Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oileáin Chonnamara

Title
Oileáin Chonnamara
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Oileáin Chonnamara



Do chuaidh an Dochtúir Tomás Breathnach,
Caitlín Nic Ghabhann, an Dochtúir Seaghan Ph.
Mac Einrí agus an Máirtíneach siar go dtí
Oileáin Chonnamara ag féachaint cé'n stáid a
bhí ar na daoinibh a chomhnuigheann ortha. Chuireadar
cunntas cruinn fada go dtí an Coiste Gnótha.
Atá an chéad chuid de'n chunntas ghá chlóbhualadh
againn ar an gCLAIDHEAMH seo. Is do'n
Choiste Gnótha do sgríobh an Máilleach an chunntas
deas uaidh féin dó bhí ar an gCLAIDHEAMH
deireannach.



Tuairisg do'n choiste ghótha ar stáid
na ndaoine ar Oileáin Chonnamara



Na Tighthe



Is ró-dhona amach is amach furmhór na dtighthe
as na hoileáin. Ní'l acht aon tseomra amháin
i mór-chuid aca agus iad déanta de chlochaibh
garbha, poll san díon i leabaidh similéara agus
gan fuinneog beag ná mór ionnta. B'éigin
dúinn cipíní soluis a lasadh leis an taobh istigh
de na tighthe a fheiceál. An deatach a éirigheas
ó'n teinidh mónadh, téigheann sé amannta thríd
an bpoll atá le n-aghaidh ann acht níor minice
ná sin is amhlaidh a líonas sé an seomra de cheo
gorm a dhéanfadh caoch sibh agus annsin téigheann
sé an doras amach. De bharr an néill deataigh
sin bíonn na fraithigh agus na ballaí agus an
trosgán clúduighthe de shúithche agus é chomh
greamuightheach le tarra. Acht is ró-ghann an
trosgán atá aca. Ní fhacamar acht aon tolg
leabtha* amháin, ceann ádhmuid, agus ní raibh leab
ná éadaigh leabtha air. Is amhlaidh do dhóigh lucht
na sláinte puiblidhe iad cúig nó sé de sheacht-
mhaine roimhe sin agus ní thugadar sin leabthacha
nuadha do na daoinibh bochta fós. Is ar an urlár
agus a gcuid éadaigh lae ortha a chodluigheas
na daoine bochta ins na botháin suaracha úd agus
codluigheann an mhuc agus an bhó i n-éinfheacht
leis an t-é a bhfuil sé d'ádh air a leitheid a bheith
aige. Is teócha iad araon de chionn a bheith le
chéile i n-aimsir fhuair an gheimhridh. Má's
mian libh a thuigsint cé an sórt beathadh atá ag
muinntir na n-oileán úd samhluighidh ceann de
na botháin suaracha, é lán de dheatach agus
seisear nó ochtar daoine sínte ar an urlár salach
mar aon leis an muic nó leis an mbuin. Samh-
luighidh muintir an tighe sin ag dúiseacht agus
gan dada le n'ithe aca acht fataí agus tae
bruithte agus gan dada, rómpa i gcomhair
an lae acht obair chruaidh agus iad ag cartadh
i measg na gcarraigreach nó ag iomchur feamuinne
ar a ndruim agus caithfidh siad dul go brollach
san sáile leis an bhfeamuinn sin a bhaint. Má
shamhluigheann sibh duine agus é daortha chun
obair mar sin a dhéanamh ó ló go ló, ó cheann
go ceann na bliadhna, ó'n gcliabhán go dtí an
uaigh, tuigfidh sibh beagán dé'n chineál saoghail
atá ag na daoine bochta sin. Ní'l léigheadh ná
innsint sgéil ar anró an tsaoghail sin agus
na daoine gan dóchas. Na rudaí a chonnaiceamar
bhí siad i bhfad níos measa ná aon chur síos dár
cuireadh i gcló fós. Agus is fíor é sin ní hamháin
i dtaobh Leitir Mealláin, acht i dtaobh na Trágha
Báine agus mór-chuid de na sráid bailteacha
cois an chladaigh sin nó b'fhéidir i dtaobh a
bhfurmhóir.



Slighe bheathadh agus bochtanas



Is an-bhocht iad na daoine chois an chladaigh
sin. Le slighe bheathadh a bhaint amach tá siad i
gcleitheamhnas ceithre neithe .i. an talamh, an
mhóin, an t-iasg, agus an chéilp.



