Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Láimhealadhna sa Bhreatain
Title
Láimhealadhna sa Bhreatain
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Láimhealadhna sa Bhreatain</title><author><name type="main">Tórna</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1914_03_07_02</note> <note type="L">02</note> <note type="B">1914</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1914_03_07_02</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Tórna</author><title>Láimhealadhna sa Bhreatain</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1914</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Láimhealadhna sa Bhreatain.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>An lá fé dheidheadh do seóladh chugham ón</span> <lb n="4"/><span>mBreatain leabhrán beag 'ina bhfuil cur síos</span> <lb n="5"/><span>ar ealadhnaibh na péintéireachta agus an</span> <lb n="6"/><span>dealbhúcháin sa tír sin. Ár gcara is ár</span> <lb n="7"/><span>gcomhbhráthair Mr. T. Matthews ó Llandbie,</span> <lb n="8"/><span>a scríobh é, agus ó thárla go gcuireann</span> <lb n="9"/><span>seisean árdshuim i gcúrsaí na Gaedhilge i</span> <lb n="10"/><span>nÉirinn, ní dóigh loim gur mhaith leis gan a</span> <lb n="11"/><span>fhios do bheith againn cionnus a chabhróchaidís</span> <lb n="12"/><span>na láimhealadhna soin linne, agus cionnus </span> <lb n="13"/><span>mar atáid ag cabhrú le muinntir na </span> <lb n="14"/><span>Breatan.</span></p> <lb n="15"/> <lb n="16"/><p><span>Ná beireadh éinne leis mar thuairim ná </span> <lb n="17"/><span>fuil baint idir láimhealadhna agus náisiúntacht.</span> <lb n="18"/><span>Tá dlúthbhaint eatortha. Féibh mar gurab í</span> <lb n="19"/><span>an teanga dhúthchais a nochtann anam agus</span> <lb n="20"/><span>sprid na náisiúntacht, isiad na láimhealadhna</span> <lb n="21"/><span>a chleachtar i dtír a chuireann deise ar chlódh</span> <lb n="22"/><span>chorpardha a náisiúntachta. Tá an oiread</span> <lb n="23"/><span>baint acasan le náisiúntacht agus atá ag</span> <lb n="24"/><span>déantúisí agus fiche rud eile. Ná bíodh </span> <lb n="25"/><span>aon mhearathal orainn ina thaobhsan. Níor</span> <lb n="26"/><span>mhiste dúinne suim do chur feasta insna</span> <lb n="27"/><span>healadhnaibh sin, agus a seanchus do mheabhrú;</span> <lb n="28"/><span>agus go háirithe a dhéanamh amach cadé an</span> <lb n="29"/><span>bhail atá ortha i dtíorthaibh eile.</span></p> <lb n="30"/> <lb n="31"/><p><span>An Teaspántas.</span></p> <lb n="32"/> <lb n="33"/><p><span>Sa leabhar bheag so an Mhaitiaigh tá a lán</span> <lb n="34"/><span>seanchuis le fagháil ar an dá ealadhain úd i</span> <lb n="35"/><span>gCumraí. Tuairim is bliadhain ó shoin, .i.</span> <lb n="36"/><span>bliadhain san Nodlaig seo ghaibh thórainn, do</span> <lb n="37"/><span>cuireadh ar bun teaspeántas peictiúirí agus</span> <lb n="38"/><span>dealbha sa tScódlainn Náisiúnta, i gCaerdid.