Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhar Geograiphe

Title
Leabhar Geograiphe
Author(s)
Aistrithe ag Seosamh Laoide,
Translator
Laoide, Seosamh
Composition Date
1906
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SREATH LEABHAR SGOL AGUS COLÁISTE
Ó'N ATHAIR T. Ó FIONNLAOICH.



LEABHAR GEOGRAIPHE
LE HAGHAIDH
SGOL AGUS COLÁISTÍ NA HÉIREANN.


L. 3


RÉAMHRÁDH.



Is cuimin liom gur mhór an spéis go chuirinn i n-ealadhain
na geograiphe agus mé ar sgoil. Níor chailleas an spéis
sin riamh, acht í agam indiu féin fá mar do bhíodh sí. Sin
é is fáth leis an leabhar so, mar is minic adeirinn liom féin
nach beinn sásta choidhche go mbeadh geograiph na hÉireann
i bhfuirm leabhair agam óm' láimh féin nó ó láimh dhuine éigin
eile. Thárla i ndeireadh na dála gur mé féin do fuair tosach
ar gach éinneach eile sa bhirt agus an leabhar so dá chur amach.
Muna mbeadh feabhas an mheisnigh do bhí ag Muintir
Fhallamhain, is fada go gcuirfidhe i ngníomh é. Do bhí an iomad
leabhar idir lámhaibh ag Connradh na Gaedhilge agus iad
go han-bhruideamhail, ar mhodh gur thuigeas, agus an truim
mhór so agam sa ghnó, go mb'fhearr do dhream éigin eile é
do dhéanamh, agus a leithéid de leabhar d'uireasbhaidh ar na
sgolaibh go mór. Ní túisge do smuaineas air sin ná
adubhart: "Cár bh'fhearr dam leabhar do chuirfinn i nGaedhilg
ná an leabhar beag Béarla úd do chuir Muintear Fhallamhain
amach sa bhliadhain 1906?" Tá sain déanta agam ar mo
chuma féin, óir atá áit nó dhó ann so mar ar chuireas athrughadh
beag isan gcaint nó aguisín léi fá mar do oir sé dhi.



I dtaobh na cainte féin, is dócha gur fíor-bheag de chanamhaint
atá uirthi. Ní fhéadaim gan chuimhniughadh ar ar sgríobh an
Dochtúir De Hindeberg fá "Ghaedhilg an Aithbheodhuighthe,"
agus rud eile, níor ghábhadh dham bheith "ag tiomáint liom"
nó "ag bualadh romham" ann so acht isan obair féin, .i. níor
theastuigh a leithéid ó chaint an leabhair.



Má tá blas na seandachta ar chuid de'n leabhar so, bíodh a
mhilleán sain ar an oide múinte, agus is é is meas dam
féin ar Ghaedhilgeoir óg na haimsire seo nach deacra dhó mar
fhocal "gur" nó "go soiche" ná "annsair" ó'n gConallach,
agus, dá n-abrainn, ná "ag triall ar" ó'n Muimhneach.
Támaoid tuirseach dá leithéidíbh sin cheana. Sguiream díobh
mar ghnó litridheachta agus "céimeam lom-luadh ár leabhar"
feasta.



SEOSAMH LAOIDE.


L. 5


LEABHAR GEOGRAIPHE LE HAGHAIDH
SGOL AGUS COLÁISTÍ.



CUID 1.



SAINBHRIATHRA GEOGRAIPHE.



Is é is geograiph ann, tuarasgbháil ar an domhan so ar
a bhfuilmíd 'n-ár gcomhnaidhe, nó tuarasgbháil ar roinn de'n
domhan.



Dlúimh chruinn, mar do bheadh liathróid ann, is eadh an domhan,
acht, do bhrígh nach so-fheicsiona dhúinn acht fíor-bheagán de,
is í cosamhlacht bhíos air, é 'na dhlúimh chomhthruim nó mhíochomh-
thruim.



Talamh agus uisge atá i n-uachtar an domhain, nach mór
a thrí ceathramhna ina uisge agus a cheathramha 'na thalamh.



Cúig ranna móra atá sa talamh so ar uachtar an domhain,
iad i gcuid nó ar fad deighilte ó n-a chéile. Ranna nó móir-
thíortha do-bheirthear ar na rannaibh móra so de thalamh.



Táid ranna is lugha ná iad sain de thalamh ann, agus iad
i gcuid nó ar fad deighilte ó na móirthíorthaibh. Na ranna
úd atá deighilte i gcuid ó ná móirthíorthaibh do-bheirthear ortha
leithinseacha nó tairbeirt, dorlainge, agus reanna nó cinn
tíre. Oileáin nó inse do-bheirthear ar na rannaibh atá
deighilte ar fad ó na móirthíorthaibh.



An t-uisge atá ar uachtar an domhain, cúig ranna móra
atá ann, agus iad deighilte a bheag nó a mhór ó n-a chéile.
Aigéin do-bheirthear ar na rannaibh móra so d'uisge.



Táid ranna is lugha ná iad sain d'uisge, agus iad i gcuid
nó ar fad deighilte ó na haigéanaibh. Na ranna úd atá
deighilte i gcuid ó na haigéanaibh, do-bheirthear ortha fairrgí
nó mara, locha, bléintreacha, cuanta nó báigheanna, coinéil
nó deánta, caolais nó súndaí. Locha tíre do-bheirthear
ar na rannaibh úd atá deighilte ar fad ó na haigéanaibh.


L. 6


RANNA DE THALAMH.



MÓIRTHÍR: sin roinn mhór de thalamh i n-a bhfuilid mórán
de rannaibh is lugha ná í, cuir i gcás, an Eoraip.



Is minic do-bheirthear an focal ROINN féin ar mhóirthír,
cuir i gcás, an Roinn Eorpa nó Roinn na hEorpa, Roinn
na hÁsia, agus rl.



TAIRBEART nó LEITHINSE: sin roinn de thalamh 'n-a
bhfuil an t-uisge nach mór 'na thimcheall ar an uile thaobh,
cuir i gcás, an Iodáil.



OILEÁN: sin roinn de thalamh atá níos lugha ná móirthír,
agus an t-uisge 'na thimcheall ar fad, cuir i gcás, Éire.



OILEÁN FAIRRGE: sin oileán 'n-a bhfuil an fhairrge
mór-thimcheall air.



INIS: ainm eile d'oileán inis, acht ní hé amháin go
dtugthar ar oileán fairrge é, acht ar shrath nó ar léanaidh mar
an gcéadna.



SRATH: sin oileán beag i n-abhainn, agus uisge na habhann
ar gach taobh de, go mór-mhór i n-aimsir an fhuarlaigh.



OILEÁNLACH nó INSEACHAR: sin drong oileán nó
inseacha i n-aice a chéile.



CEANN TÍRE (CEANN): sin rinn talmhan a théid amach
sa bhfairrge, cuir i gcás, Ceann Cléire, Ceann Tíre i nAlbain.



Ar uairibh do-bheirthear ainmneacha eile ar CHEANN TÍRE,
mar atáid, IORRUS, RINN, PUINTE, GOB, SRÓN, ROS,
MAOL, MÁLAINN, RUDHA, SGOICH, COIS, SÁL, MUINCHINN,
BIOR, agus ar uairibh BEANN, DÚN, CARN, ÁRD. An
rinn is lugha atá ann, .i. OITÍR.



DORLAING: sin muinéal caol talmhan cheanglas dhá
roinn mhóra de thalamh dá chéile, mar atá, Dorlaing Shuez.



Do-bheirthear BÉAL ar a leithéid seo fós, cuir i gcás, Béal
an Mhuirthid.



SLIABH: sin roinn de'n talamh atá i n-áirde go mór os
cionn na coda eile de thuinn na talmhan.



Is ionann SLIABH fós agus PORTACH nó RIASG, bíodh
sé go hárd nó go híseal.



Is ionann SLIABH mar an gcéadna agus SREATH ÁRDÁN
atá i n-aon líne amháin diaidh ar ndiaidh.



Bun-tsliabh nó lár-bhall na sreithe sin, do-bheirthear an
MÁTHAIR-SHLIABH air.



Árdáin is ísle ná sin, do-bheirthear CNUIC ortha.



Is é is DRONG ÁRDÁN ann, méid nó uimhir éigin chnoc
atá 'na triopall mór-thimcheall ar lár-phonc éigin.



An log atá idir dhá shliabh, do-bheirthear GLEANN, CRUAN
nó CRÓN, SLÁD, ÁLT, CÚM, nó DÁL air.


L. 7


BOLCÁN nó CNOC TEINEADH: sin cnoc mór a chaitheas
deatach, lasracha, luaith, lábha, gail, agus rl., uaidh, as osgailt 'n-a
dtugthar CRUAN nó CRÓN uirthi, cuir i i gcás, Cnoc Aetna.



MAGH, MACHAIRE, CLÁR nó PLÁIN ÉAD: sin roinn de
thalamh atá beagnach comhthrom, nó is comhthrom ar fad atá sé.



RÉIDH nó TALAMH CLÁIR: sin clár atá i n-áirde os cionn
na coda eile de'n tír.



FÁSACH nó DÍTHREABH: sin fairsinge tíre atá go haimrid
tirm, cuir i gcás, an Sahára. Ainmneacha eile dhó,
DIAMHAIR, DÍSEART.



TOBARLACH: sin ball nó áit thorrthach i lár fásaigh. Is
uime do-bheirthear tobarlach air, do bhrígh gurab iad na
toibreacha fíoruisge atá ann do-bheir torrthach é, ag féachain
an fhasaigh 'na thimcheall nach fuil ann acht síor-thriomlach.



IMEALL-BHORD nó BRUACHAR: sin é an roinn úd de'n
talamh atá ag críochantacht leis an bhfairrge.



DEALT: sin áit i dtig abha i bhfairrge agus iomad bun
aici. Is é rud is fáth leis sin, beireann an abha mór-chuid
chriadh léithi go fairrge; an tuile agus an trághadh d'fhágadar
an chuid ba mhó de'n chré ag an sean-bhun agus iad ag obair
i n-aghaidh uisgí na habhann; do rinneadh beartrach de'n chré
seo agus talamh tirm fá dheoidh, ar chuma gur mhinic ní ba
mhó 'ná aon bhun amháin ag an abhainn, i n-imeall an bheartraigh.



RANNA D'UISGE.



AIGÉAN: sin ceann de na cúig rannaibh móra de'n uisge
atá ar thuinn an domhain.



"AN tAIGÉAN": sin é an t-ainm do-bheirthear i gcoit-
chinne ar an bhfairsinge mhóir uisge thimcheallas an chruinne.



FAIRRGE: sin roinn d'uisge atá níos lugha ná aigéan
go gnáthach, acht ar uairibh is ionann é agus aigéan, cuir i
gcás, an Fhairrge Mhór, an Fhairrge Chiuin. Ainmneacha eile
dhi, LEAR, SÁILE, BÓCHNA, GÓ.



MUIR: sin roinn d'uisge atá níos lugha ná aigéan, cuir
i gcás, Muir Meann, Muir Mhanann, Muir nIocht, Muir
Chroinn, Muir Bhioscáine.



Is minice muir idir dhá dtír ná a chontráil sin.



MURBHOLG: sin ainm do-bheirthear i gcoitchinne ar osgailtibh
imeall-bhuird na tíre go huile. Do réir a mhéid, a shuidhighthe,
agus oiread an osgailte do-bheirthear ainmneacha eile ar
mhurbholg, mar atáid, LOCH MARA (LOCH), TONN, BÁIGH,
CUAN, CALADH, TRÁCHT, GAOTH, BLÉAN, GÓILÍN,
CAISLE, CROMPÁN, SÁILÍN, CASLACH, POLL, CUAS.


L. 8


LOCH MARA (LOCH): sin roinn de mhuir atá nach mór
timcheallta ag an talamh, cuir i gcás, Loch Ríga, Loch Dá Chaoch,
Loch Feabhail, Loch Laoigh.



TONN: sin murbholg leathan mar a ndéanann an fhairrge
torann mór, ag bruth fá thír di, cuir i gcás, Tonn Rudhraighe,
Tonn Tuaidhe, Tonn Chlíodhna, Tonn Tóime.



BÁIGH: sin roinn d'uisge ritheas isteach ins an tír, agus
osgailt aici atá níos leithne ná mar atá ag an loch mara,
cuir i gcás, Báigh an Daingin.



CUAN: tá trí bhrígh leis an bhfocal so: (1) I nÉirinn is
minic dhó 'na ainm ar bháigh nó ar loch mara, cuir i gcás,
Cuan Chorcaighe, Cuan na nGall; (2) I nAlbain agus i Manainn
is ionann é agus muir; (3) I nÉirinn fós ní hannamh do-
bheirthear ar chaladhphort é.



CALADH: sin murbholg beag nó bealach caol uisge 'n-a
mbíonn port go gnáthach le haghaidh bád agus long; téidhthear
ó thaobh go taobh i mbád ann.



LOCH: sin roinn d'uisge atá timcheallta nó beagnach
timcheallta ag an talamh.



Tá dhá chinéal locha ann .i. loch tíre agus loch mara.



LOCH TÍRE (LOCH): sin loch atá istigh ar tír. Is gnáthaighe
leis bheith timcheallta ar fad ag an talamh, acht tá cuid de na
lochaibh tíre nach fuil mar sin, cuir i gcás, Loch Ríbh, Loch
Deirgdheirc, nach fuil ionnta acht an tSionainn dá leathnughadh
féin amach ar gach taobh. Do mhínigheamar "loch mara"
cheana.



Dealuighthear locha mar an gcéadna do réir an chinéil uisge
bhíos ionnta. Locha 'n-a bhfuil sáile ionnta, is locha sáile
iad; agus locha 'n-a bhfuil fíoruisge ionnta, is locha fíoruisge
iad.



