Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Aithris ar na Sasanaigh

Teideal
Aithris ar na Sasanaigh
Údar
Ó Domhnaill, Liam,
Dáta cumtha
1914
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Aithris ar na Sasanaigh.



Sílim gurab é is indéanta againn indiu Gaedhealachas do neartú i
nÉirinn. Is eagal liom muintear na hÉireann do bheith bréan den bhfocal
soin “Connradh” toisg a mhinichídhe a gairmthar “Connradh” d'il-iomad
cumann atá ar bun sa tír aoibhinn seo. Ní gádh dhom “League” thar
“League” eile do luadhadh. Táid siad ann go farsing; agus is beag
duine i nÉirinn nár chaith tréimhse, fada nó gearr, fé bhrat connartha éigin -
fiú claoidhe le hobair ná fuil buan; agus mar sin de ní fiú claoidhe le
gluaiseacht ar bith ná baineann go dlúth le gach duine sa tír, le n-a mhuintir
roimhe agus leis an sliocht a thiocfadh i n-a dhiaidh. Is léir go bhfuil daoine i
nÉirinn gur dóigh leo Connradh na Gaedhilge do bheith neamh-bhuan. Tá
siad-san fé smacht an fhocail (.i. “Conradh”); óir is iomdha connradh do
cuireadh ar bun agus nuair do bhí a ghnó déanta do sgaipeadh é ar nós an
cheoigh. Ar an adhbhar soin d'iarrfainn ar mhuintir Chonnartha na Gaedhilge
Gaedhealachas do neartú agus gan bheith ghá shíor-rádh leis na daoine “Tar
isteach i gConnradh na Gaedhilge.” Cuirimís i ngéill dóibh - gan ainm an
Chonnartha do luadhadh - an laige atá tagtha ar Éirinn toisg go ndeárna Gaedhil
dia bréige den Ghall-teangain. Tiocfaidh daoine os do chomhair adéarfas
leat gur leór dóibh na neithe a shásuigheann “an domhan mór.” Do hoileadh
agus do tógadh na daoine sin i mBéarla na Sagsan agus dar leo níl sa
domhan mór acht Sasanna agus táid siad ghá sású féin le haithris a dhéanamh
ar na neithibh a shásuigheann Sasanna indiu. Dá léigheadh na daoine sin
Seanachas Shasana - agus do mbeadh tuigsint acu ann - ba léir dóibh go
ndeárna na Sasanaigh i dtráth na neithe a mholann lucht na Gaedhilge dúinn
a dhéanamh indiu. Do chuir na Sasannaigh an Fhrainncís Ghallda uatha cé go
raibh seilbh ar rannaibh móra den bhFrainnc acu. Do baineadh an tseilbh sin
díobh agus do chromadar ar Shasann do neartú; agus as an neartú soin
do ghabhadar seilbh ar rannaibh móra den domhan - ar Éirinn chomh maith le
háiteannaibh eile - agus do chuireadar a dteanga dúthchais dá labhairt is gach
aon áit i n-a ndeachadar. Cad na thaobh ná déanaimíd-ne aithris cheart ar na
Sasanaigh, má's mian linn aithris a dhéanamh ortha? Innstear dúinn go
ndéinidh daoine fiadhaine na hAifrice aithris ar na Sasannaigh. Is eol dóibh
comhacht na Sasannach agus a neart chun riaghaluighthe; acht dála daoine
fiadhaine déinid aithris go leamh. Caithid hataí síoda gan éadach ar a
gcolainn agus leath-spor ar sháil gan bhróg! Acht an bhfuil muintear na
hÉireann pioc níos ciallmhaire? Ní chomhnuighid a dteanga dhúthchais. Déinid
aithris ar leimhe na Sasanach agus má táimíd gan na hataí síoda agus an
leath-spor ní dhéanaimíd na neithe atá ag dul chun sochair d'Éirinn. Is
éigean an méid sin do thuigsint agus do theagasg agus nuair a bheidh an
teagasg soin i bhfeidhm ar aigne Gaedheal ní bheidh gádh ar bith le “Connradh”
dá fheabhas. Isé cúis gur chuireas síos ar na neithibh sin romham go dtárla
caint idir mé agus duine do bhí ag cáineadh na hIolsgoile nua toisg
Gaedhealg do bheith éigeantach ar dhaoine tráth théidhean siad isteach innte.
“Féach,” ar seisean, “bheadh i bhfad Éireann níos mó daoine ag iarraaidh dul
isteach san Iolsgoil nua muna mbeadh an Ghaedhealg a bheith éigeantach.
Caidé an mhaitheas dóibh an Ghaedhealg soin nuair fhágfaid siad Éire? Nár
chóir go mbeimís-ne sásta leis na neithibh a shásuigheann an domhan mór? Isí
mo chomhairle dhaoibh, ar seisean, rogha gach maitheasa atá sa domhan do
ghlacadh chugaibh gan bheith ag iarraidh Éire do chur ar gcúl agus d'fhágáil is
na haoiseannaibh dorcha.”