Is an-dona é an talamh, má's féidir talamh
a thabhairt air chor ar bith. Is é r'd is mó atá
ins an hoileáin .i. cloch lom eimhir agus giod-
áiníní ithearach annseo agus annsiúd i measg
na gcarraig. Is é saothar na ndaoine féin 'a
rinne an chuid is mó de na giodáiníní úd agus
iomchuireann siad fheamainn ar a ndruim ar
feadh a dhó nó a trí de mhíltibh le leasughadh a chur
ar an ithir. Acht, ní lughaide sin é, caithfidh na
daoine bochta sin £2, £3 nó £4 d'íoc ar ghabhaltais
bheaga nárbh' fiú 10s. i n-aon áit eile.



*bedstead



Curaidheacht



Fatái is mó a cuirtear ins an giodáiníní
talmhan agus nuair a bhíos an aimsear fliuch
fásann siad go maith. Bhí bárr maith ann anuraidh
agus tá cosamhlacht maith an mbárr i mbliadhna
acht ar mbeith do'n aimsir tirim is beag bárr
a bhíos aca.



An mhóin



Is ar éigin a bhaineas mórán díobh slighe
bheathadh amach tré móin a bhaint agus a iomchur
i mbádaibh go Gaillimh agus go háiteacha eile ar
chladach Chuain na Gaillimhe. Tá an mhóin i ndáil
le bheith caithte anois i gcuid mhóir de na
hoileánaibh agus ní fada a bhéas móin i n-áit
ar bith má baintear an oiread is baintear anois.
Ar mbeith do'n mhoín caithte ní bhéidh ádhbhar
teineadh ar bith ag na daoine agus ní thiocfaidh
le aon duine maireachtáil ar na hoileáin. Is
léir nach mór stad de'n mhóin a chur amach as
na hoileáin acht i do choinneál le haghaidh na
ndaoine féin.



An iasgaireacht



Tá an iasgaireacht ag dul do léig le goirid.
Is deacair a rádh cé an fáth atá leis sin acht
ní'l aon amhras nach bhfuil sé amhlaidh. Bhí an
iasgaireacht go dona anuraidh agus tá sí go
dona i mbliadhna freisin. Chuaidh na báid mhóra
as úsáid de réir a chéile agus ní'l de bháid aca
anois acht curraigh agus is beag brabach is
féidir a dhéanamh asta sin.



An cheilp



Bailighthear feamuinn agus gníthear cheilp dhi
timcheall an chladaigh. Tá an fheamuinn gann
i mbliadhna agus ní'l de luach ar an gceilp
acht £5 an tonna agus ní thig le líon tighe níos
mó ná tonna, dhá thonna, nó thrí tonnaí do
dhéanamh san mbliadhain. Obair an-chruaidh neamh-
chinnte is eadh bailiughadh agus triomughadh na
feamuinne agus is beag brabach a bhíos dá bhárr
ag lucht a dhéanta.



Ní féidir tuilleadh sochair a bhaint as an
talamh nó as an móin nó as an gceilp agus ní
cinnte an féidir an iasgaireacht a chur chun
cinn níos mó.



An t-uisge



Facthas dúinn go bhfuil go leor uisge le
fágháil ar an hoileáin. Dubhradh linn go bhfuil
toibreacha ann nach dtéigheann i ndísg dhá
thriomacht an samhradh. Acht is dona na toibreacha
iad. Ní'l ionnta acht puill i loig san talamh
agus gan cumhdach ar bith ar chaoi go mbíonn siad
dh'á shalughadh ag an uisge ó uachtar na talmhan,
ag beithidhigh, agus ag géabhaí. Cé go raibh an
fiabhras builg (typhoid) san áit le bliadhanta
ní léir go ndearnadh faic leis an toibreacha a
ghlanadh nó a chumhdach agus is mór an sgannall
linn gur fágadh ádhbhar contabhairte do shláinte
na ndaoine chomh fada sin gan aon rud a dhéanamh
chun a leigheasta agus an chontabhairt sin ann
i gcomhnaidhe.



