Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Easpog Luimnigh agus Lucht na Gaedhilge

Title
Easpog Luimnigh agus Lucht na Gaedhilge
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Easpog Luimnigh agus Lucht na Gaedhilge.



An fíor go luigheann an Creideadh Catoliliceach i nÉirinn ar an Bhórd
Náisiúnta agus gur náimhde do'n Chreideamh sinne a bhrisfeadh an Bórd, agus a
bhrisfeas é, tá dúil agam? An fíor gur comhartha é gur cuma linn an Creideamh
agus ruda fíor-thairbheacha bhaineas leis an anam, má deirmid gur mhaith linn an
Bórd a bheith saillte i Sasanaibh. Maiseadh c'an uair a thárla sé gurb é crann seasta
an Chreidimh i nÉirinn an Bórd céadna? Níor dubhradh nuair cuireadh ar bun é
gur d'aon-ghnó leis an Chreideamh Catoiliceach do chur 'un tosaigh cuireadh ar bun
é. Dá ndeirtí sin fein níor bha inchreidte é, óir fuarthas amach ó shoin go raibh
athrughadh inntinne ag an dream do cheap é. C'an uair d'athruigh an Bórd no
na daoine chuir ar bun é, agus a choimhéadann an bun é? Agus an bhaint atá
ag na sagairt agus ag na heaspuig leis na sgoltaibh an amhlaidh go luigheann
sí sin ar an Bhórd do bheith ann agus an chumhacht do bheith ag an Bhórd Náisiúntach
náisiúntacht na hÉireann do chur ar gcúl? An amhlaidh a mheasann daoine mar
Easpog Luimnigh, cuir i gcás, gur measa an rún atá ag Connradh na Gaedhilge
go sonnradhach, nó ag muintir na hÉireann i gcoitchionn, don Chreideamh
Chatoiliceach ná tá ag an Bhórd Náisiúnta? An amhlaidh a mheasann siad dá
mbeadh an chumhacht ag Connradh na Gaedhilge, nó ag muintir na Éireann i
gcoitchionn go ndéanadaois na sagairt a chaitheamh as na sgoltaibh agus ciar-
thuathal a dhéanamh do'n Chreideamh: agus gurab é an Bórd Náisiúnta (agus
Riaghaltas Shasana atá mar chúallacht ag an Bhórd) atá mar sgiath chosainte agus
mar chlaidhe dhídinn eadrainn agus an t-ain-chreideamh. Maiseadh go bhfóiridh Dia
ar an Chreideamh i nÉirinn dá mbeadh an sgéal amhlaidh. An creideamh a bheadh
taobh leis an Bhórd agus le Seán Buidhe bheadh sé ag deireadh na péice.



An bhfuil dearmad dhá dhéanamh ar an adhbhar gur cuireadh an múinteachas
Gallda ar bun i nÉirinn (1) le huisge fá thalamh a dhéanamh don Chreideamh
Chatoiliceach (2) le huisge fá thalamh a dhéanamh do náisiúntacht na hÉireann?
Sheas na hEapuig agus na sagairt 'sa' bhearnain roimh an Bhórd dho chosaint an
Chreidimh agus d'eirigh leobhtha; chá raibh aon duine le seasamh ar son náisiúntachta
ins na sgoltaibh go dtáinig sinne, muintear na Gaedhilge 'un tosaigh, go mall 'sa
lá: agus an é go mbeadh na hEaspuig agus na sagairt i n-ar gcoinnibh nó ag
gabhail pháirte leis an Bhórd Ghallda. Ní inchreidte é agus ní chreidim é.



Bíodh muinighin níos fearr ag na hEaspuig agus na sagairt asta féin agus
as a muinntir féin. Ní naimhde do'n chléir nó do'n Chreideamh muintear na
Gaedhilge. Ní náimhde dobhtha muintear na hÉireann. Dá meadh cumhacht ag
muintir na hÉireann (.i. ag an tsluagh i gcaitchionn) ar na sgoltaibh i mbárach
rud a bhéas lá eighinteach, ní chuiridís isteach ar an chléir 'ná ar an Chreideamh. Tá
a gcion féin le déamamh ag an chléir insna sgoltaibh agus béidh comh fad is
maireann an Creideamh i nÉirinn. Is suarach an rud d'aon easpog nó d'aon
sagart a bheith ag maoidheamh gur misde do Chreideamh i nÉirinn an Bórd
Náisiúnta do bhriseadh. Ar chuma ar bith brisfear an Bórd tá dúil agam. Má
mheasannn aon duine go leigfear do bhórd mar an Bhórd Náisiúnta obair Sheagháin
Bhuidhe do dhéanamh 'sa tír seo agus ciar-thuathal do dhéanamh do'n teangain agus
do náisiúntacht na hÉireann, aon lá amháin níos fuide ná an chéad lá a mbéidh sé
i n-ar gcumas an Bórd sin do bhriseadh, tá sé ghá mhealladh féin.



Tá dúil agam nach bhfuil mórán easpog nó sagart i nÉirinn a bhfuil níos
mó muinighne aca san Bhórd Náisiúnta ná tá aca i gConnradh na Gaedhilge fá'n
Chreideamh ach má thuigim i gceart é, sin tuairim Easpuig Luimnigh. Agus tá
dúil agam nach bhfuil mórán easpog nó sagairt i nÉirinn a thaobhfadh le Riaghaltas
Shasana leis an Chreideamh do chosaint ins na sgoltaibh, agus nach dtaobhfadh le
muintir na hÉireann san chás cheudna.



Tá muinntear na hÉireann fá chumaoin do'n chléir ar son na dílseachta is
sheasadar san bhearnain i n-aghaigh an Bhúird agus Riaghaltas Shasana ar cheist an
Chreidimh. Tá deis ag an chléir cheudna rud tábhachtach eile do dhéanamh do mhuintir
na hÉireann fá láthair do chuirfeadh fá chumaoin arís iad .i. an Ghaedhilg do chur
ins na sgoltaibh gan bhuidheachas do'n Bhórd nó do'n Riaghaltas. Tá tuairim
láidir agam go bhfuil sé in a gcumas sin do dhéanamh má chuireann siad chuige.
Agus cá ar son nach gcuirfeadh? Nár bhfearrde dóbhtha agus do'n Chreideamh
atá fá n-a chúram Éire bheith Gaedhealach, Éire bheith neamhspleadhach, Éire bheith
'na náisiún? Bíodh muinighin aca asta féin agus as a gCreideamh, agus as a
muintir dhílis féin.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services