</span> <lb n="39"/><span>An dream go raibh cúram an tespeántais </span> <lb n="40"/><span>sin ortha, is dócha nach ar fhoghnamh a thuigeadar</span> <lb n="41"/><span>cionnus mar bheadh an scéal, acht níor</span> <lb n="42"/><span>leigeadar isteach aon pheictiúirí do shaothar</span> <lb n="43"/><span>Breatnach. Peictiúirí ón bhFraingc, nó</span> <lb n="44"/><span>peictiúirí a dhéineadar Frangcaigh do b'eadh</span> <lb n="45"/><span>iad go léir. Tháinig rud fóghanta as soin, do</span> <lb n="46"/><span>déineadh fothrom i dtaobh na neamhshuime a bhí </span> <lb n="47"/><span>dá chur i saothar Breatnach; do cuireadh</span> <lb n="48"/><span>ina gcomhnuidhe lucht an aineóluis, is an</span> <lb n="49"/><span>tsaobhbhreitheamhnuis, agus na Diocad Seon</span> <lb n="50"/><span>Dafydd .i. na Seóiníní. Do múscladh sprid</span> <lb n="51"/><span>náisiúnta insna daoinibh.</span></p> <lb n="52"/> <lb n="53"/><p><span>Seadh. I dtaca na Nodlag so caithte do</span> <lb n="54"/><span>cuireadh ar bun tespeántas eile san áit</span> <lb n="55"/><span>chéadna, agus níor leigeadh isteach ann aon</span> <lb n="56"/><span>pheictiúir ná aon dealbh nár chuid de shaothar</span> <lb n="57"/><span>Bhreatnaigh ó dhúthchais é. D'éirigh go breágh</span> <lb n="58"/><span>leis an dtespeántas soin. Deirtear gur </span> <lb n="59"/><span>thug sé “rude shock” dosna seóiníní agus</span> <lb n="60"/><span>do lucht an tsodair i ndiaidh an iasachta.</span> <lb n="61"/><span>Tuigfear as an méid sin go bhfuil fonn</span> <lb n="62"/><span>láidir ar na daoinibh sa Bhreatain chun</span> <lb n="63"/><span>láimhealadhna náisiúnta a chothú agus do</span> <lb n="64"/><span>bheith aca. Tá an t-airgead ag eirighe</span> <lb n="65"/><span>flúirseach ann. Agus tá fhios ag an saoghal</span> <lb n="66"/><span>an dream go mbíonn an t-airgead aca</span> <lb n="67"/><span>gurab é céadrud a dhéinid siad ná peictiúirí</span> <lb n="68"/><span>agus áilleagáin a cheannach dhóibh féin.</span> <lb n="69"/><span>Maran féidir leó an déantús dúthchais</span> <lb n="70"/><span>dfhagháil ceannóghaidh siad an déantús iasachta.</span></p> <lb n="71"/> <lb n="72"/><p><span>Ag tagairt don cheist sin go léir tá </span> <lb n="73"/><span>caibidil bheag i leabhar an Mhaitiaigh, agus</span> <lb n="74"/><span>bfhéidir nár bhfhearra dhamh rud do dhéanfainn</span> <lb n="75"/><span>ná Gaedhilg a chur air. Mineógha sé an scéal</span> <lb n="76"/><span>abhfad níos feárr ná mar dfhéadfainnse é:</span></p> <lb n="77"/> <lb n="78"/><p><span>Dúthchas na mBreathnach.</span></p> <lb n="79"/> <lb n="80"/><p><span>“Níor tháinig fós riamh ar Chumraí,” ar</span> <lb n="81"/><span>seisean, “aon bhliadhain is feárr tuar chun</span> <lb n="82"/><span>sonuis do láimhealadhna na tíre 'ná bliadhain</span> <lb n="83"/><span>a 1914. Sidí an chéad uair againn, agus</span> <lb n="84"/><span>an chaoi againn ar a n-iarsmaí do bhreithniú,</span> <lb n="85"/><span>i mball áiseamhail; agus tá súil agam ná</span> <lb n="86"/><span>stadfar anois de pheictiúirí ná de dhealbha</span> <lb n="87"/><span>a thespeáint annso i gCaerdid. Ní feidir </span> <lb n="88"/><span>an méid seo a rádh go rómhinic: seo tosach</span> <lb n="89"/><span>againn ar shaoghal nua; mar go bhfaghimíd </span> <lb n="90"/><span>annso iarrachtaí chuid dena Breatnaigh gur</span> <lb n="91"/><span>eirigh leó an mullach is aoirde ar an</span> <lb n="92"/><span>láimhealadhain do bhaint amach; daoine gur </span> <lb n="93"/><span>bhfiú iad a luadh i measc filí agus fear stáit,</span> <lb n="94"/><span>ní hamháin i gCumraí acht ar fuid an domhain.