Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-fhocla II
Title
Sean-fhocla II
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sean-fhocla. II. “Cibé cé théid as nó nach dtéid as, is annamh théid fear an eadarsgain as.” Chuaidh mé féin agus Toirdhealbhach Mór agus dhá thurcail linn siar cois-fhairrge fá dhéin dhá lasd sgadán. Chualamar go raibh gabhail sgadán ann fa'n chladach siar agus bhíodh nó i n-áit s'againne nuair thigeadh na sgadáin isteach go dtéidheadh na feir- meóirí a raibh beitheadhach is turcail aca siar fá choinne lasda sgadán. Cuid aca déineadaois na sgadáin go shailleadh agus iad bheith mar annlann leis na préataí rith na bliadhna: cuid eile aca théididís thart thimchioll ameasg na gcomhursan leis an lasd sgadán agus dhíoladaois doisín leis an té seo agus leath-dhoisín leis an té eile go mbeadh an t-iomlán díolta. Corr-uair dhéanadaois tuarastal maith ar a gcuid saothair agus ar uairibh cha ndéanadaois mórán. Nuair d'eirigheadh leobhtha is minic théighidís ar ais fá choinne lasda eile agus mar sin go n-imthimthigheadh na sgadáin agus go stadtaoi de'n iasgaireacht. Chá raibh mise ar an turas úd ariamh aroimhe, ach bhí sean-eolas ag Toirdhealbhach ar an ghnó. Tháinig sé toigh s'againne agus an gháir áthais leis go raibh na sgadáin ar an chaladh agus na hiasgairí ag breith ortha go tiugh agus budh mhaith leis cuideachta bheith aige ag gabhail siar. Chá raibh mórán le déanamh againne fá'n am sin agus níor mhisde le mo mháthair dornán sgadán do bheith aici le haghaidh an gheimhridh, mar bhí an teaghlach mór agus dúil ag gach duine aca i sgadán mhaith le n-a gcuid préataí. Mar sin tugadh cead damhsa capall do chur faoi thurcail agus imtheacht siar le Toirdhealbhach fá dhéin na sgadán. Bhí luthgháir mhór ormsa, ar ndóighe, óir bhínn tuirseach sa bhaile, agus b'fhearr liom ar shiubhal corr-uair mar is gnáthas do'n óige. Bhí an bealach fada leath-tromach mar chaithimís siubhal de shiubhal oidhche. Ba chuma liom; 'tchífinn ruda agus chluinfinn ruda agus bheadh spórt agam. Ba mhaith an chuideachta Toirdhealbhach fosda. Bhí croidhe éadtrom óigeánta aige. Mheas daoine críonna go riabh sé ro-éadtrom agus nach raibh ciall nó stuaim nó gliocas ann mar ba cheart. B'éidir go raibh an ceart aca ach b'amhlaidh a b'fhearrr a thaitin sé liomsa. Bhí sé deich mbliadhna ní ba shine ná mise ach bhí an chiall cheudna aige is bhí agam féin; déarfainn go raibh sé níos óigeánta agus níos aigeanta na mise. D'fhágamar an baile go luath ar maidin i mí na Samhna agus thiomáineamar linn thar na sléibhte atá eadar barr Ghleannsúiligh agus na Rosaigh. Chuadhmar thar Mín a' Chapaill-Chaoich, thar Mín na Con, thar Mín-an- Fhir-Ruaidh thar an Cheann-Gharbh agus isteach go Fionntún. Stopamar ag teach ósda ann sin go bhfuaramar beagan bídh agus dighe dúinn féin agus do na beitheadhaigh. D'fhágamar an ugham ortha agus chá rabhamar abhfad á gcur faoi na turcala arís agus sheolamar linn go dtí an Dubhcoradh. Fuaramar rud le hól annsin agus ar shiubhal linn arís. B'fhada roighin ar dtriall imeasg na bportach ó sin siar agus bhí an oidhche orainn anuas. Tá an ród ag snigh anonn agus anall imeasg na móinteach ar nós go measfá an té cheap iad go raibh fonn air ceapadóire- eacht Cheilteach do dhéanamh asta. B'annamh chasadh teach orainn agus b'annamh chasadh duine orainn. B'uaigneach an turas é, agus gan tuaim le cluinstín ach na héanacha fiadhaine ag scréachadh ameasg na bportach. Deirtear gur fada an ród nach mbíonn casadh ann; ach b'fhada an ród sin agus b'iomdha casadh do bhí ann. Ach mar sin féin rangamar