Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha
Title
Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha</title><author><name type="main">Ní fios</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1913_07_05_01</note> <note type="L">01</note> <note type="B">1913</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1913_07_05_01</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Ní fios</author><title>Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1913</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Cúrsaí an tSaoghail.</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Tá buaidhte glan ar na cleasaibh lúith Gallda</span> <lb n="6"/><span>tar éis an Domhnaigh. Tháinig os cionn 40,000</span> <lb n="7"/><span>duine go dtí an fhaithche ag Bóthar an tSeonaigh</span> <lb n="8"/><span>ag breathnú ar an gcluiche peile do himrigheadh</span> <lb n="9"/><span>idir Chiarraighe agus Lughbhadh. Thánagthas andeas</span> <lb n="10"/><span>agus adtuaith agus aniar ann. Is dócha nach</span> <lb n="11"/><span>bhfacthas an oiread céadna daoine ar an bhfaithche</span> <lb n="12"/><span>ariamh cheana. Dubhradh le goirid annso i</span> <lb n="13"/><span>nÉirinn gurbh é Rugbaí cluiche an “duine</span> <lb n="14"/><span>uasail.” Sagart adubhairt é le buachaillíbh</span> <lb n="15"/><span>sgoile. Bhí a aigne siúd dallta ag an nGall-</span> <lb n="16"/><span>dachas. Bhí uaisle Éireann — a lán aca — ag</span> <lb n="17"/><span>Bóthar an tSeonaigh Dia Domhnaigh. Bhí an chléir</span> <lb n="18"/><span>go láidir ann. Agus bhí an Réamonnach, taoiseach</span> <lb n="19"/><span>na bhFeisirí, i láthair agus suim mhór ghá cur aige</span> <lb n="20"/><span>sa gcluiche.</span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>Ní bhfuair fuireann Chiarraighe an buadh gan</span> <lb n="23"/><span>strómh. Chuaidh sé righte go maith leo go dtí an</span> <lb n="24"/><span>deire. Tá fir Lughbhaidh cruadh mear-ghníomhach,</span> <lb n="25"/><span>acht briseadh ar a neart san dara babhta agus</span> <lb n="26"/><span>níor fhéadadar cur le chéile go héifeachtach</span> <lb n="27"/><span>mar do chuir ar dtús. Bhí an imirt go tréin-</span> <lb n="28"/><span>mhear agus go healadhanta. Ní bhíodh focal as</span> <lb n="29"/><span>lucht na himeartha agus bhíodar go léir go</span> <lb n="30"/><span>humhal do'n bhfear chirt. Má bhí lucht na himeartha</span> <lb n="31"/><span>ina dtost níorbh mar sin do'n sluagh. Bhí buile </span> <lb n="32"/><span>ortha go léir agus iad ag faire an chluiche.</span></p> <lb n="33"/> <lb n="34"/><p><span>Má's maith le Cumann na gCleas Lúith iad</span> <lb n="35"/><span>féin do láidriú agus cluichí dúthchasacha do</span> <lb n="36"/><span>bhuanadh sa tír ba chóir dóibh faithche an tSeonaigh</span> <lb n="37"/><span>d'fheabhsú, agus cóir d'fhagháil do lucht</span> <lb n="38"/><span>breathnuighthe na gcluichí. Bhí suas le 4,000</span> <lb n="39"/><span>duine i láthair Dia Domhnaigh acht ní raibh áit chun</span> <lb n="40"/><span>suidhte nó radharc sásamhail ar an imirt do</span> <lb n="41"/><span>5,000 duine. Bhí na mílte i láthair a d'íoc a</span> <lb n="42"/><span>sgilling agus nach bhfaca an liathróid acht le linn</span> <lb n="43"/><span>í bheith san aer i n-áirde. Tá rogha na bpáirceann</span> <lb n="44"/><span>ag lucht imeartha na gcluichí nGallda i mBaile</span> <lb n="45"/><span>Átha Cliath agus ar fud Éireann. Níor