Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhar Geograiphe
Title
Leabhar Geograiphe
Author(s)
Aistrithe ag Seosamh Laoide,
Translator
Laoide, Seosamh
Composition Date
1906
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SREATH LEABHAR SGOL AGUS COLÁISTE Ó'N ATHAIR T. Ó FIONNLAOICH. LEABHAR GEOGRAIPHE LE HAGHAIDH SGOL AGUS COLÁISTÍ NA HÉIREANN.
RÉAMHRÁDH. Is cuimin liom gur mhór an spéis go chuirinn i n-ealadhain na geograiphe agus mé ar sgoil. Níor chailleas an spéis sin riamh, acht í agam indiu féin fá mar do bhíodh sí. Sin é is fáth leis an leabhar so, mar is minic adeirinn liom féin nach beinn sásta choidhche go mbeadh geograiph na hÉireann i bhfuirm leabhair agam óm' láimh féin nó ó láimh dhuine éigin eile. Thárla i ndeireadh na dála gur mé féin do fuair tosach ar gach éinneach eile sa bhirt agus an leabhar so dá chur amach. Muna mbeadh feabhas an mheisnigh do bhí ag Muintir Fhallamhain, is fada go gcuirfidhe i ngníomh é. Do bhí an iomad leabhar idir lámhaibh ag Connradh na Gaedhilge agus iad go han-bhruideamhail, ar mhodh gur thuigeas, agus an truim mhór so agam sa ghnó, go mb'fhearr do dhream éigin eile é do dhéanamh, agus a leithéid de leabhar d'uireasbhaidh ar na sgolaibh go mór. Ní túisge do smuaineas air sin ná adubhart: "Cár bh'fhearr dam leabhar do chuirfinn i nGaedhilg ná an leabhar beag Béarla úd do chuir Muintear Fhallamhain amach sa bhliadhain 1906?" Tá sain déanta agam ar mo chuma féin, óir atá áit nó dhó ann so mar ar chuireas athrughadh beag isan gcaint nó aguisín léi fá mar do oir sé dhi. I dtaobh na cainte féin, is dócha gur fíor-bheag de chanamhaint atá uirthi. Ní fhéadaim gan chuimhniughadh ar ar sgríobh an Dochtúir De Hindeberg fá "Ghaedhilg an Aithbheodhuighthe," agus rud eile, níor ghábhadh dham bheith "ag tiomáint liom" nó "ag bualadh romham" ann so acht isan obair féin, .i. níor theastuigh a leithéid ó chaint an leabhair. Má tá blas na seandachta ar chuid de'n leabhar so, bíodh a mhilleán sain ar an oide múinte, agus is é is meas dam féin ar Ghaedhilgeoir óg na haimsire seo nach deacra dhó mar fhocal "gur" nó "go soiche" ná "annsair" ó'n gConallach, agus, dá n-abrainn, ná "ag triall ar" ó'n Muimhneach. Támaoid tuirseach dá leithéidíbh sin cheana. Sguiream díobh mar ghnó litridheachta agus "céimeam lom-luadh ár leabhar" feasta. SEOSAMH LAOIDE.
LEABHAR GEOGRAIPHE LE HAGHAIDH SGOL AGUS COLÁISTÍ. CUID 1. SAINBHRIATHRA GEOGRAIPHE. Is é is geograiph ann, tuarasgbháil ar an domhan so ar a bhfuilmíd 'n-ár gcomhnaidhe, nó tuarasgbháil ar roinn de'n domhan. Dlúimh chruinn, mar do bheadh liathróid ann, is eadh an domhan, acht, do bhrígh nach so-fheicsiona dhúinn acht fíor-bheagán de, is í cosamhlacht bhíos air, é 'na dhlúimh chomhthruim nó mhíochomh- thruim. Talamh agus uisge atá i n-uachtar an domhain, nach mór a thrí ceathramhna ina uisge agus a cheathramha 'na thalamh. Cúig ranna móra atá sa talamh so ar uachtar an domhain, iad i gcuid nó ar fad deighilte ó n-a chéile. Ranna nó móir- thíortha do-bheirthear ar na rannaibh móra so de thalamh. Táid ranna is lugha ná iad sain de thalamh ann, agus iad i gcuid nó ar fad deighilte ó na móirthíorthaibh. Na ranna úd atá deighilte i gcuid ó ná móirthíorthaibh do-bheirthear ortha leithinseacha nó tairbeirt, dorlainge, agus reanna nó cinn tíre. Oileáin nó inse do-bheirthear ar na rannaibh atá deighilte ar fad ó na móirthíorthaibh. An t-uisge atá ar uachtar an domhain, cúig ranna móra atá ann, agus iad deighilte a bheag nó a mhór ó n-a chéile. Aigéin do-bheirthear ar na rannaibh móra so d'uisge. Táid ranna is lugha ná iad sain d'uisge, agus iad i gcuid nó ar fad deighilte ó na haigéanaibh. Na ranna úd atá deighilte i gcuid ó na haigéanaibh, do-bheirthear ortha fairrgí nó mara, locha, bléintreacha, cuanta nó báigheanna, coinéil nó deánta, caolais nó súndaí. Locha tíre do-bheirthear ar na rannaibh úd atá deighilte ar fad ó na haigéanaibh.
RANNA DE THALAMH. MÓIRTHÍR: sin roinn mhór de thalamh i n-a bhfuilid mórán de rannaibh is lugha ná í, cuir i gcás, an Eoraip. Is minic do-bheirthear an focal ROINN féin ar mhóirthír, cuir i gcás, an Roinn Eorpa nó Roinn na hEorpa, Roinn na hÁsia, agus rl. TAIRBEART nó LEITHINSE: sin roinn de thalamh 'n-a bhfuil an t-uisge nach mór 'na thimcheall ar an uile thaobh, cuir i gcás, an Iodáil. OILEÁN: sin roinn de thalamh atá níos lugha ná móirthír, agus an t-uisge 'na thimcheall ar fad, cuir i gcás, Éire. OILEÁN FAIRRGE: sin oileán 'n-a bhfuil an fhairrge mór-thimcheall air. INIS: ainm eile d'oileán inis, acht ní hé amháin go dtugthar ar oileán fairrge é, acht ar shrath nó ar léanaidh mar an gcéadna. SRATH: sin oileán beag i n-abhainn, agus uisge na habhann ar gach taobh de, go mór-mhór i n-aimsir an fhuarlaigh. OILEÁNLACH nó INSEACHAR: sin drong oileán nó inseacha i n-aice a chéile. CEANN TÍRE (CEANN): sin rinn talmhan a théid amach sa bhfairrge, cuir i gcás, Ceann Cléire, Ceann Tíre i nAlbain. Ar uairibh do-bheirthear ainmneacha eile ar CHEANN TÍRE, mar atáid, IORRUS, RINN, PUINTE, GOB, SRÓN, ROS, MAOL, MÁLAINN, RUDHA, SGOICH, COIS, SÁL, MUINCHINN, BIOR, agus ar uairibh BEANN, DÚN, CARN, ÁRD. An rinn is lugha atá ann, .i. OITÍR. DORLAING: sin muinéal caol talmhan cheanglas dhá roinn mhóra de thalamh dá chéile, mar atá, Dorlaing Shuez. Do-bheirthear BÉAL ar a leithéid seo fós, cuir i gcás, Béal an Mhuirthid. SLIABH: sin roinn de'n talamh atá i n-áirde go mór os cionn na coda eile de thuinn na talmhan. Is ionann SLIABH fós agus PORTACH nó RIASG, bíodh sé go hárd nó go híseal. Is ionann SLIABH mar an gcéadna agus SREATH ÁRDÁN atá i n-aon líne amháin diaidh ar ndiaidh. Bun-tsliabh nó lár-bhall na sreithe sin, do-bheirthear an MÁTHAIR-SHLIABH air. Árdáin is ísle ná sin, do-bheirthear CNUIC ortha. Is é is DRONG ÁRDÁN ann, méid nó uimhir éigin chnoc atá 'na triopall mór-thimcheall ar lár-phonc éigin. An log atá idir dhá shliabh, do-bheirthear GLEANN, CRUAN nó CRÓN, SLÁD, ÁLT, CÚM, nó DÁL air.
BOLCÁN nó CNOC TEINEADH: sin cnoc mór a chaitheas deatach, lasracha, luaith, lábha, gail, agus rl., uaidh, as osgailt 'n-a dtugthar CRUAN nó CRÓN uirthi, cuir i i gcás, Cnoc Aetna. MAGH, MACHAIRE, CLÁR nó PLÁIN ÉAD: sin roinn de thalamh atá beagnach comhthrom, nó is comhthrom ar fad atá sé. RÉIDH nó TALAMH CLÁIR: sin clár atá i n-áirde os cionn na coda eile de'n tír. FÁSACH nó DÍTHREABH: sin fairsinge tíre atá go haimrid tirm, cuir i gcás, an Sahára. Ainmneacha eile dhó, DIAMHAIR, DÍSEART. TOBARLACH: sin ball nó áit thorrthach i lár fásaigh. Is uime do-bheirthear tobarlach air, do bhrígh gurab iad na toibreacha fíoruisge atá ann do-bheir torrthach é, ag féachain an fhasaigh 'na thimcheall nach fuil ann acht síor-thriomlach. IMEALL-BHORD nó BRUACHAR: sin é an roinn úd de'n talamh atá ag críochantacht leis an bhfairrge. DEALT: sin áit i dtig abha i bhfairrge agus iomad bun aici. Is é rud is fáth leis sin, beireann an abha mór-chuid chriadh léithi go fairrge; an tuile agus an trághadh d'fhágadar an chuid ba mhó de'n chré ag an sean-bhun agus iad ag obair i n-aghaidh uisgí na habhann; do rinneadh beartrach de'n chré seo agus talamh tirm fá dheoidh, ar chuma gur mhinic ní ba mhó 'ná aon bhun amháin ag an abhainn, i n-imeall an bheartraigh. RANNA D'UISGE. AIGÉAN: sin ceann de na cúig rannaibh móra de'n uisge atá ar thuinn an domhain. "AN tAIGÉAN": sin é an t-ainm do-bheirthear i gcoit- chinne ar an bhfairsinge mhóir uisge thimcheallas an chruinne. FAIRRGE: sin roinn d'uisge atá níos lugha ná aigéan go gnáthach, acht ar uairibh is ionann é agus aigéan, cuir i gcás, an Fhairrge Mhór, an Fhairrge Chiuin. Ainmneacha eile dhi, LEAR, SÁILE, BÓCHNA, GÓ. MUIR: sin roinn d'uisge atá níos lugha ná aigéan, cuir i gcás, Muir Meann, Muir Mhanann, Muir nIocht, Muir Chroinn, Muir Bhioscáine. Is minice muir idir dhá dtír ná a chontráil sin. MURBHOLG: sin ainm do-bheirthear i gcoitchinne ar osgailtibh imeall-bhuird na tíre go huile. Do réir a mhéid, a shuidhighthe, agus oiread an osgailte do-bheirthear ainmneacha eile ar mhurbholg, mar atáid, LOCH MARA (LOCH), TONN, BÁIGH, CUAN, CALADH, TRÁCHT, GAOTH, BLÉAN, GÓILÍN, CAISLE, CROMPÁN, SÁILÍN, CASLACH, POLL, CUAS.
LOCH MARA (LOCH): sin roinn de mhuir atá nach mór timcheallta ag an talamh, cuir i gcás, Loch Ríga, Loch Dá Chaoch, Loch Feabhail, Loch Laoigh. TONN: sin murbholg leathan mar a ndéanann an fhairrge torann mór, ag bruth fá thír di, cuir i gcás, Tonn Rudhraighe, Tonn Tuaidhe, Tonn Chlíodhna, Tonn Tóime. BÁIGH: sin roinn d'uisge ritheas isteach ins an tír, agus osgailt aici atá níos leithne ná mar atá ag an loch mara, cuir i gcás, Báigh an Daingin. CUAN: tá trí bhrígh leis an bhfocal so: (1) I nÉirinn is minic dhó 'na ainm ar bháigh nó ar loch mara, cuir i gcás, Cuan Chorcaighe, Cuan na nGall; (2) I nAlbain agus i Manainn is ionann é agus muir; (3) I nÉirinn fós ní hannamh do- bheirthear ar chaladhphort é. CALADH: sin murbholg beag nó bealach caol uisge 'n-a mbíonn port go gnáthach le haghaidh bád agus long; téidhthear ó thaobh go taobh i mbád ann. LOCH: sin roinn d'uisge atá timcheallta nó beagnach timcheallta ag an talamh. Tá dhá chinéal locha ann .i. loch tíre agus loch mara. LOCH TÍRE (LOCH): sin loch atá istigh ar tír. Is gnáthaighe leis bheith timcheallta ar fad ag an talamh, acht tá cuid de na lochaibh tíre nach fuil mar sin, cuir i gcás, Loch Ríbh, Loch Deirgdheirc, nach fuil ionnta acht an tSionainn dá leathnughadh féin amach ar gach taobh. Do mhínigheamar "loch mara" cheana. Dealuighthear locha mar an gcéadna do réir an chinéil uisge bhíos ionnta. Locha 'n-a bhfuil sáile ionnta, is locha sáile iad; agus locha 'n-a bhfuil fíoruisge ionnta, is locha fíoruisge iad. CAOLAS: sin snámh caol uisge tháthuigheas dhá roinn eile is mó 'ná é d'uisge le n-a chéile. Ainmneacha eile dhó, CAOLUISGE, CAOLFHAIRRGE, CAOLSHÁILE. An roinn is cumhainge de chaolas, is minic AN CAOL mar ainm air, cuir i gcás, An Caol idir Dairbhre agus an tír mhór. SLOC MARA (SLOC) nó SÚNDA: sin caolas éadoimhin nó tanaidhe, cuir i gcás, Sloc na Mara, an Súnda Salach. COINÉAL: sin snámh is mó agus is fairsinge 'ná caolas. DUMHACH nó BEARTRACH: sin talamh árd ar ghrinneall na fairrge agus a bharr i n-aice uachtair an uisge. TRÁCHT: sin murbholg mór fairsing agus tráigh fhada ar a shleasaibh, agus an tráigh féin fágthar leis í i n-am tráighte na fairrge, cuir i gcás, Trácht Romhra. GAOTH: sin sruth tanaidhe mar a dtig an tuile isteach, agus áthanna ann i n-am tráighte na fairrge, cuir i gcás, Gaoth Sáile, Gaoth Dóir, Gaoth Bearra.