deireadh ar gcúrsa. Bhuaileamar isteach san Chlochán Liath sul a raibh mórán de'n oidhche caithte. Níorbh é sin deireadh ar gcúrsa i gceart. Thuigeamar go gcaitheamaois gabhail níos fuide siar go hAlt a Chorráin, nó go Ceann Caslach fá dhéin na sgadán. Ach hinnseadh dúinn i gClochán Liath nach raibh na sgadáin le fághail. Bhí níos mó cainnte ortha 'ná bhí de sgadáin ann. Tháinig beagan ar dtús agus mheas gach uile dhuine go raibh an sguaine mhór chuca. D'eirigh na hiasgairí amach in a mbádaibh agus a gcuid eangach gléasta. Fuair siad roinnt sgadán agus d'eirigh an ráflaí aca dhá ghabhail. Tháinig lucht a gceannachta as gach uile áit. Annsin stad na sgadáin dhe theacht; nó thigidís go tanaidhe. Bhí na hiasgairí ag gabhail dóbhtha de oidhche ach thigidís isteach ar maidin gan na báid do bheith lán agus an méid so bhíodh aca bhíodh na ceannuidhthe ag troid is a ciapáil fá dtaoibh daoibhthe agus dá luach ortha. Ar an ádhbhar sin dubhradh linn nach raibh aon mhaith dúinn gabhail níos fuide an oidhche sin, ach moladh dúinn furacht cúpla lá mar dubhairt na daoine is fearr eolas ar imtheacht- aibh na sgadán go dtiocadaois isteach go trom sul abhfad. Ghlacamar leis an chomhairle sin agus chuireamar fúinn i dtigh tabhairne sa Chlochán Liath le fanacht go maidin. Go dearbhtha cha raibh fonn orainn gabhail ní b'fhuide. Bhí tuirse go leor ar ar gcnámhaibh agus ar ar mballaibh, siúd is nach dearnamar mórán coisidheachta i rith an lae. Chan socarach an rud suidhe ar thurcail ar feadh deich n-uair an chluig lá gheimhridh. Ach nuair do chuireamar na beithadhaigh isteach agus fuaramar féin cupa tae agus shuidheamar síos cois na teineadh dho sheanchus, tháinig aoibh níos fearr orainn araon. D'ól Toirdhealbhach cúpla gloine uisgebeatha agus d'eirigh a mheisneach agus a mheanma dá réir. Chuidigh fear an toighe leis san ólachán (mar nach raibh mise ag blasadh biotáilte agus theas- tuigh comhluadar éighinteach uaidh ná go mbeadh sé náiriste dá n-ólfadh sé leis féin), agus bhí cuma ar an duine mhaith sin nár bhé sin an chéad uair d'ól sé bolgam an lá sin. Mheas mé féin go dearbhtha go raibh sé ar meisge agus bhí mé cinnte dhé sul a raibh an oidhche caithte. Chár fhanamar ró-fhada 'nar suidhe. Bhí ciall ag Toirdhealbhach gan a dhul ró-fhada leis an ólachán agus mar dubhairt mé cheana, bhí rursa ar an bheirt againn. Tugadh leabaidh dúinn i seomra bheag ós cionn na cisteannaighe, agus chuadhmar do luighe. Char bhfada dúinn 'nar luighe nuair thuiteamar 'nar gcodladh. Ní'l fhios agam cá fhad a bhí sinn in ar gcodladh nuair músgladh sinn go tobann, bhí racán éighinteach ar cois fúinn ins an chistineach. D'éisteamar. Níor bhfada gur thuig muid an sgeal. Bhí bruigheann ar bun eadar fhear an toighe agus a mhnaoi; bhí séisean ar na stealltrachaibh ar meisge agus ise b'fhéidir gan a bheith saor. Ar sgor ar bith bhí sí ag tabhairt an droich-theangadh aisti go tiugh agus éisean 'gá freagairt mar a d'fheud sé. Anois agus arís bhriseadh a fhoighid airsean agus bhéaradh sé iarraidh uithi le n-a cnagadh, d'imthigheadh sise uaidh, agus b'fhéidir go dtuiteadh sé thar chathair nó stól nó tábla agus mheasfeá go raibh a leath dhá raibh sa toigh briste aca. Ruaig de'n tseort sin do mhusgail as ar godladh sinn. Nuair a mhoithigheamar goidé bhí ar cois chá raibh ann ach greann agus adhbhar magaidh dúinn, agus chuaidh an pléidhe ar aghaidh ar an chuma sin ar feadh tamaill. I gcionn an ama sin thug sí droch íde ar fad dó leis an teangaidh. Dhírigh séisean uirthi agus d'eirigh an racán arís. Má tá is cosmhail go bhfuair sé greim uirthi an