An fiabhras



Dubhradh linn go raibh cuid mhaith de'n dá
chineál fiabhrais ann ar feadh an geimhridh
.i. an fiabhras builg agus an fiabhras
dubh. Bhí an fiabhras ar na hoileáin .i. Leitir
Mealláin, Gorumna agus Leitir Mór, agus
bhí cuid de i Ros Muc freisin ar an mór-thír
timcheall is 40 míle siar ó Ghaillimh. Is fada
na háiteacha sin ó na bólaí ar a mbíonn taithighe
ag lucht taistil agus cuarta. Ó ba rud é go
raibh dochtúir na háite as baile le linn ar
gcuarta níor éirigh linn na figiúiri go hiomlán
d'fhágháil acht is é r'd adubhairt muinntir na
n-oileán linn go raibh an fiabhras ar seisear
i n-a gcomhnaidhe i dtrí tighthibh ar oileán Leitir
Mór. Maidir le Gorumna ní fuaireamar
faisnéis chomh cruinn sin acht thuigeamar
go raibh an fiabhras tamall ó shoin i n-aon
teach amháin san Tráigh Bháin agus i n-aon teach
amháin de gach ceann de dhá shráid-bhaile atá
i n-aice leis. Chualamar go raibh fiabhras ar
dhaoine freisin i sráidbháile eile taobh thiar
thuaidh d'en oileán. Ní fhuaireamar fáisnéis
chruinn i dtaobh Rós Muc. Is féidir beagnach
a rádh nach bhfuil aon fhiabhras ar na hoileáin
anois. Tá aon duine amháin ar Leitir Mealláin
atá ag teacht as an bhfiabhras builg acht tá sí
n-a suidhe anois. Ní raibh an fiabhras chomh
foirleathan agus dubharadh am ar bith i mbliadhna
agus badh dhóigh le duine go mbéadh sé níos
measa ná bhí. Is deacair dóchas a bheith againn
go leanfar do'n sgéal sin mara ndéantar
nidh mór eicínt le feabhas a chur ar stáid na
ndaoine. Is bocht an rud tinneas a bheith ar
dhuine d'á saidhbhre é acht ní féidir a mheas cé
mhéad d'annro an tsaoghail a fhulaingeas na
daoine bochta sin i n-a mbotháin suaracha gan
a sáith bídh acht an iomarca oibre aca. Ní
fhéadfadh nádúir an duine é a sheasamh. Ar
dteacht do'n fhiabhras ar Ghaedhilgeoir de
mhuinntir na n-oileán úd bíonn sé gan leaba
faoi, gan acht an biadh is gairbhe le n'ithe agus
uisge salach le n'ól. An dochtúir agus an
bhanaltra a ghníos freastal air agus an sagart
atá le sólas an chreidimh a thabhairt dó, ní
thuigeann ceachtar aca céard atá sé a rádh agus
ní thuigeann seisean an Béarla atá aca sin.
Is mó a áirigheas an tEadálach i Lonndain nó an
Seapánach i San Francisco é féin san mbaile
agus é ar leabaidh a bháis annsiúd ná airigheas
Gaedhilgeoirí na noileán úd san tír i n-a
rugadh iad.



An braoiteán mío-ádhsach, caithfidh sé fanacht


L. 3


ins na hainreachtaibh sin san mbaile nó dul
40 míle go dtí an tOsbuidéal i nUachtar Árd.
B'fhurasta an leigheas a bheith níos measa ná
an galar. Is in-mheasta gur gheall le duine a
mharbhadh é a chur 40 míle i sean-charbad a chraith-
feadh an t-anam as. Tá an dá roghain chomh dona
sin is gur doiligh do'n dochtúir a rádh cé aca
is measa.



Dubhradh linn ins na tighthe i n-a raibh an
fiabhras gur dhóigh lucht na sláinte puiblidhe
na leabthacha agus na héadaigh leabtha a bhí aca
agus nár tugadh a mhalairt dóibh ó shoin cé
gur dóghadh na sean-chinn cúig nó sé de sheacht-
mhaine ó shoin. Ní raibh leaba le feiceál in go
leor de na tighthibh agus, ó's rud é nach bhfuil
fraoch ann agus, gur gann é an tuighe, caithfidh
na daoine bochta luighe ar an urlár tais. An
t-é a thagas ar ais ó'n Osbuidéal thar éis an
fiabhras a chur dhe, caithfidh seisean freisin luighe
ar an urlár gan leaba faoi. Agus tar éis
an Osbuidéil d'fhágáil caithfidh sé siubhal ó'n
Teach Dóighte (.i. Cros Mháma) go dtí an baile,
b'fhéidir 30 míle. Ag smaoineadh ar na neithibh
seo ní mór an tiongnadh linn na daoine a bheith
ag ceilt an fiabhris a bheith aca.



(Ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services