Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aithris ar na Sasanaigh
Title
Aithris ar na Sasanaigh
Author(s)
Ó Domhnaill, Liam,
Composition Date
1914
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aithris ar na Sasanaigh. Sílim gurab é is indéanta againn indiu Gaedhealachas do neartú i nÉirinn. Is eagal liom muintear na hÉireann do bheith bréan den bhfocal soin “Connradh” toisg a mhinichídhe a gairmthar “Connradh” d'il-iomad cumann atá ar bun sa tír aoibhinn seo. Ní gádh dhom “League” thar “League” eile do luadhadh. Táid siad ann go farsing; agus is beag duine i nÉirinn nár chaith tréimhse, fada nó gearr, fé bhrat connartha éigin - fiú claoidhe le hobair ná fuil buan; agus mar sin de ní fiú claoidhe le gluaiseacht ar bith ná baineann go dlúth le gach duine sa tír, le n-a mhuintir roimhe agus leis an sliocht a thiocfadh i n-a dhiaidh. Is léir go bhfuil daoine i nÉirinn gur dóigh leo Connradh na Gaedhilge do bheith neamh-bhuan. Tá siad-san fé smacht an fhocail (.i. “Conradh”); óir is iomdha connradh do cuireadh ar bun agus nuair do bhí a ghnó déanta do sgaipeadh é ar nós an cheoigh. Ar an adhbhar soin d'iarrfainn ar mhuintir Chonnartha na Gaedhilge Gaedhealachas do neartú agus gan bheith ghá shíor-rádh leis na daoine “Tar isteach i gConnradh na Gaedhilge.” Cuirimís i ngéill dóibh - gan ainm an Chonnartha do luadhadh - an laige atá tagtha ar Éirinn toisg go ndeárna Gaedhil dia bréige den Ghall-teangain. Tiocfaidh daoine os do chomhair adéarfas leat gur leór dóibh na neithe a shásuigheann “an domhan mór.” Do hoileadh agus do tógadh na daoine sin i mBéarla na Sagsan agus dar leo níl sa domhan mór acht Sasanna agus táid siad ghá sású féin le haithris a dhéanamh ar na neithibh a shásuigheann Sasanna indiu. Dá léigheadh na daoine sin Seanachas Shasana - agus do mbeadh tuigsint acu ann - ba léir dóibh go ndeárna na Sasanaigh i dtráth na neithe a mholann lucht na Gaedhilge dúinn a dhéanamh indiu. Do chuir na Sasannaigh an Fhrainncís Ghallda uatha cé go raibh seilbh ar rannaibh móra den bhFrainnc acu. Do baineadh an tseilbh sin díobh agus do chromadar ar Shasann do neartú; agus as an neartú soin do ghabhadar seilbh ar rannaibh móra den domhan - ar Éirinn chomh maith le háiteannaibh eile - agus do chuireadar a dteanga dúthchais dá labhairt is gach aon áit i n-a ndeachadar. Cad na thaobh ná déanaimíd-ne aithris cheart ar na Sasanaigh, má's mian linn aithris a dhéanamh ortha? Innstear dúinn go ndéinidh daoine fiadhaine na hAifrice aithris ar na Sasannaigh. Is eol dóibh comhacht na Sasannach agus a neart chun riaghaluighthe; acht dála daoine fiadhaine déinid aithris go leamh. Caithid hataí síoda gan éadach ar a gcolainn agus leath-spor ar sháil gan bhróg! Acht an bhfuil muintear na hÉireann pioc níos ciallmhaire? Ní chomhnuighid a dteanga dhúthchais. Déinid aithris ar leimhe na Sasanach agus má táimíd gan na hataí síoda agus an leath-spor ní dhéanaimíd na neithe atá ag dul chun sochair d'Éirinn. Is éigean an méid sin do thuigsint agus do theagasg agus nuair a bheidh an teagasg soin i bhfeidhm ar aigne Gaedheal ní bheidh gádh ar bith le “Connradh” dá fheabhas. Isé cúis gur chuireas síos ar na neithibh sin romham go dtárla caint idir mé agus duine do bhí ag cáineadh na hIolsgoile nua toisg Gaedhealg do bheith éigeantach ar dhaoine tráth théidhean siad isteach innte. “Féach,” ar seisean, “bheadh i bhfad Éireann níos mó daoine ag iarraaidh dul isteach san Iolsgoil nua muna mbeadh