iarraidh sin mar leig sí sgread agus míle murdar aisti. Bhí carabúna shíos ar feadh tamaill eile agus leig sí ollglóir aisti arís. Mhoithigheamar an bualadh agus an basgadh agus tuaim an mhaide bhriste i láimh duine aca. Sgread sise go millteanach annsin agus sgairt ar cabhair i n-ainm Dé ná go raibh sé ghá marbhadh. D'eirigh Toirdhealbhach de phreib as an leabaidh. “Tá sé ghá marbhadh!” ar séisean. Níor meas mise go raibh agus dubhairt mé sin “Ná bac iad,” arsa mise “tá an bheirt aca ar meisge.” Luigh sé siar ina leabaidh arís. Shocruigh an callán shíos beagán. Thoisigh an bhean arís leis an bháirseal agus agus droch-chainnt. D'fhulaing an fear tamall agus annsin thoisigh sé 'ghá freagairt, rud do ba amaideach dó. Annsin d'eirigh an breilsge arís agu leig an bhean sgread millteanach aisti. “A fhearra shuas!” adubhairt sí “goidé'n seort daoine meathta sibh agus a rádh go leigfeadh sibh do dhamantar fir mé mharbhadh annseo.” Léim Toirdhealbhach amach as an leabaidh arís; tharraing sé air a chuid éadaigh agus siúd síos na staighre é. Tar éis tamaill lean mise é. Chá raibh solus ró-mhaith shíos. Chá raibh de sholus ann ach an méid a tháinig ó ghríosach beag teineadh do bhí ar an teallach. Nuair chuaidh Toirdhealbhach síos fuair sé fear a' toighe ag greadadh ar a mhnaoi agus maide briste in a láimh aige. Rug Toirdhealbhach ar an mhaide briste ar an chéad iarraidh ach char leigeadh suas leis é. Sgaol an duine a ghreim de'n mhnaoi agus chas ar Thoirdhealbhach. Ní fada go raibh sé istigh i gcúinne ag Toirdhealbhach agus carsan air leis an fháisgeadh do bhí Toirdhealbhach ag tabhairt dó. “Ná tacht é, a dhuine mhaith!” arsa an bhean. B'éidir nár chuala Tordhealbhach í, ach ar sgor ar bith, chá dtug sé áird uirthi. Thóg sí seanstól do bhí cois na teineadh agus bhuail trasna a chinn é. Sgaoil sé a ghreim de'n fhear agus thionntuigh thart. Bhuail an fear é leis an maide briste. Rug sé ar an mhaide briste arís agus thoisigh siad dhá streachailt. Go díreach nuair do chuir mise mo cheann isteach 'sa chistineach chonnaic mé an bhean ag bualadh Thoirdhealbhaigh arís leis an stól. Rinne mé féin iarraidh uirthi go mbaininn an stól as a láimh ach d'eirigh mío-thapadh domh agus fágadh ar lár mé. Bhuail mé mo chos i n-aghaidh rud éighinteach de'n tiorc toighe do bhí ar an úrlár agus thuit mé ar mhullach mo chinn san ghríosach. Ag eirghe damh bhuail an bean mé leis an stól agus rinn giorcalach damh. Bhí Toirdhealbhach buailte fá'n am sin agus b'éigin dó teicheadh suas na staighre. Lean mise chomh tiugh is d'fheud mé. Char lean an bheirt eile sinn agus chuadhmar a luighe ach dheamhan mórán ar chodluigheamar an oidhche sin. Bhí an bheirt againn brúighte, briste. Nuair d'eirigh sinn ar maidin bhí breacfasta ar an chlár dúinn agus bean a' toighe go haerach ag freasdail orainn. Bhí fear a' toighe 'sa' tsiopa ag freasdail lucht cean- nachta agus é ag feadghail go beodha. Fuaramar sgéala go raibh stoirm ar an fhairrge agus go raibh an iasgaireacht thart ar feadh tamaill. Dhíolamar an sgór, chuireamar an t-ugham ar na gearráin agus thugamar ar n-aighthe glan díreach ar ar mbaile féin. Bhí sé i gcomhair an am' luighe an oidhche san nuair rangamar teach s'againn. Bhí iongantas ar an teaghlach sinn fheiceáil chomh luath sin. Cheistnigh mo athair sinn agus d'innis Toirdealabhach ar eirigh dúinn. “Cibé cé théid as nó nach dtéid as chá deachaidh fear an eadarsgáin as ariamh gan buille an fhir eadarsgáin,” ar séisean. Char leigeadh mé féin ar shiubhal ar lorg sgadán arís. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services