Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Modh Díreach
Title
An Modh Díreach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Modh Díreach. “Ba mhaith liom,” ar Gaedheal a bhfuil comhnuidhe air i nAcaill, “cur i n-umhail duit go bhfuil dochtúir na háite seo ag cur suas dhá phost agus gur mhian le Gaedhil Acla dochtúir a bhéas abálta ar Ghaedhilg do labhairt d'fhaháil ina áit. Bhí cruinniughadh mór againn Dia Domhnaigh. Chruinnigh muinntir na mbailte ar fad chugainn agus 'sé an sgéal a bhí i mbéal gach duine aca nár cheart aon dochtúir a leigint isteach thar dhroichead Acla acht an dochtúir a mbeidh Ghaedhilg go maith is go binn aige. Bhí cruinniughadh eile againn tráthnóna an lae chéadna ag neartughadh leis an gcomhairle do ceapadh ag an gcéad chruinniughadh. Tiocfaidh muintir an oileáin le chéile arís Dia Domhnaigh seo chugainn le dearbhughadh do'n Chomhairle Cheantair nach nglacfar le fear gan Ghaedhilg. Táim cinnte go n-eireochaidh linn ár mian d'fhagháil. Tá muintir an oileáin ar fad linn agus a gcroidhe a's a n-anam sa gcúis aca. An dochtúir a bhí againn le dhá fhichid bliadhain ba Shasanach é agus ní raibh focal Gaedhilge aige. Is iomdha uair a b'éigin dó duine d'fhagháil le cainnt an othair dh'aistriughadh dó. The beastly Irish bheireadh sé ar an nGaedhilg. Ní hé sin an saghas dochtúra atá ó mhuinntir Acla anois. Teastuigheann dochtúir geanamhail Gaedhealach uatha, agus muna bhfághaidh siad é béidh fios fátha an sgéil uatha. Tá an t-oileán faoi Chomhairle Chathair na Mart agus déanfar an togha i gceann coighcíse. Támuid ag súil go ndéanfaidh tusa do dhícheall le cabhair do thabhairt dúinn. Ba mhór an slad diúltughadh d'éileamh na ndaoine agus fear gan Ghaedhilg do chur chuca i n-aghaidh a dtola, agus annsin iachall do chur ortha a thuarasdal do dhíol. Is beag duine de na sean-daoinibh a bhfuil an Béarla aca. Íocann siad a gcuid cánach go dleaghach agus dá bhrigh sin teastuigheann uatha dochtúir a bhéas i n-ann iad a thuigsint agus labhairt leobhtha go lághach béasach ciallmhar, agus a chomhairle a chur i gcéill dóibh ina gcanamhaint dúthchais.” Sonas oraibh, a fheara agus a mhná Acla. Tá an modh ceart oibre agaibh, an modh díreach. Cuirid bhur sgéal os comhair Chomairle Chathair na Mart lá an chruinnighthe. Mínidhidh do'n Chomhairle céard atá uaibh. Abraidhidh leobhtha a riachtanaighe is atá sé dochtúir a thuigfeas agus a labharfas canamhaint Acla do chur chugaibh. Is beag í ar gcabhair. Na bídhidh ag súil le móran conganta uainn-ne. Támuid ró-fhada ó'n láthair. Is agaibh féin atá an cumhacht. Imridhidh é, a Ghaedheala. D'imir sibh an modh díreach cheana ar na tighearnaibh talmhan agus do gháir fir Éireann fré chéile ga bhur moladh. Féachaidh an moladh atá ghá fhágháil agaibh ó'n English Review féin. Bídhidh stuamtha, ciallmhar, acht bídhidh misneamahil, mear-ghníomhach, freisin, agus ná géillidh choidhche. Má tóghtar dochtúir gan Ghaedhilg, ná leigidh isteach thar droichead Acla é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services