Láimhealadhna sa Bhreatain.
An lá fé dheidheadh do seóladh chugham ón
mBreatain leabhrán beag 'ina bhfuil cur síos
ar ealadhnaibh na péintéireachta agus an
dealbhúcháin sa tír sin. Ár gcara is ár
gcomhbhráthair Mr. T. Matthews ó Llandbie,
a scríobh é, agus ó thárla go gcuireann
seisean árdshuim i gcúrsaí na Gaedhilge i
nÉirinn, ní dóigh loim gur mhaith leis gan a
fhios do bheith againn cionnus a chabhróchaidís
na láimhealadhna soin linne, agus cionnus
mar atáid ag cabhrú le muinntir na
Breatan.
Ná beireadh éinne leis mar thuairim ná
fuil baint idir láimhealadhna agus náisiúntacht.
Tá dlúthbhaint eatortha. Féibh mar gurab í
an teanga dhúthchais a nochtann anam agus
sprid na náisiúntacht, isiad na láimhealadhna
a chleachtar i dtír a chuireann deise ar chlódh
chorpardha a náisiúntachta. Tá an oiread
baint acasan le náisiúntacht agus atá ag
déantúisí agus fiche rud eile. Ná bíodh
aon mhearathal orainn ina thaobhsan. Níor
mhiste dúinne suim do chur feasta insna
healadhnaibh sin, agus a seanchus do mheabhrú;
agus go háirithe a dhéanamh amach cadé an
bhail atá ortha i dtíorthaibh eile.
An Teaspántas.
Sa leabhar bheag so an Mhaitiaigh tá a lán
seanchuis le fagháil ar an dá ealadhain úd i
gCumraí. Tuairim is bliadhain ó shoin, .i.
bliadhain san Nodlaig seo ghaibh thórainn, do
cuireadh ar bun teaspeántas peictiúirí agus
dealbha sa tScódlainn Náisiúnta, i gCaerdid.
An dream go raibh cúram an tespeántais
sin ortha, is dócha nach ar fhoghnamh a thuigeadar
cionnus mar bheadh an scéal, acht níor
leigeadar isteach aon pheictiúirí do shaothar
Breatnach. Peictiúirí ón bhFraingc, nó
peictiúirí a dhéineadar Frangcaigh do b'eadh
iad go léir. Tháinig rud fóghanta as soin, do
déineadh fothrom i dtaobh na neamhshuime a bhí
dá chur i saothar Breatnach; do cuireadh
ina gcomhnuidhe lucht an aineóluis, is an
tsaobhbhreitheamhnuis, agus na Diocad Seon
Dafydd .i. na Seóiníní. Do múscladh sprid
náisiúnta insna daoinibh.
Seadh. I dtaca na Nodlag so caithte do
cuireadh ar bun tespeántas eile san áit
chéadna, agus níor leigeadh isteach ann aon
pheictiúir ná aon dealbh nár chuid de shaothar
Bhreatnaigh ó dhúthchais é. D'éirigh go breágh
leis an dtespeántas soin. Deirtear gur
thug sé “rude shock” dosna seóiníní agus
do lucht an tsodair i ndiaidh an iasachta.
Tuigfear as an méid sin go bhfuil fonn
láidir ar na daoinibh sa Bhreatain chun
láimhealadhna náisiúnta a chothú agus do
bheith aca. Tá an t-airgead ag eirighe
flúirseach ann. Agus tá fhios ag an saoghal
an dream go mbíonn an t-airgead aca
gurab é céadrud a dhéinid siad ná peictiúirí
agus áilleagáin a cheannach dhóibh féin.
Maran féidir leó an déantús dúthchais
dfhagháil ceannóghaidh siad an déantús iasachta.
Ag tagairt don cheist sin go léir tá
caibidil bheag i leabhar an Mhaitiaigh, agus
bfhéidir nár bhfhearra dhamh rud do dhéanfainn
ná Gaedhilg a chur air. Mineógha sé an scéal
abhfad níos feárr ná mar dfhéadfainnse é:
Dúthchas na mBreathnach.
“Níor tháinig fós riamh ar Chumraí,” ar
seisean, “aon bhliadhain is feárr tuar chun
sonuis do láimhealadhna na tíre 'ná bliadhain
a 1914. Sidí an chéad uair againn, agus
an chaoi againn ar a n-iarsmaí do bhreithniú,
i mball áiseamhail; agus tá súil agam ná
stadfar anois de pheictiúirí ná de dhealbha
a thespeáint annso i gCaerdid. Ní feidir
an méid seo a rádh go rómhinic: seo tosach
againn ar shaoghal nua; mar go bhfaghimíd
annso iarrachtaí chuid dena Breatnaigh gur
eirigh leó an mullach is aoirde ar an
láimhealadhain do bhaint amach; daoine gur
bhfiú iad a luadh i measc filí agus fear stáit,
ní hamháin i gCumraí acht ar fuid an domhain.
