Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oileáin Chonnamara (ar leanamhaint)
Title
Oileáin Chonnamara (ar leanamhaint)
Author(s)
Breathnach, Tomás / Nic Ghabhann, Cáitlín / Mac Én,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oileáin Chonnamara (ar leanamhaint) Molta Tá neithe ann nach mhór a dhéanamh ar áit na mbonn acht caithfear machtnamh a dhéanamh ar na neithibh is tábhachtaighe. Seo cuid de na neithibh nach mór a dhéanamh gan mhoill. Fórtacht a thabhairt do na daoinibh fá láthair Tá ocras ar go leor de na daoinibh fá láthair agus go mór mhór ar mhuinntir na dtighthe i n-a raibh an fiabhras agus tá siad i n-uireasbhaidh leabthacha freisin. An Coiste Paráiste darab Uachtarán an tAthair Ó hÉilighthe, tá sé ag déanamh a dhíchill le fortacht a thabhairt do na daoinibh sin. Is amhlaidh a cheannuigheas muintear na n-oileán gach rud ar cáirde agus íocann siad air nuair is féidir leob é. Ní bhíonn pighin aca gan an phighin sin a bheith ag duine eicínt ortha. Dá bhrígh sin b'fhearr gan an t-airgead fortachta a thabhairt dóibh acht na rudaí atá ag teastáil uatha a cheannacht dóibh. Má ghníthear a mhalairt ní fearrde iad é ar chor ar bith. Rud eile dhe, ní feileamhnach sean-éadaighe fáisiúnta a chur chuca. Is iad rudaí is fearr, pluideanna agus plainnín a chur go dtí Coiste an Pharáiste le riar ortha. An t-uisge Ní mór aire a thabhairt do na toibreacha gan mhoill nó is féidir go mbrisfidh an fiabhras amach arís. Badh chóir a chur fá ndeara do lucht na sláinte puiblidhe san áit agus do Bhord an Riaghaltais Áiteamhla feabhas a chur ar na toibreacha nó a mhilleán a chur ortha araon má bhíonn tuilleadh fiabhrais ann. Bhéadh an sgéal i bhfad níos fearr dá ndéantaoi na toibreacha a ghlanadh agus a dhoimhniughadh agus balla a chur thart timcheall ortha leis na beithidhigh agus an t-uisge uachtarach a choinneál amach asta. Osbuidéal Badh chóir Osbuidéal a chur ar bun ag Béal an Daingean le haghaidh na n-oileán agus na mór-thíre i ngar dóibh. Badh chóir carbad agus gléas iomchuir breoiteán a bheith ann. De bhrígh gur bocht é Bord na mBocht i nUachtar Árd agus gurab árd iad na cánacha annsin badh chóir do'n Riaghaltas an tOsbuidéal a chur ar bun agus a chothughadh. Is ró-mhór é ceanntar an dochtúra agus ní mór é a roinnt, tuilleadh dochtúirí a bheith ann agus tuarastail níor fearr a bheith aca. Go deimhin, tá ceanntar an Bhuird féin ró-mhór agus badh mhaith an rud é a roinnt freisin agus bord eile a bheith ag tabhairt aire do'n chuid theas agus bronntanas airgid ó'n Riaghaltas a bheith aca sin. Is féidir an chuid is mó de na neithibh sin a dhéanamh gan mhoill agus badh chóir a ndéanamh. Acht béidh am ag teastáil leis an gceist a fhuasgailt an féidir imirce a bhaint asta go lár na hÉireann nó an féidir leob maireachtáil go réasúnta maith san áit a bhfuilid. Ní'l aon talamh féir le roinnt taobh thiar de Ghaillimh a dhéanfadh laghdughadh ar líon na ndaoine. Ba ion-tuigthe ó n-a gcainnt féin nár mhaith leob imtheacht ó'n bhfairrge agus is é ár mbaramhail nach mó ná go maith d'éireochadh feilméaracht leob i lár na hÉireann ó's rud é nach raibh cleachtaibh ariamh aca ar thalamh foghanta a shaothrughadh. Tighthe Tá Leitir Mealláin ceannuighthe ag Bord na gCeanntar mBocht, agus tá súil leis go dtosócthar go goirid ar na giodáin talmhan a chur le chéile agus a ath-roinnt ar an daoine. Ní maith leis na daoine feabhas a chur ar na tighthibh fós ar fhaitchíos go mbéadh ortha malairt feilme a ghlacadh ar mbeith roinnte do'n talamh. Dhá thúisge dá roinntear é is amhlaidh is fearr é. Aon teaghlach a cuirthear as a dteach tógfaidh an Bord teach nuadh dóibh agus má's mian le aon teaghlach eile an teach a fheabhsughadh bheireann an Bord bronntanas de £10 agus £40 eile ar ghaimbín 3 1/2 phuinnt' as an gcéad. Mar gheall ar bhochtanas na ndaoine is beag linn an méid sin. Tá faitchíos ar na daoine é a bheith ortha rud ar bith d'íoc óir d'fhoghluim siad ó'n aimsir atá thart nach dtig leob geallamhna mar sin a chomh-líonadh. Cuireann sin an cheist os ár gcomhair an féidir leob brabach a bhaint a choidhche as na rudaí atá ar láimh aca. Ceap- amuid gur féidir fá láthair acht, leis sin a dhéanamh, caithfidh an Riaghaltas cuid mhaith airgid a chaitheamh agus gan bheith ag súil leis an airgead a theacht ar