Tá tuairim an ghiolla soin ag a lán Gaedheal indiu agus do dtí go
gcuiridh siad an tuairim sin díobh ní bheidh acu acht hataí síoda agus leath-spor
na ndaoine fiadhaine atá i nAifric. Tuigid Gaedhil an Chonnartha nach é is
ciall d'oideachas na hÉireann Éireannaigh do mhúineadh ar nós go h-oirfidís
do mhuintir Borneo agus India agus America agus na háiteanna eile i
n-a dtéidhid Éireannaigh na haimsire seo chun Béarla na Sagsan do leathnú.
Más's daoine sinn atá múchta i n-ain-eolas agus i neamh-thuigsint féin tá de
cheart againn pé oideachas atá le fághail i nÉirinn do dhiúltú do dhaoine atá
ullamh chun na tíre do thréigint nuair a bheidh pé creach agus éadáil atá le
fághail i nÉirinn i n-a seilbh acu. Nuair a thiocfaid an t-am - agus b'fhéidir
le Dia go dtiocfadh go luath - i n-a mbeadh oideachas na hÉireann fé chúram
Riaghaltas na hÉireann, beidh atharú iomlán ar an sgeal. Má's rud go
ndéanfaidh Riaghaltas na hÉireann de chomhairle roinnt de na hÉireannaigh
d'ulllamhú le n-a gcur thar sáile creidim go ndéanfid siad ar an gcuma
so é. Ní bheidh ionnta acht lucht déirce daoine atá ag fagháil sochair agus
gan aon ní do thabhairt thar n-ais don tír a chothuigh iad - acht b'fhéidir mallacht
an bhacaigh do gheibheann rud beag níos lugha 'ná mar bhí se ag súil leis.
Ó tharla gur mór an chontabhairt agus an droch-shompla do na daoine
creideamhnacha an lucht déirce seo ní thabharfar sgoluidheacht i nÉireann dóibh.
Cuirfar anonn go hárdsgoil éigin i Sasanna iad, áit nach mbeidh ar a
gcumas muintir na hÉireann do chur amú leis an teagasg suarach a bhíonn
de ghnáth i mbéalaibh daoine gurab é a gcéard an déirc.



Mar sin de isé an rud is feidhmeamhla atá le deanamh ag lucht na
Gaedhilge indiu neart na Gaedhilge chun Éire do chosnamh ar Ghallaibh agus
ar dhroch-Éireannaigh do chur i gcéill do na daoine go bhfuil comhacht agus
tuigsint acu. Ní leor do mhuintir na Gaedhilge fanamhaint taobh istigh de
cheithre fallaí na gcraobh. Is éigeann dóibh dul amach imeasg na gCumann
eile agus cuspóirí Chonnartha na Gaedhilge do theagasg ins gach áit a mbíonn
daoine. Agus féach, is bocht an gnó teagasg an Chonnartha do thabhairt do
daoine ná fuil de neart aigne ná de chomhacht acu cuspóirí an Chonnartha
do chur i bhfeidhm. “Tagann gach comhacht ó Dhia,” arsa Naomh Pól. Mar
sin de, bímís-ne páirteach sa chomhacht. Bímís-ne ins na háiteannaibh i n-a
bhfuil an chomhacht a chuirfidh an Gaedhealachas chun chinn. Tá obair romhainn.
Go dtí so is beag tairbhthe don Ghaedhilg do bhí i nguth Ghaedhil. Ní mar sin
a bheidh. Ní fada anois go mbeidh Riaghaltas Éireann freagarthach do mhuintir
na hÉireann. Bímís-ne gár n-ullamhú féin le haghaidh an lae sin innus go
mbeidh de chomhacht againn Riaghaltas na hÉireann do dhéanamh freagarthach
do lucht na Gaedhilge. Má tá Connradh na Gaedhilge go ciúin san aimsir
seo níl ann acht muintear na hÉireann do bheith i n-a gcodladh. Nuair
a thosnóchaidh carbad an Chonnartha ar bheith ag gluaiseacht sa cheart arís is
iomdha cuileóg a ghreamóchas de.



Liam Ó Domhnaill.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services