CAOLAS: sin snámh caol uisge tháthuigheas dhá roinn eile
is mó 'ná é d'uisge le n-a chéile. Ainmneacha eile dhó,
CAOLUISGE, CAOLFHAIRRGE, CAOLSHÁILE. An roinn
is cumhainge de chaolas, is minic AN CAOL mar ainm air,
cuir i gcás, An Caol idir Dairbhre agus an tír mhór.



SLOC MARA (SLOC) nó SÚNDA: sin caolas éadoimhin
nó tanaidhe, cuir i gcás, Sloc na Mara, an Súnda Salach.



COINÉAL: sin snámh is mó agus is fairsinge 'ná caolas.



DUMHACH nó BEARTRACH: sin talamh árd ar ghrinneall
na fairrge agus a bharr i n-aice uachtair an uisge.



TRÁCHT: sin murbholg mór fairsing agus tráigh fhada
ar a shleasaibh, agus an tráigh féin fágthar leis í i n-am
tráighte na fairrge, cuir i gcás, Trácht Romhra.



GAOTH: sin sruth tanaidhe mar a dtig an tuile isteach,
agus áthanna ann i n-am tráighte na fairrge, cuir i gcás,
Gaoth Sáile, Gaoth Dóir, Gaoth Bearra.


L. 9


BLÉAN: sin sruth beag uisge ghabhluigheas ó'n bhfairrge
nó ó loch nó ó shruth fíoruisge, cuir i gcás, Bléan Phatóige.



GÓILÍN: sin murbholg beag mar a dtéid sruth nó sruthán sa
bhfairrge, cuir i gcás, An Góilín, idir Dairbhre agus an tír mhór.



CAISLE: sin murbholg nó sruth san áit a dtéid sé sa
bhfairrge.



CROMPÁN: sin murbholg ag bun srotha bhig nó murbholg
ghabhluigheas ó shruth fíoruisge, ó loch, nó ó mhuir.



POLL: sin ainm eile do chrompán, acht tá ciallta thairis
sin leis .i. cuas, pluais, uaimh, agus rl.



SÁILÍN: sin murbholg beag mar a dtéid sruth isteach
sa bhfairrge.



CASLACH: sin bun srotha bhig mar a dtéid sé sa bhfairrge,
cuir i gcás, Caslach an Mháis.



CUAS: sin báighín nó cuainín an-bheag, acht ar uairibh
do-bheirthear ar phluais nó ar uaimh é.



CUILITHE: sin sruth uisge san aigéan, cuir i gcás, Cuilithe
Atlantach an Ghrianchreasa. Is minic an focal SRUTH féin
mar ainm coitcheann ar chuilithe. Bíonn sruth nó cuilithe
i n-abhainn mar an gcéadna.



CUILITHE GUAIRNE: sin sruth bhíos ag casadh thart
timcheall air féin i n-abhainn.



COIRE: sin cinéal cuilithe guairne, i muir nó i n-abhainn,
cuir i gcás, Coire Bhreacáin. Goirthear SLUGTHÁN nó
SLUGPHOLL de mar an gcéadna.



ABHA nó ABHAINN: sin sruth fíoruisge ritheas tríd an
talamh isteach i muir nó i loch, cuir i gcás, an tSionainn.



Baintear úsáid as na foclaibh seo, ag trácht ar abhainn
dúinn: barr nó tobar, bun nó béal, bruacha, grinneall,
suainmheachán nó cumrachán, abhanntrach, dobhardhruim.



AN BARR NÓ AN TOBAR: Is ar thosach na habhann do-
bheirthear a barr nó a tobar.



AN BUN NÓ AN BÉAL: ar fhóircheann na habhann do-
bheirthear a bun nó a béal.



INBHEAR: An tráth is fairsing bun na habhann ag dul
i bhfairrge dhi is INBHEAR do-bheirthear air.



NA BRUACHA: Bruach dheas agus bruach chlé na habhann,
is iad sain na bruacha nó na taobha, taobh aca ar an láimh
dheis agus an taobh eile ar an láimh chlé, ag gluaiseacht dúinn
ó'n tobar go dtí an bun.



Is é GRINNEALL NA hABHANN, an coinéal choingbhigheas
a cuid uisgí istigh.



SUAINMHEACHÁN nó CUMRACHÁN: Abha ritheas isteach
i n-abhainn eile do-bheirthear suainmheachán nó cumrachán uirthi,
agus an ball i rithid siad i n-a chéile do-bheirthear an cumar
nó an tsuaineamh nó an ghabhal ar an áit sin.


L. 10


ABHANNTRACH: sin í an roinn úd de thír 'n-a ritheann
abha agus a suainmheacháin tríthi.



DOBHARDHRUIM: sin é an druim nó an t-uachtar tíre
dhealuigheas abhanntrach ó abhanntraigh eile.



BAILE PUIRT nó CALADHPHORT: sin áit le haghaidh
long nó bád, mar ar féidir dóibh a last do chur ionnta nó
do chur díobh. Táid trí cinéil bhailte puirt ann .i. bailte puirt
fhairrge, áit i dtigid loingeas isteach ó'n bhfairrge nó leis
an tuile; bailte puirt abhann ar aibhníbh intseolta atá os
cionn tuile na fairrge; agus bailte puirt chanáile.



RANNA MÓRA DE THALAMH.



Ceithre Móirthíortha atá sa Domhan Toir, .i. an Eoraip,
an Ásia, an Afraic, an Austráil.



Aon Mhóirthír amháin atá sa Domhan Tiar, .i. an tOileán
Úr nó America.



Tá an Eoraip do'n leith thiar de'n Ásia agus do'n leith
thuaidh de'n Afraic. Tá sí ceangailte de'n Ásia do'n leith
thoir agus do'n leith thoir theas, acht tá sí deighilte ó'n Afraic,
ag an Muir dTorrian.



Tá an Ásia do'n leith thoir de'n Eoraip agus do'n leith
thoir thuaidh de'n Afraic. Tá sí ceangailte de'n Eoraip do'n
leith thiar, agus de'n Afraic do'n leith thiar theas ag Dorlaing.
Shuez.



Tá an Afraic do'n leith theas de'n Eoraip agus do'n leith
thiar theas de'n Ásia. Tá sí deighilte ó'n Eoraip ag an.
Muir dTorrian, agus tá sí ceangailte de'n Ásia do'n leith
thoir thuaidh ag Dorlaing Shuez.



Tá an Austráil do'n leith thoir theas de'n Ásia. Ní'l sí
ceangailte de mhóirthír ar bith eile.



I Roinn na hAmerica atá dhá roinn mhóra, mar atá.
America Thuaidh, do'n leith thuaidh, agus America Theas, do'n
leith theas. Tá America Thuaidh agus America Theas ceang-
ailte dá chéile ag Dorlaing Phanamá.



Tá America deighilte ó'n Eoraip agus ó'n Afraic do'n
leith thoir ag an Aigéan Atlantach (.i. ag an bhFairrge Mhóir),
agus tá sí deighilte ó'n Ásia agus ó'n Austráil do'n leith
thiar ag an bhFairrge Ciuin.



RANNA MÓRA D'UISGE.



Dealuigheann an tAigéan Atlantach America do'n leith
thiar ó'n Eoraip, agus ó'n Afraic do'n leith thoir.



Dealuigheann an tAigéan Ciuin (an Fhairrge Ciuin)
America do'n leith thoir ó'n Ásia, agus ó'n Austráil do'n
leith thiar.


L. 11


Tá an tAigéan Indiach do'n leith thoir de'n Afraic, do'n
leith theas de'n Ásia, agus do'n leith thiar de'n Austráil.



Tá an tAigéan Arctic (Muir Croinn nó an Fhairrge
Théachtuighthe) do'n leith thuaidh de'n Eoraip, de'n Ásia, agus
d'America.



Tá an tAigéan Antarctic do'n leith theas de'n Aigéan
Atlantach, de'n Aigéan Indiach, agus de'n Aigéan Ciuin.



An tAigéan Theas do-bheirthear ar na rannaibh theas de'n
Aigéan Atlantach agus de'n Aigéan Indiach.



Is táithte le n-a chéile atáid na hAigéin go huile, ar mhodh
nach fuil ionnta acht aon mhorc mór uisge amháin ar adtugthar
i gcoitchinne "An tAigéan."



TÓRAINTE NA MÓIRTHÍOR.



De thórantacht na hEorpa ann so leis an Aigéan agus
leis an dtalamh: Muir Croinn nó an Fhairrge Théachtuighthe
(an tAigéan Arctic) do'n leith thuaidh di; Muir Thorrian agus
an Fhairrge Dhubh (Muir Eúxín) do'n leith theas di; an Ásia
do'n leith thoir di; agus an tAigéan Atlantach (an Fhairrge
Mhór) do'n leith thiar di.



De thórantacht na hÁsia ann so leis an Aigéan agus leis
an dtalamh: Muir Croinn do'n leith thuaidh di; an tAigéan
Indiach do'n leith theas di; an tAigéan Ciuin do'n leith thoir
di; an Eoraip, Muir Thorrian, agus an Mhuir Ruadh do'n
leith thiar di.



De thórantacht na hAfraice ann so leis an Aigéan agus
leis an dtalamh: Muir Thorrian do'n leith thuaidh di; an
tAigéan Theas do'n leith theas di; an Ásia, an Mhuir Ruadh
agus an tAigéan Indiach do'n leith thoir di; an tAigéan
Atlantach do'n leith thiar di.



De thórantacht na hAustráile leis an Aigéan ann so: an
tAigéan Ciuin do'n leith thoir agus do'n leith thuaidh di; an
tAigéan Theas do'n leith theas di; an tAigéan Indiach do'n leith
thiar di.



De thórantacht America leis an Aigéan ann so. Tórainte
America Thuaidh .i. Muir Croinn (an tAigéan Arctic) do'n
leith thuaidh di; an tAigéan Ciuin do'n leith thiar agus do'n
leith theas di; an tAigéan Atlantach do'n leith thoir di.
Tórainte America Theas .i. Muir Cairib agus an tAigéan
Atlantach do'n leith thuaidh di; an tAigéan Antarctic do'n
leith theas di; an tAigéan Atlantach do'n leith thoir di; an
tAigéan Ciuin do'n leith thiar di.


L. 12


CRÍOCHA NA nAIGÉAN.



De chríochantacht an Aigéin Atlantaigh ann so: Muir
Chroinn do'n leith thuaidh de; an tAigéan Antarctic do'n
leith theas de; an Eoraip agus an Afraic do'n leith thoir de;
America do'n leith thiar de.



De chríochantacht an Aigéin Ciuin annso: an Ásia agus
America do'n leith thuaidh de; an tAigéan Antarctic do'n
leith theas de; America do'n leith thoir de; an Ásia agus an
Austráil do'n leith thiar de.



De chríochantacht an Aigéin Indiaigh annso: an Ásia do'n
leith thuaidh de; an tAigéan Antarctic do'n leith theas de;
an Austráil do'n leith thoir de; an Afraic do'n leith thiar de.



De chríochantacht an Aigéin Arctic annso: an Eoraip,
Ásia, agus America do'n leith theas de. Timcheallann sé an
domhan ar fad ó'n áird thoir gus an áird thiar, agus téid sé
a fhad leis an bPolus Thuaidh do'n leith thuaidh.



De chríochantacht an Aigéin Antarctic annso: an tAigéan
Atlantach, an tAigéan Ciuin, agus an tAigéan Indiach do'n
leith thuaidh de; an Mhóirthír Antarctic, meastar do bheith ann,
do'n leith theas di. Timcheallann sé an domhan ar fad ó'n
áird thoir gus an áird thiar.



ÉIRE.



Oileán de'n Eoraip Éire, atá amuigh san Aigéan Atlantach,
agus é do'n leith thiar de'n roinn mhóir. Tá oileán na
Breataine Móire, i n-a bhfuil Alba, Breatain agus Sasana,
do'n leith thoir di. Tá Éire deighilte ó'n mBreatain Mhóir ag
Sruth na Maoile, ag Muir Meann, agus ag Muir na Breataine.
Is í an Fhrainc an tír is goire d'Éirinn dá bhfuil ar mhóirthír
na hEorpa uile.



De thórantacht na hÉireann annso: an Fhairrge Mhór (an
tAigéan Atlantach) do'n leith thuaidh, do'n leith thiar, agus
do'n leith theas di; Sruth na Maoile do'n leith thoir thuaidh di;
Muir Meann do'n leith thoir di; Muir na Breataine do'n
leith thoir theas di.



Fad na hÉireann ó'n mBinn Mhóir i gContae Aontroma go
Carn Uí Néid i gContae Corcaighe 300 (trí chéad) míle nó
fá'n tuairim sin, agus a tarsna ó Bhinn Éadair go Ceann
Léime i gContae na Gaillimhe 170 (céad agus seachtmhogha)
de mhíltibh nó mar sin. A hachar .i. 32,524 (triocha a dó de
mhíltibh, chúig céad agus a ceathair is fiche) de mhíltibh cear-
nógacha. A daoinighe, atá ag dul i laighead do réir a chéile,


L. 13


.i. 4,458, 775 (cheithre mhilliuin, cheithre chéad caoga a hocht de
mhíltibh, seacht gcéad seachtmhogha a cúig) sa bhliadhain 1901
(naoi gcéad déag agus a haon, nó míle naoi gcéad agus a
haon).



AORÁID. — Tá aoráid na hÉireann go ban-tais, agus ní'l
teas an tsamhraidh ná fuacht an gheimhridh comh mór agus atá i
gcríochaibh tíre de'n leathfhad chéadna.