BLÉAN: sin sruth beag uisge ghabhluigheas ó'n bhfairrge nó ó loch nó ó shruth fíoruisge, cuir i gcás, Bléan Phatóige. GÓILÍN: sin murbholg beag mar a dtéid sruth nó sruthán sa bhfairrge, cuir i gcás, An Góilín, idir Dairbhre agus an tír mhór. CAISLE: sin murbholg nó sruth san áit a dtéid sé sa bhfairrge. CROMPÁN: sin murbholg ag bun srotha bhig nó murbholg ghabhluigheas ó shruth fíoruisge, ó loch, nó ó mhuir. POLL: sin ainm eile do chrompán, acht tá ciallta thairis sin leis .i. cuas, pluais, uaimh, agus rl. SÁILÍN: sin murbholg beag mar a dtéid sruth isteach sa bhfairrge. CASLACH: sin bun srotha bhig mar a dtéid sé sa bhfairrge, cuir i gcás, Caslach an Mháis. CUAS: sin báighín nó cuainín an-bheag, acht ar uairibh do-bheirthear ar phluais nó ar uaimh é. CUILITHE: sin sruth uisge san aigéan, cuir i gcás, Cuilithe Atlantach an Ghrianchreasa. Is minic an focal SRUTH féin mar ainm coitcheann ar chuilithe. Bíonn sruth nó cuilithe i n-abhainn mar an gcéadna. CUILITHE GUAIRNE: sin sruth bhíos ag casadh thart timcheall air féin i n-abhainn. COIRE: sin cinéal cuilithe guairne, i muir nó i n-abhainn, cuir i gcás, Coire Bhreacáin. Goirthear SLUGTHÁN nó SLUGPHOLL de mar an gcéadna. ABHA nó ABHAINN: sin sruth fíoruisge ritheas tríd an talamh isteach i muir nó i loch, cuir i gcás, an tSionainn. Baintear úsáid as na foclaibh seo, ag trácht ar abhainn dúinn: barr nó tobar, bun nó béal, bruacha, grinneall, suainmheachán nó cumrachán, abhanntrach, dobhardhruim. AN BARR NÓ AN TOBAR: Is ar thosach na habhann do- bheirthear a barr nó a tobar. AN BUN NÓ AN BÉAL: ar fhóircheann na habhann do- bheirthear a bun nó a béal. INBHEAR: An tráth is fairsing bun na habhann ag dul i bhfairrge dhi is INBHEAR do-bheirthear air. NA BRUACHA: Bruach dheas agus bruach chlé na habhann, is iad sain na bruacha nó na taobha, taobh aca ar an láimh dheis agus an taobh eile ar an láimh chlé, ag gluaiseacht dúinn ó'n tobar go dtí an bun. Is é GRINNEALL NA hABHANN, an coinéal choingbhigheas a cuid uisgí istigh. SUAINMHEACHÁN nó CUMRACHÁN: Abha ritheas isteach i n-abhainn eile do-bheirthear suainmheachán nó cumrachán uirthi, agus an ball i rithid siad i n-a chéile do-bheirthear an cumar nó an tsuaineamh nó an ghabhal ar an áit sin.
ABHANNTRACH: sin í an roinn úd de thír 'n-a ritheann abha agus a suainmheacháin tríthi. DOBHARDHRUIM: sin é an druim nó an t-uachtar tíre dhealuigheas abhanntrach ó abhanntraigh eile. BAILE PUIRT nó CALADHPHORT: sin áit le haghaidh long nó bád, mar ar féidir dóibh a last do chur ionnta nó do chur díobh. Táid trí cinéil bhailte puirt ann .i. bailte puirt fhairrge, áit i dtigid loingeas isteach ó'n bhfairrge nó leis an tuile; bailte puirt abhann ar aibhníbh intseolta atá os cionn tuile na fairrge; agus bailte puirt chanáile. RANNA MÓRA DE THALAMH. Ceithre Móirthíortha atá sa Domhan Toir, .i. an Eoraip, an Ásia, an Afraic, an Austráil. Aon Mhóirthír amháin atá sa Domhan Tiar, .i. an tOileán Úr nó America. Tá an Eoraip do'n leith thiar de'n Ásia agus do'n leith thuaidh de'n Afraic. Tá sí ceangailte de'n Ásia do'n leith thoir agus do'n leith thoir theas, acht tá sí deighilte ó'n Afraic, ag an Muir dTorrian. Tá an Ásia do'n leith thoir de'n Eoraip agus do'n leith thoir thuaidh de'n Afraic. Tá sí ceangailte de'n Eoraip do'n leith thiar, agus de'n Afraic do'n leith thiar theas ag Dorlaing. Shuez. Tá an Afraic do'n leith theas de'n Eoraip agus do'n leith thiar theas de'n Ásia. Tá sí deighilte ó'n Eoraip ag an. Muir dTorrian, agus tá sí ceangailte de'n Ásia do'n leith thoir thuaidh ag Dorlaing Shuez. Tá an Austráil do'n leith thoir theas de'n Ásia. Ní'l sí ceangailte de mhóirthír ar bith eile. I Roinn na hAmerica atá dhá roinn mhóra, mar atá. America Thuaidh, do'n leith thuaidh, agus America Theas, do'n leith theas. Tá America Thuaidh agus America Theas ceang- ailte dá chéile ag Dorlaing Phanamá. Tá America deighilte ó'n Eoraip agus ó'n Afraic do'n leith thoir ag an Aigéan Atlantach (.i. ag an bhFairrge Mhóir), agus tá sí deighilte ó'n Ásia agus ó'n Austráil do'n leith thiar ag an bhFairrge Ciuin. RANNA MÓRA D'UISGE. Dealuigheann an tAigéan Atlantach America do'n leith thiar ó'n Eoraip, agus ó'n Afraic do'n leith thoir. Dealuigheann an tAigéan Ciuin (an Fhairrge Ciuin) America do'n leith thoir ó'n Ásia, agus ó'n Austráil do'n leith thiar.
Tá an tAigéan Indiach do'n leith thoir de'n Afraic, do'n leith theas de'n Ásia, agus do'n leith thiar de'n Austráil. Tá an tAigéan Arctic (Muir Croinn nó an Fhairrge Théachtuighthe) do'n leith thuaidh de'n Eoraip, de'n Ásia, agus d'America. Tá an tAigéan Antarctic do'n leith theas de'n Aigéan Atlantach, de'n Aigéan Indiach, agus de'n Aigéan Ciuin. An tAigéan Theas do-bheirthear ar na rannaibh theas de'n Aigéan Atlantach agus de'n Aigéan Indiach. Is táithte le n-a chéile atáid na hAigéin go huile, ar mhodh nach fuil ionnta acht aon mhorc mór uisge amháin ar adtugthar i gcoitchinne "An tAigéan." TÓRAINTE NA MÓIRTHÍOR. De thórantacht na hEorpa ann so leis an Aigéan agus leis an dtalamh: Muir Croinn nó an Fhairrge Théachtuighthe (an tAigéan Arctic) do'n leith thuaidh di; Muir Thorrian agus an Fhairrge Dhubh (Muir Eúxín) do'n leith theas di; an Ásia do'n leith thoir di; agus an tAigéan Atlantach (an Fhairrge Mhór) do'n leith thiar di. De thórantacht na hÁsia ann so leis an Aigéan agus leis an dtalamh: Muir Croinn do'n leith thuaidh di; an tAigéan Indiach do'n leith theas di; an tAigéan Ciuin do'n leith thoir di; an Eoraip, Muir Thorrian, agus an Mhuir Ruadh do'n leith thiar di. De thórantacht na hAfraice ann so leis an Aigéan agus leis an dtalamh: Muir Thorrian do'n leith thuaidh di; an tAigéan Theas do'n leith theas di; an Ásia, an Mhuir Ruadh agus an tAigéan Indiach do'n leith thoir di; an tAigéan Atlantach do'n leith thiar di. De thórantacht na hAustráile leis an Aigéan ann so: an tAigéan Ciuin do'n leith thoir agus do'n leith thuaidh di; an tAigéan Theas do'n leith theas di; an tAigéan Indiach do'n leith thiar di. De thórantacht America leis an Aigéan ann so. Tórainte America Thuaidh .i. Muir Croinn (an tAigéan Arctic) do'n leith thuaidh di; an tAigéan Ciuin do'n leith thiar agus do'n leith theas di; an tAigéan Atlantach do'n leith thoir di. Tórainte America Theas .i. Muir Cairib agus an tAigéan Atlantach do'n leith thuaidh di; an tAigéan Antarctic do'n leith theas di; an tAigéan Atlantach do'n leith thoir di; an tAigéan Ciuin do'n leith thiar di.
CRÍOCHA NA nAIGÉAN. De chríochantacht an Aigéin Atlantaigh ann so: Muir Chroinn do'n leith thuaidh de; an tAigéan Antarctic do'n leith theas de; an Eoraip agus an Afraic do'n leith thoir de; America do'n leith thiar de. De chríochantacht an Aigéin Ciuin annso: an Ásia agus America do'n leith thuaidh de; an tAigéan Antarctic do'n leith theas de; America do'n leith thoir de; an Ásia agus an Austráil do'n leith thiar de. De chríochantacht an Aigéin Indiaigh annso: an Ásia do'n leith thuaidh de; an tAigéan Antarctic do'n leith theas de; an Austráil do'n leith thoir de; an Afraic do'n leith thiar de. De chríochantacht an Aigéin Arctic annso: an Eoraip, Ásia, agus America do'n leith theas de. Timcheallann sé an domhan ar fad ó'n áird thoir gus an áird thiar, agus téid sé a fhad leis an bPolus Thuaidh do'n leith thuaidh. De chríochantacht an Aigéin Antarctic annso: an tAigéan Atlantach, an tAigéan Ciuin, agus an tAigéan Indiach do'n leith thuaidh de; an Mhóirthír Antarctic, meastar do bheith ann, do'n leith theas di. Timcheallann sé an domhan ar fad ó'n áird thoir gus an áird thiar. ÉIRE. Oileán de'n Eoraip Éire, atá amuigh san Aigéan Atlantach, agus é do'n leith thiar de'n roinn mhóir. Tá oileán na Breataine Móire, i n-a bhfuil Alba, Breatain agus Sasana, do'n leith thoir di. Tá Éire deighilte ó'n mBreatain Mhóir ag Sruth na Maoile, ag Muir Meann, agus ag Muir na Breataine. Is í an Fhrainc an tír is goire d'Éirinn dá bhfuil ar mhóirthír na hEorpa uile. De thórantacht na hÉireann annso: an Fhairrge Mhór (an tAigéan Atlantach) do'n leith thuaidh, do'n leith thiar, agus do'n leith theas di; Sruth na Maoile do'n leith thoir thuaidh di; Muir Meann do'n leith thoir di; Muir na Breataine do'n leith thoir theas di. Fad na hÉireann ó'n mBinn Mhóir i gContae Aontroma go Carn Uí Néid i gContae Corcaighe 300 (trí chéad) míle nó fá'n tuairim sin, agus a tarsna ó Bhinn Éadair go Ceann Léime i gContae na Gaillimhe 170 (céad agus seachtmhogha) de mhíltibh nó mar sin. A hachar .i. 32,524 (triocha a dó de mhíltibh, chúig céad agus a ceathair is fiche) de mhíltibh cear- nógacha. A daoinighe, atá ag dul i laighead do réir a chéile,
.i. 4,458, 775 (cheithre mhilliuin, cheithre chéad caoga a hocht de mhíltibh, seacht gcéad seachtmhogha a cúig) sa bhliadhain 1901 (naoi gcéad déag agus a haon, nó míle naoi gcéad agus a haon). AORÁID. — Tá aoráid na hÉireann go ban-tais, agus ní'l teas an tsamhraidh ná fuacht an gheimhridh comh mór agus atá i gcríochaibh tíre de'n leathfhad chéadna. CÚIGÍ. — De roinn na hÉireann annso, .i. roinn cheath- ramhnach atá uirthi indiu, mar atá, Ulaidh (Cúige Uladh) thuaidh, Laighin (Cúige Laighean) thoir, Mumha (Cúige Mumhan) theas, Connachta (Cúige Connacht) thiar. CONNTAETHE. — Tá mionroinn ar na cúigíbh, .i. a dó is triocha de chonntaethibh ionnta. A seacht déag de na conntaethibh ar bhruach na fairrge; dá bhrígh sin, do-bheirthear conntaethe MARA ortha. Conntaethe TÍRE do-bheirthear ar na cúig ceannaibh déag eile. ULAIDH. — Naoi gConntaethe. Conntaethe Mara. — A ceathair. Conntaethe. Árd-Bhailte. Co. Dhúin na nGall, …Leithbhearr, Béal Átha Seanaigh, Leitir Ceanainn, Dún na nGall. Co. Dhoire, …Doire Coluim Cille, Cúil Raithne, Léim an Mhadaidh, Machaire Fiogaide. Co. Aontroma, …Béal Feirste, Carraig Fhearghusa. Lios na gCearrbhach, Baile Meadhónach. Latharna, Aontruim. Co. an Dúin, …Dún Phádraig (Dún Dá Leathghlas), Iubhar Cinn Trágha, Baile Árd Uladh, Droichead na Banna, Árd Mhic. Nasca, Beannchar, Conntaethe Tíre — a cúig. Co. Árda Macha, …Árd Mhacha, An Lurga, Port an Dúnáin, Cloch an Riabháin. Co. Mhuineacháin, …Muineachán, Cluain Eois, Carraig Mhach- aire Rois, Caisleán Mathghamhnach. Co. Thíre Eoghain, …An Óghmhagh, Dún Gheanainn, An Srath Bán, Cora Críche. Co. Fhear Manach, …Inis Ceitleann, Lios na Sgiach. Co. an Cabháin, …Cabhán (An Cabhán), An Mhuinchille, Béal Tairbeirt, Cill Cathlaigh.