ais chuca. Aon nidh a leagtar amach le feabhas a chur ar muintir na n-oileán úd, ní féidir é a shocrughadh agus a chur cinn ar nós gnótha siopa. Calaidh agus báid Má tá na daoine le maireachtáil san áit a bhfuilid caithfear an iasgaireacht a chur chun cinn, báid mhóra a shóláthairt le haighaidh iasgaireachta san bhfairrge mhóir agus caithfear calaidh a dhéanamh le haghaidh na mbáid sin. Tá calaidh ag teastáil go géar ag an Tráigh Bháin. Bhéadh £5,000 de chostas air sin acht cé an dochar sin óir ní féidir le muinntir na háite agus le muinntir na mbailte thart timcheall air iad féin a chothughadh gan caladh a bheith aca. Is iad rudaí is mó atá de dhíth ortha .i. báid móra; calaidh le n-a n-aghaidh sin agus gluaisteáin ag dul go Gaillimh leis an iasg a thabhairt chun na traenach. Saothar Tá figheadóirí ar an hoileáin fós agus is iad a ghníos an plainnín le haghaidh na bhfear agus na mban. B'fhéidir go bhféadfaidhe an obair sin a mhéadughadh agus a chur chun tosaigh agus badh chóir féachaint chuige sin. Chuir Bord na gCeanntar mBocht sgoltacha lásaí ar bun acht ní théigheann mórán cailíní chuca agus ní thaithnigheann siad leis na daoinibh. Ní hiongnadh sin óir ní'l Gaedhilg ag na múinteoirí agus ní go maith a tuigtear an teagasc as Béarla. Feicthear dhúinn go mbadh mhaith na rud cniotáil stocaí, léinte olna agus a leithidí a chur ar bun annsin. Dá mbéadh gléasanna cniotála agus teagasg aca agus bun maith a chur fá'n déantús nuadh támuid cinnte go mbéadh cuid mhaith oibre le fágháil agus brabach maith as an saothar. Tá dhá rud ag teastáil le aon chineál déantúis a chur chun cinn annsin, caithfidh ádhbhar an déantúis a bhaith saor agus caithfidh gan chostas mór a bheith ar an rud críochnuighthe a iomchur go dtí an margadh. San am atá romhainn b'fhéidir go dtiocfadh sé sa saoghal go mbainfidhe neart le haghaidh gléasann déantúis as an bportach mór atá idir an fhairrge agus an Mám acht ní dóigh linn go bhféadfar aon rud chuige sin a dhéanamh go ceann sgathaimh eile. Is é ár mbaramhail láidir go mbadh cheart an t-airgead a baileochar a chaitheamh ar neithibh a bhéas buan-tseasmhach agus a mbainfear buan-tsochar asta. Is mian linn a chur i n-umhail do chách an éagcóir atá dá déanamh ar na daoine bochta sin agus iad dona go leor cheana tré mhúinteoirí, dochtúirí, banaltraí, sagairt agus oifigigh de gach uile shórt gan focal Gaedhilge n-a bpluic a chur go dtí an áit. Is é an nídh is cruadhálaighe é is féidir a dhéanamh mar cuireann sé i n-umhail do na daoinibh sin nach bhfuil ionnta acht fuighleach cinidh atá brúighte briste agus ag imtheacht as an saoghal gan dóchas aca as an am le theacht agus gan suim ag aon duine ionnta. Ba léir dúinn an t-áthas a bhí ortha ar labhairt dúinn as a dteangaidh féin leob agus dubhairt duine aca agus glionnadar an domhain air - "Óra, maise, agus bhur leithidí a bheith ag labhairt Gaedhilge!" Fachtas dúitn go dtug modh saoghail na haimsire seo an oiread ádhbhar casaoide do na daoine sin i dtaobh na hinntine is thug sé i dtaobh an chuirp. Le deireadh a chur leis an sgéal is mian linn ár mbuidheachas a ghabháil leis an Athair Ó hÉilighthe, leis an Athair Mac Giobúin, le Mac Uí Thuathail, le Mac Uí Tharpaidh agus le gach duine dár fhreagair ár gceisteannan go fóighdeach agus a thug faisnéis dúinn. Go mór mór is mian linn buidheachas a ghabháil le muinntir na n-oileáin iad féin a bhí n-a dtreoraidhthe againn agus a chuir ar an eolas sinn. Cé go bhfuil an mío-ádh ortha is breagh slachtmhar tuig- seanach na daoine iad. Is láidir iad a gcuirp agus is maith iad a bhéasa. Ní'l aon tír eile ar an domhan a leigfeadh a leithidí ar ceal agus ar dearmad tré failighe.
Ní ceart sgéal an ndaoine sin a leigint chun dearmad go mbídh leigheas déanta. Ní gábhadh moill a dhéanamh ná an sgéal a chur ar leath-taobh. Is féidir le duine ar bith a fheiceál i n-aon lá amháin cé an droch-chaoi atá ar na daoinibh sin. Dá bhrígh sin tá súil againn go ndéanfaidh Connradh na Gaedhilge a dhícheall gan claonadh gan staonadh le ceart maireachtála go com- pórdamhail a d'fhágháil do mhuinntir Chonnamara. TOMÁS BREATHNACH. CÁITLÍN NIC GHABHANN. SEAGHAN Ph. MAC ÉNRÍ. *MÁIRTÍNEACH THULL'OIDHRIGH. *(Ní fheacha mise an taobh istigh d'aon teach.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services