CÚIGÍ. — De roinn na hÉireann annso, .i. roinn cheath-
ramhnach atá uirthi indiu, mar atá, Ulaidh (Cúige Uladh)
thuaidh, Laighin (Cúige Laighean) thoir, Mumha (Cúige Mumhan)
theas, Connachta (Cúige Connacht) thiar.



CONNTAETHE. — Tá mionroinn ar na cúigíbh, .i. a dó is
triocha de chonntaethibh ionnta. A seacht déag de na conntaethibh
ar bhruach na fairrge; dá bhrígh sin, do-bheirthear conntaethe
MARA ortha. Conntaethe TÍRE do-bheirthear ar na cúig
ceannaibh déag eile.



ULAIDH. — Naoi gConntaethe.



Conntaethe Mara. — A ceathair.



Conntaethe. Árd-Bhailte.



Co. Dhúin na nGall, …Leithbhearr, Béal Átha Seanaigh, Leitir
Ceanainn, Dún na nGall.



Co. Dhoire, …Doire Coluim Cille, Cúil Raithne,
Léim an Mhadaidh, Machaire Fiogaide.



Co. Aontroma, …Béal Feirste, Carraig Fhearghusa.
Lios na gCearrbhach, Baile Meadhónach.
Latharna, Aontruim.



Co. an Dúin, …Dún Phádraig (Dún Dá Leathghlas),
Iubhar Cinn Trágha, Baile Árd Uladh,
Droichead na Banna, Árd Mhic.
Nasca, Beannchar,



Conntaethe Tíre — a cúig.



Co. Árda Macha, …Árd Mhacha, An Lurga, Port an
Dúnáin, Cloch an Riabháin.



Co. Mhuineacháin, …Muineachán, Cluain Eois, Carraig Mhach-
aire Rois, Caisleán Mathghamhnach.



Co. Thíre Eoghain, …An Óghmhagh, Dún Gheanainn, An Srath
Bán, Cora Críche.



Co. Fhear Manach, …Inis Ceitleann, Lios na Sgiach.



Co. an Cabháin, …Cabhán (An Cabhán), An Mhuinchille,
Béal Tairbeirt, Cill Cathlaigh.


L. 14


ÁRD-BHAILTE PUIRT.



Béal Feirste, Doire Coluim Cille, Iubhar Cinn Trágha.



Daingean oibre déantús an línéadaigh i nUltaibh Béal
Feirste. Tá táin mhór ar an mbaile puirt seo fá shnaidhm-
theoireacht long, fá shníomhthóireacht chadáis, agus fá dhéan-
túsaíbh nach iad.



Is ann atá Iolsgoil na Bainríoghna.



Tá cáil ar Dhoire Coluim Cille fá n-a iomshuidhe do tháinig
chum baile sa bhliadhain 1689. Déantóireacht léinteadh a árd-
dhéantús.



Táid cuiréil eibhir fá Iubhar Cinn Trágha agus fós roinnt
mhuilte línéadaigh.



Baile puirt do litreachaibh le haghaidh na hAlban Latharna.



ÁRD-BHAILTE TÍRE.



Árd Mhacha, An Lurga, Lios na gCearrbhach, Cúil Raithne,
Dún Phádraig, Baile Árd Uladh, An Baile Meadhónach, Dún
Gheanainn, Port an Dúnáin, Cloch an Riabháin, Inis Ceitleann.



Is é Árd Mhacha is árdchathair eaglaise d'Éirinn.



Is é Dún Phádraig is róimh adhlaicthe do Phádraig Naomhtha.



Táid déantúsaí cadáis agus muislín fá bhaile Árd Uladh.



Is é Dún Gheanainn dob' árdchathair ársa do Cinéal Eoghain
(.i. do Shíol Néill) i n-allód, Táid mianaigh ghuail fá'n
chomharsanacht.



Lár-bhall bóthar n-iarainn iseadh Port an Dúnáin.



An Lurga, Lios na gCearrbhach, Cúil Raithne, An Baile
Meadhónach, Cloch an Riabháin, Na Locháin, agus Droichead na
Banna, tá táin mhór ortha so uile fá dhéantóireacht línéadaigh.



Is í Inis Ceitleann is árdbhaile do Conntae Fhear Manach,
agus tá cáil mhór uirthi fá'n tír ró-aoibhinn atá i bhfíor-ghar di.



LAIGHIN. — Dha Contae Dhéag.



Conntaethe Mara — a cúig.



Conntaethe. Árd-Bhailte,



Co. Lughmhaighe, …Sráidbhaile Dhúin Dealgan (Sráid
bhaile. Mhic Buain), Droichead Átha,
Baile Átha Fhirdhiadh, Cáirlinn.



Co. na Midhe, …Baile Átha Truim (Áth Truim Uí
Laoghaire), An Uaimh (Nuachongbháil),
Ceanannas.



Co. Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath (Áth Cliath Cualann,
Áth Cliath Duibhlinne, nó Áth Cliath),
Dún Laoghaire, Baile Breacáin,
Sgeilg Sgeire (Sgeirí).


L. 15


Conntaethe. Árd-Bhailte.



Co. Cille Mantáin, …Cill Mhantáin, An tInbhear Mór, Brí
Cualann, Ráth Droma.



An Conntae Riabhach, Loch Garman, Ros Mhic Treoin, Inis
Córthadh, Guaire.



Conntaethe Tíre — a seacht.



Co. Cille Dara, …An Nás, Baile Átha hÍ, Magh Nuadhad,
Cill Dara, An Droichead Nua...



Co. Ceatharlach, …Ceatharlach, Muine Bheag, Tulach Ó
bhFéidhlim (An Tulach), Leithghlinn an
Droichid (Droichead Leithghlinne).



Co. Cille Coinnigh, …Cill Coinnigh, Calainn, Caisleán an
Comair, Baile Mhic Anndáin.



Co. na Bainríoghna, …Port Laoighise, Móinteach Mílic,
Cúil an tSúdaire, Móin Rátha.



Co. an Ríogh (Co. Ua
bhFáilghe),
An Tulach Mhór, Biorra, Éadan Doire,
Beannchar.



Co. na hIar-Mhidhe, …An Muileann Cearr, Béal Átha Luain,
Móta Ghráinne Óige, Cill bheagáin.



Co. an Longphuirt, …Longphort Uí Fhearghail, Gránárd
(Gránarad), Meathus Truim.



ÁRD-BHAILTE PUIRT.



Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire, Droichead Átha, Sráidbhaile
Dhúin Dealgan, Loch Garman, Cill Mhantáin, Baile Breacáin,
Brí Cualann, An tInbhear Mór.



Is é Baile Átha Cliath árdchathair na hÉireann; is mór í
a cháil fá iomad agus fá bhreaghdhacht a fhoirgneamh bpuiblidhe.
Ar a dhéantúsaíbh atáid déantóireacht phoiplín, déantóireacht
ghloine, grúdaireacht, dríogaireacht, agus snaidhmtheoireacht long.
Tá dhá Iolsgoil ann, Iolsgoil Átha Cliath, agus Iolsgoil
Tíreamhail na hÉireann, agus coláistí iomdha maran gcéadna.
Páirc an Fhionnuisge atá i n-aice na cathrach, tá sí ar na
páirceannaibh puiblidhe is breaghdha agus is aoibhne dá bhfuil
ar an domhan. Is é Dún Laoghaire is baile puirt do litreachaibh
an phuist le haghaidh Sasana.



Tá Droichead Átha ag bun na Bóinne. Is i n-aice leis do
buaileadh "Briseadh na Bóinne" sa bhliadhain 1690. Táid
roinnt déantús figheadóireachta fá'n mbaile seo.



Is í teist atá ar Shráid Bhaile Mhic Buain, iasgaireacht mar
ghnáth-cheird innti, agus fós Tighthe Oibre Mhór-Bhóthair Iarainn
an Tuaiscirt do bheith ann, Bíonn tráchtáil mhór loingseoir-
eachta ar bun do ghnáth.


L. 16


Tá teist ar Loch garman fá n-a dhéantúsaíbh iarainn,
agus fós fá n-a loingsibh.



Bíthear ag tathaighe go Cill Mhantáin, go Brí Cualann, agus
go Sgeilg Sgeire, as los aeir fholláin an tsáile.



Is i táin atá ar Bhaile Breacáin, monarcha stocadóireachta
agus fós iasgaireacht do bheith ar bun ann.



ÁRD-BHAILTE TÍRE.



Cill Choinnigh, An Uaimh (Nuachongbháil), Baile Átha Truim'
An Muileann Cearr, Béal Átha Luain, Magh Nuadhad, Cill
Dara, Biorra, An Tulach Mhór.



Táid mianaigh ghuail agus cuiréil mharmair fá chill Choinnigh.



Táid déantúsaí olna san Uaimh agus i mBéal Átha Luain.



Is i clú atá ar Bhaile Átha Truim, .i. go bhfuil caisleán
Ríogh Seagháin ann.



Bíonn aonach mór eallaigh agus margadh olna sa Mhuileann
Cearr.



Is i cáil atá ar Mhaigh Nuadhad, .i. go bhfuil Coláiste
Phádraig, Coláiste Eaglaise na gCaitliceach, ann.



Is i teist atá ar chill Dara .i. fothraigh eaglaise agus
cloigtheach do bheith ann, is i ngar do'n bhaile seo atá an
Currach (Currach Chille Dara), an currach coimhleanga is
breaghdha dá bhfuil san Roinn Eorpa.



Is i táin atá ar Bhiorra, fá Amharcadán an tighearna Ruis,
i n-a bhfuil an cianamharcán nach mór is mó dá bhfuil sa
domhan.



MUMHA — Sé Conntaethe.



Conntaethe mara — a ceathair.



Conntaethe. Árd-Bhailte.



Co. Phuirt Láirge, …Port Láirge, Dún garbháin, An Tráigh
Mhór, lios Mór Mochuda, Port-
ládhach, ceapach Chuinn.



Co. Chorcaighe, …Corcach Mhúr Mumhan (Corcaigh), Cill
Gharbháin (An Cóf), Mainistir fhear
Muighe (An Mhainistir Thuaidh),
Eochaill, Cionn tSáile, Magh Ealla
(Malla), Droichead na Banndan.



Co. Chiarraighe, …Tráigh Li, Cill Áirne, lios Tuathail,
Cathair Saidhbhín, Daingean Uí chúise.



Co. an Chláir, …Inis Cluana Rámhfhada (inis), Cill
Ruis, Sráid na Cathrach, Inis Díomáin,
Cill Dá lua.


L. 17


Conntaethe tire — a dó.



Conntaethe Árd-Bhailte.



Co. Luimnigh, …Luimneach, Ráth Gaola (Ráth caola),
An Caisleán Nua, Brugh na nDéise,
Cill Fhionáin.



Co. Thiobrad Árann, Cluain meala, Tiobraid Árann,
Carraig na Siuire, Aonach Urmhumhan,
Dúrlas Éile, Caiseal Mumhan, Ros
Cré.



ÁRD-BHAILTE PUIRT.



Corcaigh, Luimneach, Port Láirge, Cill gharbháin (An Cóf),
Eochaill, Dún garbháin, Daingean Uí chúise, Cionn tSáile.



Is i Corcaigh an treas cathair is mó d'Éirinn, agus Bíonn
trácht fóirleitheadamhail ar siubhal innti do ghnáth. Tá coláiste
de Choláistíbh na Bainríoghna ann.



Is é Luimneach an cheathramhadh cathair is mó d'Éirinn, is
i teist atá air, fá lása agus fá shailleadh bagúin. Bíonn
tráchtáil mhór loingseoireachta ann do ghnáth.



Bíonn trácht mór onnmhuire nó breithe amach i bPort Láirge,
agus fós sailleadh bagúin.



Is i Cill Gharbháin (An Cóf) is baile puirt do litreachaibh
Nua-Eabhraigh.



Eochaill, dún garbháin, cionn tSáile, agus daingean Ui
Chúise: is i ainmneamhlacht atá ortha so, .i. iasgaireacht.



I nEochaill do céad-fhréamhuigheadh an potáta i nÉirinn.



ÁRD-BHAILTE TÍRE.



Cluain Meala, Cill Áirne, Caiseal, Malla, Dúrlas.



Baile mór tráchtála Cluain meala.



Is é suidhiughadh atá ar Chill Áirne, .i. i n-aice Locha Léin,
agus is i cáil atá uirthi áilne agus aoibhneas na tire agus
na loch atá sa cheanntar sain.



Is é Caiseal dob' árdchathair do'n Mhumhain i n-allód. Tá
teist mhúr air fá na fuidhlibh sean-fhoirgneamh atá fós ar
charraig Chaisil.



Lár-bhaill bhóthar n-iarainn is eadh Malla, Dúrlas, agus
Inis.



CONNACHTA. — Cúig Conntaethe.



Conntaethe Mara — a ceathair.



Conntaethe. Árd-Bhailte.



Co. na Gaillimhe, …Gaillimh, Béal Átha na Sluagh, Tuaim
Dhá Ghualann, Baile locha Riach, Gort
Inse Guaire.


L. 18


Conntaethe. Árd-Bhailte.



Co. Mhuigheo, …Caisleán an Bharraigh, Béal Átha an
Fheadha (Béal an Átha), Cathair na
Mart, Baile an Ródhba, Béal Átha
na Muice.



Co. Shligigh, …Sligeach, Baile an Mhóta, Tobar an
Choire.



Co. Liathdroma, …Cara Droma Rúisg, Maothail Mhana-
cháin, Cluainín Uí Ruairc (An
Cluainín).



Conntaethe Tíre — A haon.



Co. Rosa Comáin, …Ros Comáin, Mainistir na Búille,



ÁRD-BHAILTE PUIRT.



