Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha

Title
Cúrsaí an tSaoghail. Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



Feabhas ar Fhaithchibh Imeartha.



Tá buaidhte glan ar na cleasaibh lúith Gallda
tar éis an Domhnaigh. Tháinig os cionn 40,000
duine go dtí an fhaithche ag Bóthar an tSeonaigh
ag breathnú ar an gcluiche peile do himrigheadh
idir Chiarraighe agus Lughbhadh. Thánagthas andeas
agus adtuaith agus aniar ann. Is dócha nach
bhfacthas an oiread céadna daoine ar an bhfaithche
ariamh cheana. Dubhradh le goirid annso i
nÉirinn gurbh é Rugbaí cluiche an “duine
uasail.” Sagart adubhairt é le buachaillíbh
sgoile. Bhí a aigne siúd dallta ag an nGall-
dachas. Bhí uaisle Éireann — a lán aca — ag
Bóthar an tSeonaigh Dia Domhnaigh. Bhí an chléir
go láidir ann. Agus bhí an Réamonnach, taoiseach
na bhFeisirí, i láthair agus suim mhór ghá cur aige
sa gcluiche.



Ní bhfuair fuireann Chiarraighe an buadh gan
strómh. Chuaidh sé righte go maith leo go dtí an
deire. Tá fir Lughbhaidh cruadh mear-ghníomhach,
acht briseadh ar a neart san dara babhta agus
níor fhéadadar cur le chéile go héifeachtach
mar do chuir ar dtús. Bhí an imirt go tréin-
mhear agus go healadhanta. Ní bhíodh focal as
lucht na himeartha agus bhíodar go léir go
humhal do'n bhfear chirt. Má bhí lucht na himeartha
ina dtost níorbh mar sin do'n sluagh. Bhí buile
ortha go léir agus iad ag faire an chluiche.



Má's maith le Cumann na gCleas Lúith iad
féin do láidriú agus cluichí dúthchasacha do
bhuanadh sa tír ba chóir dóibh faithche an tSeonaigh
d'fheabhsú, agus cóir d'fhagháil do lucht
breathnuighthe na gcluichí. Bhí suas le 4,000
duine i láthair Dia Domhnaigh acht ní raibh áit chun
suidhte nó radharc sásamhail ar an imirt do
5,000 duine. Bhí na mílte i láthair a d'íoc a
sgilling agus nach bhfaca an liathróid acht le linn
í bheith san aer i n-áirde. Tá rogha na bpáirceann
ag lucht imeartha na gcluichí nGallda i mBaile
Átha Cliath agus ar fud Éireann. Níor chóir go
mbeadh na cluichí Ghaedhealacha sa lathaigh. Feil-
eann siad do'n Ghaedheal. Tar éis a mbaineadh de
níor leig sé do léig iad. Choinnigheadar an lúth
agus an ládireacht ann agus an misneach chun
teangbhála. Le blianta goiride tá ar gcluichí
Gaedhealacha ag teacht chun cinn go mór. Tá
an chóir linn agus ba cheart dúinn seolta a
ardú an fhaid is tá sí linn agus greim
d'fhagháil ar fhaithchibh deasa.



Meathtacht agus an Leigheas.



Is cinnte gur leath a shúile ar léiththeoiríbh an
Irish Times Dia Sathairn seo caithte nuair
a chonnaceadar an príbhsgríbhinn a bhí ar an
bpáipéar sin. Amharclanna Bhaile Átha Cliath
b'adhbhar dí. Rinneadh casaoid faoi go bhfuil
tóir ag lucht stiúrtha na nAmharclann ar dhigheadh
drámaidheachta an Bhéarla agus nach bhfuil
slacht ná deallramh ar fhurmhór na ndrámann
atá le léiriú i rith na leithbhliana atá chugainn.
Molamuid misneach a pháipéir. Dá
n-innistí an fhírinne i dtaobh meathtacht drámaidh-
eachta na haimsire seo ní bhfuighfeadh na
páipéir na fuagraí. Buaidheann an tsaint
ar an bhfírinne. Moltar an digheadh agus
cosamhail leis an dall “a thóigeadh buachaill
bó sa ród i leabhaidh an ríogh,” ní aithnightar
an dráma maith ag an páipéaraibh nuair a
léirithtar é.



