Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Easpog Luimnigh agus Lucht na Gaedhilge
Title
Easpog Luimnigh agus Lucht na Gaedhilge
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Easpog Luimnigh agus Lucht na Gaedhilge. An fíor go luigheann an Creideadh Catoliliceach i nÉirinn ar an Bhórd Náisiúnta agus gur náimhde do'n Chreideamh sinne a bhrisfeadh an Bórd, agus a bhrisfeas é, tá dúil agam? An fíor gur comhartha é gur cuma linn an Creideamh agus ruda fíor-thairbheacha bhaineas leis an anam, má deirmid gur mhaith linn an Bórd a bheith saillte i Sasanaibh. Maiseadh c'an uair a thárla sé gurb é crann seasta an Chreidimh i nÉirinn an Bórd céadna? Níor dubhradh nuair cuireadh ar bun é gur d'aon-ghnó leis an Chreideamh Catoiliceach do chur 'un tosaigh cuireadh ar bun é. Dá ndeirtí sin fein níor bha inchreidte é, óir fuarthas amach ó shoin go raibh athrughadh inntinne ag an dream do cheap é. C'an uair d'athruigh an Bórd no na daoine chuir ar bun é, agus a choimhéadann an bun é? Agus an bhaint atá ag na sagairt agus ag na heaspuig leis na sgoltaibh an amhlaidh go luigheann sí sin ar an Bhórd do bheith ann agus an chumhacht do bheith ag an Bhórd Náisiúntach náisiúntacht na hÉireann do chur ar gcúl? An amhlaidh a mheasann daoine mar Easpog Luimnigh, cuir i gcás, gur measa an rún atá ag Connradh na Gaedhilge go sonnradhach, nó ag muintir na hÉireann i gcoitchionn, don Chreideamh Chatoiliceach ná tá ag an Bhórd Náisiúnta? An amhlaidh a mheasann siad dá mbeadh an chumhacht ag Connradh na Gaedhilge, nó ag muintir na Éireann i gcoitchionn go ndéanadaois na sagairt a chaitheamh as na sgoltaibh agus ciar- thuathal a dhéanamh do'n Chreideamh: agus gurab é an Bórd Náisiúnta (agus Riaghaltas Shasana atá mar chúallacht ag an Bhórd) atá mar sgiath chosainte agus mar chlaidhe dhídinn eadrainn agus an t-ain-chreideamh. Maiseadh go bhfóiridh Dia ar an Chreideamh i nÉirinn dá mbeadh an sgéal amhlaidh. An creideamh a bheadh taobh leis an Bhórd agus le Seán Buidhe bheadh sé ag deireadh na péice. An bhfuil dearmad dhá dhéanamh ar an adhbhar gur cuireadh an múinteachas Gallda ar bun i nÉirinn (1) le huisge fá thalamh a dhéanamh don Chreideamh Chatoiliceach (2) le huisge fá thalamh a dhéanamh do náisiúntacht na hÉireann? Sheas na hEapuig agus na sagairt 'sa' bhearnain roimh an Bhórd dho chosaint an Chreidimh agus d'eirigh leobhtha; chá raibh aon duine le seasamh ar son náisiúntachta ins na sgoltaibh go dtáinig sinne, muintear na Gaedhilge 'un tosaigh, go mall 'sa lá: agus an é go mbeadh na hEaspuig agus na sagairt i n-ar gcoinnibh nó ag gabhail pháirte leis an Bhórd Ghallda. Ní inchreidte é agus ní chreidim é. Bíodh muinighin níos fearr ag na hEaspuig agus na sagairt asta féin agus as a muinntir féin. Ní naimhde do'n chléir nó do'n Chreideamh muintear na Gaedhilge. Ní náimhde dobhtha muintear na hÉireann. Dá meadh cumhacht ag muintir na hÉireann (.i. ag an tsluagh i gcaitchionn) ar na sgoltaibh i mbárach rud a bhéas lá eighinteach, ní chuiridís isteach ar an chléir 'ná ar an Chreideamh. Tá a gcion féin le déamamh ag an chléir insna sgoltaibh agus béidh comh fad is maireann an Creideamh i nÉirinn. Is suarach an rud d'aon easpog nó d'aon sagart a bheith ag maoidheamh gur misde do Chreideamh i nÉirinn an Bórd Náisiúnta do bhriseadh. Ar chuma ar bith brisfear an Bórd tá dúil agam. Má mheasannn aon duine go leigfear do bhórd mar an Bhórd Náisiúnta obair Sheagháin Bhuidhe do dhéanamh 'sa tír seo agus ciar-thuathal do dhéanamh do'n teangain agus do náisiúntacht na hÉireann, aon lá amháin níos fuide ná an chéad lá a mbéidh sé i n-ar gcumas an Bórd sin do bhriseadh, tá sé ghá mhealladh féin. Tá dúil agam nach bhfuil mórán easpog nó sagart i nÉirinn a bhfuil níos mó muinighne aca san Bhórd Náisiúnta ná tá aca i gConnradh na Gaedhilge fá'n Chreideamh ach má thuigim i gceart é, sin tuairim Easpuig Luimnigh. Agus tá dúil agam nach bhfuil mórán easpog nó sagairt i nÉirinn a thaobhfadh le Riaghaltas Shasana leis an Chreideamh do chosaint ins na sgoltaibh, agus nach dtaobhfadh le muintir na hÉireann san chás cheudna. Tá muinntear na hÉireann fá chumaoin do'n chléir ar son na dílseachta is sheasadar san bhearnain i n-aghaigh an Bhúird agus Riaghaltas Shasana ar cheist an Chreidimh. Tá deis ag an chléir cheudna rud tábhachtach eile do dhéanamh do mhuintir na hÉireann fá láthair do chuirfeadh fá chumaoin arís iad .i. an Ghaedhilg do chur ins na sgoltaibh gan bhuidheachas do'n Bhórd nó do'n Riaghaltas. Tá tuairim láidir agam go bhfuil sé in a gcumas sin do dhéanamh má chuireann siad chuige. Agus cá ar son nach gcuirfeadh? Nár bhfearrde dóbhtha agus do'n Chreideamh atá fá n-a chúram Éire bheith Gaedhealach, Éire bheith neamhspleadhach, Éire bheith 'na náisiún? Bíodh muinighin aca asta féin agus as a gCreideamh, agus as a muintir dhílis féin. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services