Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha. Tá buaidhte glan ar na cleasaibh lúith Gallda tar éis an Domhnaigh. Tháinig os cionn 40,000 duine go dtí an fhaithche ag Bóthar an tSeonaigh ag breathnú ar an gcluiche peile do himrigheadh idir Chiarraighe agus Lughbhadh. Thánagthas andeas agus adtuaith agus aniar ann. Is dócha nach bhfacthas an oiread céadna daoine ar an bhfaithche ariamh cheana. Dubhradh le goirid annso i nÉirinn gurbh é Rugbaí cluiche an “duine uasail.” Sagart adubhairt é le buachaillíbh sgoile. Bhí a aigne siúd dallta ag an nGall- dachas. Bhí uaisle Éireann — a lán aca — ag Bóthar an tSeonaigh Dia Domhnaigh. Bhí an chléir go láidir ann. Agus bhí an Réamonnach, taoiseach na bhFeisirí, i láthair agus suim mhór ghá cur aige sa gcluiche. Ní bhfuair fuireann Chiarraighe an buadh gan strómh. Chuaidh sé righte go maith leo go dtí an deire. Tá fir Lughbhaidh cruadh mear-ghníomhach, acht briseadh ar a neart san dara babhta agus níor fhéadadar cur le chéile go héifeachtach mar do chuir ar dtús. Bhí an imirt go tréin- mhear agus go healadhanta. Ní bhíodh focal as lucht na himeartha agus bhíodar go léir go humhal do'n bhfear chirt. Má bhí lucht na himeartha ina dtost níorbh mar sin do'n sluagh. Bhí buile ortha go léir agus iad ag faire an chluiche. Má's maith le Cumann na gCleas Lúith iad féin do láidriú agus cluichí dúthchasacha do bhuanadh sa tír ba chóir dóibh faithche an tSeonaigh d'fheabhsú, agus cóir d'fhagháil do lucht breathnuighthe na gcluichí. Bhí suas le 4,000 duine i láthair Dia Domhnaigh acht ní raibh áit chun suidhte nó radharc sásamhail ar an imirt do 5,000 duine. Bhí na mílte i láthair a d'íoc a sgilling agus nach bhfaca an liathróid acht le linn í bheith san aer i n-áirde. Tá rogha na bpáirceann ag lucht imeartha na gcluichí nGallda i mBaile Átha Cliath agus ar fud Éireann. Níor chóir go mbeadh na cluichí Ghaedhealacha sa lathaigh. Feil- eann siad do'n Ghaedheal. Tar éis a mbaineadh de níor leig sé do léig iad. Choinnigheadar an lúth agus an ládireacht ann agus an misneach chun teangbhála. Le blianta goiride tá ar gcluichí Gaedhealacha ag teacht chun cinn go mór. Tá an chóir linn agus ba cheart dúinn seolta a ardú an fhaid is tá sí linn agus greim d'fhagháil ar fhaithchibh deasa. Meathtacht agus an Leigheas. Is cinnte gur leath a shúile ar léiththeoiríbh an Irish Times Dia Sathairn seo caithte nuair a chonnaceadar an príbhsgríbhinn a bhí ar an bpáipéar sin. Amharclanna Bhaile Átha Cliath b'adhbhar dí. Rinneadh casaoid faoi go bhfuil tóir ag lucht stiúrtha na nAmharclann ar dhigheadh drámaidheachta an Bhéarla agus nach bhfuil slacht ná deallramh ar fhurmhór na ndrámann atá le léiriú i rith na leithbhliana atá chugainn. Molamuid misneach a pháipéir. Dá n-innistí an fhírinne i dtaobh meathtacht drámaidh- eachta na haimsire seo ní bhfuighfeadh na páipéir na fuagraí. Buaidheann an tsaint ar an bhfírinne. Moltar an digheadh agus cosamhail leis an dall “a thóigeadh buachaill bó sa ród i leabhaidh an ríogh,” ní aithnightar an dráma