ÁRD-BHAILTE PUIRT. Béal Feirste, Doire Coluim Cille, Iubhar Cinn Trágha. Daingean oibre déantús an línéadaigh i nUltaibh Béal Feirste. Tá táin mhór ar an mbaile puirt seo fá shnaidhm- theoireacht long, fá shníomhthóireacht chadáis, agus fá dhéan- túsaíbh nach iad. Is ann atá Iolsgoil na Bainríoghna. Tá cáil ar Dhoire Coluim Cille fá n-a iomshuidhe do tháinig chum baile sa bhliadhain 1689. Déantóireacht léinteadh a árd- dhéantús. Táid cuiréil eibhir fá Iubhar Cinn Trágha agus fós roinnt mhuilte línéadaigh. Baile puirt do litreachaibh le haghaidh na hAlban Latharna. ÁRD-BHAILTE TÍRE. Árd Mhacha, An Lurga, Lios na gCearrbhach, Cúil Raithne, Dún Phádraig, Baile Árd Uladh, An Baile Meadhónach, Dún Gheanainn, Port an Dúnáin, Cloch an Riabháin, Inis Ceitleann. Is é Árd Mhacha is árdchathair eaglaise d'Éirinn. Is é Dún Phádraig is róimh adhlaicthe do Phádraig Naomhtha. Táid déantúsaí cadáis agus muislín fá bhaile Árd Uladh. Is é Dún Gheanainn dob' árdchathair ársa do Cinéal Eoghain (.i. do Shíol Néill) i n-allód, Táid mianaigh ghuail fá'n chomharsanacht. Lár-bhall bóthar n-iarainn iseadh Port an Dúnáin. An Lurga, Lios na gCearrbhach, Cúil Raithne, An Baile Meadhónach, Cloch an Riabháin, Na Locháin, agus Droichead na Banna, tá táin mhór ortha so uile fá dhéantóireacht línéadaigh. Is í Inis Ceitleann is árdbhaile do Conntae Fhear Manach, agus tá cáil mhór uirthi fá'n tír ró-aoibhinn atá i bhfíor-ghar di. LAIGHIN. — Dha Contae Dhéag. Conntaethe Mara — a cúig. Conntaethe. Árd-Bhailte, Co. Lughmhaighe, …Sráidbhaile Dhúin Dealgan (Sráid bhaile. Mhic Buain), Droichead Átha, Baile Átha Fhirdhiadh, Cáirlinn. Co. na Midhe, …Baile Átha Truim (Áth Truim Uí Laoghaire), An Uaimh (Nuachongbháil), Ceanannas. Co. Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath (Áth Cliath Cualann, Áth Cliath Duibhlinne, nó Áth Cliath), Dún Laoghaire, Baile Breacáin, Sgeilg Sgeire (Sgeirí).
Conntaethe. Árd-Bhailte. Co. Cille Mantáin, …Cill Mhantáin, An tInbhear Mór, Brí Cualann, Ráth Droma. An Conntae Riabhach, Loch Garman, Ros Mhic Treoin, Inis Córthadh, Guaire. Conntaethe Tíre — a seacht. Co. Cille Dara, …An Nás, Baile Átha hÍ, Magh Nuadhad, Cill Dara, An Droichead Nua... Co. Ceatharlach, …Ceatharlach, Muine Bheag, Tulach Ó bhFéidhlim (An Tulach), Leithghlinn an Droichid (Droichead Leithghlinne). Co. Cille Coinnigh, …Cill Coinnigh, Calainn, Caisleán an Comair, Baile Mhic Anndáin. Co. na Bainríoghna, …Port Laoighise, Móinteach Mílic, Cúil an tSúdaire, Móin Rátha. Co. an Ríogh (Co. Ua bhFáilghe), An Tulach Mhór, Biorra, Éadan Doire, Beannchar. Co. na hIar-Mhidhe, …An Muileann Cearr, Béal Átha Luain, Móta Ghráinne Óige, Cill bheagáin. Co. an Longphuirt, …Longphort Uí Fhearghail, Gránárd (Gránarad), Meathus Truim. ÁRD-BHAILTE PUIRT. Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire, Droichead Átha, Sráidbhaile Dhúin Dealgan, Loch Garman, Cill Mhantáin, Baile Breacáin, Brí Cualann, An tInbhear Mór. Is é Baile Átha Cliath árdchathair na hÉireann; is mór í a cháil fá iomad agus fá bhreaghdhacht a fhoirgneamh bpuiblidhe. Ar a dhéantúsaíbh atáid déantóireacht phoiplín, déantóireacht ghloine, grúdaireacht, dríogaireacht, agus snaidhmtheoireacht long. Tá dhá Iolsgoil ann, Iolsgoil Átha Cliath, agus Iolsgoil Tíreamhail na hÉireann, agus coláistí iomdha maran gcéadna. Páirc an Fhionnuisge atá i n-aice na cathrach, tá sí ar na páirceannaibh puiblidhe is breaghdha agus is aoibhne dá bhfuil ar an domhan. Is é Dún Laoghaire is baile puirt do litreachaibh an phuist le haghaidh Sasana. Tá Droichead Átha ag bun na Bóinne. Is i n-aice leis do buaileadh "Briseadh na Bóinne" sa bhliadhain 1690. Táid roinnt déantús figheadóireachta fá'n mbaile seo. Is í teist atá ar Shráid Bhaile Mhic Buain, iasgaireacht mar ghnáth-cheird innti, agus fós Tighthe Oibre Mhór-Bhóthair Iarainn an Tuaiscirt do bheith ann, Bíonn tráchtáil mhór loingseoir- eachta ar bun do ghnáth.
Tá teist ar Loch garman fá n-a dhéantúsaíbh iarainn, agus fós fá n-a loingsibh. Bíthear ag tathaighe go Cill Mhantáin, go Brí Cualann, agus go Sgeilg Sgeire, as los aeir fholláin an tsáile. Is i táin atá ar Bhaile Breacáin, monarcha stocadóireachta agus fós iasgaireacht do bheith ar bun ann. ÁRD-BHAILTE TÍRE. Cill Choinnigh, An Uaimh (Nuachongbháil), Baile Átha Truim' An Muileann Cearr, Béal Átha Luain, Magh Nuadhad, Cill Dara, Biorra, An Tulach Mhór. Táid mianaigh ghuail agus cuiréil mharmair fá chill Choinnigh. Táid déantúsaí olna san Uaimh agus i mBéal Átha Luain. Is i clú atá ar Bhaile Átha Truim, .i. go bhfuil caisleán Ríogh Seagháin ann. Bíonn aonach mór eallaigh agus margadh olna sa Mhuileann Cearr. Is i cáil atá ar Mhaigh Nuadhad, .i. go bhfuil Coláiste Phádraig, Coláiste Eaglaise na gCaitliceach, ann. Is i teist atá ar chill Dara .i. fothraigh eaglaise agus cloigtheach do bheith ann, is i ngar do'n bhaile seo atá an Currach (Currach Chille Dara), an currach coimhleanga is breaghdha dá bhfuil san Roinn Eorpa. Is i táin atá ar Bhiorra, fá Amharcadán an tighearna Ruis, i n-a bhfuil an cianamharcán nach mór is mó dá bhfuil sa domhan. MUMHA — Sé Conntaethe. Conntaethe mara — a ceathair. Conntaethe. Árd-Bhailte. Co. Phuirt Láirge, …Port Láirge, Dún garbháin, An Tráigh Mhór, lios Mór Mochuda, Port- ládhach, ceapach Chuinn. Co. Chorcaighe, …Corcach Mhúr Mumhan (Corcaigh), Cill Gharbháin (An Cóf), Mainistir fhear Muighe (An Mhainistir Thuaidh), Eochaill, Cionn tSáile, Magh Ealla (Malla), Droichead na Banndan. Co. Chiarraighe, …Tráigh Li, Cill Áirne, lios Tuathail, Cathair Saidhbhín, Daingean Uí chúise. Co. an Chláir, …Inis Cluana Rámhfhada (inis), Cill Ruis, Sráid na Cathrach, Inis Díomáin, Cill Dá lua.
Conntaethe tire — a dó. Conntaethe Árd-Bhailte. Co. Luimnigh, …Luimneach, Ráth Gaola (Ráth caola), An Caisleán Nua, Brugh na nDéise, Cill Fhionáin. Co. Thiobrad Árann, Cluain meala, Tiobraid Árann, Carraig na Siuire, Aonach Urmhumhan, Dúrlas Éile, Caiseal Mumhan, Ros Cré. ÁRD-BHAILTE PUIRT. Corcaigh, Luimneach, Port Láirge, Cill gharbháin (An Cóf), Eochaill, Dún garbháin, Daingean Uí chúise, Cionn tSáile. Is i Corcaigh an treas cathair is mó d'Éirinn, agus Bíonn trácht fóirleitheadamhail ar siubhal innti do ghnáth. Tá coláiste de Choláistíbh na Bainríoghna ann. Is é Luimneach an cheathramhadh cathair is mó d'Éirinn, is i teist atá air, fá lása agus fá shailleadh bagúin. Bíonn tráchtáil mhór loingseoireachta ann do ghnáth. Bíonn trácht mór onnmhuire nó breithe amach i bPort Láirge, agus fós sailleadh bagúin. Is i Cill Gharbháin (An Cóf) is baile puirt do litreachaibh Nua-Eabhraigh. Eochaill, dún garbháin, cionn tSáile, agus daingean Ui Chúise: is i ainmneamhlacht atá ortha so, .i. iasgaireacht. I nEochaill do céad-fhréamhuigheadh an potáta i nÉirinn. ÁRD-BHAILTE TÍRE. Cluain Meala, Cill Áirne, Caiseal, Malla, Dúrlas. Baile mór tráchtála Cluain meala. Is é suidhiughadh atá ar Chill Áirne, .i. i n-aice Locha Léin, agus is i cáil atá uirthi áilne agus aoibhneas na tire agus na loch atá sa cheanntar sain. Is é Caiseal dob' árdchathair do'n Mhumhain i n-allód. Tá teist mhúr air fá na fuidhlibh sean-fhoirgneamh atá fós ar charraig Chaisil. Lár-bhaill bhóthar n-iarainn is eadh Malla, Dúrlas, agus Inis. CONNACHTA. — Cúig Conntaethe. Conntaethe Mara — a ceathair. Conntaethe. Árd-Bhailte. Co. na Gaillimhe, …Gaillimh, Béal Átha na Sluagh, Tuaim Dhá Ghualann, Baile locha Riach, Gort Inse Guaire.