</span> <lb n="95"/><span>Níl aon pheictiúir annso nár bhfiú é chur ar</span> <lb n="96"/><span>tespeáint i n-aonbhall ar domhan — agus bhí </span> <lb n="97"/><span>a chaoi sin ag cuid aca cheana.</span></p> <lb n="98"/> <lb n="99"/><p><span>Havard Tomas.</span></p> <lb n="100"/> <lb n="101"/><p><span>Isé donus an scéil é, amhthach, gur mó an</span> <lb n="102"/><span>t-eolus atá ar shaothar Havard Thomas i</span> <lb n="103"/><span>Johannesburg ná mar atá air i gCaerdid;</span> <lb n="104"/><span>agus gur mó an urraim do gheibheann Tom</span> <lb n="105"/><span>Mostyn i dTuirín agus i Bhenís 'ná mar</span> <lb n="106"/><span>dogheibheann annso; agus gur mó an meas</span> <lb n="107"/><span>atá ar Frank Brangwyn i Munich 'ná i</span> <lb n="108"/><span>nAberhondhú mar ar rugadh a mháthair.</span></p> <lb n="109"/> <lb n="110"/><p><span>Sin cuid d'iarsmaíbh teagasg na saobh'</span> <lb n="111"/><span>mhaighistrí, agus cuid den cham is den díoghbháil</span> <lb n="112"/><span>d'imrid ar Chumraí. Do creideadh a gcainnt</span> <lb n="113"/><span>sin de bhrígh gur measadh iad do bheith go</span> <lb n="114"/><span>heólgasach; bhí céim ó iolsgoil éigin aca,</span> <lb n="115"/><span>agus ar an adhbharsan do bhí fios gach éinnídh</span> <lb n="116"/><span>aca. B'é céaddream do chreid ina</span> <lb n="117"/><span>mbréigtheagascsan ná lucht na daillintinne</span> <lb n="118"/><span>is an tsaidhbhris — agus is beag duine is daille</span> <lb n="119"/><span>'ná an té mhalartuigh a anam ar airgead —</span> <lb n="120"/><span>agus dá dhruim sin i n-áit a gcongnamh do</span> <lb n="121"/><span>chur mar badh cheart, do tugadh do dhaoinibh </span> <lb n="122"/><span>iasachta é.</span></p> <lb n="123"/> <lb n="124"/><p><span>Agus i n-éinfheacht leis an ndream soin</span> <lb n="125"/><span>cuirimís na seóiníní seo a cheapann gurab é</span> <lb n="126"/><span>barra na críonnachta leigean do Chumraí</span> <lb n="127"/><span>fiaradh agus dul as, agus gan iarracht do</span> <lb n="128"/><span>thabhairt ar ionad oireamhnach do bhuadhachtaint</span> <lb n="129"/><span>di i measg cineadhach an domhain. Bíodh gur </span> <lb n="130"/><span>feasach dhamh an cam a dhéinid súd don dream</span> <lb n="131"/><span>le healaidhain atá na mbeathadh fós againn,</span> <lb n="132"/><span>ní mian liom, ina dhiaidhsan is uile, aon </span> <lb n="133"/><span>chainnt rodhian do rádh ina dtaobh. Acht badh</span> <lb n="134"/><span>mhaith liom an cheist seo do chur — Cad chuige</span> <lb n="135"/><span>go gcloistear a leithéidí dá mhaidheamh go</span> <lb n="136"/><span>mbíonn ina seilbh cuid de shaothar Bhreatnaigh</span> <lb n="137"/><span>éigin a fuair bás céad bliadhain ó shoin — agus</span> <lb n="138"/><span>nach feicthear dhóibh a chríonnacht nach fuláir</span> <lb n="139"/><span>do bheith i gcuidiú leis an ndream a mhaireann</span> <lb n="140"/><span>indiu, agus a dhéineann peictiúirí a bhfad</span> <lb n="141"/><span>níos fearr ná na cinn atá aca súd. Súlamharc</span> <lb n="142"/><span>na mbeó, is mó is déadhnaighe agus is</span> <lb n="143"/><span>ionmhuinighne agus is leithe agus is fairsinge</span> <lb n="144"/><span>é ná an cheann úd na sean go bhfuil a</span> <lb n="145"/><span>thréimhse gheall le caithte.