Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint agus Litridheacht
Title
Caint agus Litridheacht
Author(s)
Beirt Fhear,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caint agus Litridheacht. Is baoghalach linn ná tuigeann Aongus Ó Duibhne an sgéal i gceart. Deir sé go bhfuil an oiread difrigh- eachta idir chaint na ndaoine agus fíor-litridheacht agus atá idir spailpín fánach agus feallsamh, nó idir sean- mhnaoi agus aingeal. B'fhéidir sin: Acht tá taobh eile ar an mbileoig. Ní hiad na fir mhóra bhaineann an fóghmhar ar fad. Spailpín fánach ab 'eadh Éagán Ó Rathaille, agus spailpín fánach ab 'eadh Eoghan Ruadh, acht is fada bheadh na feallsamhain ag dul le na gcéird sul a bhfaighmís aon rud uatha a chuirfimís i gcomórtas le filidheacht an dá spailpín úd. Má is fada ó na chéile caint na ndaoine agus fíor-litridheacht, is sia na san ó fhíor-litridheacht saothar an té atá gan chaint na ndaoine ar bharr a theangain aige. Nuair a chuireann seisean chun sgrí cumann sé agus ceapann sé na smaointe a thagann i na' aigne i mBéarla. Níl leigheas aige air. Tá sé múchta le Béarla: tá sé báidhte i mBéarla. Bíonn a rian san ar a shaothar. Bíonn snas agus blas coimhtheach an Bhéarla air. Dá mbeadh smaointe chomh hárd leis an spéir agus chomh leathan le Clár Fódla ní thagann uaidh acht obair bhacach bhórthach, obair gan snas, gan bhlas, gan slacht. Cad é an mhaith a árd-smaointe? Ní thuigeann aon-ne iad acht an té a thuigeann an Béarla, agus ní thuigeann seisean féin iad acht tríd an mBéarla. Ní thuigeann an Gaedheal ó dhúthchas iad i n-ao'chor, nó má thuigeann is fíor-bheag an sásamh a gheibheann sé asta. Buaileann an chaint a chluas; acht sin a bhfuil ann, mar An Glór ná tuigeann an ceann Is cuma bheith ann nó as. Ní bhogann an chaint a chroidhe. Is amhlaidh a bhíonn an sgéal aige mar a bheadh duine ag cogaint mhin bhuidhe i n-inead ghráin-seacháin de chruith- neachtain chruaidh. Níl aon tsásamh 'sa chogaint. Níl i smaointe an duine acht mar a bheadh clocha buadha i gcoiréal. Is beag is fiú na clocha buadha úd chun go nglantar is go snoightear iad; agus muna bhfuil fios a chéirde go cruinn ag an snoigheadóir is suarach an luach iad na dhiaidh, mar ná fuil ann acht milleadh-maide. Má tá árd-smaointe agat cuir i dtaisce iad, agus coimeád ann iad mar a choimead-fá aon earraidhe eile chun go mbeadh fhios agat conas iad chóiriughadh i gcóir an mhargaidh. Bhíodh fhios an méid seo agat gurab í caint na ndaoine bun-phréimh na litridheachta. An Ghaedhilg ná tuigeann fear na cainte ní glan-Ghaedhilg í. An Ghaedhilg gur féidir í a chasadh go bog breágh réidh isteach i mBéárla, ní glan-Ghaedhilg í. Níl innte acht focail Ghaedhilge agus cur an Bhéarla ortha. Tá an Béarla agus an Ghaedhilg chomh fada ó na chéile is tá an réiltín ó'n mbán. Deirim-se agus deirm-se aríst é, nár fhas riamh agus ná fásfaidh choidhche fíor litridheacht acht ó chaint na ndaoine. Beirt Fhear.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services