Gaillimh, Sligeach, Cathair na Mart. Is í Gaillimh is árd-
chathair do Chonnachtaibh. Tá coláiste de Choláistíbh na Bain-
ríoghna innti. Tá muilte olna ann, agus bíonn iasgaireacht
bhradán ar bun go gnáthach.



Bíonn tráchtáil mhór loingseoireachta ar bun i Sligeach, agus
fós is tádhbhachtach iad tionnsgail agus déantúsaí an bhaile
mhóir seo.



Tá Cathair na Mart fá neasacht beagáin de mhíltibh de Chruach
Phádraig. Caladh deagh-thráchta é.



ÁRD-BHAILTE TÍRE.



Tuaim Dhá Ghualann (Tuaim), Béal Átha na Sluagh, Baile
Átha an Ríogh.



Baile mór conáigh Tuaim Dhá Ghualann. Ann so do chuir
Iarfhlaith Naomhtha mainistir ar bun sa seiseadh ceannair.



Is mór í an cháil atá ar Bhéal Átha na Sluagh fá n-a aontaighibh
capall, eallaigh, agus caorach.



Is í teist atá ar Bhaile Átha an Ríogh, .i. a chaisleán agus
fothrach na sean-mhainistreach. Lár-bhall bóthar n-iarainn é.



Is iad so sé conntaethe is mó d'Éirinn, .i. Conntae
Chorcaighe, Conntae na Gaillimhe, Conntae Mhuigheo, Conntae
Dhúin na nGall, Conntae Chiarraighe, Conntae Thiobrad Árann.



Is iad so cheithre conntaethe is lugha, .i. Conntae Lughmhaighe,
Conntae Cheatharlach, Conntae Bhaile Átha Cliath, Conntae an
Longphuirt.


L. 19


MURBHUILG.



THOIR:- An Bháigh Ruadh agus Loch Ollarbha, i gConntae
Aontroma; Loch Laoigh, idir Conntae Aontroma agus
Conntae an Dúin; Loch Cuan agus Loch Rudhraighe, i gConntae
an Dúin; Cuan Snámha Aidhneach nó Loch Cáirlinne, idir Conntae
an Dúin agus Conntae Lughmhaighe; Cuan an tSráidbhaile nó
Cuan Mhuirtheimhne, i gConntae Lughmhaighe; Cuan Bhaile Átha
Cliath, i gConntae Bhaile Átha Cliath; Loch Garman, sa Chonntae
Riabhach.



THEAS:- Loch Dá Chaoch, idir an Chonntae Riabhach agus
'Conntae Phuirt Láirge; Cuan na Trágha Móire agus Cuan
Dhúin Garbháin; i gConntae Phuirt Láirge; Cuan Eochaille,
idir Conntae Puirt Láirge agus Conntae Chorcaighe; Cuan
Chorcaighe, Cuan Chinn tSáile, Cuan Chlanna Chaoilte, Cuan
Dor, Loch Treasna agus Cuan Rinne Chúil Uisge, Cuan Dhúin
Mhághnais, agus Cuan Baoi, i gConntae Chorcaighe.



THIAR:- Inbhear Sgéine (Cuan Neidíneach), idir Conntae
Chorcaighe agus Conntae Chiarraighe; Báigh Bhaile na Sgealg,
Cuan Bhéil Inse, Báigh an Daingin, Báigh Bhréanainn, Loch
Foirdhreamhain, i gConntae Chiarraighe; Inbhear na Sionna
nó Inbhear Luimnigh, idir Conntae Chiarraighe agus Conntae
Luimnigh do thaoibh agus Conntae an Chláir do'n taoibh eile;
Cuanta na Mara Báine, i gConntae an Chláir; Loch Lurgan
nó Cuan na Gaillimhe, idir Conntae an Chláir agus Conntae
na Gaillimhe; Cuan an Fhir Mhóir (Cuan Inbhir Mhóir), Cuan
Chille Ciaráin, agus Cuan, an Bheartraigh Bhuidhe, i gConntae
na Gaillimhe; An Caolsháile, idir Conntae na Gaillimhe agus
Conntae Mhuigheo; Cuan Modh, Cuan an Fhóid Duibh, agus
Cuan an Inbhir Mhóir, i gConntae Mhuigheo; Cuan Chille
hAlaidh, idir Conntae Mhuigheo agus Conntae Shligigh; Cuan
Shligigh, i gConntae Shligigh; Cuan na nGall, taobh theas 'oe
Dhún na nGall.



THUAIDH:- Cuan na Long agus Loch Súilighe, i gConntae
Dhúin na nGall; Loch Feabhail, idir Conntae Dhúin na nGall
agus Conntae Dhoire; Tonn Tuaidhe, i gConntae Dhoire; Cuan
Bhaile an Chaisleáin, i gConntae Aontroma.



CINN TÍRE.



THOIR:- Rinn Chinn Bheara, i gConntae an Dúin; Beann
Éadair, i gConntae Bhaile Átha Cliath; Ceann Breagh, agus
Dún Borr, i gConntae Chille Mantáin; Rinn na Cathaoire,
Rinn na Binne; agus Rinn an Chairn, sa Chonntae Riabhach.


L. 20


THEAS:- Rinn Dubháin sa Chonntae Riabhach; Dún Cearmna
nó Dún Mhic Pádraig, agus Carn Uí Néid, i gConntae
Chorcaighe; Ceann Cléire, i nOileán Cléire laisteas de
Chonntae Chorcaighe.



THIAR:- Ceann Dhúin Mhóir, agus Ceann Ciarraighe, i
gConntae Chiarraighe; Léim Chonculainn nó Ceann Léime,
Ceann Caillighe, agus Ceann Bóirne, i gConntae an Chláir;
Ceann Léime, i gConntae na Gaillimhe; Ceann Acla, i nAcaill;
Ceann Iorruis, i gConntae Mhuigheo; Ros Eoghain, i gConntae
Dhúin na nGall.



THUAIDH:- Cnoc Fola, Corrán Binne, agus An Mhálainn, i
gConntae Dhúin na nGall; Beann Ghabhar, agus Beann Mhór, i
gConntae Aontroma.



An rinn is sia soir, Rinn Chinn Bheara; an rinn is sia budh
dheas, Carn Uí Néid; an rinn is sia siar, Ceann Dhúin Mhóir;
an rinn is sia budh thuaidh, An Mhálainn.



TAIRBEIRT (LEITHINSEACHA).



Rinn Seimhne nó Inis Mhig Aodha, taobh thoir de Chonntae
Aontroma; Árd Uladh, taobh thoir de Chonntae an Dúin;
Beann Éadair, taobh thoir de Chonntae Bhaile Átha Cliath;
Leithinse Bhéarra, idir Cuan Baoi agus Inbhear Sgéine;
Leithinse Uíbh Ráthaigh, idir Inbhear Sgéine agus Báigh an á
Daingin; Corca Dhuibhne, lastuaidh de Bháigh an Daingin;
Muirisg, idir an Caolsháile agus Cuan Modh; An Muirthead,
taobh thiar thuaidh de Chonntae Mhuigheo; Inis Eoghain, idir Loch
Súilighe agus Loch Feabhail.



OILEÁIN.



THOIR:- Inse Beagna, taobh thoir thuaidh de Chonntae an
Dúin; Reachra Breagh agus Inis Faithleann (Inis Mhac
Neasáin, Inis Éireann), taobh thoir de Bhaile Átha Cliath.



THEAS:- Na Sáiltíthe, taobh theas de Chonntae Locha
Garman; Oileán Árda Neimhidh, Inis Sionnach, agus Inse
Rátha, i gCuan Chorcaighe; Oileán Cléire, i dtaobh theas de
Chonntae Chorcaighe; Oileán Béarra, agus Faoide, i gCuan
Baoi.



THIAR:- Dairbhre (Oileán Dairbhre) agus Inse Tarbhna nó
Na Blosgaodaí, laistiar de Chiarraighe; Na hÁirne Theas i.
Inis Mór, Inis Meadhóin, agus Inis Thiar, i gCuan na Gaillimhe;.


L. 21


Acaill, Cliara, Inis Torc, Inis Airc, agus Inis Sgéith, taobh
thiar de Chonntae Mhuigheo; Ára Mhór Thuaidh, taobh thiar de
Chonntae Dhúin na nGall.



Thuaidh:- Torach (Oileán Thoraighe), Inis Bó Finne, agus
Inis Trágha Thall, taobh thuaidh de Chonntae Dhúin na nGall;
Reachra Dháil Riada (Oileán Reachrann, Rachla) taobh thuaidh
de Chonntae Aontroma.



Is é oileán is mó dhíobh so uile, .i. Acaill; a hachar 50 (caoga)
míle cearnógach.



Táid fothraigh shean-teampall, agus rl., ar mhórán de na
hoileánaibh seo, go mór-mhór ar an méid díobh atá amuigh ó
bhruachar an Iarthair.



SLÉIBHTE.



Sléibhte Chonntae Aontroma, i gConntae Aontroma. Na
mullaigh is airde dhíobh, .i. Trostán, 1,811 troigh ar airde os
cionn na bóchna; Cnoc Lea, Duibheis.



Beanna Boirche nó Sléibhte Mughdhorna, i dtaobh theas de
Chonntae an Dúin. Na mullaigh is airde dhíobh .i. Sliabh
Domhanghairt, 2,796 troighthe ar airde; Sliabh Coiméadach,
Sliabh Bearnach.



Sliabh Crúb, 1,775 troighthe ar airde; tá sé i lár Chonntae
an Dúin.



Sléibhte Chuailnge, i dtuaisceart Chonntae Lughmhaighe. An
bheann is airde dhíobh .i. Sliabh Cháirlinne, 1,935 troighthe ar
airde.



Sliabh gCuillinn, i dtaobh theas de Chonntae Árda Macha,
1,893 troighthe ar airde.



Sliabh Cualann, i gConntae Chille Mantáin. An bheann is
airde dhíobh, .i. Log na Coille nó Ae Cualann, 3,039 dtroighthe.
Téid an ceann tuaisceartach de Shliabh Cualann tar teorainn
isteach i gConntae Bhaile Átha Cliath. Cip Iubhair, atá go
díreach ar thórainntibh Chonntae Bhaile Átha Cliath agus Chonntae
Chille Mantáin, tá sé 2,473 troighthe ar airde.



Suidhe Laighean, 2,610 dtroighthe, agus an Staighre Dubh,
2,409 troighthe ar airde, idir Chonntae Cheatharlach agus an
Chonntae Riabhach.



Sliabh Chnuic Mhaoil Domhnaigh, idir Chonntae Phuirt Láirge
agus Conntae Thiobrad Árann. An bheann is airde dhíobh,
.i. Cnoc Maoil Domhnaigh, 2,609 dtroighthe ar airde.



Sléibhte an Chumaraigh, i gConntae Phuirt Láirge. An
bheann is airde dhíobh, .i. Cnoc an Aifrinn, 2478 dtroighthe ar
airde.


L. 22


Crota Cliach nó na Gailte, i ndeisceart Chonntae Thiobrad
Árann. An bheann is airde dhíobh, .i. Gailte Móra, 3,015
troighthe ar airde.



Sliabh Coimeálta (an bheann is airde dhíobh .i. Cnoc
Coimeálta, 2,278 dtroighthear airde), agus Sléibhte an Airgid,
i n-iarthar Chonntae Thiobrad Árann.



Bearnán Éile, 1,583 troighthe ar airde, i dtaobh thuaidh de
Chonntae Thiobrad Árann.



Sliabh na mBan Fionn, 2,364 troighthe ar airde i n-oirthear-
dheisceart Chonntae Thiobrad Árann.



Sliabh Bladhma, i gConntae an Ríogh agus i gConntae na
Bainríoghna. Na beanna is airde dhíobh, .i. Árd Éireann,
1,733 troighthe; Bearna, 1,661 troigh ar airde.



Trí sreatha sliabh atá i Sléibhtibh Chiarraighe, mar atáid, an
Sliabh Theas, an Sliabh Meadhóin, agus an Sliabh Thuaidh. An
Sliabh Theas, idir Chuan Baoi agus Inbhear Sgéine. An bheann
is airde dhíobh, .i. an Cnoc Buidhe, 2,321 troigh ar airde.



Tá an Sliabh Meadhóin idir Inbhear Sgéine agus Báigh an
Daingin, agus ortha so atáid Cruacha Dubha Mhic Giolla Coda
(an bheann is airde dhíobh, .i. Carrán Thuathail, 3,414 troighthe ar
airde), agus Sléibhte Locha Léin (an bheann is airde dhíobh, .i.
Mangartach Locha Léin, 2,756 troighthe ar airde).



Tá an Sliabh Thuaidh idir Báigh an Daingin agus Loch Foir-
dhreamhain. Is í beann is airde dhíobh, .i. Cnoc Bréanainn (Cnoc
Breanndáin), 3,127 dtroighthe ar airde.



Sléibhte Chonmhaicne Mara, idir Cuan na Gaillimhe agus an
Caolsháile. Is iad beanna is airde dhíobh, .i. Beanna Beola,
2,395 troighthe ar airde; Mám Torc, 2,307 dtroighthe ar airde.



Sléibhte Mhuirisg, idir an Caolsháile agus Cuan Modh. Is
iad beanna is airde dhíobh, .i. an Maol Riabhach, 2,688 dtroighthe
ar airde; Cruach Phádraig, 2,510 dtroighthe ar airde.



Sliabh Néifinn, taobh thuaidh de Chuan Modh. Is iad beanna
is airde dhíobh, .i. Néifinn, 2,646 troighthe ar airde;
Néifinn Bheag, 2,065 troighthe ar airde.



Sléibhte Chonntae Shligigh. Is í beann is airde dhíobh, .i. Trosg.
Mór, 2,113 troighthe ar airde.