maith ag an páipéaraibh nuair a léirithtar é. “Bhí tráth ann agus bhí cáil Bhaile Átha Cliath ar fud na hImpireachta le léigheann agus le breitheamhnas agus suim i ndrámaidheacht,” ars an Times. Tá sí anois ag dul i léig ní mó í i dtaobh drámaidheacht ná go leor bailte mór i Sasanaibh. “Tabhair a rogha do'n bhodach agus tófgaidh sé an digheadh.” Sin é atá ghá dhéanamh ag Baile Átha Cliath na nGall. Ní fheicimid go bhfuil aon leigheas i ndán dí mara dtugann sí cúl do'n Ghalldachas. Cine ar bith ar fud an domhain mhóir atá ag tréigint a nduthchais féin agus ag déanamh aithris' ar chine eile níl i ndán dóibh acht dul do léig. Níor chuir an Times mórán suime san gcine Ghaedhealach ná i náisiúntacht Éireannaigh go dtí seo. Is ins an náisiúntacht sin atá an leigheas do imtheacht Bhaile Átha Cliath. Tá léargus an Times ag dul i ngéire. Aithnigheann sé an buachaill bó agus tá fhios aige nach bhfuil an rí i n-amharc na i n-éisteacht ins na hamharclannaibh Gallda. Easbaidh Léargais. Bhí aiste eile sa Times an lá céadna i dtaobh trachtála idir na Canadás agus an Bhreatan Mhór. Ceannaidhthe móra Aimeireacá a bhfuil gustal agus dóigheamhlach aca tá an margadh thall ar a dtoil féin aca nach mór. Bhí an Times ag ceasnughadh an cháis acht níor smaoin an sgríbhneoir ariamh ar Éirinn. Níorbh eol dóm ba dhóigh leat, go raibh Éire ann. Sin é an dalladh atá ghár bhfágáil ar deire. Dánbhrugh agus Leabharlanna. Níl áiteamh an dánbhrugh socruighthe go fóill Ba mhaith leis an Ridire Lane é a thógáil ar an abhainn. Ní raibh ins an gceapadh do bhí os comhair Comhairle na Cathrach Dia Luain acht droichead cosáin. Níor ghlac an Chomhairle leis acht dubhairt go nglacfadh dá gcuirtí bóthar mór i n-áit an chosáin. Rinneadh dlithe nua atá tamall ó shoin le breis airgid d'gháil chun foirthint ar leabharlannaibh na Cathrach. Má tógtar an dánbhrugh ní bhéidh pighinn le fagháil ag na leabharlannaibh. An Dian-Obair. Má bhíonn troid agus gleo ar siubhal agat tiocfaidh an sluagh timcheall ort. Bhéarfaidh siad cabhair duit agus buailfidh buille ar do shon, b'fhéidir. Nuair a bhí cath ghá fhuagairt 'ar Ghalldachas ag an gConnradh roinnt bliadhanta ó shoin bhí gach builimsgiath sa tír ag cabhrú linn mar bhí an laige ag rith romhainn. B'fhurasta an Galldachas do cháineadh agus do bhualadh agus dí-mheas do chaitheamh air. Bhí an lucht béice chomh binn le lucht léighinn acht a nglór d'árdú ar ar dtaobh. Tá obair níos cruaighe againn anois. Is deacair an Gaedhealachas do chur ar a bhannaibh ná an Galldachas do cháineadh; Na daoine a bhí go hárdghlórach i dtosach tá go leor aca gan suim aca san obair atá le déanamh sul má bídh Éire Gaedhealach arís. Is bocht an éadáil a nglór an tráth atá foghluim agus teagasg le déanamh. Tá an dian-obair ar siubhal ins na coláistibh thuaidh is theas is thiar. Is ortha tá triall ba bhfírfhear agus na mban ndílis. Tá an lucht béice a rádh go bhfuil buaidhte orainn acht is eol dúinne gurbh ortha féin atá buaidhte.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services