Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oileáin Chonnamara (ar leanamhaint)

Title
Oileáin Chonnamara (ar leanamhaint)
Author(s)
Breathnach, Tomás / Nic Ghabhann, Cáitlín / Mac Én,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Oileáin Chonnamara
(ar leanamhaint)



Molta



Tá neithe ann nach mhór a dhéanamh ar áit na
mbonn acht caithfear machtnamh a dhéanamh ar na
neithibh is tábhachtaighe. Seo cuid de na neithibh
nach mór a dhéanamh gan mhoill.



Fórtacht a thabhairt do na daoinibh
fá láthair



Tá ocras ar go leor de na daoinibh fá láthair
agus go mór mhór ar mhuinntir na dtighthe i n-a
raibh an fiabhras agus tá siad i n-uireasbhaidh
leabthacha freisin. An Coiste Paráiste darab
Uachtarán an tAthair Ó hÉilighthe, tá sé ag déanamh
a dhíchill le fortacht a thabhairt do na daoinibh
sin. Is amhlaidh a cheannuigheas muintear na
n-oileán gach rud ar cáirde agus íocann siad
air nuair is féidir leob é. Ní bhíonn pighin
aca gan an phighin sin a bheith ag duine eicínt
ortha. Dá bhrígh sin b'fhearr gan an t-airgead
fortachta a thabhairt dóibh acht na rudaí atá ag
teastáil uatha a cheannacht dóibh. Má ghníthear
a mhalairt ní fearrde iad é ar chor ar bith.
Rud eile dhe, ní feileamhnach sean-éadaighe
fáisiúnta a chur chuca. Is iad rudaí is fearr,
pluideanna agus plainnín a chur go dtí Coiste
an Pharáiste le riar ortha.



An t-uisge



Ní mór aire a thabhairt do na toibreacha gan
mhoill nó is féidir go mbrisfidh an fiabhras
amach arís. Badh chóir a chur fá ndeara do lucht
na sláinte puiblidhe san áit agus do Bhord
an Riaghaltais Áiteamhla feabhas a chur ar na
toibreacha nó a mhilleán a chur ortha araon má
bhíonn tuilleadh fiabhrais ann. Bhéadh an sgéal
i bhfad níos fearr dá ndéantaoi na toibreacha
a ghlanadh agus a dhoimhniughadh agus balla a
chur thart timcheall ortha leis na beithidhigh agus
an t-uisge uachtarach a choinneál amach asta.



Osbuidéal



Badh chóir Osbuidéal a chur ar bun ag Béal
an Daingean le haghaidh na n-oileán agus na
mór-thíre i ngar dóibh. Badh chóir carbad agus
gléas iomchuir breoiteán a bheith ann. De bhrígh
gur bocht é Bord na mBocht i nUachtar Árd agus
gurab árd iad na cánacha annsin badh chóir do'n
Riaghaltas an tOsbuidéal a chur ar bun agus
a chothughadh. Is ró-mhór é ceanntar an dochtúra
agus ní mór é a roinnt, tuilleadh dochtúirí a
bheith ann agus tuarastail níor fearr a bheith
aca. Go deimhin, tá ceanntar an Bhuird féin
ró-mhór agus badh mhaith an rud é a roinnt freisin
agus bord eile a bheith ag tabhairt aire do'n chuid
theas agus bronntanas airgid ó'n Riaghaltas
a bheith aca sin.



Is féidir an chuid is mó de na neithibh sin a
dhéanamh gan mhoill agus badh chóir a ndéanamh.
Acht béidh am ag teastáil leis an gceist a
fhuasgailt an féidir imirce a bhaint asta go
lár na hÉireann nó an féidir leob maireachtáil
go réasúnta maith san áit a bhfuilid.



Ní'l aon talamh féir le roinnt taobh thiar de
Ghaillimh a dhéanfadh laghdughadh ar líon na ndaoine.
Ba ion-tuigthe ó n-a gcainnt féin nár mhaith
leob imtheacht ó'n bhfairrge agus is é ár
mbaramhail nach mó ná go maith d'éireochadh
feilméaracht leob i lár na hÉireann ó's rud
é nach raibh cleachtaibh ariamh aca ar thalamh
foghanta a shaothrughadh.



Tighthe



Tá Leitir Mealláin ceannuighthe ag Bord na
gCeanntar mBocht, agus tá súil leis go
dtosócthar go goirid ar na giodáin talmhan
a chur le chéile agus a ath-roinnt ar an daoine.
Ní maith leis na daoine feabhas a chur ar na
tighthibh fós ar fhaitchíos go mbéadh ortha malairt
feilme a ghlacadh ar mbeith roinnte do'n talamh.
Dhá thúisge dá roinntear é is amhlaidh is fearr é.
Aon teaghlach a cuirthear as a dteach tógfaidh an
Bord teach nuadh dóibh agus má's mian le aon
teaghlach eile an teach a fheabhsughadh bheireann
an Bord bronntanas de £10 agus £40 eile
ar ghaimbín 3 1/2 phuinnt' as an gcéad. Mar
gheall ar bhochtanas na ndaoine is beag linn an
méid sin. Tá faitchíos ar na daoine é a bheith
ortha rud ar bith d'íoc óir d'fhoghluim siad ó'n
aimsir atá thart nach dtig leob geallamhna
mar sin a chomh-líonadh. Cuireann sin an cheist
os ár gcomhair an féidir leob brabach a bhaint
a choidhche as na rudaí atá ar láimh aca. Ceap-
amuid gur féidir fá láthair acht, leis sin a
dhéanamh, caithfidh an Riaghaltas cuid mhaith airgid
a chaitheamh agus gan bheith ag súil leis an airgead
a theacht ar ais chuca. Aon nidh a leagtar amach
le feabhas a chur ar muintir na n-oileán úd, ní
féidir é a shocrughadh agus a chur cinn ar
nós gnótha siopa.