Sliabh Cuilceach, i gConntae an Chabháin, 2,188 dtroighthe
ar airde.



Sléibhte Thíre Conaill .i. uimhir éigin sliabh atá i gConntae
Dhúin na nGall, agus iad ar fhad a chéile ag líonadh furmhóir
na conntae sin. Is iad beanna is airde dhíobh, .i. Aireagal,
2,466 troighthe ar airde; An Chruach Ghorm, 2,219 dtroighthe ar
airde.



Sléibhte an Speirín, i gConntae Thire Eoghain agus i gConntae
Dhoire. Is í beann is airde dhíobh, .i. Samhail, 2,240 troigh ar
airde.


L. 23


AIBHNE.



SOIR:- Abhainn Lagáin (48 de mhíltibh ar fad), a barr i
Sliabh Crúb agus a bun i Loch Laoigh; is intseolta í go Lios
na gCearrbhach. An Righ, a barr i gConntae an Dúin agus a
bun ag Snámh Aidhneach. An Bhóinn (64 de mhíltibh ar fad), a
barr ag Sídh Neachtain i gConntae Chille Dara agus a bun
ag Inbhear Colpa, .i. murbholg de Mhuir Meann; is intseolta
í go soiche an Uaimh. Life (72 de mhíltibh ar fad), a barr i
Sliabh Cualann agus a bun i nInbhear Lifeach .i. murbholg de
Chuan Bhaile Átha Cliath. Abhainn Fhear Tíre nó Abhainn
Liathdroma, a barr i Sliabh Cualann agus a bun ag Inbhear
Dé, .i. murbholg de Mhuir Meann. An Abhainn Mhór, a barr
i Sliabh Cualann agus a bun ag an Inbhear Mhór, .i. murbholg
de Mhuir Meann. Sláinghe (70 de mhíltibh ar fad), a barr i
Log na Coille agus a bun i Loch Garman; is intseolta í go
hInis Córthaidh.



BUDH DHEAS:- An Bhearbha, 96 de mhíltibh ar fad, a barr i
Sliabh Bladhma agus a bun i Loch Dá Chaoch; is intseolta go
Baile Átha hÍ í. An Fheoir, 80 de mhíltibh ar fad, a barr i
mBearnán Éile agus a bun i gCumar na dTrí nUisge. An
tSiuir, 119 de mhíltibh ar fad, a barr i mBearnán Éile agus
a bun i Loch Dá Chaoch; is intseolta go Cluain Meala í. An
Abha Mhór, 85 de mhíltibh ar fad, a barr i gCiarraighe agus a
bun i gCuan Eochaille; is intseolta go Ceapach Chuinn í.
An Laoi, a barr i nGúgán Barra, i n-iarthar Chonntae Chorcaighe,
agus a bun i gCuan Chorcaighe; is intseolta go Corcaigh í.
An Bhannda, 45 de mhíltibh ar fad, a barr i gCorcaigh agus a
bun i gCuan Chinn tSáile.



SIAR:- An Leamhain, a barr i Loch Léin agus a bun i
dTuinn Tóime. An tSionainn, 224 de mhíltibh ar fad, a barr
ag Log na Sionna, i dtaobh thiar thuaidh de Chonntae an Chabháin,
agus a bun ag Loch Luimnigh, .i. murbholg de'n Aigéan Atlantach
(.i. de'n Fhairrge Mhóir); is intseolta go Loch Aillinne í, agus
congnamh canál ngearr aici i n-áiteannaibh i bhfuil grinneall
na habhann go mí-oireamhnach. An Choirib ó Loch Coirib (Loch
Oirbsean) go Cuan na Gaillimhe. An Mhuaidh, a barr i
Sliabh Ghamh, i gConntae Shligigh, agus a bun i gCuan Chille
hAlaidh; is intseolta go Béal Átha an Fheadha í. An Arbha
ó Loch Arbhach go Cuan Shligigh. An Eirne, a barr i Loch Gamhna
agus a bun i gCuan na nGall.



BUDH THUAIDH:- An Feabhal, sin é an t-ainm do-bheirthear
ar an aon tsruth amháin do-ghní an Fhinn ó Thír Chonaill agus
an Mhodharn ó Thír Eoghain, dhá abhainn théid i n-a chéile
idir an Srath Bán agus Leithbhearr; téid an Feabhal i Loch
Feabhail, agus is intseolta go dtí an Srath Bán í. An


L. 24


Bhanna Uachtarach, 43 de mhíltibh ar fad, a barr i mBeannaibh
Boirche agus a bun i Loch nEachach. An Bhanna Íochtarach,
37 de mhíltibh ar fad, a barr i Loch nEachach agus a bun
i dTuinn Tuaidhe, .i. murbholg de'n Aigéan Atlantach; is
intseolta go Cúil Raithne í. An Mhaing, a barr i gConntae
Aontroma agus a bun i Loch nEachach. An Abhainn Mhór,
50 de mhíltibh ar fad, a barr i dTír Eoghain agus a bun i
Loch nEachach.



SUAINMHEACHÁIN:



NA BÓINNE:- Barr na hAbhann Móire i Loch Mhuinreamhair
agus an tsuaineamh (nó an cumar) ag an Dubhchumar i n-aice
na hUaimhe.



LIFE:- Tulca (Abhainn Tulcan, Abhainn Tulcadh) ar an
mbruach chlé agus an Dothair (Abhainn Dothra) ar an mbruach
dheas. Téid siad araon i mbun Abhann Life, .i. i nInbhear
Lifeach.



NA BEARBHA:- An Fheoir, ar an mbruach dheas, téid sí
isteach ins an mBearbha ag Cumar na dTrí nUisge atá i ngar
do Ros Mhic Treoin.



NA SIONNA:- An Eithne (théid i Loch Ríbh), an Bhrosnach,
an Mháigh, an Daol, ar an mbruach chlé; Suca agus Forghus
ar an mbruach dheas.



NA BANNA ÍOCHTARAIGHE:- An Mhaing, an Abhainn
Mhór, agus Abhainn Bhaile an Doire, théid i Loch nEachach.



NA MODHAIRNE:- An Dearg, ó Chonntae Dhúin na nGall;
an tSruthair, ó Chonntae Thíre Eoghain.



LOCHA.



Loch nEachach (a achar, .i. 153 de mhíltibh cearnógacha) dá
thraochadh ag an mBanna Íochtaraigh; tá sé ag críochantacht
leis na cúig conntaethibh seo, .i. Conntae Aontroma, Conntae
an Dúin, Conntae Árda Macha, Conntae Thíre Eoghain, agus
Conntae Dhoire. Loch Gamhna, idir Chonntae an Longphuirt
agus Conntae an Chabháin; Loch Uachtair i gConntae an Chabháin;
Loch Eirne Uachtarach agus Loch Eirne Íochtarach, dá dtraochadh
uile ag an Eirne. Loch Aillinne (a achar, .i. 14 de mhíltibh
cearnógacha), Loch Ríbh (a achar, .i. 41 de mhíltibh cearnógacha),
agus Loch Dearg (a achar, .i. 46 de mhíltibh cearnógacha), dá
dtraochadh uile ag an Sionainn. Loch Con (a achar, .i. 24 1/2 de
mhíltibh cearnógacha), i dtaobh thuaidh de Chonntae Mhuigheo,
traochtar ag an Muaidh é. Loch Measg (a achar, .i. 25 de
mhíltibh cearnógacha) agus Loch Coirib (a achar, .i. 68 de
mhíltibh cearnógacha) i gConntae Mhuigheo agus i gConntae


L. 25


na Gaillimhe, dá dtraochadh ag an gCoirib, agus sruth
fó thalamh ag dul ó Loch Measg go Loch Coirib. Locha
Chille hÁirne, na cinn is mó dhíobh, .i. Loch Torc,
Loch Mhucruis, agus Loch Léin Linnfhiaclach (Loch Léin),
dá dtraochadh ag an Leamhain a théid isteach i dTuinn
Tóime, .i. an roinn inmheadhónach de Bháigh an Daingin. Loch
Muinreamhair, i gConntae an Chabháin, dá thraochadh ag an
Abhainn Mhóir. Loch Síleann, i gConntae an Chabháin; Loch
Dairbhreach, Loch Uair (Loch Uail), Loch Ainninn (Loch Ainnill),
i gConntae na hIar-Mhidhe; Loch Uí Ghadhra, i gConntae Shligigh,
dá dtraochadh uile ag an Sionainn. Loch Arbhach, i gConntae
Shligigh, dá thraochadh ag an Arbhaigh. Loch Gile, i gConntae
Shligigh, dá thraochadh ag an nGearróig. Loch Meilghe, idir
Feara Manach agus Conntae Liathdroma, dá thraochadh ag
an Drobhaois.



MÓINTE.



MÓINTE na hÉireann, ar a dtugthar fós CURRAIGHTHE
agus PORTAIGH, is mór an úsáid a baintear asta ar fud
na tíre i riocht spuinc agus connaidh. Táid siad ar fagháil
ar feadh gach aon chonntae. Tá dhá chinéal aca ann, .i. móinte
cláir nó móinte íochtair thíre agus móinteáin nó móinte
sléibhe (is minic do-bheirthear sliabh féin ortha so). An
tseachtmhadh cuid de thuinn na tíre atá fá na móintibh seo.
Is í móin is mó d' Éirinn Móin Éile, i n-a bhfuil cuid de
gach conntae dhíobh so, .i. Conntae Chille Dara, Conntae na
Bainríoghna, Conntae an Ríogh, Conntae na hIar-Mhidhe, agus
Conntae na Midhe. Do-bheirthear Móin Almhan ar an roinn
oirthearaigh de'n phortach mór so, .i. de Mhóin Éile, acht tá
Móin Éile d'ainm air ar fad. Tá sé 'na sheanfhocal fós ag
Midheachaibh agus ag a gcoigcríochaibh, .i.



"Móin Almhan agus Móin Éile,
An dá mhóin is mó i nÉirinn."



BÓITHRE IARAINN.



Is iad príomh-bhóithre iarainn atá i nÉirinn, .i.



1. — MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN DEISCIRT AGUS AN
IARTHAIR, ó Bhaile Átha Cliath go Cill Gharbháin (.i. an Cóf).



Téid a ghabhlacháin mar áirimhthear ann so:



(1) ó na Saileánaibh go Tulaigh Ó bhFéidhlim; (2) ó Chill Dara
tar Cheatharlach agus tar an Muine Bhig go Cill Choinnigh;
(3) ó'n Muine Bhig go Pailís Thoir i gcomhair Locha Garman,
Ruis Mhic Treoin, agus Phuirt Láirge; (4) ó Chúil an tSúdaire
go Béal Átha Luain; (5) ó Phort Laoighise tar Chill Choinnigh


L. 26


go Port Láirge; (6) ó Phort Laoighise go Móinteach Mílic;
(7) ó Bhaile Uí Bhróithe tar Ros Cré agus tar Aonach Urmhumhan
go Luimneach; (8) ó Ros Cré go Biorra; (9) ó Dhúrlas Éile
go Cluain Meala; (10) ó Chrosaire an Ghúlaigh go Caiseal
Mumhan; (11) ó Ghabhail tSulchóide tar Chluain Meala agus
tar Phort Láirge go Ros Láir; (12) ó Ghabhail tSulchóide go
Sligeach tar na bailtibh móra so, .i. Luimneach, Inis Cluana
Rámhfhada, Baile Átha an Ríogh, Clár Chloinne Mhuiris, agus
Cúil Mhuine; (13) ó Ráith Luirc go Luimneach; 14 ó Mhalla
tar Mhainistir Fhear Muighe, tar Lios Mór, agus tar Dhún
Garbháin go Port Láirge; (15) ó Mhainistir Fhear Muighe
go Baile an Mhistéalaigh; (16) ó Mhalla tar Chill Áirne, tar
Thráigh Lí, agus tar Lios Tuathail go Luimhneach; (17) ó Bháintír
go hÁth Treasna (Baile Nua); (18) ó Lios na gCeann go
Neidín; (19) ó'n bhFearann Fuar tar Chathair Saidhbhín go dtí
an Rinn Árd ag Cuan Bhéilinse; (20) ó Thráigh Lí go dtí an
Fhiannait; (21) ó Chorcaigh go hEochaill; (22) ó Loch Garman go
Ros Láir; (23) ó Chlárach go Beannchar na Sionna; (24).
ó Ghabhail Bhaile an Ghráin go Faing.



A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE.



Le MÓR BHOTHAR IARAINN MEADHÓIN AGUS IARTHAIR
NA hÉIREANN ag Clárach, ag Baile Átha an Ríogh, ag Clár
Chloinne Mhuiris, agus ag Cúil Mhuine.



Le BÓTHAR IARAINN AN OIRTHEAR-DHEISCIRT ag
Pailís Thoir agus ag Port Láirge.



TÁTHADH FO-BHÓTHAR EILE ATÁ NEAMHSPLEÁDHACH
LEIS.



(a) Bóthar Iarainn Iar-Chláir ó Inis Cluana Rámhfhada tar
Inis Díomáin agus tar Shráid na Cathrach go Cill Chaoidhe.



(b) Bóthar Iarainn Deas-Cláir ó Chill Ruis go Cill Chaoidhe.



(c) Bóthar Iarainn Leasa Tuathail agus Bhaile an Bhuinn-
eánaigh (feistiughadh an ráille uathaidh) ó Lios Tuathail go.
Baile an Bhuinneánaigh.



(d) Mion-Bhóthar Iarainn Thrágha Lí agus Dhaingin Uí
Chúise ó Thráigh Lí do'n Daingean, agus gabhlachán uaidh go
Caisleán an Ghriarthaigh.



(e) Bóthar Iarainn Phuirt Láirge agus na Trágha Móire ó
Phort Láirge go Tráigh Mhóir.