an Ghaedhealg a bheith éigeantach. Caidé an mhaitheas dóibh an Ghaedhealg soin nuair fhágfaid siad Éire? Nár chóir go mbeimís-ne sásta leis na neithibh a shásuigheann an domhan mór? Isí mo chomhairle dhaoibh, ar seisean, rogha gach maitheasa atá sa domhan do ghlacadh chugaibh gan bheith ag iarraidh Éire do chur ar gcúl agus d'fhágáil is na haoiseannaibh dorcha.” Tá tuairim an ghiolla soin ag a lán Gaedheal indiu agus do dtí go gcuiridh siad an tuairim sin díobh ní bheidh acu acht hataí síoda agus leath-spor na ndaoine fiadhaine atá i nAifric. Tuigid Gaedhil an Chonnartha nach é is ciall d'oideachas na hÉireann Éireannaigh do mhúineadh ar nós go h-oirfidís do mhuintir Borneo agus India agus America agus na háiteanna eile i n-a dtéidhid Éireannaigh na haimsire seo chun Béarla na Sagsan do leathnú. Más's daoine sinn atá múchta i n-ain-eolas agus i neamh-thuigsint féin tá de cheart againn pé oideachas atá le fághail i nÉirinn do dhiúltú do dhaoine atá ullamh chun na tíre do thréigint nuair a bheidh pé creach agus éadáil atá le fághail i nÉirinn i n-a seilbh acu. Nuair a thiocfaid an t-am - agus b'fhéidir le Dia go dtiocfadh go luath - i n-a mbeadh oideachas na hÉireann fé chúram Riaghaltas na hÉireann, beidh atharú iomlán ar an sgeal. Má's rud go ndéanfaidh Riaghaltas na hÉireann de chomhairle roinnt de na hÉireannaigh d'ulllamhú le n-a gcur thar sáile creidim go ndéanfid siad ar an gcuma so é. Ní bheidh ionnta acht lucht déirce daoine atá ag fagháil sochair agus gan aon ní do thabhairt thar n-ais don tír a chothuigh iad - acht b'fhéidir mallacht an bhacaigh do gheibheann rud beag níos lugha 'ná mar bhí se ag súil leis. Ó tharla gur mór an chontabhairt agus an droch-shompla do na daoine creideamhnacha an lucht déirce seo ní thabharfar sgoluidheacht i nÉireann dóibh. Cuirfar anonn go hárdsgoil éigin i Sasanna iad, áit nach mbeidh ar a gcumas muintir na hÉireann do chur amú leis an teagasg suarach a bhíonn de ghnáth i mbéalaibh daoine gurab é a gcéard an déirc. Mar sin de isé an rud is feidhmeamhla atá le deanamh ag lucht na Gaedhilge indiu neart na Gaedhilge chun Éire do chosnamh ar Ghallaibh agus ar dhroch-Éireannaigh do chur i gcéill do na daoine go bhfuil comhacht agus tuigsint acu. Ní leor do mhuintir na Gaedhilge fanamhaint taobh istigh de cheithre fallaí na gcraobh. Is éigeann dóibh dul amach imeasg na gCumann eile agus cuspóirí Chonnartha na Gaedhilge do theagasg ins gach áit a mbíonn daoine. Agus féach, is bocht an gnó teagasg an Chonnartha do thabhairt do daoine ná fuil de neart aigne ná de chomhacht acu cuspóirí an Chonnartha do chur i bhfeidhm. “Tagann gach comhacht ó Dhia,” arsa Naomh Pól. Mar sin de, bímís-ne páirteach sa chomhacht. Bímís-ne ins na háiteannaibh i n-a bhfuil an chomhacht a chuirfidh an Gaedhealachas chun chinn. Tá obair romhainn. Go dtí so is beag tairbhthe don Ghaedhilg do bhí i nguth Ghaedhil. Ní mar sin a bheidh. Ní fada anois go mbeidh Riaghaltas Éireann freagarthach do mhuintir na hÉireann. Bímís-ne gár n-ullamhú féin le haghaidh an lae sin innus go mbeidh de chomhacht againn Riaghaltas na hÉireann do dhéanamh freagarthach do lucht na Gaedhilge. Má tá Connradh na Gaedhilge go ciúin san aimsir seo níl ann acht muintear na hÉireann do bheith i n-a gcodladh. Nuair a thosnóchaidh carbad an Chonnartha ar bheith ag gluaiseacht sa cheart arís is iomdha cuileóg a ghreamóchas de. Liam Ó Domhnaill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services