Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oileáin Chonnamara
Title
Oileáin Chonnamara
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oileáin Chonnamara Do chuaidh an Dochtúir Tomás Breathnach, Caitlín Nic Ghabhann, an Dochtúir Seaghan Ph. Mac Einrí agus an Máirtíneach siar go dtí Oileáin Chonnamara ag féachaint cé'n stáid a bhí ar na daoinibh a chomhnuigheann ortha. Chuireadar cunntas cruinn fada go dtí an Coiste Gnótha. Atá an chéad chuid de'n chunntas ghá chlóbhualadh againn ar an gCLAIDHEAMH seo. Is do'n Choiste Gnótha do sgríobh an Máilleach an chunntas deas uaidh féin dó bhí ar an gCLAIDHEAMH deireannach. Tuairisg do'n choiste ghótha ar stáid na ndaoine ar Oileáin Chonnamara Na Tighthe Is ró-dhona amach is amach furmhór na dtighthe as na hoileáin. Ní'l acht aon tseomra amháin i mór-chuid aca agus iad déanta de chlochaibh garbha, poll san díon i leabaidh similéara agus gan fuinneog beag ná mór ionnta. B'éigin dúinn cipíní soluis a lasadh leis an taobh istigh de na tighthe a fheiceál. An deatach a éirigheas ó'n teinidh mónadh, téigheann sé amannta thríd an bpoll atá le n-aghaidh ann acht níor minice ná sin is amhlaidh a líonas sé an seomra de cheo gorm a dhéanfadh caoch sibh agus annsin téigheann sé an doras amach. De bharr an néill deataigh sin bíonn na fraithigh agus na ballaí agus an trosgán clúduighthe de shúithche agus é chomh greamuightheach le tarra. Acht is ró-ghann an trosgán atá aca. Ní fhacamar acht aon tolg leabtha* amháin, ceann ádhmuid, agus ní raibh leab ná éadaigh leabtha air. Is amhlaidh do dhóigh lucht na sláinte puiblidhe iad cúig nó sé de sheacht- mhaine roimhe sin agus ní thugadar sin leabthacha nuadha do na daoinibh bochta fós. Is ar an urlár agus a gcuid éadaigh lae ortha a chodluigheas na daoine bochta ins na botháin suaracha úd agus codluigheann an mhuc agus an bhó i n-éinfheacht leis an t-é a bhfuil sé d'ádh air a leitheid a bheith aige. Is teócha iad araon de chionn a bheith le chéile i n-aimsir fhuair an gheimhridh. Má's mian libh a thuigsint cé an sórt beathadh atá ag muinntir na n-oileán úd samhluighidh ceann de na botháin suaracha, é lán de dheatach agus seisear nó ochtar daoine sínte ar an urlár salach mar aon leis an muic nó leis an mbuin. Samh- luighidh muintir an tighe sin ag dúiseacht agus gan dada le n'ithe aca acht fataí agus tae bruithte agus gan dada, rómpa i gcomhair an lae acht obair chruaidh agus iad ag cartadh i measg na gcarraigreach nó ag iomchur feamuinne ar a ndruim agus caithfidh siad dul go brollach san sáile leis an bhfeamuinn sin a bhaint. Má shamhluigheann sibh duine agus é daortha chun obair mar sin a dhéanamh ó ló go ló, ó cheann go ceann na bliadhna, ó'n gcliabhán go dtí an uaigh, tuigfidh sibh beagán dé'n chineál saoghail atá ag na daoine bochta sin. Ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar anró an tsaoghail sin agus na daoine gan dóchas. Na rudaí a chonnaiceamar bhí siad i bhfad níos measa ná aon chur síos dár cuireadh i gcló fós. Agus is fíor é sin ní hamháin i dtaobh Leitir Mealláin, acht i dtaobh na Trágha Báine agus mór-chuid de na sráid bailteacha cois an chladaigh sin nó b'fhéidir i dtaobh a bhfurmhóir. Slighe bheathadh agus bochtanas Is an-bhocht iad na daoine chois an chladaigh sin. Le slighe bheathadh a bhaint amach tá siad i