Calaidh agus báid



Má tá na daoine le maireachtáil san áit a
bhfuilid caithfear an iasgaireacht a chur chun
cinn, báid mhóra a shóláthairt le haighaidh
iasgaireachta san bhfairrge mhóir agus caithfear
calaidh a dhéanamh le haghaidh na mbáid sin. Tá
calaidh ag teastáil go géar ag an Tráigh Bháin.
Bhéadh £5,000 de chostas air sin acht cé an dochar
sin óir ní féidir le muinntir na háite agus le
muinntir na mbailte thart timcheall air iad féin
a chothughadh gan caladh a bheith aca. Is iad rudaí
is mó atá de dhíth ortha .i. báid móra; calaidh le
n-a n-aghaidh sin agus gluaisteáin ag dul go
Gaillimh leis an iasg a thabhairt chun na traenach.



Saothar



Tá figheadóirí ar an hoileáin fós agus is
iad a ghníos an plainnín le haghaidh na bhfear
agus na mban. B'fhéidir go bhféadfaidhe an
obair sin a mhéadughadh agus a chur chun tosaigh
agus badh chóir féachaint chuige sin. Chuir Bord
na gCeanntar mBocht sgoltacha lásaí ar bun
acht ní théigheann mórán cailíní chuca agus ní
thaithnigheann siad leis na daoinibh. Ní hiongnadh
sin óir ní'l Gaedhilg ag na múinteoirí agus ní
go maith a tuigtear an teagasc as Béarla.



Feicthear dhúinn go mbadh mhaith na rud cniotáil
stocaí, léinte olna agus a leithidí a chur ar bun
annsin. Dá mbéadh gléasanna cniotála agus
teagasg aca agus bun maith a chur fá'n déantús
nuadh támuid cinnte go mbéadh cuid mhaith oibre
le fágháil agus brabach maith as an saothar. Tá
dhá rud ag teastáil le aon chineál déantúis a
chur chun cinn annsin, caithfidh ádhbhar an
déantúis a bhaith saor agus caithfidh gan chostas
mór a bheith ar an rud críochnuighthe a iomchur
go dtí an margadh.



San am atá romhainn b'fhéidir go dtiocfadh
sé sa saoghal go mbainfidhe neart le haghaidh
gléasann déantúis as an bportach mór atá
idir an fhairrge agus an Mám acht ní dóigh linn
go bhféadfar aon rud chuige sin a dhéanamh go
ceann sgathaimh eile.



Is é ár mbaramhail láidir go mbadh cheart
an t-airgead a baileochar a chaitheamh ar neithibh
a bhéas buan-tseasmhach agus a mbainfear
buan-tsochar asta.



Is mian linn a chur i n-umhail do chách an éagcóir
atá dá déanamh ar na daoine bochta sin agus
iad dona go leor cheana tré mhúinteoirí, dochtúirí,
banaltraí, sagairt agus oifigigh de gach uile
shórt gan focal Gaedhilge n-a bpluic a chur
go dtí an áit. Is é an nídh is cruadhálaighe é
is féidir a dhéanamh mar cuireann sé i n-umhail
do na daoinibh sin nach bhfuil ionnta acht fuighleach
cinidh atá brúighte briste agus ag imtheacht as
an saoghal gan dóchas aca as an am le theacht
agus gan suim ag aon duine ionnta. Ba léir
dúinn an t-áthas a bhí ortha ar labhairt dúinn as a
dteangaidh féin leob agus dubhairt duine aca agus
glionnadar an domhain air - "Óra, maise, agus
bhur leithidí a bheith ag labhairt Gaedhilge!"
Fachtas dúitn go dtug modh saoghail na haimsire
seo an oiread ádhbhar casaoide do na daoine
sin i dtaobh na hinntine is thug sé i dtaobh
an chuirp.



Le deireadh a chur leis an sgéal is mian
linn ár mbuidheachas a ghabháil leis an Athair Ó
hÉilighthe, leis an Athair Mac Giobúin, le Mac
Uí Thuathail, le Mac Uí Tharpaidh agus le gach
duine dár fhreagair ár gceisteannan go fóighdeach
agus a thug faisnéis dúinn. Go mór mór is
mian linn buidheachas a ghabháil le muinntir na
n-oileáin iad féin a bhí n-a dtreoraidhthe
againn agus a chuir ar an eolas sinn. Cé go
bhfuil an mío-ádh ortha is breagh slachtmhar tuig-
seanach na daoine iad. Is láidir iad a gcuirp
agus is maith iad a bhéasa. Ní'l aon tír eile ar
an domhan a leigfeadh a leithidí ar ceal agus ar
dearmad tré failighe.


L. 3


Ní ceart sgéal an ndaoine sin a leigint chun
dearmad go mbídh leigheas déanta. Ní gábhadh
moill a dhéanamh ná an sgéal a chur ar leath-taobh.
Is féidir le duine ar bith a fheiceál i n-aon lá
amháin cé an droch-chaoi atá ar na daoinibh sin.
Dá bhrígh sin tá súil againn go ndéanfaidh
Connradh na Gaedhilge a dhícheall gan claonadh
gan staonadh le ceart maireachtála go com-
pórdamhail a d'fhágháil do mhuinntir Chonnamara.



TOMÁS BREATHNACH.
CÁITLÍN NIC GHABHANN.
SEAGHAN Ph. MAC ÉNRÍ.
*MÁIRTÍNEACH THULL'OIDHRIGH.
*(Ní fheacha mise an taobh istigh d'aon teach.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services