Conntaethe. Árd-Bhailte. Co. Mhuigheo, …Caisleán an Bharraigh, Béal Átha an Fheadha (Béal an Átha), Cathair na Mart, Baile an Ródhba, Béal Átha na Muice. Co. Shligigh, …Sligeach, Baile an Mhóta, Tobar an Choire. Co. Liathdroma, …Cara Droma Rúisg, Maothail Mhana- cháin, Cluainín Uí Ruairc (An Cluainín). Conntaethe Tíre — A haon. Co. Rosa Comáin, …Ros Comáin, Mainistir na Búille, ÁRD-BHAILTE PUIRT. Gaillimh, Sligeach, Cathair na Mart. Is í Gaillimh is árd- chathair do Chonnachtaibh. Tá coláiste de Choláistíbh na Bain- ríoghna innti. Tá muilte olna ann, agus bíonn iasgaireacht bhradán ar bun go gnáthach. Bíonn tráchtáil mhór loingseoireachta ar bun i Sligeach, agus fós is tádhbhachtach iad tionnsgail agus déantúsaí an bhaile mhóir seo. Tá Cathair na Mart fá neasacht beagáin de mhíltibh de Chruach Phádraig. Caladh deagh-thráchta é. ÁRD-BHAILTE TÍRE. Tuaim Dhá Ghualann (Tuaim), Béal Átha na Sluagh, Baile Átha an Ríogh. Baile mór conáigh Tuaim Dhá Ghualann. Ann so do chuir Iarfhlaith Naomhtha mainistir ar bun sa seiseadh ceannair. Is mór í an cháil atá ar Bhéal Átha na Sluagh fá n-a aontaighibh capall, eallaigh, agus caorach. Is í teist atá ar Bhaile Átha an Ríogh, .i. a chaisleán agus fothrach na sean-mhainistreach. Lár-bhall bóthar n-iarainn é. Is iad so sé conntaethe is mó d'Éirinn, .i. Conntae Chorcaighe, Conntae na Gaillimhe, Conntae Mhuigheo, Conntae Dhúin na nGall, Conntae Chiarraighe, Conntae Thiobrad Árann. Is iad so cheithre conntaethe is lugha, .i. Conntae Lughmhaighe, Conntae Cheatharlach, Conntae Bhaile Átha Cliath, Conntae an Longphuirt.
MURBHUILG. THOIR:- An Bháigh Ruadh agus Loch Ollarbha, i gConntae Aontroma; Loch Laoigh, idir Conntae Aontroma agus Conntae an Dúin; Loch Cuan agus Loch Rudhraighe, i gConntae an Dúin; Cuan Snámha Aidhneach nó Loch Cáirlinne, idir Conntae an Dúin agus Conntae Lughmhaighe; Cuan an tSráidbhaile nó Cuan Mhuirtheimhne, i gConntae Lughmhaighe; Cuan Bhaile Átha Cliath, i gConntae Bhaile Átha Cliath; Loch Garman, sa Chonntae Riabhach. THEAS:- Loch Dá Chaoch, idir an Chonntae Riabhach agus 'Conntae Phuirt Láirge; Cuan na Trágha Móire agus Cuan Dhúin Garbháin; i gConntae Phuirt Láirge; Cuan Eochaille, idir Conntae Puirt Láirge agus Conntae Chorcaighe; Cuan Chorcaighe, Cuan Chinn tSáile, Cuan Chlanna Chaoilte, Cuan Dor, Loch Treasna agus Cuan Rinne Chúil Uisge, Cuan Dhúin Mhághnais, agus Cuan Baoi, i gConntae Chorcaighe. THIAR:- Inbhear Sgéine (Cuan Neidíneach), idir Conntae Chorcaighe agus Conntae Chiarraighe; Báigh Bhaile na Sgealg, Cuan Bhéil Inse, Báigh an Daingin, Báigh Bhréanainn, Loch Foirdhreamhain, i gConntae Chiarraighe; Inbhear na Sionna nó Inbhear Luimnigh, idir Conntae Chiarraighe agus Conntae Luimnigh do thaoibh agus Conntae an Chláir do'n taoibh eile; Cuanta na Mara Báine, i gConntae an Chláir; Loch Lurgan nó Cuan na Gaillimhe, idir Conntae an Chláir agus Conntae na Gaillimhe; Cuan an Fhir Mhóir (Cuan Inbhir Mhóir), Cuan Chille Ciaráin, agus Cuan, an Bheartraigh Bhuidhe, i gConntae na Gaillimhe; An Caolsháile, idir Conntae na Gaillimhe agus Conntae Mhuigheo; Cuan Modh, Cuan an Fhóid Duibh, agus Cuan an Inbhir Mhóir, i gConntae Mhuigheo; Cuan Chille hAlaidh, idir Conntae Mhuigheo agus Conntae Shligigh; Cuan Shligigh, i gConntae Shligigh; Cuan na nGall, taobh theas 'oe Dhún na nGall. THUAIDH:- Cuan na Long agus Loch Súilighe, i gConntae Dhúin na nGall; Loch Feabhail, idir Conntae Dhúin na nGall agus Conntae Dhoire; Tonn Tuaidhe, i gConntae Dhoire; Cuan Bhaile an Chaisleáin, i gConntae Aontroma. CINN TÍRE. THOIR:- Rinn Chinn Bheara, i gConntae an Dúin; Beann Éadair, i gConntae Bhaile Átha Cliath; Ceann Breagh, agus Dún Borr, i gConntae Chille Mantáin; Rinn na Cathaoire, Rinn na Binne; agus Rinn an Chairn, sa Chonntae Riabhach.
THEAS:- Rinn Dubháin sa Chonntae Riabhach; Dún Cearmna nó Dún Mhic Pádraig, agus Carn Uí Néid, i gConntae Chorcaighe; Ceann Cléire, i nOileán Cléire laisteas de Chonntae Chorcaighe. THIAR:- Ceann Dhúin Mhóir, agus Ceann Ciarraighe, i gConntae Chiarraighe; Léim Chonculainn nó Ceann Léime, Ceann Caillighe, agus Ceann Bóirne, i gConntae an Chláir; Ceann Léime, i gConntae na Gaillimhe; Ceann Acla, i nAcaill; Ceann Iorruis, i gConntae Mhuigheo; Ros Eoghain, i gConntae Dhúin na nGall. THUAIDH:- Cnoc Fola, Corrán Binne, agus An Mhálainn, i gConntae Dhúin na nGall; Beann Ghabhar, agus Beann Mhór, i gConntae Aontroma. An rinn is sia soir, Rinn Chinn Bheara; an rinn is sia budh dheas, Carn Uí Néid; an rinn is sia siar, Ceann Dhúin Mhóir; an rinn is sia budh thuaidh, An Mhálainn. TAIRBEIRT (LEITHINSEACHA). Rinn Seimhne nó Inis Mhig Aodha, taobh thoir de Chonntae Aontroma; Árd Uladh, taobh thoir de Chonntae an Dúin; Beann Éadair, taobh thoir de Chonntae Bhaile Átha Cliath; Leithinse Bhéarra, idir Cuan Baoi agus Inbhear Sgéine; Leithinse Uíbh Ráthaigh, idir Inbhear Sgéine agus Báigh an á Daingin; Corca Dhuibhne, lastuaidh de Bháigh an Daingin; Muirisg, idir an Caolsháile agus Cuan Modh; An Muirthead, taobh thiar thuaidh de Chonntae Mhuigheo; Inis Eoghain, idir Loch Súilighe agus Loch Feabhail. OILEÁIN. THOIR:- Inse Beagna, taobh thoir thuaidh de Chonntae an Dúin; Reachra Breagh agus Inis Faithleann (Inis Mhac Neasáin, Inis Éireann), taobh thoir de Bhaile Átha Cliath. THEAS:- Na Sáiltíthe, taobh theas de Chonntae Locha Garman; Oileán Árda Neimhidh, Inis Sionnach, agus Inse Rátha, i gCuan Chorcaighe; Oileán Cléire, i dtaobh theas de Chonntae Chorcaighe; Oileán Béarra, agus Faoide, i gCuan Baoi. THIAR:- Dairbhre (Oileán Dairbhre) agus Inse Tarbhna nó Na Blosgaodaí, laistiar de Chiarraighe; Na hÁirne Theas i. Inis Mór, Inis Meadhóin, agus Inis Thiar, i gCuan na Gaillimhe;.
Acaill, Cliara, Inis Torc, Inis Airc, agus Inis Sgéith, taobh thiar de Chonntae Mhuigheo; Ára Mhór Thuaidh, taobh thiar de Chonntae Dhúin na nGall. Thuaidh:- Torach (Oileán Thoraighe), Inis Bó Finne, agus Inis Trágha Thall, taobh thuaidh de Chonntae Dhúin na nGall; Reachra Dháil Riada (Oileán Reachrann, Rachla) taobh thuaidh de Chonntae Aontroma. Is é oileán is mó dhíobh so uile, .i. Acaill; a hachar 50 (caoga) míle cearnógach. Táid fothraigh shean-teampall, agus rl., ar mhórán de na hoileánaibh seo, go mór-mhór ar an méid díobh atá amuigh ó bhruachar an Iarthair. SLÉIBHTE. Sléibhte Chonntae Aontroma, i gConntae Aontroma. Na mullaigh is airde dhíobh, .i. Trostán, 1,811 troigh ar airde os cionn na bóchna; Cnoc Lea, Duibheis. Beanna Boirche nó Sléibhte Mughdhorna, i dtaobh theas de Chonntae an Dúin. Na mullaigh is airde dhíobh .i. Sliabh Domhanghairt, 2,796 troighthe ar airde; Sliabh Coiméadach, Sliabh Bearnach. Sliabh Crúb, 1,775 troighthe ar airde; tá sé i lár Chonntae an Dúin. Sléibhte Chuailnge, i dtuaisceart Chonntae Lughmhaighe. An bheann is airde dhíobh .i. Sliabh Cháirlinne, 1,935 troighthe ar airde. Sliabh gCuillinn, i dtaobh theas de Chonntae Árda Macha, 1,893 troighthe ar airde. Sliabh Cualann, i gConntae Chille Mantáin. An bheann is airde dhíobh, .i. Log na Coille nó Ae Cualann, 3,039 dtroighthe. Téid an ceann tuaisceartach de Shliabh Cualann tar teorainn isteach i gConntae Bhaile Átha Cliath. Cip Iubhair, atá go díreach ar thórainntibh Chonntae Bhaile Átha Cliath agus Chonntae Chille Mantáin, tá sé 2,473 troighthe ar airde. Suidhe Laighean, 2,610 dtroighthe, agus an Staighre Dubh, 2,409 troighthe ar airde, idir Chonntae Cheatharlach agus an Chonntae Riabhach. Sliabh Chnuic Mhaoil Domhnaigh, idir Chonntae Phuirt Láirge agus Conntae Thiobrad Árann. An bheann is airde dhíobh, .i. Cnoc Maoil Domhnaigh, 2,609 dtroighthe ar airde. Sléibhte an Chumaraigh, i gConntae Phuirt Láirge. An bheann is airde dhíobh, .i. Cnoc an Aifrinn, 2478 dtroighthe ar airde.
Crota Cliach nó na Gailte, i ndeisceart Chonntae Thiobrad Árann. An bheann is airde dhíobh, .i. Gailte Móra, 3,015 troighthe ar airde. Sliabh Coimeálta (an bheann is airde dhíobh .i. Cnoc Coimeálta, 2,278 dtroighthear airde), agus Sléibhte an Airgid, i n-iarthar Chonntae Thiobrad Árann. Bearnán Éile, 1,583 troighthe ar airde, i dtaobh thuaidh de Chonntae Thiobrad Árann. Sliabh na mBan Fionn, 2,364 troighthe ar airde i n-oirthear- dheisceart Chonntae Thiobrad Árann. Sliabh Bladhma, i gConntae an Ríogh agus i gConntae na Bainríoghna. Na beanna is airde dhíobh, .i. Árd Éireann, 1,733 troighthe; Bearna, 1,661 troigh ar airde. Trí sreatha sliabh atá i Sléibhtibh Chiarraighe, mar atáid, an Sliabh Theas, an Sliabh Meadhóin, agus an Sliabh Thuaidh. An Sliabh Theas, idir Chuan Baoi agus Inbhear Sgéine. An bheann is airde dhíobh, .i. an Cnoc Buidhe, 2,321 troigh ar airde. Tá an Sliabh Meadhóin idir Inbhear Sgéine agus Báigh an Daingin, agus ortha so atáid Cruacha Dubha Mhic Giolla Coda (an bheann is airde dhíobh, .i. Carrán Thuathail, 3,414 troighthe ar airde), agus Sléibhte Locha Léin (an bheann is airde dhíobh, .i. Mangartach Locha Léin, 2,756 troighthe ar airde). Tá an Sliabh Thuaidh idir Báigh an Daingin agus Loch Foir- dhreamhain. Is í beann is airde dhíobh, .i. Cnoc Bréanainn (Cnoc Breanndáin), 3,127 dtroighthe ar airde. Sléibhte Chonmhaicne Mara, idir Cuan na Gaillimhe agus an Caolsháile. Is iad beanna is airde dhíobh, .i. Beanna Beola, 2,395 troighthe ar airde; Mám Torc, 2,307 dtroighthe ar airde. Sléibhte Mhuirisg, idir an Caolsháile agus Cuan Modh. Is iad beanna is airde dhíobh, .i. an Maol Riabhach, 2,688 dtroighthe ar airde; Cruach Phádraig, 2,510 dtroighthe ar airde. Sliabh Néifinn, taobh thuaidh de Chuan Modh. Is iad beanna is airde dhíobh, .i. Néifinn, 2,646 troighthe ar airde; Néifinn Bheag, 2,065 troighthe ar airde. Sléibhte Chonntae Shligigh. Is í beann is airde dhíobh, .i. Trosg. Mór, 2,113 troighthe ar airde. Sliabh Cuilceach, i gConntae an Chabháin, 2,188 dtroighthe ar airde. Sléibhte Thíre Conaill .i. uimhir éigin sliabh atá i gConntae Dhúin na nGall, agus iad ar fhad a chéile ag líonadh furmhóir na conntae sin. Is iad beanna is airde dhíobh, .i. Aireagal, 2,466 troighthe ar airde; An Chruach Ghorm, 2,219 dtroighthe ar airde. Sléibhte an Speirín, i gConntae Thire Eoghain agus i gConntae Dhoire. Is í beann is airde dhíobh, .i. Samhail, 2,240 troigh ar airde.
