Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail. An Connradh i Leath-Chuinn

Title
Cúrsaí an tSaoghail. An Connradh i Leath-Chuinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1913
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail.



An Connradh i Leath-Chuinn.



Deineadh mórán cainnte i dtaobh na dTimthirí
ag lucht stiúrtha an Chonnradhtha Dia Sathairn.
Gearánadh Timthirí Leath-Chuinn faoi nach raibh
cruinniú ar bith san leith soin tíre Lá na Féile.
Níor tionóladh aon chruinniú mór i gConnachtaibh
ná i gCúige Uladh. Níor cuireadh tiomsú ná
cruinniú ar Laighnibh acht amháin i mBaile Átha
Cliath. Níor hárduigheadh aon ghlór i n-aghaidh
cleasuidheachta an Bhirreallaigh ná i n-aghaidh
na mbord oideachais i Leath-Chuinn an lá soin.
Dubhradh an méad soin ag an gCoiste Gnótha,
Dia Sathairn, agus ní heol dúinn go bhfuil bréag
ann. Ní fhacamar aon chunntas ar aon
chruinniú acht ortha so a bhí i Leath-Mhogha agus
ní fhuaramar cunntas ar chruinniú ar aon
áit taobh amuigh de sin.



Dá mbeadh Gaedhil Chonnacht agus Leath-
Chuinn gan aon timthire agus iad taobh le n-a
gcabhair féin d'fhéadfaidís obair na Ghaedhilge
do chur ar aghaidh. Bhí tráth ann roinnt blianta
ó shoin agus ní fhéadfadh aonduine an fhaillighe
do chur i leith na gConnachtach na na nUltach.
Cé'n fáth go bhfuil siad imthighthe ar suan agus
ar chodladh le goirid? Tá teachtairí ag an dá
chúige ar an gCoiste Gnótha; tá timthirí leis an
gCoiste Gnótha ag obair ins an dá chúige;
tá Gaedhil mhaithe nach bhfuil ar an gCoiste Gnótha
'sa dá chúige agus iad sgaipthe go fairsing
i ngach ceanntar. D'fhéadfaidís obair na
Gaedhilge do chur ar aghaidh acht tabhairt faoi.
Céard atá gá gcosg?



Níor cuireadh an milleán ar fad ar na
Timthiríbh ag an gCoiste Gnótha agus níor cheart
bheith ró-dhian ortha nuair atá an fhaillighe ag
gabhail dínn go léir. Tá an pobul ag eirghe
neamhshuimeamhail i dtaobh na cúise seo na
na Gaedhilge agus tá na buird oideachais ag díbirt
na teangan le breis faobhair agus déine le
goirid. An cumann nach n-árduigheann glór
i n-aghaidh an námhad agus nach mbuaileann an
námha agus nach leanann é níl aon tairbhe
do bharr an chumainn sin. Má leigthear don
cupóig sráide cuirfidh sé préamh agus tógfaidh
sí gas agus cuirfidh sí síol dí i gomhair na mílte
cupóg eile. Múchfaidh sí agus marbhóchaidh
sí an féar agus an tseamre. Agus ní leigfidh
sí d'aon rud fóghantach fás. An fad is a bhí
gluaiseach dian, faobhrach ar siubhal againn bhí
ag eirghe linn agus bhí an féar glan Gaedhealach
ag fás, acht nuair a sgaoileamar le timthiríbh,
agus nuair a chuireamar suas de na feiseannaibh
agus de na cruinnighthibh, thosnuigh na cupóga
ag teacht aníos arís agus ag sgaipeadh síl agus
tá siad anois gá leathadh féin ós cionn an
fhéir agus ghá mhúchadh ó ghréin is ó dhruacht. Cá
bhfuil lucht bainte na gcupóg do bhíodh againn
tráth? Tá a fhios againn go bhfuil siad ar
fad beo agus fuinneamhail fós. Ba mhaith linn
cainnt a dubhradh ag an gCoiste Gnótha Dia
Sathairn do chur i n-umhail dóibh. Dubhradh go
bhfuil muintir na tuaithe i bhfeirg linn nuair
nach bhfuilimid ag dul chuca ghá dteagasg.
Dubhradh go bhfuil múisiam ar ar gcáirdibh nuair
nach bhfuilmíd ghá dtreóradh. Dubhradh go
gcaithfimid dul amach ar gach faithche agus ar
gach crosaire agus ar gach sráid le sgéal na
Gaedhilge agus teagsg an Chonnradhtha do
chraobhsgaoileadh. Bíodh ceol againn, ars “An
Seabhac,” sé do bhí ag cainnt, bíodh rinnceorí
linn, bíodh bratacha i n-áirde againn, bíodh
cainnt bhríoghmhar ghá déanamh againn. Téidhmís
i ngach áird agus brostuighmís na daoine. An
tógáil chinn atá i gceist ag an Athair Peadar
bhí an tógáil chinn chéadna ar lucht na Gaedhilge
ariamh. Tá tógáil chinn ar dream eile le goirid
acht ná cuireadh sé sin ceann faoi orainne.
Má bhímid ar bheagán cainnte béidhmid ar
bheagan áirde ar ball.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services