Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocla II

Title
Sean-fhocla II
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sean-fhocla.



II.



“Cibé cé théid as nó nach dtéid as, is
annamh théid fear an eadarsgain as.”



Chuaidh mé féin agus Toirdhealbhach Mór
agus dhá thurcail linn siar cois-fhairrge fá
dhéin dhá lasd sgadán. Chualamar go raibh
gabhail sgadán ann fa'n chladach siar agus
bhíodh nó i n-áit s'againne nuair thigeadh
na sgadáin isteach go dtéidheadh na feir-
meóirí a raibh beitheadhach is turcail aca
siar fá choinne lasda sgadán. Cuid aca
déineadaois na sgadáin go shailleadh agus iad
bheith mar annlann leis na préataí rith na
bliadhna: cuid eile aca théididís thart thimchioll
ameasg na gcomhursan leis an lasd sgadán
agus dhíoladaois doisín leis an té seo agus
leath-dhoisín leis an té eile go mbeadh an
t-iomlán díolta. Corr-uair dhéanadaois
tuarastal maith ar a gcuid saothair agus
ar uairibh cha ndéanadaois mórán. Nuair
d'eirigheadh leobhtha is minic théighidís ar ais
fá choinne lasda eile agus mar sin go
n-imthimthigheadh na sgadáin agus go stadtaoi
de'n iasgaireacht. Chá raibh mise ar an turas
úd ariamh aroimhe, ach bhí sean-eolas ag
Toirdhealbhach ar an ghnó. Tháinig sé toigh
s'againne agus an gháir áthais leis go raibh
na sgadáin ar an chaladh agus na hiasgairí
ag breith ortha go tiugh agus budh mhaith leis
cuideachta bheith aige ag gabhail siar. Chá
raibh mórán le déanamh againne fá'n am
sin agus níor mhisde le mo mháthair dornán
sgadán do bheith aici le haghaidh an gheimhridh,
mar bhí an teaghlach mór agus dúil ag gach
duine aca i sgadán mhaith le n-a gcuid
préataí. Mar sin tugadh cead damhsa
capall do chur faoi thurcail agus imtheacht
siar le Toirdhealbhach fá dhéin na sgadán.
Bhí luthgháir mhór ormsa, ar ndóighe, óir bhínn
tuirseach sa bhaile, agus b'fhearr liom ar
shiubhal corr-uair mar is gnáthas do'n óige.
Bhí an bealach fada leath-tromach mar chaithimís
siubhal de shiubhal oidhche. Ba chuma liom;
'tchífinn ruda agus chluinfinn ruda agus
bheadh spórt agam. Ba mhaith an chuideachta
Toirdhealbhach fosda. Bhí croidhe éadtrom
óigeánta aige. Mheas daoine críonna go
riabh sé ro-éadtrom agus nach raibh ciall nó
stuaim nó gliocas ann mar ba cheart.
B'éidir go raibh an ceart aca ach b'amhlaidh
a b'fhearrr a thaitin sé liomsa. Bhí sé deich
mbliadhna ní ba shine ná mise ach bhí an chiall
cheudna aige is bhí agam féin; déarfainn
go raibh sé níos óigeánta agus níos aigeanta
na mise.



D'fhágamar an baile go luath ar maidin
i mí na Samhna agus thiomáineamar linn thar
na sléibhte atá eadar barr Ghleannsúiligh
agus na Rosaigh. Chuadhmar thar Mín a'
Chapaill-Chaoich, thar Mín na Con, thar Mín-an-
Fhir-Ruaidh thar an Cheann-Gharbh agus isteach
go Fionntún. Stopamar ag teach ósda ann
sin go bhfuaramar beagan bídh agus dighe
dúinn féin agus do na beitheadhaigh.
D'fhágamar an ugham ortha agus chá rabhamar
abhfad á gcur faoi na turcala arís agus
sheolamar linn go dtí an Dubhcoradh.
Fuaramar rud le hól annsin agus ar shiubhal
linn arís. B'fhada roighin ar dtriall imeasg
na bportach ó sin siar agus bhí an oidhche
orainn anuas. Tá an ród ag snigh anonn agus
anall imeasg na móinteach ar nós go measfá
an té cheap iad go raibh fonn air ceapadóire-
eacht Cheilteach do dhéanamh asta. B'annamh
chasadh teach orainn agus b'annamh chasadh
duine orainn. B'uaigneach an turas é, agus
gan tuaim le cluinstín ach na héanacha
fiadhaine ag scréachadh ameasg na bportach.
Deirtear gur fada an ród nach mbíonn casadh
ann; ach b'fhada an ród sin agus b'iomdha
casadh do bhí ann. Ach mar sin féin rangamar
deireadh ar gcúrsa. Bhuaileamar isteach
san Chlochán Liath sul a raibh mórán de'n
oidhche caithte.