</span></p> <lb n="146"/> <lb n="147"/><p><span>Christopher Williams.</span></p> <lb n="148"/> <lb n="149"/><p><span>Ná beireadh éinne leis go héagcórach gur </span> <lb n="150"/><span>ag baint ó chlú na sean atáim. Ní theas-</span> <lb n="151"/><span>tuigheann uaim acht a rádh go bhfuil ag ealadhn-</span> <lb n="152"/><span>tóir de shaghas Christopher Williams, nó</span> <lb n="153"/><span>éinne den dream go bhfuil a saothar le</span> <lb n="154"/><span>feicsint ar na fallaíbh annso, an teachtaireacht</span> <lb n="155"/><span>is oireamhnaighe dhúinne. Ní féidir gach duine</span> <lb n="156"/><span>aca a chur ina ionad cheart féin fós; ní</span> <lb n="157"/><span>déanfar soin go mbeidh na bliadhnta eile</span> <lb n="158"/><span>imthighthe thorainn, agus mise, ar aonchuma,</span> <lb n="159"/><span>tar éis stad dem theachtaireacht féin.</span></p> <lb n="160"/> <lb n="161"/><p><span>Tuigfar as an gcainnt sin cad tá dó</span> <lb n="162"/><span>dhéanamh ar son ealadhan agus náisiúntacht</span> <lb n="163"/><span>sa Bhreatain. Tá an ealadhain ann; agus</span> <lb n="164"/><span>lucht ealadhna, a lán aca. Acht go dtí le</span> <lb n="165"/><span>déadhnaighe níor tugadh aon iarracht fhóghanta</span> <lb n="166"/><span>ar iad do chur i gcomhcheangal le sprid</span> <lb n="167"/><span>náisiúnta. Siné an rud atá dá dhéanamh</span> <lb n="168"/><span>anois. Tá iongnadh agus alltacht agus</span> <lb n="169"/><span>seirbhthean ar na seóiníní, agus ar lucht na</span> <lb n="170"/><span>mórchúise, agus ar lucht an chosmopolitanism,</span> <lb n="171"/><span>ar eagla go gcloisfar i Sasana aon chogar</span> <lb n="172"/><span>ina thaobh, agus go gcuirfar chun deiridh</span> <lb n="173"/><span>“síbhialtacht” na Breatan. Acht áthus agus</span> <lb n="174"/><span>lúthgháir atá ar mhuinntir na Breatan fein,</span> <lb n="175"/><span>a rádh go rugadh ina measc an oiread soin de</span> <lb n="176"/><span>lucht ealadhan, agus a fheabhus atáid sa ghnó.</span> <lb n="177"/><span>Is cuma leó cad déarfaidh daoine eile ina</span> <lb n="178"/><span>dtaobh; táid ag eirighe láidir ionnta féin</span> <lb n="179"/><span>agus ag bailiú nirt; agus tar éis an</span> <lb n="180"/><span>tsaoghail, nach don neart do umhluighthear, go</span> <lb n="181"/><span>háirithe i Sasana? Do réir mar bheidh ag </span> <lb n="182"/><span>filleadh a neart, agus sprid a náisiúntachta</span> <lb n="183"/><span>ag dul i méid, is ca bheidh meas ag</span> <lb n="184"/><span>cindeadhchaibh eile ortha; agus go mór mór,</span> <lb n="185"/><span>méadóghaidh ar urraim Shasana dhóibh.</span></p> <lb n="186"/> <lb n="187"/><p><span>(tuille.)</span></p> <lb n="188"/> <lb n="189"/><p><span>Tórna.</span> <lb n="190"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services