“Bhí tráth ann agus bhí cáil Bhaile Átha Cliath
ar fud na hImpireachta le léigheann agus le
breitheamhnas agus suim i ndrámaidheacht,” ars an
Times. Tá sí anois ag dul i léig ní mó í
i dtaobh drámaidheacht ná go leor bailte mór
i Sasanaibh. “Tabhair a rogha do'n bhodach agus
tófgaidh sé an digheadh.” Sin é atá ghá dhéanamh
ag Baile Átha Cliath na nGall. Ní fheicimid go
bhfuil aon leigheas i ndán dí mara dtugann sí
cúl do'n Ghalldachas. Cine ar bith ar fud an
domhain mhóir atá ag tréigint a nduthchais
féin agus ag déanamh aithris' ar chine eile níl
i ndán dóibh acht dul do léig. Níor chuir an
Times mórán suime san gcine Ghaedhealach ná
i náisiúntacht Éireannaigh go dtí seo. Is ins
an náisiúntacht sin atá an leigheas do imtheacht
Bhaile Átha Cliath. Tá léargus an Times ag
dul i ngéire. Aithnigheann sé an buachaill bó
agus tá fhios aige nach bhfuil an rí i n-amharc
na i n-éisteacht ins na hamharclannaibh Gallda.



Easbaidh Léargais.



Bhí aiste eile sa Times an lá céadna i
dtaobh trachtála idir na Canadás agus an
Bhreatan Mhór. Ceannaidhthe móra Aimeireacá
a bhfuil gustal agus dóigheamhlach aca tá an
margadh thall ar a dtoil féin aca nach mór. Bhí
an Times ag ceasnughadh an cháis acht níor
smaoin an sgríbhneoir ariamh ar Éirinn. Níorbh
eol dóm ba dhóigh leat, go raibh Éire ann. Sin
é an dalladh atá ghár bhfágáil ar deire.



Dánbhrugh agus Leabharlanna.



Níl áiteamh an dánbhrugh socruighthe go fóill
Ba mhaith leis an Ridire Lane é a thógáil ar an
abhainn. Ní raibh ins an gceapadh do bhí os comhair
Comhairle na Cathrach Dia Luain acht droichead
cosáin. Níor ghlac an Chomhairle leis acht dubhairt
go nglacfadh dá gcuirtí bóthar mór i n-áit an
chosáin. Rinneadh dlithe nua atá tamall ó shoin
le breis airgid d'gháil chun foirthint ar
leabharlannaibh na Cathrach. Má tógtar an
dánbhrugh ní bhéidh pighinn le fagháil ag na
leabharlannaibh.



An Dian-Obair.
Má bhíonn troid agus gleo ar siubhal agat
tiocfaidh an sluagh timcheall ort. Bhéarfaidh siad
cabhair duit agus buailfidh buille ar do shon,
b'fhéidir. Nuair a bhí cath ghá fhuagairt 'ar
Ghalldachas ag an gConnradh roinnt bliadhanta
ó shoin bhí gach builimsgiath sa tír ag cabhrú
linn mar bhí an laige ag rith romhainn. B'fhurasta
an Galldachas do cháineadh agus do bhualadh
agus dí-mheas do chaitheamh air. Bhí an lucht béice
chomh binn le lucht léighinn acht a nglór d'árdú
ar ar dtaobh. Tá obair níos cruaighe againn
anois. Is deacair an Gaedhealachas do chur
ar a bhannaibh ná an Galldachas do cháineadh;
Na daoine a bhí go hárdghlórach i dtosach
tá go leor aca gan suim aca san obair atá le
déanamh sul má bídh Éire Gaedhealach arís. Is
bocht an éadáil a nglór an tráth atá foghluim
agus teagasg le déanamh. Tá an dian-obair ar
siubhal ins na coláistibh thuaidh is theas is thiar.
Is ortha tá triall ba bhfírfhear agus na mban
ndílis. Tá an lucht béice a rádh go bhfuil buaidhte
orainn acht is eol dúinne gurbh ortha féin atá
buaidhte.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services