Níorbh é sin deireadh ar gcúrsa i gceart.
Thuigeamar go gcaitheamaois gabhail níos
fuide siar go hAlt a Chorráin, nó go Ceann
Caslach fá dhéin na sgadán. Ach hinnseadh
dúinn i gClochán Liath nach raibh na sgadáin
le fághail. Bhí níos mó cainnte ortha 'ná
bhí de sgadáin ann. Tháinig beagan ar dtús
agus mheas gach uile dhuine go raibh an
sguaine mhór chuca. D'eirigh na hiasgairí
amach in a mbádaibh agus a gcuid eangach
gléasta. Fuair siad roinnt sgadán agus
d'eirigh an ráflaí aca dhá ghabhail. Tháinig
lucht a gceannachta as gach uile áit. Annsin
stad na sgadáin dhe theacht; nó thigidís go
tanaidhe. Bhí na hiasgairí ag gabhail dóbhtha
de oidhche ach thigidís isteach ar maidin gan
na báid do bheith lán agus an méid so bhíodh
aca bhíodh na ceannuidhthe ag troid is a ciapáil
fá dtaoibh daoibhthe agus dá luach ortha. Ar
an ádhbhar sin dubhradh linn nach raibh aon
mhaith dúinn gabhail níos fuide an oidhche sin,
ach moladh dúinn furacht cúpla lá mar
dubhairt na daoine is fearr eolas ar imtheacht-
aibh na sgadán go dtiocadaois isteach go
trom sul abhfad. Ghlacamar leis an chomhairle
sin agus chuireamar fúinn i dtigh tabhairne
sa Chlochán Liath le fanacht go maidin. Go
dearbhtha cha raibh fonn orainn gabhail ní
b'fhuide. Bhí tuirse go leor ar ar gcnámhaibh
agus ar ar mballaibh, siúd is nach dearnamar
mórán coisidheachta i rith an lae. Chan socarach
an rud suidhe ar thurcail ar feadh deich n-uair
an chluig lá gheimhridh. Ach nuair do chuireamar
na beithadhaigh isteach agus fuaramar féin
cupa tae agus shuidheamar síos cois
na teineadh dho sheanchus, tháinig aoibh níos
fearr orainn araon. D'ól Toirdhealbhach
cúpla gloine uisgebeatha agus d'eirigh a
mheisneach agus a mheanma dá réir. Chuidigh
fear an toighe leis san ólachán (mar nach
raibh mise ag blasadh biotáilte agus theas-
tuigh comhluadar éighinteach uaidh ná go
mbeadh sé náiriste dá n-ólfadh sé leis féin),
agus bhí cuma ar an duine mhaith sin nár bhé
sin an chéad uair d'ól sé bolgam an lá sin.
Mheas mé féin go dearbhtha go raibh sé ar
meisge agus bhí mé cinnte dhé sul a raibh an
oidhche caithte.



Chár fhanamar ró-fhada 'nar suidhe. Bhí
ciall ag Toirdhealbhach gan a dhul ró-fhada
leis an ólachán agus mar dubhairt mé cheana,
bhí rursa ar an bheirt againn. Tugadh
leabaidh dúinn i seomra bheag ós cionn na
cisteannaighe, agus chuadhmar do luighe.
Char bhfada dúinn 'nar luighe nuair thuiteamar
'nar gcodladh. Ní'l fhios agam cá fhad a
bhí sinn in ar gcodladh nuair músgladh sinn
go tobann, bhí racán éighinteach ar cois
fúinn ins an chistineach. D'éisteamar.
Níor bhfada gur thuig muid an sgeal. Bhí
bruigheann ar bun eadar fhear an toighe agus
a mhnaoi; bhí séisean ar na stealltrachaibh
ar meisge agus ise b'fhéidir gan a bheith
saor. Ar sgor ar bith bhí sí ag tabhairt an
droich-theangadh aisti go tiugh agus éisean
'gá freagairt mar a d'fheud sé. Anois
agus arís bhriseadh a fhoighid airsean agus
bhéaradh sé iarraidh uithi le n-a cnagadh,
d'imthigheadh sise uaidh, agus b'fhéidir go
dtuiteadh sé thar chathair nó stól nó tábla
agus mheasfeá go raibh a leath dhá raibh sa
toigh briste aca. Ruaig de'n tseort sin
do mhusgail as ar godladh sinn. Nuair a
mhoithigheamar goidé bhí ar cois chá raibh ann
ach greann agus adhbhar magaidh dúinn, agus
chuaidh an pléidhe ar aghaidh ar an chuma sin
ar feadh tamaill. I gcionn an ama sin thug
sí droch íde ar fad dó leis an teangaidh.
Dhírigh séisean uirthi agus d'eirigh an racán
arís. Má tá is cosmhail go bhfuair sé greim
uirthi an iarraidh sin mar leig sí sgread agus
míle murdar aisti. Bhí carabúna shíos ar
feadh tamaill eile agus leig sí ollglóir
aisti arís. Mhoithigheamar an bualadh agus an
basgadh agus tuaim an mhaide bhriste i láimh
duine aca. Sgread sise go millteanach
annsin agus sgairt ar cabhair i n-ainm
Dé ná go raibh sé ghá marbhadh.