AIBHNE. SOIR:- Abhainn Lagáin (48 de mhíltibh ar fad), a barr i Sliabh Crúb agus a bun i Loch Laoigh; is intseolta í go Lios na gCearrbhach. An Righ, a barr i gConntae an Dúin agus a bun ag Snámh Aidhneach. An Bhóinn (64 de mhíltibh ar fad), a barr ag Sídh Neachtain i gConntae Chille Dara agus a bun ag Inbhear Colpa, .i. murbholg de Mhuir Meann; is intseolta í go soiche an Uaimh. Life (72 de mhíltibh ar fad), a barr i Sliabh Cualann agus a bun i nInbhear Lifeach .i. murbholg de Chuan Bhaile Átha Cliath. Abhainn Fhear Tíre nó Abhainn Liathdroma, a barr i Sliabh Cualann agus a bun ag Inbhear Dé, .i. murbholg de Mhuir Meann. An Abhainn Mhór, a barr i Sliabh Cualann agus a bun ag an Inbhear Mhór, .i. murbholg de Mhuir Meann. Sláinghe (70 de mhíltibh ar fad), a barr i Log na Coille agus a bun i Loch Garman; is intseolta í go hInis Córthaidh. BUDH DHEAS:- An Bhearbha, 96 de mhíltibh ar fad, a barr i Sliabh Bladhma agus a bun i Loch Dá Chaoch; is intseolta go Baile Átha hÍ í. An Fheoir, 80 de mhíltibh ar fad, a barr i mBearnán Éile agus a bun i gCumar na dTrí nUisge. An tSiuir, 119 de mhíltibh ar fad, a barr i mBearnán Éile agus a bun i Loch Dá Chaoch; is intseolta go Cluain Meala í. An Abha Mhór, 85 de mhíltibh ar fad, a barr i gCiarraighe agus a bun i gCuan Eochaille; is intseolta go Ceapach Chuinn í. An Laoi, a barr i nGúgán Barra, i n-iarthar Chonntae Chorcaighe, agus a bun i gCuan Chorcaighe; is intseolta go Corcaigh í. An Bhannda, 45 de mhíltibh ar fad, a barr i gCorcaigh agus a bun i gCuan Chinn tSáile. SIAR:- An Leamhain, a barr i Loch Léin agus a bun i dTuinn Tóime. An tSionainn, 224 de mhíltibh ar fad, a barr ag Log na Sionna, i dtaobh thiar thuaidh de Chonntae an Chabháin, agus a bun ag Loch Luimnigh, .i. murbholg de'n Aigéan Atlantach (.i. de'n Fhairrge Mhóir); is intseolta go Loch Aillinne í, agus congnamh canál ngearr aici i n-áiteannaibh i bhfuil grinneall na habhann go mí-oireamhnach. An Choirib ó Loch Coirib (Loch Oirbsean) go Cuan na Gaillimhe. An Mhuaidh, a barr i Sliabh Ghamh, i gConntae Shligigh, agus a bun i gCuan Chille hAlaidh; is intseolta go Béal Átha an Fheadha í. An Arbha ó Loch Arbhach go Cuan Shligigh. An Eirne, a barr i Loch Gamhna agus a bun i gCuan na nGall. BUDH THUAIDH:- An Feabhal, sin é an t-ainm do-bheirthear ar an aon tsruth amháin do-ghní an Fhinn ó Thír Chonaill agus an Mhodharn ó Thír Eoghain, dhá abhainn théid i n-a chéile idir an Srath Bán agus Leithbhearr; téid an Feabhal i Loch Feabhail, agus is intseolta go dtí an Srath Bán í. An
Bhanna Uachtarach, 43 de mhíltibh ar fad, a barr i mBeannaibh Boirche agus a bun i Loch nEachach. An Bhanna Íochtarach, 37 de mhíltibh ar fad, a barr i Loch nEachach agus a bun i dTuinn Tuaidhe, .i. murbholg de'n Aigéan Atlantach; is intseolta go Cúil Raithne í. An Mhaing, a barr i gConntae Aontroma agus a bun i Loch nEachach. An Abhainn Mhór, 50 de mhíltibh ar fad, a barr i dTír Eoghain agus a bun i Loch nEachach. SUAINMHEACHÁIN: NA BÓINNE:- Barr na hAbhann Móire i Loch Mhuinreamhair agus an tsuaineamh (nó an cumar) ag an Dubhchumar i n-aice na hUaimhe. LIFE:- Tulca (Abhainn Tulcan, Abhainn Tulcadh) ar an mbruach chlé agus an Dothair (Abhainn Dothra) ar an mbruach dheas. Téid siad araon i mbun Abhann Life, .i. i nInbhear Lifeach. NA BEARBHA:- An Fheoir, ar an mbruach dheas, téid sí isteach ins an mBearbha ag Cumar na dTrí nUisge atá i ngar do Ros Mhic Treoin. NA SIONNA:- An Eithne (théid i Loch Ríbh), an Bhrosnach, an Mháigh, an Daol, ar an mbruach chlé; Suca agus Forghus ar an mbruach dheas. NA BANNA ÍOCHTARAIGHE:- An Mhaing, an Abhainn Mhór, agus Abhainn Bhaile an Doire, théid i Loch nEachach. NA MODHAIRNE:- An Dearg, ó Chonntae Dhúin na nGall; an tSruthair, ó Chonntae Thíre Eoghain. LOCHA. Loch nEachach (a achar, .i. 153 de mhíltibh cearnógacha) dá thraochadh ag an mBanna Íochtaraigh; tá sé ag críochantacht leis na cúig conntaethibh seo, .i. Conntae Aontroma, Conntae an Dúin, Conntae Árda Macha, Conntae Thíre Eoghain, agus Conntae Dhoire. Loch Gamhna, idir Chonntae an Longphuirt agus Conntae an Chabháin; Loch Uachtair i gConntae an Chabháin; Loch Eirne Uachtarach agus Loch Eirne Íochtarach, dá dtraochadh uile ag an Eirne. Loch Aillinne (a achar, .i. 14 de mhíltibh cearnógacha), Loch Ríbh (a achar, .i. 41 de mhíltibh cearnógacha), agus Loch Dearg (a achar, .i. 46 de mhíltibh cearnógacha), dá dtraochadh uile ag an Sionainn. Loch Con (a achar, .i. 24 1/2 de mhíltibh cearnógacha), i dtaobh thuaidh de Chonntae Mhuigheo, traochtar ag an Muaidh é. Loch Measg (a achar, .i. 25 de mhíltibh cearnógacha) agus Loch Coirib (a achar, .i. 68 de mhíltibh cearnógacha) i gConntae Mhuigheo agus i gConntae
na Gaillimhe, dá dtraochadh ag an gCoirib, agus sruth fó thalamh ag dul ó Loch Measg go Loch Coirib. Locha Chille hÁirne, na cinn is mó dhíobh, .i. Loch Torc, Loch Mhucruis, agus Loch Léin Linnfhiaclach (Loch Léin), dá dtraochadh ag an Leamhain a théid isteach i dTuinn Tóime, .i. an roinn inmheadhónach de Bháigh an Daingin. Loch Muinreamhair, i gConntae an Chabháin, dá thraochadh ag an Abhainn Mhóir. Loch Síleann, i gConntae an Chabháin; Loch Dairbhreach, Loch Uair (Loch Uail), Loch Ainninn (Loch Ainnill), i gConntae na hIar-Mhidhe; Loch Uí Ghadhra, i gConntae Shligigh, dá dtraochadh uile ag an Sionainn. Loch Arbhach, i gConntae Shligigh, dá thraochadh ag an Arbhaigh. Loch Gile, i gConntae Shligigh, dá thraochadh ag an nGearróig. Loch Meilghe, idir Feara Manach agus Conntae Liathdroma, dá thraochadh ag an Drobhaois. MÓINTE. MÓINTE na hÉireann, ar a dtugthar fós CURRAIGHTHE agus PORTAIGH, is mór an úsáid a baintear asta ar fud na tíre i riocht spuinc agus connaidh. Táid siad ar fagháil ar feadh gach aon chonntae. Tá dhá chinéal aca ann, .i. móinte cláir nó móinte íochtair thíre agus móinteáin nó móinte sléibhe (is minic do-bheirthear sliabh féin ortha so). An tseachtmhadh cuid de thuinn na tíre atá fá na móintibh seo. Is í móin is mó d' Éirinn Móin Éile, i n-a bhfuil cuid de gach conntae dhíobh so, .i. Conntae Chille Dara, Conntae na Bainríoghna, Conntae an Ríogh, Conntae na hIar-Mhidhe, agus Conntae na Midhe. Do-bheirthear Móin Almhan ar an roinn oirthearaigh de'n phortach mór so, .i. de Mhóin Éile, acht tá Móin Éile d'ainm air ar fad. Tá sé 'na sheanfhocal fós ag Midheachaibh agus ag a gcoigcríochaibh, .i. "Móin Almhan agus Móin Éile, An dá mhóin is mó i nÉirinn." BÓITHRE IARAINN. Is iad príomh-bhóithre iarainn atá i nÉirinn, .i. 1. — MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN DEISCIRT AGUS AN IARTHAIR, ó Bhaile Átha Cliath go Cill Gharbháin (.i. an Cóf). Téid a ghabhlacháin mar áirimhthear ann so: (1) ó na Saileánaibh go Tulaigh Ó bhFéidhlim; (2) ó Chill Dara tar Cheatharlach agus tar an Muine Bhig go Cill Choinnigh; (3) ó'n Muine Bhig go Pailís Thoir i gcomhair Locha Garman, Ruis Mhic Treoin, agus Phuirt Láirge; (4) ó Chúil an tSúdaire go Béal Átha Luain; (5) ó Phort Laoighise tar Chill Choinnigh
go Port Láirge; (6) ó Phort Laoighise go Móinteach Mílic; (7) ó Bhaile Uí Bhróithe tar Ros Cré agus tar Aonach Urmhumhan go Luimneach; (8) ó Ros Cré go Biorra; (9) ó Dhúrlas Éile go Cluain Meala; (10) ó Chrosaire an Ghúlaigh go Caiseal Mumhan; (11) ó Ghabhail tSulchóide tar Chluain Meala agus tar Phort Láirge go Ros Láir; (12) ó Ghabhail tSulchóide go Sligeach tar na bailtibh móra so, .i. Luimneach, Inis Cluana Rámhfhada, Baile Átha an Ríogh, Clár Chloinne Mhuiris, agus Cúil Mhuine; (13) ó Ráith Luirc go Luimneach; 14 ó Mhalla tar Mhainistir Fhear Muighe, tar Lios Mór, agus tar Dhún Garbháin go Port Láirge; (15) ó Mhainistir Fhear Muighe go Baile an Mhistéalaigh; (16) ó Mhalla tar Chill Áirne, tar Thráigh Lí, agus tar Lios Tuathail go Luimhneach; (17) ó Bháintír go hÁth Treasna (Baile Nua); (18) ó Lios na gCeann go Neidín; (19) ó'n bhFearann Fuar tar Chathair Saidhbhín go dtí an Rinn Árd ag Cuan Bhéilinse; (20) ó Thráigh Lí go dtí an Fhiannait; (21) ó Chorcaigh go hEochaill; (22) ó Loch Garman go Ros Láir; (23) ó Chlárach go Beannchar na Sionna; (24). ó Ghabhail Bhaile an Ghráin go Faing. A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE. Le MÓR BHOTHAR IARAINN MEADHÓIN AGUS IARTHAIR NA hÉIREANN ag Clárach, ag Baile Átha an Ríogh, ag Clár Chloinne Mhuiris, agus ag Cúil Mhuine. Le BÓTHAR IARAINN AN OIRTHEAR-DHEISCIRT ag Pailís Thoir agus ag Port Láirge. TÁTHADH FO-BHÓTHAR EILE ATÁ NEAMHSPLEÁDHACH LEIS. (a) Bóthar Iarainn Iar-Chláir ó Inis Cluana Rámhfhada tar Inis Díomáin agus tar Shráid na Cathrach go Cill Chaoidhe. (b) Bóthar Iarainn Deas-Cláir ó Chill Ruis go Cill Chaoidhe. (c) Bóthar Iarainn Leasa Tuathail agus Bhaile an Bhuinn- eánaigh (feistiughadh an ráille uathaidh) ó Lios Tuathail go. Baile an Bhuinneánaigh. (d) Mion-Bhóthar Iarainn Thrágha Lí agus Dhaingin Uí Chúise ó Thráigh Lí do'n Daingean, agus gabhlachán uaidh go Caisleán an Ghriarthaigh. (e) Bóthar Iarainn Phuirt Láirge agus na Trágha Móire ó Phort Láirge go Tráigh Mhóir. (f) Bóthar Iarainn Chonntae Shligigh, Chonntae Liathdroma, agus na gConntae dTuaisceartach, ó Shligeach tar Chúil Mhuine agus tar Chluainín Uí Ruairc go hInis Ceitleann.