(f) Bóthar Iarainn Chonntae Shligigh, Chonntae Liathdroma,
agus na gConntae dTuaisceartach, ó Shligeach tar Chúil Mhuine
agus tar Chluainín Uí Ruairc go hInis Ceitleann.


L. 27


II. — MÓR-BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN AGUS
IARTHAIR NA hÉIREANN, ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh.



A ghabhlacháin ann so:



(1) Ó Chluain Saileach tar Chill Mheasáin agus tar an Uaimh
(Nuachongbháil) go dtí an Chabrach (Dún na Ríogh); (2) ó Chill
Mheasáin tar Bhaile Átha Truim (Áth Truim Uí Laoghaire), go
Baile Átha Buidhe (Áth Buidhe Tlachtgha); (3) ó'n mBóthar Buidhe
go hÉadan Doire; (4) ó'n Muileann gCearr tar Ghabhail na
hEithne, tar Longphort Uí Fhearghail, tar Ghabhail Choilleadh
Fraoich, agus tar Chúil Mhuine go Sligeach; (5) ó Ghabhail na
hEithne go Cabhán Uí Raghallaigh; (6) ó Chrois Domhnaigh go
Coill na Seanrátha; (7) ó Ghabhail Choilleadh Fraoich go Bealach
an Doirín; (8) ó Bhaile an tSrutháin go Clárach; (9) ó Bhéal
Átha Luain tar Chlár Chloinne Mhuiris, tar Ghabhail Mhuighe
Fiondalbha, agus tar Bhéal Átha an Fheadha go Cill Alaidh;
(10) ó Chlár Chloinne Mhuiris go Baile an Ródhba; (11) ó
Ghabhail Mhuighe Fiondalbha tar Chaisleán an Bharra agus tar
Chathair na Mart go hAcaill; (12) ó Áth Díomáin go Baile
Locha Riach; (13) ó Ghaillimh go dtí an Clochán.



A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE.



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN IARTHAIR AGUS AN
DEISCIRT ag Clárach, ag Béal Átha Luain, ag Baile Átha an
Ríogh, ag Clár Chloinne Mhuiris, agus ag Cúil Mhuine.



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT ag an
Uaimh (Nuachongbháil) agus ag Cabhán Uí Raghallaigh.



Le BÓTHAR IARAINN CHONNTAE SHLIGIGH, CHONNTAE
LIATHDROMA AGUS NA GCONNTAE THUAIDH i Sligeach
agus ag Cúil Mhuine.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE AN CHABHÁIN
AGUS CHONNTAE LIATHDROMA ag Dromad.



III. — MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT, ó Bhaile
Átha Cliath go Béal Feirste tar na bailtibh seo, .i. Droicheadh Átha,
Sráid Bhaile Mhic Buain, Gabhrach, Port an Dúnáin, agus
Lios na gCearrbhach.



Téid a ghabhlacháin mar leanas:-



(1) ó Bhaile Átha Cliath go Binn Éadair; (2) ó Dhroichead
Átha tar an Uaimh go Sean-chaisleán an Fhásaigh; (3) ó Ghabhail
Droimín go Baile Átha Fhirdhiadh; (4) ó Shráid Bhaile Mhic
Duain tar Chluain Eois, tar Inis Ceitleann, tar an Óghmhaigh,
agus tar an tSrath Bán, go Doire Choluim Chille; (5) ó Árd
Mhacha tar Ghabhrach agus tar Iubhar Chinn Trágha go Rinn Mhic
Giolla Ruaidh (.i. an Púinte); (6) ó'n Sgarbhachadh Dubh tar


L. 28


Dhroichead na Banna go Baile Uí Ruanadha; (7) ó Phort an
Dúnáin tar Dhún Gheanainn go dtí an Óghmhagh; (8) ó Dhún
Gheanainn go Cora Críche; (9) ó Lios na gCearrbhach go
Droichead na Banna; (10) ó Lios na gCearrbhach go hAontruim;
(11) ó Phort an Dúnáin tar Árd Mhacha go Cluain Eois;
(12) ó Chluain Eois tar Bhéal Átha hÁthais go Cabhán; (13) ó
Bhéal Átha hÁthais go Béal Tairbeirt; (14) ó Bhéal Átha Beithe
go dtí an Mhuinchille; (15) ó Inis Caoin Deagha go Carraig
Mhachaire Rois; (16) ó Ghabhail Chille Sgíre tar Bhéal Lice
agus tar Bhéal Átha Seanaigh go Bun Dobhráin; (17) ó Ghabhail
Fhionntamhnaighe go Fionntamhnaigh. Táid bóithre eile dá
ndéanamh rachas ó Bhaile Uí Ruanadha tar Ráith Fhoirchealláin
agus tar Chaisleán an Mhuilinn go dtí an Caisleán Nua,
agus ó Árd Mhacha go Caisleán Mathghamhnach.



A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE:-



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN AGUS IARTHAIR
NA hÉIREANN ag an Uaimh agus ag an gCabhán.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE AN CHABHÁIN
AGUS CHONNTAE LIATHDROMA ag Béal Tairbeirt.



Le BÓTHAR IARAINN CHONNTAE SHLIGIGH, CHONNTAE
LIATHDROMA, AGUS NA gCONNTAE THUAIDH ag Inis
Ceitleann.



Le BÓTHAR IARAINN CHOISTE CHONNTAE dTUAIS-
CEARTACH ÉIREANN DE BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN
SHASANA ag Aontruim, ag Coraibh Críche, agus i nDoire
Choluim Chille.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE DHÚIN NA
nGALL ar an tSrath Bán agus i nDoire Choluim Chille.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN LEITREACH CEANAINN
AGUS LOCHA SÚILIGHE i nDoire Choluim Chille.



Le BÓTHAR IARAINN GHLINNE CLOCHAIR ag Tighneathán
agus ag Droichead Mhig Uidhir (.i. ag Tait an Doire).



Le RIAN-BHEALACH CHAISLEÁIN NA DEIRGE AGUS
DHROICHID NA BRUIDHNE ag Droichead na Bruidhne.



Le BÓTHAR IARAINN SHRÁIDE BHAILE MHIC BHUAIN,
IUBHAIR CHINN TRÁGHA AGUS GHRIANPHUIRT i nIubhar
Chinn Trágha agus i Sráid Bhaile Mhic Bhuain.



Le RIAN-BHEALACH TEINNTREACH PHUIRT RUIS AGUS
CHLOCHÁIN NA bhFOMHÓRACH i bPort Ruis.



IV. — BÓTHAR IARAINN CHOISTE CHONNTAE dTUAIS-
CEARTACH ÉIREANN DE BHÓTHAR IARAINN MHEADHÓIN
SHASANA (Bóthar Iarainn Bhéil Feirste agus na gConntae
Thuaidh do bhí d'ainm air i n-allód) ó Bhéal Feirste go Doire


L. 29


Choluim Chille tar na bailtibh seo: An Mullach Mór,
Aontruim, An Baile Meadhónach, Baile Muine, agus Cúil
Raithne.



Téid a ghabhlacháin mar leanas:-



(1) Ó'n Mullach Mór tar Charraig Fhearghusa go Latharna;
(2) ó Ghabhail Bhaile an Chláir agus an Dabhaigh go Baile na
Buaileadh; (3) ó'n mBaile Meadhónach tar Bhaile na Buaileadh
go Latharna; (4) ó'n mBaile Meadhónach go dtí an Pháirc
Mhór; (5) ó Chúil Raithne go Port Ruis; (6) ó Léim an
Mhadaidh go Baile an Mhullaigh; (7) ó Ghabhail Droma Sugha
tar Mhachaire Fiogaide go Muigh Fhinn agus go Cill Réidhe;
(8) ó Mhachaire Fiogaide go Baile na Croise; (9) ó Mhachaire
Fiogaide go Coraibh Críche; (10) ó Bhaile an Chláir go dtí an
Dabhach.



A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE:-



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT ag
Aontruim, ag Coraibh Críche agus i nDoire Choluim Chille.



Le BÓTHAR IARAINN BHAILE AN CHLÁR (théid ó Bhaile
Muine go Baile an Chláir) ag Baile Muine.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN DHOIRE AGUS LOCHA
SÚILIGHE i nDoire Choluim Chille.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE DHÚIN NA
nGALL i nDoire Choluim Chille.



V. — BÓTHAR IARAINN AN OIRTHEAR-DHEISCIRT (Bóthar
Iarainn Bhaile Átha Cliath, Chille Mantáin agus Locha Garman
do bhíodh d'ainm air i n-allód); téid sé ó Áth Cliath Cualann
(Sráid Fhearchair) tar Bhrí Chualann, tar Chill Mhantáin, tar
an Inbhear Mhór, agus tar Ghabhail Mhuighe Maighin go Loch
Garman.



A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EI LE:-



(1) Ó Bhaile Átha Cliath (Sreath na nIartharaighe) go Brí
Chualann tar Dhún Laoghaire; (2) ó Gharrán an Ghabhláin go
Síol Éiligh; (3) ó Ghabhail Mhuighe Maighin tar Ros Mhic
Treoin go Port Láirge.



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN IARTHAIR AGUS AN
DEISCIRT i mBaile Átha Cliath, ag Páilís Thoir, i bPort
Láirge agus ag Loch Garman.



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN TUAISCIRT i mBaile
Átha Cliath.


L. 30


VI. — BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE, NA BANNDAN
AGUS IMEALL-BHUIRD AN DEISCIRT, ó Chorcaigh tar
Dhroichead Banndan, tar Dhún Maonmhuighe, agus tar an
Sgibrín go Dún na Séad.



Téid a ghabhlacháin mar leanas:-



(1) Ó Ghabhail Chinn tSáile go Cionn tSáile; (2) ó Ghabhail
Chlanna Chaoilte go Clanna Chaoilte; (3) ó Ghabhail Dhroma Dhá
Liag go Beanntraighe.



A THÁTHACHÁIN LE BÓITHRIBH IARAINN EILE:-



Le MÓR-BHÓTHAR IARAINN AN IARTHAIR AGUS AN
DEISCIRT; le BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE, NA
CAIRRGE DUIBHE, AGUS NA CALADH; le MION-BHÓTHAR
IARAINN CHORCAIGHE AGUS MÚSGRAIGHE; agus le
BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS MAGHCHROMTHA, i
gCorcaigh.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN CHÚIRTE MHIC SHÉAFRAIDH
(théid ó Bhaile na Sgairte go Cúirt Mhic Shéafraidh) ag Baile
Na Sgairte.



Le MION-BHÓTHAR IARAINN AN SGIBRÍN AGUS SGOILE
MUIRE ag an Sgibrín.



VII. — BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE, NA CAIRRGE
DUIBHE, AGUS AN CHALAIDH ó Chorcaigh tar an gCaladh agus
tar Bhaile na Manach, go Bun an Táibhirne.



VIII. — BÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS MAGH-
CHROMTHA, ó Chorcaigh go Maghchromtha.



IX. — MION-BHÓTHAR IARAINN CHORCAIGHE AGUS
MÚSGRAIGHE, ó Chorcaigh go hAchadh an Chóiste, agus
gabhlacháin uaidh go Blárnain agus go Domhnach Mór.



X. — MION-BHÓTHAR IARAINN DHOIRE CHOLUIM CHILLE
AGUS LOCHA SÚILIGHE, ó Dhoire Choluim Chille tar Bhaile
Idir Dhá Abhainn, tar Leitir Ceanainn agus tar Ghaoth Dóir
Go hAilt An Chorráin.



Téid gabhlachán ó Bhaile Idir Dhá Abhainn tar Bhun Cran-
naighe go Carn Domhnaigh.



XI. — MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE DHÚIN NA
nGALL ó Dhoire Choluim Chille tar an Srath Bán, tar Shrath
an Urláir, agus tar Dhún na nGall chum na gCeall mBeag.



Téid gabhlachán ó Shrath an Urláir chum na nGleanntach
(.i. chum an Mhuilinn Iarainn).


L. 31


XII. — BÓTHAR IARAINN BHÉIL FEIRSTE AGUS
CHONNTAE AN DÚIN ó Bhéal Feirste tar an gCumar, tar
Dún Phádraig (.i. Dún Dá Leathghlas), agus tar Dún Droma,
go Caisleán Nua.



Téid gabhlacháin mar leanas:



(1) ó Bhéal Feirste tar Árd Mhic Nasca go Beannchar;



(2) ó'n gCumar tar Bhaile Árd Uladh go Domhnach Diagh;



(3) ó Ghabhail Bhaile na hInse go Baile na hInse; (4) ó Dhún
Phádraig go hÁrdghlais.



XIII. — BÓTHAR IARAINN SHRÁIDE BHAILE MHIC
BHUAIN, IUBHAIR CHINN TRÁGHA AGUS GHRIANPHUIRT ó
Iubhar Chinn Trágha, tar Cháirlinn agus tar Grianphort, go Sráid
Bhaile Mhic Bhuain.



XIV. — BÓTHAR IARAINN CHONNTAE SHLIGIGH,
CHONNTAE LIATHDROMA AGUS NA gCONNTAE
THUAIDH, ó Shligeach tar Chúil Mhuine agus tar Chluainín Uí
Ruairc, go hInis Ceitleann.



XV. — MION-BHÓTHAR IARAINN CHONNTAE AN CHABHÁIN
AGUS CHONNTAE LIATHDROMA, ó Bhéal Tairbeirt tar
Mhaothail Mhanacháin go Dromad agus gabhlachán uaidh ó Bhéal
an Átha Móir go hAirgneach.



XVI. — RIAN-BHEALACH GHLINNE CLOCHAIR, ó Thighneathán
go Droichead Mhig Uidhir (Tait an Doire).



XVII. — Rian-bhealach Teinntreach Chloiche an Riabháin agus
Iubhair Chinn Trágha, ó Chloich an Riabháin go hIubhar Chinn Trágha.



