Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Modh Díreach

Title
An Modh Díreach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Modh Díreach.



“Ba mhaith liom,” ar Gaedheal a bhfuil
comhnuidhe air i nAcaill, “cur i n-umhail duit
go bhfuil dochtúir na háite seo ag cur suas dhá
phost agus gur mhian le Gaedhil Acla dochtúir
a bhéas abálta ar Ghaedhilg do labhairt d'fhaháil
ina áit. Bhí cruinniughadh mór againn Dia
Domhnaigh. Chruinnigh muinntir na mbailte ar
fad chugainn agus 'sé an sgéal a bhí i mbéal
gach duine aca nár cheart aon dochtúir a leigint
isteach thar dhroichead Acla acht an dochtúir a
mbeidh Ghaedhilg go maith is go binn aige.
Bhí cruinniughadh eile againn tráthnóna an lae
chéadna ag neartughadh leis an gcomhairle
do ceapadh ag an gcéad chruinniughadh. Tiocfaidh
muintir an oileáin le chéile arís Dia Domhnaigh
seo chugainn le dearbhughadh do'n Chomhairle
Cheantair nach nglacfar le fear gan Ghaedhilg.
Táim cinnte go n-eireochaidh linn ár mian
d'fhagháil. Tá muintir an oileáin ar fad linn
agus a gcroidhe a's a n-anam sa gcúis aca.



An dochtúir a bhí againn le dhá fhichid
bliadhain ba Shasanach é agus ní raibh focal
Gaedhilge aige. Is iomdha uair a b'éigin dó
duine d'fhagháil le cainnt an othair dh'aistriughadh
dó. The beastly Irish bheireadh sé ar an
nGaedhilg. Ní hé sin an saghas dochtúra atá
ó mhuinntir Acla anois. Teastuigheann dochtúir
geanamhail Gaedhealach uatha, agus muna bhfághaidh
siad é béidh fios fátha an sgéil uatha. Tá an
t-oileán faoi Chomhairle Chathair na Mart agus
déanfar an togha i gceann coighcíse. Támuid
ag súil go ndéanfaidh tusa do dhícheall le cabhair
do thabhairt dúinn. Ba mhór an slad diúltughadh
d'éileamh na ndaoine agus fear gan Ghaedhilg
do chur chuca i n-aghaidh a dtola, agus annsin
iachall do chur ortha a thuarasdal do dhíol. Is
beag duine de na sean-daoinibh a bhfuil an
Béarla aca. Íocann siad a gcuid cánach go
dleaghach agus dá bhrigh sin teastuigheann uatha
dochtúir a bhéas i n-ann iad a thuigsint agus
labhairt leobhtha go lághach béasach ciallmhar, agus
a chomhairle a chur i gcéill dóibh ina gcanamhaint
dúthchais.”



Sonas oraibh, a fheara agus a mhná Acla.
Tá an modh ceart oibre agaibh, an modh díreach.
Cuirid bhur sgéal os comhair Chomairle Chathair
na Mart lá an chruinnighthe. Mínidhidh do'n
Chomhairle céard atá uaibh. Abraidhidh leobhtha
a riachtanaighe is atá sé dochtúir a thuigfeas
agus a labharfas canamhaint Acla do chur
chugaibh. Is beag í ar gcabhair. Na bídhidh ag
súil le móran conganta uainn-ne. Támuid
ró-fhada ó'n láthair. Is agaibh féin atá an
cumhacht. Imridhidh é, a Ghaedheala. D'imir sibh an
modh díreach cheana ar na tighearnaibh talmhan agus
do gháir fir Éireann fré chéile ga bhur moladh.
Féachaidh an moladh atá ghá fhágháil agaibh ó'n
English Review féin. Bídhidh stuamtha, ciallmhar,
acht bídhidh misneamahil, mear-ghníomhach, freisin,
agus ná géillidh choidhche. Má tóghtar dochtúir
gan Ghaedhilg, ná leigidh isteach thar droichead
Acla é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services