gcleitheamhnas ceithre neithe .i. an talamh, an mhóin, an t-iasg, agus an chéilp. Is an-dona é an talamh, má's féidir talamh a thabhairt air chor ar bith. Is é r'd is mó atá ins an hoileáin .i. cloch lom eimhir agus giod- áiníní ithearach annseo agus annsiúd i measg na gcarraig. Is é saothar na ndaoine féin 'a rinne an chuid is mó de na giodáiníní úd agus iomchuireann siad fheamainn ar a ndruim ar feadh a dhó nó a trí de mhíltibh le leasughadh a chur ar an ithir. Acht, ní lughaide sin é, caithfidh na daoine bochta sin £2, £3 nó £4 d'íoc ar ghabhaltais bheaga nárbh' fiú 10s. i n-aon áit eile. *bedstead Curaidheacht Fatái is mó a cuirtear ins an giodáiníní talmhan agus nuair a bhíos an aimsear fliuch fásann siad go maith. Bhí bárr maith ann anuraidh agus tá cosamhlacht maith an mbárr i mbliadhna acht ar mbeith do'n aimsir tirim is beag bárr a bhíos aca. An mhóin Is ar éigin a bhaineas mórán díobh slighe bheathadh amach tré móin a bhaint agus a iomchur i mbádaibh go Gaillimh agus go háiteacha eile ar chladach Chuain na Gaillimhe. Tá an mhóin i ndáil le bheith caithte anois i gcuid mhóir de na hoileánaibh agus ní fada a bhéas móin i n-áit ar bith má baintear an oiread is baintear anois. Ar mbeith do'n mhoín caithte ní bhéidh ádhbhar teineadh ar bith ag na daoine agus ní thiocfaidh le aon duine maireachtáil ar na hoileáin. Is léir nach mór stad de'n mhóin a chur amach as na hoileáin acht i do choinneál le haghaidh na ndaoine féin. An iasgaireacht Tá an iasgaireacht ag dul do léig le goirid. Is deacair a rádh cé an fáth atá leis sin acht ní'l aon amhras nach bhfuil sé amhlaidh. Bhí an iasgaireacht go dona anuraidh agus tá sí go dona i mbliadhna freisin. Chuaidh na báid mhóra as úsáid de réir a chéile agus ní'l de bháid aca anois acht curraigh agus is beag brabach is féidir a dhéanamh asta sin. An cheilp Bailighthear feamuinn agus gníthear cheilp dhi timcheall an chladaigh. Tá an fheamuinn gann i mbliadhna agus ní'l de luach ar an gceilp acht £5 an tonna agus ní thig le líon tighe níos mó ná tonna, dhá thonna, nó thrí tonnaí do dhéanamh san mbliadhain. Obair an-chruaidh neamh- chinnte is eadh bailiughadh agus triomughadh na feamuinne agus is beag brabach a bhíos dá bhárr ag lucht a dhéanta. Ní féidir tuilleadh sochair a bhaint as an talamh nó as an móin nó as an gceilp agus ní cinnte an féidir an iasgaireacht a chur chun cinn níos mó. An t-uisge Facthas dúinn go bhfuil go leor uisge le fágháil ar an hoileáin. Dubhradh linn go bhfuil toibreacha ann nach dtéigheann i ndísg dhá thriomacht an samhradh. Acht is dona na toibreacha iad. Ní'l ionnta acht puill i loig san talamh agus gan cumhdach ar bith ar chaoi go mbíonn siad dh'á shalughadh ag an uisge ó uachtar na talmhan, ag beithidhigh, agus ag géabhaí. Cé go raibh an fiabhras builg (typhoid) san áit le bliadhanta ní léir go ndearnadh faic leis an toibreacha a ghlanadh nó a chumhdach agus is mór an sgannall linn gur fágadh ádhbhar contabhairte do shláinte na ndaoine chomh fada sin gan aon rud a dhéanamh chun a leigheasta agus an chontabhairt sin ann i gcomhnaidhe. An fiabhras Dubhradh linn go raibh cuid mhaith de'n dá chineál fiabhrais ann ar feadh an geimhridh .i. an fiabhras builg agus an fiabhras dubh. Bhí an fiabhras ar na hoileáin .i. Leitir Mealláin, Gorumna agus Leitir Mór, agus bhí cuid de i