XVIII. — Rian-bhealach Teinntreach Phuirt Ruis agus
Chlocháin na bhFomhórach, ó Phort Ruis tar an Machaire Buidhe
go Clochán na bhFomhórach.



XIX. — Rian-bhealach Chroise Bhaile Coimín, ó Thír an
Iubhair i bhfeorainn Bhaile Átha Cliath tar Chrois Bhaile
Coimín go Poll an Phúca.



XX. — Rian-bhealach Teinntreach Bhaile Átha Cliath agus
Leamhcáin, ó Bhaile Átha Cliath tar Séipéal Iosóilde go
Leamhcán.



Fuagra: Cibé áit i bhfuilid bóitre iarainn i dtáthadh le n-a chéile, do
réir mar adubhramar romhainn, ní fhágann soin gur úsáid bhaineas
líonradh bóthair iarainn díobh as an líonraidh eile. Nó gur aon árdán
amháin comhfheadhma bhíos aca ag stáisiún ar bith le haghaidh saor-theachta
chum a chéile. Is coitcheann a leithéid de thathadh i Sasanaibh, acht is fíor-
annam i nÉirinn é. Ní'l de bhrígh againn le táthadh ann so acht amháin go
bhfóghnann an dá líonraidh do'n aon bhaile mór amháin.


L. 32


CANÁLACHA.



1. An Chanáil Mhór, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Átha na
Sluagh, agus ladhrachán uaithi go Baile Átha hÍ, áit i dtéid sé
i mBearbha.



2. An Chanáil Ríoghamhail, ó Bhaile Átha Cliath tar an
Muileann gCearr, go Sionainn.



3. — Canáil Uladh, ó Loch nEachach go Loch Eirne Uachtarach.



4. Canáil an Lagáin, ó Bhéal Feirste go Loch nEachach.



5. Canáil an Iubhair, ó'n bhFeadán, tar Iubhar Chinn Trágha,
go Loch nEachach.



6. Canáil Bhéil an Átha Móir, ó Loch Eirne Uachtarach go
Sionainn.



7. Canáil na Bóinne, ó Dhroichead Átha chum na hUaimhe
(Nuachongbhála).



8. Canáil na Máighe, ó Áth Dara go Sionainn.



9. Canáil na Banna Íochtaraighe, ó Chúil Raithne go Loch
nEachach.



10. Canáil na hEirne, ó Loch Eirne go Béal Átha Seanaigh.



MIANACHÁIN.



GUAL:- Fá oirthear Thíre Eoghain, .i. i nOileán an Ghuail,
agus rl.; i gCeanntar Airgnigh fá Loch Aillinne; fá Charraig
Mhachaire Rois; fá Chaisleán an Chumair, agus rl., i gConntae
Chille Coinnigh; fá iarthar-thuaisceart Chonntae Chorcaighe;
fá Bhaile an Chaisleáin i gCathraighe Chonntae Aontroma.



IARANN:- Fá Ghleann Arma, i gConntae Aontroma;
fá Cheanntar Airgnigh; fá Thír Chonaill; i gConntae na Bain-
ríoghna.



UMHA (Copar):- I n-aice Béarra, i gConntae Chorcaighe;
i gConntae Chille Mantáin; fá Chnoc Machan agus fá Bhun
Machan, i gConntae Phuirt Láirge.



AIRGEAD, LUAIDH agus SINC:- Fá Ghleann Mhaoilughra,
i gConntae Chille Mantáin; fá Aonach Urmhumhan; fá dheisceart
Chonntae Mhuineacháin.



ÓR:- Fá Chruachán Ceinnsealach agus fá Ghleann Abhann
Móire, i gConntae Chille Mantáin.



SALANN CLOICHE:- Fá Charraig Fhearghusa.



GIPSUM le haghaidh PLÁSTAIR PHÁIRISE:- Fá Charraig
Mhachaire Rois; fá chomhursanacht Bhéil Feirste.



SLINN:- Fá Chill Dhá Lua; fá Charraig na Siuire; fá Chill
Mogeanna, i gConntae Chille Coinnigh; fá Chlannaibh Caoilte;
i nDairbhre.


L. 33


MARMAR:- Marmar dubh i gConntae na Gaillimhe agus
i gConntae Chille Coinnigh; marmar bán agus marmar glas,
i gConntae Dhúin na nGall; marmar uaine, i gConmhaicne
Mara.



EIBHEAR:- Fá Iubhar Chinn Trágha; i gConntae na Gaillimhe;
i gConntae Mhuigheo; i gConntae Dhúin na nGall; i gConntae
Chille Mantáin; i gConntae Bhaile Átha Cliath; fá Chaisleán an
Mhuilinn, i gConntae an Dúin.



CLOCH AOIL:- Fá Bhéal Átha na Sluagh; fá Sgeilg Sgeire;
ar imeall-bhordaibh Locha Coirib.



DE DHÉANTÚSAÍBH AGUS DE THIONNSGLAIBH ANN SO
AGUS DE NA BAILTIBH MÓRA I nDÉANTAR IAD.



LÍNÉADACH:- Béal Feirste, Doire Choluim Chille, Lios
na gCearrbhach, An Lurga, Port an Dúnáin, Cúil Raithne,
Cloch an Riabháin, Na Locháin i gConntae an Dúin, Droichead
na Banna, An Baile Meadhónach, Iubhar Chinn Trágha.



ÉADAIGHE OLNA:- Béal Átha Luain, Béal Easa i
gConntae Mhuigheo, An Uaimh (Nuachongbháil), An Bhlárna,
Leamhcán, An Ghaillimh, Dubhghlas Chonntae Chorcaighe, Leitir
Ceanainn, Callann i gConntae Thíre Eoghain, Dún Garbháin,
Coill Mhic Thomáisín i gConntae Phuirt Láirge, Droichead na
Druipsighe (An Druipseach), i gConntae Chorcaighe.



STOCADÓIREACHT:- Baile Breacáin, Tráigh Lí, Bannda.



FIGHEADÓIREACHT:- Dún na nGall, Conmhaicne Mara,
Ciarraighe, Conntae Mhuigheo, Gort Inse Guaire.



BRUIT URLÁIR nó TAIPÉISEACHA:- Na Cealla Beaga
agus Cill Charthaigh i gConntae Dhúin na nGall; An Nás;
Dún Droma Cualann; Gleann Beithe i nUíbh Ráthach; Cill
Droichid; Loch Glinne i gConntae Rosa Comáin.



SÁSLACH:- Loch Garman, Béal Feirste, Luimneach, Corcach
Mhór Mumhan.



INNILL BHÓTHAIR IARAINN agus IOLAR SIUBHAIL:-
Inse Gabhar, Baile Átha Cliath, Sráid Bhaile Mhic Bhuain.



SAILLEADH BAGÚIN:- Port Láirge, Luimneach, Corcach
Mhór Mumhan, Béal Feirste, An Uaimh (Nuachongbháil).



POIPLÍN:- Baile Átha Cliath.



CADÁS (Cotún):- Béal Feirste, Carraig Fhearghusa,
Droichead Átha, Baile Árd Uladh, Corcach Mhór Mumhan.



DÉANTÓIREACHT LÉINEADH agus COILÉAR:- Doire
Choluim Chille, Sligeach, Béal Feirste, Luimneach.



SNAIDHMTHEOIREACHT LONG agus BÁD:- Béal
Feirste, Doire Choluim Chille, Baile Átha Cliath, Inis Sionnach
i gCuan Chorcaighe.


L. 34


LEATHAR:- Luimneach, Ros Mhic Treoin, Corcach Mhór
Mumhan, Dún Maonmhuighe, Beanntraighe, Cluain Meala,
Móinteach Mílic, Béal Átha an Tuair. Baile Átha Cliath,
Droichead Átha, Iubhar Chinn Trágha, Béal Feirste, Doire
Choluim Chille, Cúil Raithne.



COISBHEART (.i. Bróga Árda, Bróga Ísle, Bróga Sgríbe)
agus BUATAISÍ:- Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcach
Mhór Mumhan, Doire Choluim Chille, Port Láirge, An
Baile Meadhónach, Lios na gCearrbhach, Muileann Cearr na
Midhe, Cill Áirne.



GLOINE DHATHUIGHTHE:- Béal Feirste, Baile Átha Cliath,
Corcach Mhór Mumhan, Eochaill.



CRIADHADÓIREACHT (.i. Déantóireacht Crocán gCriadh):-
Béal Leice, Béal Feirste, Eochaill, Baile an Phéilici gConntae
Chorcaighe.



LÁSA:- Eochaill, Cionn tSáile, Neidín, Carraig Mhachaire
Rois, Cluain Eois, Inis Ceitleann, Luimneach, Ros Mic
Treoin, agus rl.



GRÚDAIREACHT:- Baile Átha Cliath, Corcach Mhór
Mumhan, Sráid Bhaile Mhic Bhuain, Cluain Meala, Sligeach,
Port Láirge, Carraig na Siuire, Baile an Ghearlánaigh.



DRÍOGAIREACHT:- Baile Átha Cliath, Béal Feirste, An
Ghaillimh, Corcach Mhór Mumhan, Doire Choluim Chille, Cúil
Raithne, agus rl.



ROTHAIR:- Loch Garman, Baile Átha Cliath.



TÉAD agus TÉADÁN:- Béal Feirste,.



BRÉAGÁIN agus ÁILLEAGÁIN LEANBH:- Baile Átha
Cliath, Bun Abhann Dála.



IOLAR, TURUSGÁN, nó FURRADH TIGHE:- Baile Átha
Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Béal Feirste, Éadan Doire,
Muileann na hUamhan.



DÉANTÓIREACHT ARMAIRÍ gCÉIRDSEAMHAIL:-
Baile Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Cill Áirne.



GALLAOILEACH (Gallúnach):- Baile Átha Cliath, Béal
Feirste, Corcach Mhór Mumhan, Sligeach, Domhnach Mór Thíre
Eoghain.



CIMIOCÁIN agus LEASUIGHTHE CIMIOCÁN:- Corcach
Mhór Mumhan, Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin.



LAMHAINNE (Laimhinní):- Corcach Mhór Mumhan.



CINNBHEART (.i. Bairéid nó Hataí, Caipíní, agus rl):- Baile
Átha Cliath, Corcach Mhór Mumhan, Béal Feirste.



PÁIPÉAR:- Baile an Chláir, Latharna, Cill Droichid,
Teach Sagra, An Druipseach i gContae Chorcaighe.



FEALT:- Béal Feirste.



BRACHADÓIREACHT:- Baile Átha Cliath.


L. 35


MUILNEOIREACHT:- Droichead Átha, Béal Feirste,
Iubhar Chinn Trágha, Baile Átha Cliath, Luimneach.



MARGAIRÍN:- Baile Átha Cliath, Luimneach.



BRÍCÍ:- Baile Átha hÍ, Port Mearnóg, Baile Átha Cliath.



LEACA:- Corcach Mhór Mumhan, Cill Ruis, Ceatharlach.



BUIDÉIL agus SEARRÓGA:- Áth Cliath Cualann, Port
Láirge.



ÁRSACHÁIN EAGLASTA.



MAINISTREACHA:



Do foirgnigheadh mórán de mhainistreachaibh breaghdha agus
de theampallaibh ruamhdha i nÉirinn sa dara ceannair déag
agus sa treas ceannair déag, .i. fá'n am i dtáinig athrughadh
mór i bhfoirgnidheacht theampall na hÉireann, agus táid mór-
chuid díobh so 'na seasamh fós i n-a lán áiteanna fá'n tír.
Ortha sain atáid siad so: An Mhainistir Liath, i gConntae an
Dúin; Mainistir an Bheigthighe ag Áth Ua Lialaigh (nó Béal an
Átha) i n-aice Bhaile Átha Truim, agus Mainistir an Bhaile Nua,
i gConntae na Midhe; Mainistir Sheiriopúin i n-aice Bhaile Mhic
Anndáin, i gConntae Chille Coinnigh; Mainistir Dhúin
Bróda, ar bhruach Locha Dá Chaoch agus í i n-aice Chumair
na dTrí nUisge, agus Mainistir Fhearnan, sa Chonntae
Riabhaigh; an Daimhliag atá ar Charraig Chaisil Mhumhan agus
Mainistir na Croiche Naomhtha, i gConntae Thiobrad Árann;
Mainistir Chille na Mullach, i gConntae Chorcaighe; Mainistir
Mhucruis, i n-aice Chille hÁirne; Mainistir Chille Mocheallóg,
i gConntae Luimnigh; Mainistir Chorca Modhruadh i n-aice
Bhaile Uí Bheacháin, agus Mainistir Chuinche ar an dtaobh thoir theas
de Inis Chluana Rámhfhada i gConntae an Chláir; Mainistir
Bhaile Átha an Ríogh, i gConntae na Gaillimhe; Mainistir
Shligigh, agus Mainistir Rosa Comáin.



CLOIGTHIGHTHE.



