agus is fairsinge é ná an cheann úd na sean go bhfuil a thréimhse gheall le caithte. Christopher Williams. Ná beireadh éinne leis go héagcórach gur ag baint ó chlú na sean atáim. Ní theas- tuigheann uaim acht a rádh go bhfuil ag ealadhn- tóir de shaghas Christopher Williams, nó éinne den dream go bhfuil a saothar le feicsint ar na fallaíbh annso, an teachtaireacht is oireamhnaighe dhúinne. Ní féidir gach duine aca a chur ina ionad cheart féin fós; ní déanfar soin go mbeidh na bliadhnta eile imthighthe thorainn, agus mise, ar aonchuma, tar éis stad dem theachtaireacht féin. Tuigfar as an gcainnt sin cad tá dó dhéanamh ar son ealadhan agus náisiúntacht sa Bhreatain. Tá an ealadhain ann; agus lucht ealadhna, a lán aca. Acht go dtí le déadhnaighe níor tugadh aon iarracht fhóghanta ar iad do chur i gcomhcheangal le sprid náisiúnta. Siné an rud atá dá dhéanamh anois. Tá iongnadh agus alltacht agus seirbhthean ar na seóiníní, agus ar lucht na mórchúise, agus ar lucht an chosmopolitanism, ar eagla go gcloisfar i Sasana aon chogar ina thaobh, agus go gcuirfar chun deiridh “síbhialtacht” na Breatan. Acht áthus agus lúthgháir atá ar mhuinntir na Breatan fein, a rádh go rugadh ina measc an oiread soin de lucht ealadhan, agus a fheabhus atáid sa ghnó. Is cuma leó cad déarfaidh daoine eile ina dtaobh; táid ag eirighe láidir ionnta féin agus ag bailiú nirt; agus tar éis an tsaoghail, nach don neart do umhluighthear, go háirithe i Sasana? Do réir mar bheidh ag filleadh a neart, agus sprid a náisiúntachta ag dul i méid, is ca bheidh meas ag cindeadhchaibh eile ortha; agus go mór mór, méadóghaidh ar urraim Shasana dhóibh. (tuille.) Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services