Níl aon pheictiúir annso nár bhfiú é chur ar
tespeáint i n-aonbhall ar domhan — agus bhí
a chaoi sin ag cuid aca cheana.
Havard Tomas.
Isé donus an scéil é, amhthach, gur mó an
t-eolus atá ar shaothar Havard Thomas i
Johannesburg ná mar atá air i gCaerdid;
agus gur mó an urraim do gheibheann Tom
Mostyn i dTuirín agus i Bhenís 'ná mar
dogheibheann annso; agus gur mó an meas
atá ar Frank Brangwyn i Munich 'ná i
nAberhondhú mar ar rugadh a mháthair.
Sin cuid d'iarsmaíbh teagasg na saobh'
mhaighistrí, agus cuid den cham is den díoghbháil
d'imrid ar Chumraí. Do creideadh a gcainnt
sin de bhrígh gur measadh iad do bheith go
heólgasach; bhí céim ó iolsgoil éigin aca,
agus ar an adhbharsan do bhí fios gach éinnídh
aca. B'é céaddream do chreid ina
mbréigtheagascsan ná lucht na daillintinne
is an tsaidhbhris — agus is beag duine is daille
'ná an té mhalartuigh a anam ar airgead —
agus dá dhruim sin i n-áit a gcongnamh do
chur mar badh cheart, do tugadh do dhaoinibh
iasachta é.
Agus i n-éinfheacht leis an ndream soin
cuirimís na seóiníní seo a cheapann gurab é
barra na críonnachta leigean do Chumraí
fiaradh agus dul as, agus gan iarracht do
thabhairt ar ionad oireamhnach do bhuadhachtaint
di i measg cineadhach an domhain. Bíodh gur
feasach dhamh an cam a dhéinid súd don dream
le healaidhain atá na mbeathadh fós againn,
ní mian liom, ina dhiaidhsan is uile, aon
chainnt rodhian do rádh ina dtaobh. Acht badh
mhaith liom an cheist seo do chur — Cad chuige
go gcloistear a leithéidí dá mhaidheamh go
mbíonn ina seilbh cuid de shaothar Bhreatnaigh
éigin a fuair bás céad bliadhain ó shoin — agus
nach feicthear dhóibh a chríonnacht nach fuláir
do bheith i gcuidiú leis an ndream a mhaireann
indiu, agus a dhéineann peictiúirí a bhfad
níos fearr ná na cinn atá aca súd. Súlamharc
na mbeó, is mó is déadhnaighe agus is
ionmhuinighne agus is leithe agus is fairsinge
é ná an cheann úd na sean go bhfuil a
thréimhse gheall le caithte.
Christopher Williams.
Ná beireadh éinne leis go héagcórach gur
ag baint ó chlú na sean atáim. Ní theas-
tuigheann uaim acht a rádh go bhfuil ag ealadhn-
tóir de shaghas Christopher Williams, nó
éinne den dream go bhfuil a saothar le
feicsint ar na fallaíbh annso, an teachtaireacht
is oireamhnaighe dhúinne. Ní féidir gach duine
aca a chur ina ionad cheart féin fós; ní
déanfar soin go mbeidh na bliadhnta eile
imthighthe thorainn, agus mise, ar aonchuma,
tar éis stad dem theachtaireacht féin.
Tuigfar as an gcainnt sin cad tá dó
dhéanamh ar son ealadhan agus náisiúntacht
sa Bhreatain. Tá an ealadhain ann; agus
lucht ealadhna, a lán aca. Acht go dtí le
déadhnaighe níor tugadh aon iarracht fhóghanta
ar iad do chur i gcomhcheangal le sprid
náisiúnta. Siné an rud atá dá dhéanamh
anois. Tá iongnadh agus alltacht agus
seirbhthean ar na seóiníní, agus ar lucht na
mórchúise, agus ar lucht an chosmopolitanism,
ar eagla go gcloisfar i Sasana aon chogar
ina thaobh, agus go gcuirfar chun deiridh
“síbhialtacht” na Breatan. Acht áthus agus
lúthgháir atá ar mhuinntir na Breatan fein,
a rádh go rugadh ina measc an oiread soin de
lucht ealadhan, agus a fheabhus atáid sa ghnó.
Is cuma leó cad déarfaidh daoine eile ina
dtaobh; táid ag eirighe láidir ionnta féin
agus ag bailiú nirt; agus tar éis an
tsaoghail, nach don neart do umhluighthear, go
háirithe i Sasana? Do réir mar bheidh ag
filleadh a neart, agus sprid a náisiúntachta
ag dul i méid, is ca bheidh meas ag
cindeadhchaibh eile ortha; agus go mór mór,
méadóghaidh ar urraim Shasana dhóibh.
(tuille.)
Tórna.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11