chóir go</span> <lb n="46"/><span>mbeadh na cluichí Ghaedhealacha sa lathaigh. Feil-</span> <lb n="47"/><span>eann siad do'n Ghaedheal. Tar éis a mbaineadh de</span> <lb n="48"/><span>níor leig sé do léig iad. Choinnigheadar an lúth</span> <lb n="49"/><span>agus an ládireacht ann agus an misneach chun </span> <lb n="50"/><span>teangbhála. Le blianta goiride tá ar gcluichí</span> <lb n="51"/><span>Gaedhealacha ag teacht chun cinn go mór. Tá </span> <lb n="52"/><span>an chóir linn agus ba cheart dúinn seolta a</span> <lb n="53"/><span>ardú an fhaid is tá sí linn agus greim</span> <lb n="54"/><span>d'fhagháil ar fhaithchibh deasa.</span></p> <lb n="55"/> <lb n="56"/><p><span>Meathtacht agus an Leigheas.</span></p> <lb n="57"/> <lb n="58"/><p><span>Is cinnte gur leath a shúile ar léiththeoiríbh an</span> <lb n="59"/><span>Irish Times Dia Sathairn seo caithte nuair</span> <lb n="60"/><span>a chonnaceadar an príbhsgríbhinn a bhí ar an</span> <lb n="61"/><span>bpáipéar sin. Amharclanna Bhaile Átha Cliath</span> <lb n="62"/><span>b'adhbhar dí. Rinneadh casaoid faoi go bhfuil</span> <lb n="63"/><span>tóir ag lucht stiúrtha na nAmharclann ar dhigheadh</span> <lb n="64"/><span>drámaidheachta an Bhéarla agus nach bhfuil</span> <lb n="65"/><span>slacht ná deallramh ar fhurmhór na ndrámann</span> <lb n="66"/><span>atá le léiriú i rith na leithbhliana atá chugainn.</span> <lb n="67"/><span>Molamuid misneach a pháipéir. Dá </span> <lb n="68"/><span>n-innistí an fhírinne i dtaobh meathtacht drámaidh-</span> <lb n="69"/><span>eachta na haimsire seo ní bhfuighfeadh na </span> <lb n="70"/><span>páipéir na fuagraí. Buaidheann an tsaint</span> <lb n="71"/><span>ar an bhfírinne. Moltar an digheadh agus</span> <lb n="72"/><span>cosamhail leis an dall “a thóigeadh buachaill</span> <lb n="73"/><span>bó sa ród i leabhaidh an ríogh,” ní aithnightar</span> <lb n="74"/><span>an dráma maith ag an páipéaraibh nuair a</span> <lb n="75"/><span>léirithtar é.</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>“Bhí tráth ann agus bhí cáil Bhaile Átha Cliath</span> <lb n="78"/><span>ar fud na hImpireachta le léigheann agus le</span> <lb n="79"/><span>breitheamhnas agus suim i ndrámaidheacht,” ars an</span> <lb n="80"/><span>Times. Tá sí anois ag dul i léig ní mó í</span> <lb n="81"/><span> i dtaobh drámaidheacht ná go leor bailte mór</span> <lb n="82"/><span>i Sasanaibh. “Tabhair a rogha do'n bhodach agus</span> <lb n="83"/><span>tófgaidh sé an digheadh.” Sin é atá ghá dhéanamh</span> <lb n="84"/><span>ag Baile Átha Cliath na nGall. Ní fheicimid go</span> <lb n="85"/><span>bhfuil aon leigheas i ndán dí mara dtugann sí</span> <lb n="86"/><span>cúl do'n Ghalldachas. Cine ar bith ar fud an</span> <lb n="87"/><span>domhain mhóir atá ag tréigint a nduthchais</span> <lb n="88"/><span>féin agus ag déanamh aithris' ar chine eile níl</span> <lb n="89"/><span>i ndán dóibh acht dul do léig. Níor chuir an</span> <lb n="90"/><span>Times mórán suime san gcine Ghaedhealach ná</span> <lb n="91"/><span>i náisiúntacht Éireannaigh go dtí seo. Is ins</span> <lb n="92"/><span>an náisiúntacht sin atá an leigheas do imtheacht</span> <lb n="93"/><span>Bhaile Átha Cliath. Tá léargus an Times ag</span> <lb n="94"/><span>dul i ngéire. Aithnigheann sé an buachaill bó</span> <lb n="95"/><span>agus tá fhios aige nach bhfuil an rí i n-amharc</span> <lb n="96"/><span>na i n-éisteacht ins na hamharclannaibh Gallda.