II. — MÓR-BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN AGUS IARTHAIR NA hÉIREANN, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh. A ghabhlacháin ann so: (1) Ó Chluain Saileach tar Chill Mheasáin agus tar an Uaimh (Nuachongbháil) go dtí an Chabrach (Dún na Ríogh); (2) ó Chill Mheasáin tar Bhaile Átha Truim (Áth Truim Uí Laoghaire), go Baile Átha Buidhe (Áth Buidhe Tlachtgha); (3) ó'n mBóthar Buidhe go hÉadan Doire; (4) ó'n Muileann gCearr tar Ghabhail na hEithne, tar Longphort Uí Fhearghail, tar Ghabhail Choilleadh Fraoich, agus tar Chúil Mhuine go Sligeach; (5) ó Ghabhail na hEithne go Cabhán Uí Raghallaigh; (6) ó Chrois Domhnaigh go Coill na Seanrátha; (7) ó Ghabhail Choilleadh Fraoich go Bealach an Doirín; (8) ó Bhaile an tSrutháin go Clárach; (9) ó Bhéal Átha Luain tar Chlár Chloinne Mhuiris, tar Ghabhail Mhuighe Fiondalbha, agus tar Bhéal Átha an Fheadha go Cill Alaidh; (10) ó Chlár Chloinne Mhuiris go Baile an Ródhba; (11) ó Ghabhail Mhuighe Fiondalbha tar Chaisleán an Bharra agus tar Chathair na Mart go hAcaill; (12) ó Áth Díomáin go Baile Locha Riach; (13) ó Ghaillimh go dtí an Clochán. A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE. Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN IARTHAIR AGUS AN DEISCIRT ag Clárach, ag Béal Átha Luain, ag Baile Átha an Ríogh, ag Clár Chloinne Mhuiris, agus ag Cúil Mhuine. Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT ag an Uaimh (Nuachongbháil) agus ag Cabhán Uí Raghallaigh. Le BÓTHAR IARAINN CHONNTAE SHLIGIGH, CHONNTAE LIATHDROMA AGUS NA GCONNTAE THUAIDH i Sligeach agus ag Cúil Mhuine. Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE AN CHABHÁIN AGUS CHONNTAE LIATHDROMA ag Dromad. III. — MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste tar na bailtibh seo, .i. Droicheadh Átha, Sráid Bhaile Mhic Buain, Gabhrach, Port an Dúnáin, agus Lios na gCearrbhach. Téid a ghabhlacháin mar leanas:- (1) ó Bhaile Átha Cliath go Binn Éadair; (2) ó Dhroichead Átha tar an Uaimh go Sean-chaisleán an Fhásaigh; (3) ó Ghabhail Droimín go Baile Átha Fhirdhiadh; (4) ó Shráid Bhaile Mhic Duain tar Chluain Eois, tar Inis Ceitleann, tar an Óghmhaigh, agus tar an tSrath Bán, go Doire Choluim Chille; (5) ó Árd Mhacha tar Ghabhrach agus tar Iubhar Chinn Trágha go Rinn Mhic Giolla Ruaidh (.i. an Púinte); (6) ó'n Sgarbhachadh Dubh tar
Dhroichead na Banna go Baile Uí Ruanadha; (7) ó Phort an Dúnáin tar Dhún Gheanainn go dtí an Óghmhagh; (8) ó Dhún Gheanainn go Cora Críche; (9) ó Lios na gCearrbhach go Droichead na Banna; (10) ó Lios na gCearrbhach go hAontruim; (11) ó Phort an Dúnáin tar Árd Mhacha go Cluain Eois; (12) ó Chluain Eois tar Bhéal Átha hÁthais go Cabhán; (13) ó Bhéal Átha hÁthais go Béal Tairbeirt; (14) ó Bhéal Átha Beithe go dtí an Mhuinchille; (15) ó Inis Caoin Deagha go Carraig Mhachaire Rois; (16) ó Ghabhail Chille Sgíre tar Bhéal Lice agus tar Bhéal Átha Seanaigh go Bun Dobhráin; (17) ó Ghabhail Fhionntamhnaighe go Fionntamhnaigh. Táid bóithre eile dá ndéanamh rachas ó Bhaile Uí Ruanadha tar Ráith Fhoirchealláin agus tar Chaisleán an Mhuilinn go dtí an Caisleán Nua, agus ó Árd Mhacha go Caisleán Mathghamhnach. A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE:- Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN AGUS IARTHAIR NA hÉIREANN ag an Uaimh agus ag an gCabhán. Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE AN CHABHÁIN AGUS CHONNTAE LIATHDROMA ag Béal Tairbeirt. Le BÓTHAR IARAINN CHONNTAE SHLIGIGH, CHONNTAE LIATHDROMA, AGUS NA gCONNTAE THUAIDH ag Inis Ceitleann. Le BÓTHAR IARAINN CHOISTE CHONNTAE dTUAIS- CEARTACH ÉIREANN DE BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN SHASANA ag Aontruim, ag Coraibh Críche, agus i nDoire Choluim Chille. Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE DHÚIN NA nGALL ar an tSrath Bán agus i nDoire Choluim Chille. Le MION-BHÓTHAR IARAINN LEITREACH CEANAINN AGUS LOCHA SÚILIGHE i nDoire Choluim Chille. Le BÓTHAR IARAINN GHLINNE CLOCHAIR ag Tighneathán agus ag Droichead Mhig Uidhir (.i. ag Tait an Doire). Le RIAN-BHEALACH CHAISLEÁIN NA DEIRGE AGUS DHROICHID NA BRUIDHNE ag Droichead na Bruidhne. Le BÓTHAR IARAINN SHRÁIDE BHAILE MHIC BHUAIN, IUBHAIR CHINN TRÁGHA AGUS GHRIANPHUIRT i nIubhar Chinn Trágha agus i Sráid Bhaile Mhic Bhuain. Le RIAN-BHEALACH TEINNTREACH PHUIRT RUIS AGUS CHLOCHÁIN NA bhFOMHÓRACH i bPort Ruis. IV. — BÓTHAR IARAINN CHOISTE CHONNTAE dTUAIS- CEARTACH ÉIREANN DE BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN SHASANA (Bóthar Iarainn Bhéil Feirste agus na gConntae Thuaidh do bhí d'ainm air i n-allód) ó Bhéal Feirste go Doire
Choluim Chille tar na bailtibh seo: An Mullach Mór, Aontruim, An Baile Meadhónach, Baile Muine, agus Cúil Raithne. Téid a ghabhlacháin mar leanas:- (1) Ó'n Mullach Mór tar Charraig Fhearghusa go Latharna; (2) ó Ghabhail Bhaile an Chláir agus an Dabhaigh go Baile na Buaileadh; (3) ó'n mBaile Meadhónach tar Bhaile na Buaileadh go Latharna; (4) ó'n mBaile Meadhónach go dtí an Pháirc Mhór; (5) ó Chúil Raithne go Port Ruis; (6) ó Léim an Mhadaidh go Baile an Mhullaigh; (7) ó Ghabhail Droma Sugha tar Mhachaire Fiogaide go Muigh Fhinn agus go Cill Réidhe; (8) ó Mhachaire Fiogaide go Baile na Croise; (9) ó Mhachaire Fiogaide go Coraibh Críche; (10) ó Bhaile an Chláir go dtí an Dabhach. A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE:- Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT ag Aontruim, ag Coraibh Críche agus i nDoire Choluim Chille. Le BÓTHAR IARAINN BHAILE AN CHLÁR (théid ó Bhaile Muine go Baile an Chláir) ag Baile Muine. Le MION-BHÓTHAR IARAINN DHOIRE AGUS LOCHA SÚILIGHE i nDoire Choluim Chille. Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE DHÚIN NA nGALL i nDoire Choluim Chille. V. — BÓTHAR IARAINN AN OIRTHEAR-DHEISCIRT (Bóthar Iarainn Bhaile Átha Cliath, Chille Mantáin agus Locha Garman do bhíodh d'ainm air i n-allód); téid sé ó Áth Cliath Cualann (Sráid Fhearchair) tar Bhrí Chualann, tar Chill Mhantáin, tar an Inbhear Mhór, agus tar Ghabhail Mhuighe Maighin go Loch Garman. A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EI LE:- (1) Ó Bhaile Átha Cliath (Sreath na nIartharaighe) go Brí Chualann tar Dhún Laoghaire; (2) ó Gharrán an Ghabhláin go Síol Éiligh; (3) ó Ghabhail Mhuighe Maighin tar Ros Mhic Treoin go Port Láirge. Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN IARTHAIR AGUS AN DEISCIRT i mBaile Átha Cliath, ag Páilís Thoir, i bPort Láirge agus ag Loch Garman. Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT i mBaile Átha Cliath.
VI. — BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE, NA BANNDAN AGUS IMEALL-BHUIRD AN DEISCIRT, ó Chorcaigh tar Dhroichead Banndan, tar Dhún Maonmhuighe, agus tar an Sgibrín go Dún na Séad. Téid a ghabhlacháin mar leanas:- (1) Ó Ghabhail Chinn tSáile go Cionn tSáile; (2) ó Ghabhail Chlanna Chaoilte go Clanna Chaoilte; (3) ó Ghabhail Dhroma Dhá Liag go Beanntraighe. A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE:- Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN IARTHAIR AGUS AN DEISCIRT; le BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE, NA CAIRRGE DUIBHE, AGUS NA CALADH; le MION-BHÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS MÚSGRAIGHE; agus le BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS MAGHCHROMTHA, i gCorcaigh. Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHÚIRTE MHIC SHÉAFRAIDH (théid ó Bhaile na Sgairte go Cúirt Mhic Shéafraidh) ag Baile Na Sgairte. Le MION-BHÓTHAR IARAINN AN SGIBRÍN AGUS SGOILE MUIRE ag an Sgibrín. VII. — BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE, NA CAIRRGE DUIBHE, AGUS AN CHALAIDH ó Chorcaigh tar an gCaladh agus tar Bhaile na Manach, go Bun an Táibhirne. VIII. — BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS MAGH- CHROMTHA, ó Chorcaigh go Maghchromtha. IX. — MION-BHÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS MÚSGRAIGHE, ó Chorcaigh go hAchadh an Chóiste, agus gabhlacháin uaidh go Blárnain agus go Domhnach Mór. X. — MION-BHÓTHAR IARAINN DHOIRE CHOLUIM CHILLE AGUS LOCHA SÚILIGHE, ó Dhoire Choluim Chille tar Bhaile Idir Dhá Abhainn, tar Leitir Ceanainn agus tar Ghaoth Dóir Go hAilt An Chorráin. Téid gabhlachán ó Bhaile Idir Dhá Abhainn tar Bhun Cran- naighe go Carn Domhnaigh. XI. — MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE DHÚIN NA nGALL ó Dhoire Choluim Chille tar an Srath Bán, tar Shrath an Urláir, agus tar Dhún na nGall chum na gCeall mBeag. Téid gabhlachán ó Shrath an Urláir chum na nGleanntach (.i. chum an Mhuilinn Iarainn).
XII. — BÓTHAR IARAINN BHÉIL FEIRSTE AGUS CHONNTAE AN DÚIN ó Bhéal Feirste tar an gCumar, tar Dún Phádraig (.i. Dún Dá Leathghlas), agus tar Dún Droma, go Caisleán Nua. Téid gabhlacháin mar leanas: (1) ó Bhéal Feirste tar Árd Mhic Nasca go Beannchar; (2) ó'n gCumar tar Bhaile Árd Uladh go Domhnach Diagh; (3) ó Ghabhail Bhaile na hInse go Baile na hInse; (4) ó Dhún Phádraig go hÁrdghlais. XIII. — BÓTHAR IARAINN SHRÁIDE BHAILE MHIC BHUAIN, IUBHAIR CHINN TRÁGHA AGUS GHRIANPHUIRT ó Iubhar Chinn Trágha, tar Cháirlinn agus tar Grianphort, go Sráid Bhaile Mhic Bhuain. XIV. — BÓTHAR IARAINN CHONNTAE SHLIGIGH, CHONNTAE LIATHDROMA AGUS NA gCONNTAE THUAIDH, ó Shligeach tar Chúil Mhuine agus tar Chluainín Uí Ruairc, go hInis Ceitleann. XV. — MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE AN CHABHÁIN AGUS CHONNTAE LIATHDROMA, ó Bhéal Tairbeirt tar Mhaothail Mhanacháin go Dromad agus gabhlachán uaidh ó Bhéal an Átha Móir go hAirgneach. XVI. — RIAN-BHEALACH GHLINNE CLOCHAIR, ó Thighneathán go Droichead Mhig Uidhir (Tait an Doire). XVII. — Rian-bhealach Teinntreach Chloiche an Riabháin agus Iubhair Chinn Trágha, ó Chloich an Riabháin go hIubhar Chinn Trágha. XVIII. — Rian-bhealach Teinntreach Phuirt Ruis agus Chlocháin na bhFomhórach, ó Phort Ruis tar an Machaire Buidhe go Clochán na bhFomhórach. XIX. — Rian-bhealach Chroise Bhaile Coimín, ó Thír an Iubhair i bhfeorainn Bhaile Átha Cliath tar Chrois Bhaile Coimín go Poll an Phúca. XX. — Rian-bhealach Teinntreach Bhaile Átha Cliath agus Leamhcáin, ó Bhaile Átha Cliath tar Séipéal Iosóilde go Leamhcán. Fuagra: Cibé áit i bhfuilid bóitre iarainn i dtáthadh le n-a chéile, do réir mar adubhramar romhainn, ní fhágann soin gur úsáid bhaineas líonradh bóthair iarainn díobh as an líonraidh eile. Nó gur aon árdán amháin comhfheadhma bhíos aca ag stáisiún ar bith le haghaidh saor-theachta chum a chéile. Is coitcheann a leithéid de thathadh i Sasanaibh, acht is fíor- annam i nÉirinn é. Ní'l de bhrígh againn le táthadh ann so acht amháin go bhfóghnann an dá líonraidh do'n aon bhaile mór amháin.