D'eirigh Toirdhealbhach de phreib as an
leabaidh.



“Tá sé ghá marbhadh!” ar séisean. Níor
meas mise go raibh agus dubhairt mé sin
“Ná bac iad,” arsa mise “tá an bheirt
aca ar meisge.” Luigh sé siar ina leabaidh arís.



Shocruigh an callán shíos beagán.



Thoisigh an bhean arís leis an bháirseal agus
agus droch-chainnt. D'fhulaing an fear tamall
agus annsin thoisigh sé 'ghá freagairt, rud
do ba amaideach dó. Annsin d'eirigh an
breilsge arís agu leig an bhean sgread
millteanach aisti.



“A fhearra shuas!” adubhairt sí “goidé'n
seort daoine meathta sibh agus a rádh go
leigfeadh sibh do dhamantar fir mé mharbhadh
annseo.”



Léim Toirdhealbhach amach as an leabaidh
arís; tharraing sé air a chuid éadaigh agus
siúd síos na staighre é. Tar éis tamaill
lean mise é. Chá raibh solus ró-mhaith shíos.
Chá raibh de sholus ann ach an méid a tháinig
ó ghríosach beag teineadh do bhí ar an teallach.
Nuair chuaidh Toirdhealbhach síos fuair sé fear
a' toighe ag greadadh ar a mhnaoi agus maide
briste in a láimh aige. Rug Toirdhealbhach ar an
mhaide briste ar an chéad iarraidh ach char
leigeadh suas leis é. Sgaol an duine
a ghreim de'n mhnaoi agus chas ar Thoirdhealbhach.
Ní fada go raibh sé istigh i gcúinne ag
Toirdhealbhach agus carsan air leis an
fháisgeadh do bhí Toirdhealbhach ag tabhairt dó.



“Ná tacht é, a dhuine mhaith!” arsa an bhean.



B'éidir nár chuala Tordhealbhach í, ach
ar sgor ar bith, chá dtug sé áird uirthi.
Thóg sí seanstól do bhí cois na teineadh agus
bhuail trasna a chinn é. Sgaoil sé a ghreim
de'n fhear agus thionntuigh thart. Bhuail an
fear é leis an maide briste. Rug sé ar an
mhaide briste arís agus thoisigh siad dhá
streachailt. Go díreach nuair do chuir mise
mo cheann isteach 'sa chistineach chonnaic mé
an bhean ag bualadh Thoirdhealbhaigh arís leis
an stól. Rinne mé féin iarraidh uirthi go
mbaininn an stól as a láimh ach d'eirigh
mío-thapadh domh agus fágadh ar lár mé.
Bhuail mé mo chos i n-aghaidh rud éighinteach
de'n tiorc toighe do bhí ar an úrlár agus
thuit mé ar mhullach mo chinn san ghríosach.
Ag eirghe damh bhuail an bean mé leis an
stól agus rinn giorcalach damh. Bhí
Toirdhealbhach buailte fá'n am sin agus
b'éigin dó teicheadh suas na staighre. Lean
mise chomh tiugh is d'fheud mé. Char lean an
bheirt eile sinn agus chuadhmar a luighe ach
dheamhan mórán ar chodluigheamar an oidhche
sin. Bhí an bheirt againn brúighte, briste.
Nuair d'eirigh sinn ar maidin bhí breacfasta
ar an chlár dúinn agus bean a' toighe go
haerach ag freasdail orainn. Bhí fear a'
toighe 'sa' tsiopa ag freasdail lucht cean-
nachta agus é ag feadghail go beodha.
Fuaramar sgéala go raibh stoirm ar an
fhairrge agus go raibh an iasgaireacht thart
ar feadh tamaill. Dhíolamar an sgór,
chuireamar an t-ugham ar na gearráin agus
thugamar ar n-aighthe glan díreach ar ar
mbaile féin. Bhí sé i gcomhair an am' luighe
an oidhche san nuair rangamar teach s'againn.
Bhí iongantas ar an teaghlach sinn fheiceáil
chomh luath sin. Cheistnigh mo athair sinn agus
d'innis Toirdealabhach ar eirigh dúinn.



“Cibé cé théid as nó nach dtéid as chá
deachaidh fear an eadarsgáin as ariamh gan
buille an fhir eadarsgáin,” ar séisean.



Char leigeadh mé féin ar shiubhal ar lorg
sgadán arís.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services