</span></p> <lb n="97"/> <lb n="98"/><p><span>Easbaidh Léargais.</span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p><span>Bhí aiste eile sa Times an lá céadna i</span> <lb n="101"/><span>dtaobh trachtála idir na Canadás agus an</span> <lb n="102"/><span>Bhreatan Mhór. Ceannaidhthe móra Aimeireacá</span> <lb n="103"/><span>a bhfuil gustal agus dóigheamhlach aca tá an</span> <lb n="104"/><span>margadh thall ar a dtoil féin aca nach mór. Bhí</span> <lb n="105"/><span>an Times ag ceasnughadh an cháis acht níor</span> <lb n="106"/><span>smaoin an sgríbhneoir ariamh ar Éirinn. Níorbh</span> <lb n="107"/><span>eol dóm ba dhóigh leat, go raibh Éire ann. Sin </span> <lb n="108"/><span>é an dalladh atá ghár bhfágáil ar deire.</span></p> <lb n="109"/> <lb n="110"/><p><span>Dánbhrugh agus Leabharlanna.</span></p> <lb n="111"/> <lb n="112"/><p><span>Níl áiteamh an dánbhrugh socruighthe go fóill</span> <lb n="113"/><span>Ba mhaith leis an Ridire Lane é a thógáil ar an</span> <lb n="114"/><span>abhainn. Ní raibh ins an gceapadh do bhí os comhair</span> <lb n="115"/><span>Comhairle na Cathrach Dia Luain acht droichead</span> <lb n="116"/><span>cosáin. Níor ghlac an Chomhairle leis acht dubhairt</span> <lb n="117"/><span>go nglacfadh dá gcuirtí bóthar mór i n-áit an</span> <lb n="118"/><span>chosáin. Rinneadh dlithe nua atá tamall ó shoin</span> <lb n="119"/><span>le breis airgid d'gháil chun foirthint ar</span> <lb n="120"/><span>leabharlannaibh na Cathrach. Má tógtar an</span> <lb n="121"/><span>dánbhrugh ní bhéidh pighinn le fagháil ag na</span> <lb n="122"/><span>leabharlannaibh.</span></p> <lb n="123"/> <lb n="124"/><p><span>An Dian-Obair.</span> <lb n="125"/><span>Má bhíonn troid agus gleo ar siubhal agat</span> <lb n="126"/><span>tiocfaidh an sluagh timcheall ort. Bhéarfaidh siad</span> <lb n="127"/><span>cabhair duit agus buailfidh buille ar do shon,</span> <lb n="128"/><span>b'fhéidir. Nuair a bhí cath ghá fhuagairt 'ar</span> <lb n="129"/><span>Ghalldachas ag an gConnradh roinnt bliadhanta</span> <lb n="130"/><span>ó shoin bhí gach builimsgiath sa tír ag cabhrú</span> <lb n="131"/><span>linn mar bhí an laige ag rith romhainn. B'fhurasta</span> <lb n="132"/><span>an Galldachas do cháineadh agus do bhualadh</span> <lb n="133"/><span>agus dí-mheas do chaitheamh air. Bhí an lucht béice</span> <lb n="134"/><span>chomh binn le lucht léighinn acht a nglór d'árdú</span> <lb n="135"/><span>ar ar dtaobh. Tá obair níos cruaighe againn</span> <lb n="136"/><span>anois. Is deacair an Gaedhealachas do chur</span> <lb n="137"/><span>ar a bhannaibh ná an Galldachas do cháineadh;</span> <lb n="138"/><span>Na daoine a bhí go hárdghlórach i dtosach</span> <lb n="139"/><span>tá go leor aca gan suim aca san obair atá le</span> <lb n="140"/><span>déanamh sul má bídh Éire Gaedhealach arís. Is</span> <lb n="141"/><span>bocht an éadáil a nglór an tráth atá foghluim</span> <lb n="142"/><span>agus teagasg le déanamh. Tá an dian-obair ar</span> <lb n="143"/><span>siubhal ins na coláistibh thuaidh is theas is thiar.</span> <lb n="144"/><span>Is ortha tá triall ba bhfírfhear agus na mban</span> <lb n="145"/><span>ndílis. Tá an lucht béice a rádh go bhfuil buaidhte</span> <lb n="146"/><span>orainn acht is eol dúinne gurbh ortha féin atá </span> <lb n="147"/><span>buaidhte.</span> <lb n="148"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services