CANÁLACHA. 1. An Chanáil Mhór, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Átha na Sluagh, agus ladhrachán uaithi go Baile Átha hÍ, áit i dtéid sé i mBearbha. 2. An Chanáil Ríoghamhail, ó Bhaile Átha Cliath tar an Muileann gCearr, go Sionainn. 3. — Canáil Uladh, ó Loch nEachach go Loch Eirne Uachtarach. 4. Canáil an Lagáin, ó Bhéal Feirste go Loch nEachach. 5. Canáil an Iubhair, ó'n bhFeadán, tar Iubhar Chinn Trágha, go Loch nEachach. 6. Canáil Bhéil an Átha Móir, ó Loch Eirne Uachtarach go Sionainn. 7. Canáil na Bóinne, ó Dhroichead Átha chum na hUaimhe (Nuachongbhála). 8. Canáil na Máighe, ó Áth Dara go Sionainn. 9. Canáil na Banna Íochtaraighe, ó Chúil Raithne go Loch nEachach. 10. Canáil na hEirne, ó Loch Eirne go Béal Átha Seanaigh. MIANACHÁIN. GUAL:- Fá oirthear Thíre Eoghain, .i. i nOileán an Ghuail, agus rl.; i gCeanntar Airgnigh fá Loch Aillinne; fá Charraig Mhachaire Rois; fá Chaisleán an Chumair, agus rl., i gConntae Chille Coinnigh; fá iarthar-thuaisceart Chonntae Chorcaighe; fá Bhaile an Chaisleáin i gCathraighe Chonntae Aontroma. IARANN:- Fá Ghleann Arma, i gConntae Aontroma; fá Cheanntar Airgnigh; fá Thír Chonaill; i gConntae na Bain- ríoghna. UMHA (Copar):- I n-aice Béarra, i gConntae Chorcaighe; i gConntae Chille Mantáin; fá Chnoc Machan agus fá Bhun Machan, i gConntae Phuirt Láirge. AIRGEAD, LUAIDH agus SINC:- Fá Ghleann Mhaoilughra, i gConntae Chille Mantáin; fá Aonach Urmhumhan; fá dheisceart Chonntae Mhuineacháin. ÓR:- Fá Chruachán Ceinnsealach agus fá Ghleann Abhann Móire, i gConntae Chille Mantáin. SALANN CLOICHE:- Fá Charraig Fhearghusa. GIPSUM le haghaidh PLÁSTAIR PHÁIRISE:- Fá Charraig Mhachaire Rois; fá chomhursanacht Bhéil Feirste. SLINN:- Fá Chill Dhá Lua; fá Charraig na Siuire; fá Chill Mogeanna, i gConntae Chille Coinnigh; fá Chlannaibh Caoilte; i nDairbhre.
MARMAR:- Marmar dubh i gConntae na Gaillimhe agus i gConntae Chille Coinnigh; marmar bán agus marmar glas, i gConntae Dhúin na nGall; marmar uaine, i gConmhaicne Mara. EIBHEAR:- Fá Iubhar Chinn Trágha; i gConntae na Gaillimhe; i gConntae Mhuigheo; i gConntae Dhúin na nGall; i gConntae Chille Mantáin; i gConntae Bhaile Átha Cliath; fá Chaisleán an Mhuilinn, i gConntae an Dúin. CLOCH AOIL:- Fá Bhéal Átha na Sluagh; fá Sgeilg Sgeire; ar imeall-bhordaibh Locha Coirib. DE DHÉANTÚSAÍBH AGUS DE THIONNSGLAIBH ANN SO AGUS DE NA BAILTIBH MÓRA I nDÉANTAR IAD. LÍNÉADACH:- Béal Feirste, Doire Choluim Chille, Lios na gCearrbhach, An Lurga, Port an Dúnáin, Cúil Raithne, Cloch an Riabháin, Na Locháin i gConntae an Dúin, Droichead na Banna, An Baile Meadhónach, Iubhar Chinn Trágha. ÉADAIGHE OLNA:- Béal Átha Luain, Béal Easa i gConntae Mhuigheo, An Uaimh (Nuachongbháil), An Bhlárna, Leamhcán, An Ghaillimh, Dubhghlas Chonntae Chorcaighe, Leitir Ceanainn, Callann i gConntae Thíre Eoghain, Dún Garbháin, Coill Mhic Thomáisín i gConntae Phuirt Láirge, Droichead na Druipsighe (An Druipseach), i gConntae Chorcaighe. STOCADÓIREACHT:- Baile Breacáin, Tráigh Lí, Bannda. FIGHEADÓIREACHT:- Dún na nGall, Conmhaicne Mara, Ciarraighe, Conntae Mhuigheo, Gort Inse Guaire. BRUIT URLÁIR nó TAIPÉISEACHA:- Na Cealla Beaga agus Cill Charthaigh i gConntae Dhúin na nGall; An Nás; Dún Droma Cualann; Gleann Beithe i nUíbh Ráthach; Cill Droichid; Loch Glinne i gConntae Rosa Comáin. SÁSLACH:- Loch Garman, Béal Feirste, Luimneach, Corcach Mhór Mumhan. INNILL BHÓTHAIR IARAINN agus IOLAR SIUBHAIL:- Inse Gabhar, Baile Átha Cliath, Sráid Bhaile Mhic Bhuain. SAILLEADH BAGÚIN:- Port Láirge, Luimneach, Corcach Mhór Mumhan, Béal Feirste, An Uaimh (Nuachongbháil). POIPLÍN:- Baile Átha Cliath. CADÁS (Cotún):- Béal Feirste, Carraig Fhearghusa, Droichead Átha, Baile Árd Uladh, Corcach Mhór Mumhan. DÉANTÓIREACHT LÉINEADH agus COILÉAR:- Doire Choluim Chille, Sligeach, Béal Feirste, Luimneach. SNAIDHMTHEOIREACHT LONG agus BÁD:- Béal Feirste, Doire Choluim Chille, Baile Átha Cliath, Inis Sionnach i gCuan Chorcaighe.
LEATHAR:- Luimneach, Ros Mhic Treoin, Corcach Mhór Mumhan, Dún Maonmhuighe, Beanntraighe, Cluain Meala, Móinteach Mílic, Béal Átha an Tuair. Baile Átha Cliath, Droichead Átha, Iubhar Chinn Trágha, Béal Feirste, Doire Choluim Chille, Cúil Raithne. COISBHEART (.i. Bróga Árda, Bróga Ísle, Bróga Sgríbe) agus BUATAISÍ:- Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcach Mhór Mumhan, Doire Choluim Chille, Port Láirge, An Baile Meadhónach, Lios na gCearrbhach, Muileann Cearr na Midhe, Cill Áirne. GLOINE DHATHUIGHTHE:- Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Eochaill. CRIADHADÓIREACHT (.i. Déantóireacht Crocán gCriadh):- Béal Leice, Béal Feirste, Eochaill, Baile an Phéilici gConntae Chorcaighe. LÁSA:- Eochaill, Cionn tSáile, Neidín, Carraig Mhachaire Rois, Cluain Eois, Inis Ceitleann, Luimneach, Ros Mic Treoin, agus rl. GRÚDAIREACHT:- Baile Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Sráid Bhaile Mhic Bhuain, Cluain Meala, Sligeach, Port Láirge, Carraig na Siuire, Baile an Ghearlánaigh. DRÍOGAIREACHT:- Baile Átha Cliath, Béal Feirste, An Ghaillimh, Corcach Mhór Mumhan, Doire Choluim Chille, Cúil Raithne, agus rl. ROTHAIR:- Loch Garman, Baile Átha Cliath. TÉAD agus TÉADÁN:- Béal Feirste,. BRÉAGÁIN agus ÁILLEAGÁIN LEANBH:- Baile Átha Cliath, Bun Abhann Dála. IOLAR, TURUSGÁN, nó FURRADH TIGHE:- Baile Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Béal Feirste, Éadan Doire, Muileann na hUamhan. DÉANTÓIREACHT ARMAIRÍ gCÉIRDSEAMHAIL:- Baile Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Cill Áirne. GALLAOILEACH (Gallúnach):- Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcach Mhór Mumhan, Sligeach, Domhnach Mór Thíre Eoghain. CIMIOCÁIN agus LEASUIGHTHE CIMIOCÁN:- Corcach Mhór Mumhan, Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin. LAMHAINNE (Laimhinní):- Corcach Mhór Mumhan. CINNBHEART (.i. Bairéid nó Hataí, Caipíní, agus rl):- Baile Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Béal Feirste. PÁIPÉAR:- Baile an Chláir, Latharna, Cill Droichid, Teach Sagra, An Druipseach i gContae Chorcaighe. FEALT:- Béal Feirste. BRACHADÓIREACHT:- Baile Átha Cliath.
