Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint agus Litridheacht

Title
Caint agus Litridheacht
Author(s)
Beirt Fhear,
Pen Name
Beirt Fhear
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Caint agus Litridheacht.



Is baoghalach linn ná tuigeann Aongus
Ó Duibhne an sgéal i gceart.



Deir sé go bhfuil an oiread difrigh-
eachta idir chaint na ndaoine agus
fíor-litridheacht agus atá idir spailpín
fánach agus feallsamh, nó idir sean-
mhnaoi agus aingeal.



B'fhéidir sin: Acht tá taobh eile ar
an mbileoig. Ní hiad na fir mhóra
bhaineann an fóghmhar ar fad. Spailpín
fánach ab 'eadh Éagán Ó Rathaille, agus
spailpín fánach ab 'eadh Eoghan Ruadh,
acht is fada bheadh na feallsamhain ag
dul le na gcéird sul a bhfaighmís aon
rud uatha a chuirfimís i gcomórtas le
filidheacht an dá spailpín úd.



Má is fada ó na chéile caint na
ndaoine agus fíor-litridheacht, is sia
na san ó fhíor-litridheacht saothar an
té atá gan chaint na ndaoine ar bharr
a theangain aige. Nuair a chuireann
seisean chun sgrí cumann sé agus
ceapann sé na smaointe a thagann i
na' aigne i mBéarla. Níl leigheas aige
air. Tá sé múchta le Béarla: tá sé
báidhte i mBéarla. Bíonn a rian san
ar a shaothar. Bíonn snas agus blas
coimhtheach an Bhéarla air.



Dá mbeadh smaointe chomh hárd
leis an spéir agus chomh leathan le
Clár Fódla ní thagann uaidh acht obair
bhacach bhórthach, obair gan snas, gan
bhlas, gan slacht. Cad é an mhaith a
árd-smaointe? Ní thuigeann aon-ne
iad acht an té a thuigeann an Béarla,
agus ní thuigeann seisean féin iad acht
tríd an mBéarla. Ní thuigeann an
Gaedheal ó dhúthchas iad i n-ao'chor,
nó má thuigeann is fíor-bheag an sásamh
a gheibheann sé asta. Buaileann an
chaint a chluas; acht sin a bhfuil ann,
mar



An Glór ná tuigeann an ceann
Is cuma bheith ann nó as.



Ní bhogann an chaint a chroidhe. Is
amhlaidh a bhíonn an sgéal aige mar a
bheadh duine ag cogaint mhin bhuidhe i
n-inead ghráin-seacháin de chruith-
neachtain chruaidh. Níl aon tsásamh 'sa
chogaint.



Níl i smaointe an duine acht mar a
bheadh clocha buadha i gcoiréal. Is
beag is fiú na clocha buadha úd chun
go nglantar is go snoightear iad;
agus muna bhfuil fios a chéirde go
cruinn ag an snoigheadóir is suarach an
luach iad na dhiaidh, mar ná fuil ann
acht milleadh-maide.



Má tá árd-smaointe agat cuir i
dtaisce iad, agus coimeád ann iad
mar a choimead-fá aon earraidhe eile
chun go mbeadh fhios agat conas iad
chóiriughadh i gcóir an mhargaidh.



Bhíodh fhios an méid seo agat gurab
í caint na ndaoine bun-phréimh na
litridheachta. An Ghaedhilg ná tuigeann
fear na cainte ní glan-Ghaedhilg í.
An Ghaedhilg gur féidir í a chasadh go
bog breágh réidh isteach i mBéárla, ní
glan-Ghaedhilg í. Níl innte acht focail
Ghaedhilge agus cur an Bhéarla ortha.



Tá an Béarla agus an Ghaedhilg chomh
fada ó na chéile is tá an réiltín ó'n
mbán.



Deirim-se agus deirm-se aríst é,
nár fhas riamh agus ná fásfaidh choidhche
fíor litridheacht acht ó chaint na
ndaoine.



Beirt Fhear.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services