Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Connradh i Leath-Chuinn
Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Connradh i Leath-Chuinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail. An Connradh i Leath-Chuinn. Deineadh mórán cainnte i dtaobh na dTimthirí ag lucht stiúrtha an Chonnradhtha Dia Sathairn. Gearánadh Timthirí Leath-Chuinn faoi nach raibh cruinniú ar bith san leith soin tíre Lá na Féile. Níor tionóladh aon chruinniú mór i gConnachtaibh ná i gCúige Uladh. Níor cuireadh tiomsú ná cruinniú ar Laighnibh acht amháin i mBaile Átha Cliath. Níor hárduigheadh aon ghlór i n-aghaidh cleasuidheachta an Bhirreallaigh ná i n-aghaidh na mbord oideachais i Leath-Chuinn an lá soin. Dubhradh an méad soin ag an gCoiste Gnótha, Dia Sathairn, agus ní heol dúinn go bhfuil bréag ann. Ní fhacamar aon chunntas ar aon chruinniú acht ortha so a bhí i Leath-Mhogha agus ní fhuaramar cunntas ar chruinniú ar aon áit taobh amuigh de sin. Dá mbeadh Gaedhil Chonnacht agus Leath- Chuinn gan aon timthire agus iad taobh le n-a gcabhair féin d'fhéadfaidís obair na Ghaedhilge do chur ar aghaidh. Bhí tráth ann roinnt blianta ó shoin agus ní fhéadfadh aonduine an fhaillighe do chur i leith na gConnachtach na na nUltach. Cé'n fáth go bhfuil siad imthighthe ar suan agus ar chodladh le goirid? Tá teachtairí ag an dá chúige ar an gCoiste Gnótha; tá timthirí leis an gCoiste Gnótha ag obair ins an dá chúige; tá Gaedhil mhaithe nach bhfuil ar an gCoiste Gnótha 'sa dá chúige agus iad sgaipthe go fairsing i ngach ceanntar. D'fhéadfaidís obair na Gaedhilge do chur ar aghaidh acht tabhairt faoi. Céard atá gá gcosg? Níor cuireadh an milleán ar fad ar na Timthiríbh ag an gCoiste Gnótha agus níor cheart bheith ró-dhian ortha nuair atá an fhaillighe ag gabhail dínn go léir. Tá an pobul ag eirghe neamhshuimeamhail i dtaobh na cúise seo na na Gaedhilge agus tá na buird oideachais ag díbirt na teangan le breis faobhair agus déine le goirid. An cumann nach n-árduigheann glór i n-aghaidh an námhad agus nach mbuaileann an námha agus nach leanann é níl aon tairbhe do bharr an chumainn sin. Má leigthear don cupóig sráide cuirfidh sé préamh agus tógfaidh sí gas agus cuirfidh sí síol dí i gomhair na mílte cupóg eile. Múchfaidh sí agus marbhóchaidh sí an féar agus an tseamre. Agus ní leigfidh sí d'aon rud fóghantach fás. An fad is a bhí gluaiseach dian, faobhrach ar siubhal againn bhí ag eirghe linn agus bhí an féar glan Gaedhealach ag fás, acht nuair a sgaoileamar le timthiríbh, agus nuair a chuireamar suas de na feiseannaibh agus de na cruinnighthibh, thosnuigh na cupóga ag teacht aníos arís agus ag sgaipeadh síl agus tá siad anois gá leathadh féin ós cionn an fhéir agus ghá mhúchadh ó ghréin is ó dhruacht. Cá bhfuil lucht bainte na gcupóg do bhíodh againn tráth? Tá a fhios againn go bhfuil siad ar fad beo agus fuinneamhail fós. Ba mhaith linn cainnt a dubhradh ag an gCoiste Gnótha Dia Sathairn do chur i n-umhail dóibh. Dubhradh go bhfuil muintir na tuaithe i bhfeirg linn nuair nach bhfuilimid ag dul chuca ghá dteagasg. Dubhradh go bhfuil múisiam ar ar gcáirdibh nuair nach bhfuilmíd ghá dtreóradh. Dubhradh go gcaithfimid dul amach ar gach faithche agus ar gach crosaire agus ar gach sráid le sgéal na Gaedhilge agus teagsg an Chonnradhtha do chraobhsgaoileadh. Bíodh ceol againn, ars “An Seabhac,” sé do bhí ag cainnt, bíodh rinnceorí linn, bíodh bratacha i n-áirde againn, bíodh cainnt bhríoghmhar ghá déanamh againn. Téidhmís i ngach áird agus brostuighmís na daoine. An tógáil chinn atá i gceist ag an Athair Peadar bhí an tógáil chinn chéadna ar lucht na Gaedhilge ariamh. Tá tógáil chinn ar dream eile le goirid acht ná cuireadh sé sin ceann faoi orainne. Má bhímid ar bheagán cainnte béidhmid ar bheagan áirde ar ball.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services