Ros Muc freisin ar an mór-thír timcheall is 40 míle siar ó Ghaillimh. Is fada na háiteacha sin ó na bólaí ar a mbíonn taithighe ag lucht taistil agus cuarta. Ó ba rud é go raibh dochtúir na háite as baile le linn ar gcuarta níor éirigh linn na figiúiri go hiomlán d'fhágháil acht is é r'd adubhairt muinntir na n-oileán linn go raibh an fiabhras ar seisear i n-a gcomhnaidhe i dtrí tighthibh ar oileán Leitir Mór. Maidir le Gorumna ní fuaireamar faisnéis chomh cruinn sin acht thuigeamar go raibh an fiabhras tamall ó shoin i n-aon teach amháin san Tráigh Bháin agus i n-aon teach amháin de gach ceann de dhá shráid-bhaile atá i n-aice leis. Chualamar go raibh fiabhras ar dhaoine freisin i sráidbháile eile taobh thiar thuaidh d'en oileán. Ní fhuaireamar fáisnéis chruinn i dtaobh Rós Muc. Is féidir beagnach a rádh nach bhfuil aon fhiabhras ar na hoileáin anois. Tá aon duine amháin ar Leitir Mealláin atá ag teacht as an bhfiabhras builg acht tá sí n-a suidhe anois. Ní raibh an fiabhras chomh foirleathan agus dubharadh am ar bith i mbliadhna agus badh dhóigh le duine go mbéadh sé níos measa ná bhí. Is deacair dóchas a bheith againn go leanfar do'n sgéal sin mara ndéantar nidh mór eicínt le feabhas a chur ar stáid na ndaoine. Is bocht an rud tinneas a bheith ar dhuine d'á saidhbhre é acht ní féidir a mheas cé mhéad d'annro an tsaoghail a fhulaingeas na daoine bochta sin i n-a mbotháin suaracha gan a sáith bídh acht an iomarca oibre aca. Ní fhéadfadh nádúir an duine é a sheasamh. Ar dteacht do'n fhiabhras ar Ghaedhilgeoir de mhuinntir na n-oileán úd bíonn sé gan leaba faoi, gan acht an biadh is gairbhe le n'ithe agus uisge salach le n'ól. An dochtúir agus an bhanaltra a ghníos freastal air agus an sagart atá le sólas an chreidimh a thabhairt dó, ní thuigeann ceachtar aca céard atá sé a rádh agus ní thuigeann seisean an Béarla atá aca sin. Is mó a áirigheas an tEadálach i Lonndain nó an Seapánach i San Francisco é féin san mbaile agus é ar leabaidh a bháis annsiúd ná airigheas Gaedhilgeoirí na noileán úd san tír i n-a rugadh iad. An braoiteán mío-ádhsach, caithfidh sé fanacht
ins na hainreachtaibh sin san mbaile nó dul 40 míle go dtí an tOsbuidéal i nUachtar Árd. B'fhurasta an leigheas a bheith níos measa ná an galar. Is in-mheasta gur gheall le duine a mharbhadh é a chur 40 míle i sean-charbad a chraith- feadh an t-anam as. Tá an dá roghain chomh dona sin is gur doiligh do'n dochtúir a rádh cé aca is measa. Dubhradh linn ins na tighthe i n-a raibh an fiabhras gur dhóigh lucht na sláinte puiblidhe na leabthacha agus na héadaigh leabtha a bhí aca agus nár tugadh a mhalairt dóibh ó shoin cé gur dóghadh na sean-chinn cúig nó sé de sheacht- mhaine ó shoin. Ní raibh leaba le feiceál in go leor de na tighthibh agus, ó's rud é nach bhfuil fraoch ann agus, gur gann é an tuighe, caithfidh na daoine bochta luighe ar an urlár tais. An t-é a thagas ar ais ó'n Osbuidéal thar éis an fiabhras a chur dhe, caithfidh seisean freisin luighe ar an urlár gan leaba faoi. Agus tar éis an Osbuidéil d'fhágáil caithfidh sé siubhal ó'n Teach Dóighte (.i. Cros Mháma) go dtí an baile, b'fhéidir 30 míle. Ag smaoineadh ar na neithibh seo ní mór an tiongnadh linn na daoine a bheith ag ceilt an fiabhris a bheith aca. (Ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services