Na cloigthighthe atá i nÉirinn, is le linn na Críostaidheachta
do rinneadh iad, agus le foirgnighthibh eaglasta do bhíodh baint
aca. Is í úsáid do baineadh asta, mar chlogásaibh teampall
agus chum seoda beannuighthe do chur i gcoimheád nuair ba
ghábhadh soin. Cuid eile dá n-úsáidibh, iad 'na maolánaibh agus


L. 36


'na dtúraibh faire, agus le n-a n-aghaidh sin do bhídís an-
oireamhnach, a los a airde do bhíodar (agus morán díobh fós
amhlaidh) os cionn tuinne na tíre. Ochtmhogha cloigtheach, nó
fá'n tuairim sin, atá 'na seasamh go seadh, agus i n-amannaibh
ó'n gcúigeadh ceannair go dtí an treas ceannair déag do
cuireadh suas iad. Is iad so áiteanna i n-a bhfuilid na
cinn is fearr agus is buaine do mhair díobh uile:



Oileán Thoraighe, i gConntae Dhúin na nGall; Aontruim,
agus Inis Gáirlin i Loch nEachach, i gConntae Aontroma, Druim
Bó, i n-aice Leasa na gCearrbhach, i gConntae an Dúin; Cluain
Eois, i gConntae Mhuineacháin; Daimhinis, i Loch Eirne Íochtarach,
i gConntae Fhear Manach; Mainistir Bhúithe i n-aice Dhroichid
Átha, agus Druim Ineascluinn i n-aice Bhaile an Ghearlánaigh,
gConntae Lughbhaidh; Domhnach Mór, i ngar do Dhún Riabhach,
i gConntae na Midhe; Cluain Dolcáin, Sórd Choluim Chille,
Lusca, Ráth Mhíchíl i n-aice na Sgeilpe, i gConntae Bhaile Átha
Cliath; Gleann Dá Locha, i gConntae Chille Mantáin; Cill Dara,
Cill Chuilinn (.i. Sean-Chill Chuilinn), Díseart Dhiarmada, agus
Teach Tuae fá cheithre mhíle de Chill Droichid, i gConntae Chille
Dara; Cill Choinnigh, i gConntae Chille Coinnigh; Cluain Mhic
Nóis, i gConntae an Ríogh; Teach Mochua, i gConntae na
Bainríoghna, Árd Mór, i gConntae Phuirt Láirge; Cluain
Uamha, i gConntae Chorcaighe; Inis Cathaigh ar an dtaobh theas
de Chill Ruis, Tuaim Ghréine i n-aice Locha Deirgdheirc, agus
Díseart i n-aice Choradh Finne, i gConntae an Chláir; Árd
Phádraig i n-aice Chille Fíonáin, i gConntae Luimnigh; Caiseal,
agus Ros Cré, i gConntae Thiobrad Árann; Inis Cealltrach
i Loch Deirgdheirc, Cill Mhic Duach i n-aice Ghuirt Inse Guaire,
i gConntae na Gaillimhe; Cill Alaidh agus Balla, i gConntae
Mhuigheó; Druim Cliabh fá bheagán mílte taobh thuaidh de
Shligeach; Achadh Dá Eo i n-aice Chille hÁirne, i gConntae
Chiarraighe.



SEAN-SGOLA NA hÉIREANN.



Ba mhór an cháil do bhaineadh Éire as a sgolaibh ar
feadh iomad ceannair d'éis an Chreidimh do theacht innti.
Do thigeadh daltaí ar na sgolaibh seo ó Shasana, ó Albain, agus
ó'n iomad de thíorthaibh na Roinne Eorpa. Is iad so
áiteanna i n-a mbíodh príomh-sgola na hÉireann i n-allód, .i.
Árd Mhacha (Pádraig Naomhtha do chuir an sgoil seo ar bun);
Cill Dara (Brighid do chuir ar bun); Naondruim ar Inis
Mochaoi i Loch Cuan (Mochaoi do chuir ar bun); Lughbhadh
(Mochta do chuir ar bun); Imleach Iubhair i gConntae Thiobrad
Árann (Áilbhe do chuir an sgoil seo ar bun); Beig-Éire .i.
oileán atá i Loch Garman (Íobhar do chuir an sgoil ar bun);


L. 37


Ailfionn (Aiseag do chuir ar bun); Ára (ar Inis Mór do
bhíodh sí) i Loch Lurgan (Éanna do chuir ar bun); Cluain
Ioraird ar bhruach na Bóinne taobh thiar theas de Bhaile Átha
Truim (Finnén Chluana hIoraird do chuir ar bun); Cluain
Fhearta Bhréanainn i gConntae na Gaillimhe i n-aice chumair
Shuca agus Shionna (Bréanainn nó Breanndán do chuir ar
bun); Magh Bhile i n-aice Bhaile Árd Uladh i gConntae an Dúin
(Finnén Mhuighe Bhile do chuir ar bun); Cluain Mhic Nóis ar an
mbruach úd de'n tSionainn atá i gConntae an Ríogh agus í
taobh theas de Bhéal Átha Luain (Ciarán do cuir an sgoil seo
ar bun); Darmhagh i gConntae an Ríogh taobh thuaidh de'n Tulaigh
Mhóir, agus Ceanannas na Midhe (Colum Cille do chuir iad so
ar bun); Beannchar Árd Uladh, do cuireadh ar bun ag Comhghall;
Cluain Eidhneach, fá cheithre mhíle de Phort Laoighise ar an dtaobh
thiar theas de (Fiontan de chuir ar bun); Gleann Dá Locha
Cualann do cuireadh ar bun le Caoimhghin Naomhtha; Lios
Mór na nDéise do cuireadh ar bun le Carthach Naomhtha;
Corcach do cuireadh ar bun ag Bairre Naomhtha; Ros, i
ndeisceart Chonntae Chorcaighe, agus Fachtna do chuir ar bun
í; Inis Faithleann, ar oileán i Loch Léin, agus Fíonán Cam
do chuir ar bun í; Glas Naoidhean do cuireadh ar bun le Mobhí
Mungairit, i n-aice Luimnigh, agus Neasán do chuir ar bun í;
Inis Cealltrach, ar inis de'n ainm i Loch Deirgdheirc, i n-aice
inieall-bhuird Chonntae na Gaillimhe (Cholum Cille Thíre Dá
Ghlas do chuir ar bun); Biorra i gConntae an Ríogh, Sean-
réanainn do chuir ar bun; Ros Cré i gConntae Thiobrad
Árann, agus Crónán Naomhtha do chuir ar bun í; Magh Eó na
Saxon, taobh thoir de Loch Uí Ghadhra, i gConntae Mhuigheo
(Colmán Naomhtha do chuir ar bun); Tuaim Dhá Ghualann do
cuireadh ar bun le hIarfhlaith; Tuaim Dhreagáin, i n-aice
Bhéil Tairbeirt, Bricín do chuir ar bun; Gaileanga, i n-aice
an-Fhéir Bháin, i gConntae an Ríogh (Canóg do chuir ar bun);
Sláinghe, i n-aice Bhaile Shláinghe i gConntae na Midhe (Pádraig
Naomhtha do chuir ar bun); Mainistir Bhúithe i gConntae Lughbhaidh
(Búithe do chuir ar bun); Daimhinis i Loch Eirne agus i
gConntae Fhear Manach (Lasrién do chuir ar bun); Inis Cathaigh
ar oileán atá sa tSionainn (Seanán do chuir ar bun); Achadh
Chonaire, i gConntae Shligigh (Finnén Chluana hIoraird do chuir
ar bun).



SEAN-ÁITE STARDHA AN tSEANCHAIS.



Teamhair Breagh, atá anois i gConntae na Midhe. Tá sí
sé mhíle taobh thoir theas de'n Uaimh (.i. de Nuachongbháil), agus
dob' í ríoghphort Árd-ríogh Éireann í go ceann na seiseadh
ceannaire.


L. 38


Tailte na Midhe, idir an Uaimh agus Ceanannas, áit i mbíodh
feis ainmneamhail dá comóradh gach bliadhain.



Almha (Cnoc Almhaine), i gConntae Chille Dara, áit i mbíodh
comhnaidhe ar Fhionn mhac Cumhaill mhic Airt mhic Thréanmhóir uí
Bhaoisgne.



Eamhain (Lios na hEamhna), i n-aice Árda Macha; dob' í
ríghlios Ríogh Uladh í.



Dún Phádraig (Dún Dá Leathghlas, Dún Leathghlaise),
áit i dtáinig Pádraig Naomhtha i dtír chum an Chreidimh do
chraobhsgaoileadh i nÉirinn. I Sabhall atá sa bhfíor-chomharsnacht
is eadh do bhí an chéad teampall aige.



Árd Mhacha do ceapadh ag Pádraig Naomhtha le bheith i na
árdeasbogóideacht ag Príomhfháidh na hÉireann uile.



Fearna i gConntae Locha Garman dob' árdchathair ársa
chúigidh do Ríoghaibh Laighean.



Liamhain, i n-aice Uachtair Áird, i gConntae Chille Dara,
mar a mbíodh príomh-árus comhnuidhe ag Ríoghaibh Laighean.



Cluain Tarbh, .i. roinn d'Áth Cliath Duibhlinne indiu, is
i bhfíor-ghar di do cuireadh an ruaig ar na Lochlannchaibh ag
Brian Bóirmhe sa bhliadhain 1014.



Latharna, mar a dtáinig dearbhráthair Roibeáird Bhraois
ríogh Alban, .i. Éadbhárd Braos, i dtír sa bhliadhain 1315, ar
impidhe uasal Uladh, chum bheith 'na Rígh Éireann.



Fochard Mhuirtheimhne, i n-aice Shráide Bhaile Mhic Bhuain,
áit ar marbhadh Éadbhárd Braos sa bhliadhain 1318.



Béal an Átha Buidhe, i nAbhainn Challainne, fá dhá mhíle
d'Árd Mhacha, áit ar chuir Aodh Ó Néill an ruaig ar na
Sasanaighibh im Sir Énrí Baigneal sa bhliadhain 1598.



Cíonn tSáile, mar ar sraoineadh ar Ghaedhealaibh ag na
Sasanaighibh sa bhliadhain 1601.



An Bheann Bhorb i gContae Thíre Eoghain, agus í ar bhruach
na hAbhann Móire; ann so do briseadh cath ar Albanchaibh im
Geinearál Munróidh ó Ghaedhealaibh im Eoghan Ruadh Ó Néill
sa bhliadhain 1646.



Luimneach, 'n-a raibh dhá iomshuidhe air, sa bhliadhain 1651
agus sa bhliadhain 1689. Sluagh Chromuil im Éarton do chuir
an chéad iomshuidhe air sa bhliadhain 1651, agus sluagh Ríogh
Uilliam III. do chuir an dara léighear air sa bhliadhain
1689.



Doire Choluim Chille, 'n-ar cuireadh iomsuidhe air sa bhliadhain
1689 ag sluagh Shéamuis II., rí na Breataine Móire. Do
sguireadh de'n iomshuidhe, de bharr loingis do tháinig isteach
ar Loch Feabhail agus do bhris an barra cuain do cuireadh
trasna na habhann, agus lán-last luinge leo de lón agus
de thomhaltas le haghaidh na cathrach.


L. 39


Dún Gheanainn ba phríomh-árus comhnuidhe do Shíol Néill.
Is é fós dob' ionad coinne do Aisgeadhthóiríbh na hÉireann,
nuair do cuireadh tiomsughadh ortha sa bhliadhain 1782.



Ros Mhic Treoin, Cnoc an Bhinéigre i n-aice Inse Córthaidh,
agus Baile na hInse i gConntae an Dúin, .i. áiteanna i n-ar
buaileadh catha sa bhliadhain 1798.



NA PRÍOMH-AIBHNE AGUS NA BAILTE ATÁ AR A
mBRUACHAIBH.



An méid a théid san Aigéan Atlantach díobh ann so síos:



BUDH THUAIDH:-



FEABHAL. — Doire Choluim Chille, Leithbhearr.



MODHARN. — An Srath Bán, Baile Nua.



SRUTHAIR. — An Óghmhagh.



AN BHANNA UACHTARACH. — Port an Dúnáin, Na Locháin,
Droichead na Banna.



AN BHANNA ÍOCHTARACH. — Cúil Raithne, Cill Réidhe, Port
Ghlinne Eoghain.



AN ABHAINN DUBH. — Achadh an Dá Charadh, Árd Mhacha.



SIAR.



AN LEAMHAIN. — Cill Áirne.



AN tSIONAINN. — Cill Ruis, Luimneach, Cill Dálua,
Beannchar, Béal Átha Luain, Cara Dhroma Rúisg.



SUCA. — Béal Átha na Sluagh.



AN FORGHUS. — Inis Chluana Rámhfhada.



COIRIB. — Gaillimh.



AN MHUAIDH. — Béal Átha an Fheadha.



AN EIRNE. — Béal Átha Seanaigh, Inis Ceitleann.



IASGACH. — Dún na nGall.


L. 40


BUDH DHEAS.



AN BHEARBHA. — Ros Mhic Treoin, Ceatharlach, Baile Átha
hÍ, Cúil an tSúdaire.



AN FHEOIR. — Baile Mhic Anndáin, Cill Choinnigh.



AN tSIÚIR. — Port Láirge, Carraig na Siuire, Cluain
Meala, Dúrlas Éile.



AN ABHA MHÓR. — Eochaill, Lios Mór na nDéise, Mainistir
Fhear Muighe, Malla.



AN LAOI. — Cill Gharbháin (An Cóf), Corcaigh.



AN BHANNDA. — Cionn tSáile, Droichead na Banndan, Dún
Maonmhuighe.



An méid a théid i Muir Meann díobh ann so síos:



SOIR.



ABHAINN LAGÁIN. — Béal Feirste, Lios na gCearrbhach,
Druim Mór Cholmáin.



AN RIGH. — Iubhar Chinn Trágha.



AN BHÓINN. — Droichead Átha, An Uaimh (Nuachongbháil),
Baile Átha Truim (Áth Truim Uí Laoghaire).



LIFE. — Baile Átha Cliath, Cill Droichid, An Droichead Nua.



ABHAINN FHEAR TÍRE (nó LIATHDROMA). — Cill Mhantáin.



AN ABHAINN MHÓR. — An tInbhear Mór, Ráth Droma.



SLÁINGHE. — Loch Garman, Inis Córthaidh, Tulach Ó bhFéidhlim.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services