MUILNEOIREACHT:- Droichead Átha, Béal Feirste, Iubhar Chinn Trágha, Baile Átha Cliath, Luimneach. MARGAIRÍN:- Baile Átha Cliath, Luimneach. BRÍCÍ:- Baile Átha hÍ, Port Mearnóg, Baile Átha Cliath. LEACA:- Corcach Mhór Mumhan, Cill Ruis, Ceatharlach. BUIDÉIL agus SEARRÓGA:- Áth Cliath Cualann, Port Láirge. ÁRSACHÁIN EAGLASTA. MAINISTREACHA: Do foirgnigheadh mórán de mhainistreachaibh breaghdha agus de theampallaibh ruamhdha i nÉirinn sa dara ceannair déag agus sa treas ceannair déag, .i. fá'n am i dtáinig athrughadh mór i bhfoirgnidheacht theampall na hÉireann, agus táid mór- chuid díobh so 'na seasamh fós i n-a lán áiteanna fá'n tír. Ortha sain atáid siad so: An Mhainistir Liath, i gConntae an Dúin; Mainistir an Bheigthighe ag Áth Ua Lialaigh (nó Béal an Átha) i n-aice Bhaile Átha Truim, agus Mainistir an Bhaile Nua, i gConntae na Midhe; Mainistir Sheiriopúin i n-aice Bhaile Mhic Anndáin, i gConntae Chille Coinnigh; Mainistir Dhúin Bróda, ar bhruach Locha Dá Chaoch agus í i n-aice Chumair na dTrí nUisge, agus Mainistir Fhearnan, sa Chonntae Riabhaigh; an Daimhliag atá ar Charraig Chaisil Mhumhan agus Mainistir na Croiche Naomhtha, i gConntae Thiobrad Árann; Mainistir Chille na Mullach, i gConntae Chorcaighe; Mainistir Mhucruis, i n-aice Chille hÁirne; Mainistir Chille Mocheallóg, i gConntae Luimnigh; Mainistir Chorca Modhruadh i n-aice Bhaile Uí Bheacháin, agus Mainistir Chuinche ar an dtaobh thoir theas de Inis Chluana Rámhfhada i gConntae an Chláir; Mainistir Bhaile Átha an Ríogh, i gConntae na Gaillimhe; Mainistir Shligigh, agus Mainistir Rosa Comáin. CLOIGTHIGHTHE. Na cloigthighthe atá i nÉirinn, is le linn na Críostaidheachta do rinneadh iad, agus le foirgnighthibh eaglasta do bhíodh baint aca. Is í úsáid do baineadh asta, mar chlogásaibh teampall agus chum seoda beannuighthe do chur i gcoimheád nuair ba ghábhadh soin. Cuid eile dá n-úsáidibh, iad 'na maolánaibh agus
'na dtúraibh faire, agus le n-a n-aghaidh sin do bhídís an- oireamhnach, a los a airde do bhíodar (agus morán díobh fós amhlaidh) os cionn tuinne na tíre. Ochtmhogha cloigtheach, nó fá'n tuairim sin, atá 'na seasamh go seadh, agus i n-amannaibh ó'n gcúigeadh ceannair go dtí an treas ceannair déag do cuireadh suas iad. Is iad so áiteanna i n-a bhfuilid na cinn is fearr agus is buaine do mhair díobh uile: Oileán Thoraighe, i gConntae Dhúin na nGall; Aontruim, agus Inis Gáirlin i Loch nEachach, i gConntae Aontroma, Druim Bó, i n-aice Leasa na gCearrbhach, i gConntae an Dúin; Cluain Eois, i gConntae Mhuineacháin; Daimhinis, i Loch Eirne Íochtarach, i gConntae Fhear Manach; Mainistir Bhúithe i n-aice Dhroichid Átha, agus Druim Ineascluinn i n-aice Bhaile an Ghearlánaigh, gConntae Lughbhaidh; Domhnach Mór, i ngar do Dhún Riabhach, i gConntae na Midhe; Cluain Dolcáin, Sórd Choluim Chille, Lusca, Ráth Mhíchíl i n-aice na Sgeilpe, i gConntae Bhaile Átha Cliath; Gleann Dá Locha, i gConntae Chille Mantáin; Cill Dara, Cill Chuilinn (.i. Sean-Chill Chuilinn), Díseart Dhiarmada, agus Teach Tuae fá cheithre mhíle de Chill Droichid, i gConntae Chille Dara; Cill Choinnigh, i gConntae Chille Coinnigh; Cluain Mhic Nóis, i gConntae an Ríogh; Teach Mochua, i gConntae na Bainríoghna, Árd Mór, i gConntae Phuirt Láirge; Cluain Uamha, i gConntae Chorcaighe; Inis Cathaigh ar an dtaobh theas de Chill Ruis, Tuaim Ghréine i n-aice Locha Deirgdheirc, agus Díseart i n-aice Choradh Finne, i gConntae an Chláir; Árd Phádraig i n-aice Chille Fíonáin, i gConntae Luimnigh; Caiseal, agus Ros Cré, i gConntae Thiobrad Árann; Inis Cealltrach i Loch Deirgdheirc, Cill Mhic Duach i n-aice Ghuirt Inse Guaire, i gConntae na Gaillimhe; Cill Alaidh agus Balla, i gConntae Mhuigheó; Druim Cliabh fá bheagán mílte taobh thuaidh de Shligeach; Achadh Dá Eo i n-aice Chille hÁirne, i gConntae Chiarraighe. SEAN-SGOLA NA hÉIREANN. Ba mhór an cháil do bhaineadh Éire as a sgolaibh ar feadh iomad ceannair d'éis an Chreidimh do theacht innti. Do thigeadh daltaí ar na sgolaibh seo ó Shasana, ó Albain, agus ó'n iomad de thíorthaibh na Roinne Eorpa. Is iad so áiteanna i n-a mbíodh príomh-sgola na hÉireann i n-allód, .i. Árd Mhacha (Pádraig Naomhtha do chuir an sgoil seo ar bun); Cill Dara (Brighid do chuir ar bun); Naondruim ar Inis Mochaoi i Loch Cuan (Mochaoi do chuir ar bun); Lughbhadh (Mochta do chuir ar bun); Imleach Iubhair i gConntae Thiobrad Árann (Áilbhe do chuir an sgoil seo ar bun); Beig-Éire .i. oileán atá i Loch Garman (Íobhar do chuir an sgoil ar bun);
Ailfionn (Aiseag do chuir ar bun); Ára (ar Inis Mór do bhíodh sí) i Loch Lurgan (Éanna do chuir ar bun); Cluain Ioraird ar bhruach na Bóinne taobh thiar theas de Bhaile Átha Truim (Finnén Chluana hIoraird do chuir ar bun); Cluain Fhearta Bhréanainn i gConntae na Gaillimhe i n-aice chumair Shuca agus Shionna (Bréanainn nó Breanndán do chuir ar bun); Magh Bhile i n-aice Bhaile Árd Uladh i gConntae an Dúin (Finnén Mhuighe Bhile do chuir ar bun); Cluain Mhic Nóis ar an mbruach úd de'n tSionainn atá i gConntae an Ríogh agus í taobh theas de Bhéal Átha Luain (Ciarán do cuir an sgoil seo ar bun); Darmhagh i gConntae an Ríogh taobh thuaidh de'n Tulaigh Mhóir, agus Ceanannas na Midhe (Colum Cille do chuir iad so ar bun); Beannchar Árd Uladh, do cuireadh ar bun ag Comhghall; Cluain Eidhneach, fá cheithre mhíle de Phort Laoighise ar an dtaobh thiar theas de (Fiontan de chuir ar bun); Gleann Dá Locha Cualann do cuireadh ar bun le Caoimhghin Naomhtha; Lios Mór na nDéise do cuireadh ar bun le Carthach Naomhtha; Corcach do cuireadh ar bun ag Bairre Naomhtha; Ros, i ndeisceart Chonntae Chorcaighe, agus Fachtna do chuir ar bun í; Inis Faithleann, ar oileán i Loch Léin, agus Fíonán Cam do chuir ar bun í; Glas Naoidhean do cuireadh ar bun le Mobhí Mungairit, i n-aice Luimnigh, agus Neasán do chuir ar bun í; Inis Cealltrach, ar inis de'n ainm i Loch Deirgdheirc, i n-aice inieall-bhuird Chonntae na Gaillimhe (Cholum Cille Thíre Dá Ghlas do chuir ar bun); Biorra i gConntae an Ríogh, Sean- réanainn do chuir ar bun; Ros Cré i gConntae Thiobrad Árann, agus Crónán Naomhtha do chuir ar bun í; Magh Eó na Saxon, taobh thoir de Loch Uí Ghadhra, i gConntae Mhuigheo (Colmán Naomhtha do chuir ar bun); Tuaim Dhá Ghualann do cuireadh ar bun le hIarfhlaith; Tuaim Dhreagáin, i n-aice Bhéil Tairbeirt, Bricín do chuir ar bun; Gaileanga, i n-aice an-Fhéir Bháin, i gConntae an Ríogh (Canóg do chuir ar bun); Sláinghe, i n-aice Bhaile Shláinghe i gConntae na Midhe (Pádraig Naomhtha do chuir ar bun); Mainistir Bhúithe i gConntae Lughbhaidh (Búithe do chuir ar bun); Daimhinis i Loch Eirne agus i gConntae Fhear Manach (Lasrién do chuir ar bun); Inis Cathaigh ar oileán atá sa tSionainn (Seanán do chuir ar bun); Achadh Chonaire, i gConntae Shligigh (Finnén Chluana hIoraird do chuir ar bun). SEAN-ÁITE STARDHA AN tSEANCHAIS. Teamhair Breagh, atá anois i gConntae na Midhe. Tá sí sé mhíle taobh thoir theas de'n Uaimh (.i. de Nuachongbháil), agus dob' í ríoghphort Árd-ríogh Éireann í go ceann na seiseadh ceannaire.
Tailte na Midhe, idir an Uaimh agus Ceanannas, áit i mbíodh feis ainmneamhail dá comóradh gach bliadhain. Almha (Cnoc Almhaine), i gConntae Chille Dara, áit i mbíodh comhnaidhe ar Fhionn mhac Cumhaill mhic Airt mhic Thréanmhóir uí Bhaoisgne. Eamhain (Lios na hEamhna), i n-aice Árda Macha; dob' í ríghlios Ríogh Uladh í. Dún Phádraig (Dún Dá Leathghlas, Dún Leathghlaise), áit i dtáinig Pádraig Naomhtha i dtír chum an Chreidimh do chraobhsgaoileadh i nÉirinn. I Sabhall atá sa bhfíor-chomharsnacht is eadh do bhí an chéad teampall aige. Árd Mhacha do ceapadh ag Pádraig Naomhtha le bheith i na árdeasbogóideacht ag Príomhfháidh na hÉireann uile. Fearna i gConntae Locha Garman dob' árdchathair ársa chúigidh do Ríoghaibh Laighean. Liamhain, i n-aice Uachtair Áird, i gConntae Chille Dara, mar a mbíodh príomh-árus comhnuidhe ag Ríoghaibh Laighean. Cluain Tarbh, .i. roinn d'Áth Cliath Duibhlinne indiu, is i bhfíor-ghar di do cuireadh an ruaig ar na Lochlannchaibh ag Brian Bóirmhe sa bhliadhain 1014. Latharna, mar a dtáinig dearbhráthair Roibeáird Bhraois ríogh Alban, .i. Éadbhárd Braos, i dtír sa bhliadhain 1315, ar impidhe uasal Uladh, chum bheith 'na Rígh Éireann. Fochard Mhuirtheimhne, i n-aice Shráide Bhaile Mhic Bhuain, áit ar marbhadh Éadbhárd Braos sa bhliadhain 1318. Béal an Átha Buidhe, i nAbhainn Challainne, fá dhá mhíle d'Árd Mhacha, áit ar chuir Aodh Ó Néill an ruaig ar na Sasanaighibh im Sir Énrí Baigneal sa bhliadhain 1598. Cíonn tSáile, mar ar sraoineadh ar Ghaedhealaibh ag na Sasanaighibh sa bhliadhain 1601. An Bheann Bhorb i gContae Thíre Eoghain, agus í ar bhruach na hAbhann Móire; ann so do briseadh cath ar Albanchaibh im Geinearál Munróidh ó Ghaedhealaibh im Eoghan Ruadh Ó Néill sa bhliadhain 1646. Luimneach, 'n-a raibh dhá iomshuidhe air, sa bhliadhain 1651 agus sa bhliadhain 1689. Sluagh Chromuil im Éarton do chuir an chéad iomshuidhe air sa bhliadhain 1651, agus sluagh Ríogh Uilliam III. do chuir an dara léighear air sa bhliadhain 1689. Doire Choluim Chille, 'n-ar cuireadh iomsuidhe air sa bhliadhain 1689 ag sluagh Shéamuis II., rí na Breataine Móire. Do sguireadh de'n iomshuidhe, de bharr loingis do tháinig isteach ar Loch Feabhail agus do bhris an barra cuain do cuireadh trasna na habhann, agus lán-last luinge leo de lón agus de thomhaltas le haghaidh na cathrach.
Dún Gheanainn ba phríomh-árus comhnuidhe do Shíol Néill. Is é fós dob' ionad coinne do Aisgeadhthóiríbh na hÉireann, nuair do cuireadh tiomsughadh ortha sa bhliadhain 1782. Ros Mhic Treoin, Cnoc an Bhinéigre i n-aice Inse Córthaidh, agus Baile na hInse i gConntae an Dúin, .i. áiteanna i n-ar buaileadh catha sa bhliadhain 1798. NA PRÍOMH-AIBHNE AGUS NA BAILTE ATÁ AR A mBRUACHAIBH. An méid a théid san Aigéan Atlantach díobh ann so síos: BUDH THUAIDH:- FEABHAL. — Doire Choluim Chille, Leithbhearr. MODHARN. — An Srath Bán, Baile Nua. SRUTHAIR. — An Óghmhagh. AN BHANNA UACHTARACH. — Port an Dúnáin, Na Locháin, Droichead na Banna. AN BHANNA ÍOCHTARACH. — Cúil Raithne, Cill Réidhe, Port Ghlinne Eoghain. AN ABHAINN DUBH. — Achadh an Dá Charadh, Árd Mhacha. SIAR. AN LEAMHAIN. — Cill Áirne. AN tSIONAINN. — Cill Ruis, Luimneach, Cill Dálua, Beannchar, Béal Átha Luain, Cara Dhroma Rúisg. SUCA. — Béal Átha na Sluagh. AN FORGHUS. — Inis Chluana Rámhfhada. COIRIB. — Gaillimh. AN MHUAIDH. — Béal Átha an Fheadha. AN EIRNE. — Béal Átha Seanaigh, Inis Ceitleann. IASGACH. — Dún na nGall.
BUDH DHEAS. AN BHEARBHA. — Ros Mhic Treoin, Ceatharlach, Baile Átha hÍ, Cúil an tSúdaire. AN FHEOIR. — Baile Mhic Anndáin, Cill Choinnigh. AN tSIÚIR. — Port Láirge, Carraig na Siuire, Cluain Meala, Dúrlas Éile. AN ABHA MHÓR. — Eochaill, Lios Mór na nDéise, Mainistir Fhear Muighe, Malla. AN LAOI. — Cill Gharbháin (An Cóf), Corcaigh. AN BHANNDA. — Cionn tSáile, Droichead na Banndan, Dún Maonmhuighe. An méid a théid i Muir Meann díobh ann so síos: SOIR. ABHAINN LAGÁIN. — Béal Feirste, Lios na gCearrbhach, Druim Mór Cholmáin. AN RIGH. — Iubhar Chinn Trágha. AN BHÓINN. — Droichead Átha, An Uaimh (Nuachongbháil), Baile Átha Truim (Áth Truim Uí Laoghaire). LIFE. — Baile Átha Cliath, Cill Droichid, An Droichead Nua. ABHAINN FHEAR TÍRE (nó LIATHDROMA). — Cill Mhantáin. AN ABHAINN MHÓR. — An tInbhear Mór, Ráth Droma. SLÁINGHE. — Loch Garman, Inis Córthaidh, Tulach Ó bhFéidhlim.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services